Cartlann Nuachta: 17 Feabhra 2016
17 Feabhra 2016
Cruinniú leis na hIarrthóirí
Bhí slua breá i láthair ag an gcruinniú i Seanscoil Sailearna leis na hiarrthóirí sa toghchán ar an Luan seo caite. Naonúr de na hiarrthóirí a bhí i láthair: Éamon Ó Cuív (FF), Trevor Ó Clochartaigh (SF), Catherine Connolly (Nspl), John Connolly (FF), Derek Nolan (LO), Seán Kyne (FG), Niall Ó Tuathail (SD), Ruairí Ó Néill (DDI) agus Séamas Sheridan (CG). Ghabh Noel Grealish (Nspl) agus ag John O’ Mahoney (FG) leithscéal mar nach bhféadfaidís a bheith i láthair ar an oíche de bharr socraithe eile a bheith déanta acu.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh an cruinniú agus sí Gormfhlaith Ní Thuairisg (ar chlé), ó Raidió na Gaeltachta, a bhí sa gcathaoir. Tugadh deis do gach iarrthóir ag tús an chruinniú iad féin a chur i láthair, agus ina dhiaidh sin bhí seisiún breá bríomhar ann le neart ceisteanna ag tíocht ón urlár.
Scannán faoi Hitler sa tSeanscoil
Beidh spéis faoi leith sa scannán nua atá ag Club Scannán Sailearna an Déardaoin seo sa tSeanscoil. 13 MINUTES an teideal ar an scannán agus insíonn sé an scéal faoin mbealach ar tháinig Hitler slán ó iarracht a rinne an siúinéir Georg Elser é a mharú le buama.
Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 18 Feabhra, ag tosaí ag 8.15 i.n. Tá níos mó eolais faoin scannáin, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Coiste Pobail na Tulaí
Tar éis an aifrinn ar an Satharn seo chugainn a reáchtálfar an Cruinniú Cinn Bhliana do phobal na Tulaí, i Halla na Tulaí. Tá Coiste na Tulaí gníomhach go maith ach fáilteoidís roimh dhaoine nua ar an gcoiste, daoine ar mhaith leo cúnamh a thabhairt leis an obair a bhíonn ar bun chun an ceantar a chur chun cinn.
Ní bheadh TnaG lonnaithe i mBaile na hAbhann murach an stocaireacht a rinne Coiste na Tulaí ar Michael D. Higgins, a bhí ina Aire Rialtais ag an am, chun bheith freagrach as an seirbhís a chur ar bun. Ní bheadh an eastát tionsclaíoch ar an Tulach chomh gnóthach ach an oiread murach an brú a chuir an Coiste Pobail ar Údarás na Gaeltachta. Tá níos mó eolais le fáil faoi obair Choiste Pobail na Tula ach glaoch ar an Rúnaí ag an uimhir 087 6148013.
Comórtas Scoraíochta Idirbhailte
Tá roinnt bailte tar éis a chur in iúl do Chumann Forbartha Chois Fharraige go mbeidh seó á chur le chéile acu don Chomórtas Scoraíochta Idirbhailte. D’éirigh thar cionn leis an gcomórtas anuraidh. I mbliana tá an comórtas á leathnú amach do bhaile ar bith i gCois Fharraige, ó Shruthán na Liberties sna Forbacha anoir go Abha Casla.
Seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a chur ar an stáitse, ina mbíonn meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama eicínt, atá i gceist. Tá fógra curtha amach ag Na hAille, ag cuartú daoine a bheadh sásta a bheith páirteach i mbealach ar bith – téama/scéal a fhorbairt, script a scríobh, cumadóireacht, léiriú, smidiú, cúnamh taobh thiar den stáitse, cúnamh teicniúil, aisteoireacht, damhsa, amhránaíocht, ceol etc. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Odí ag 086 8643125 nó le Siobhán ag 087 8148964.
Níl dáta socraithe fós don chomórtas. Tá níos mó eolais le fáil ó Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 086 0888578.
Tús Maith do Mhicheál Breathnach

Jordan Ó Cualáin ó Chumann Micheál Breathnach réidh leis an liathróid a chur thar an trasnán le linn cluiche peile faoi 21, in aghaidh Cumann St. James, an Domhnach seo caite. [Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Cuireadh tús maith le feachtas Chumann Micheál Breathnach i gComórtas Peile an Iarthair faoi 21(B) ar an Domhnach seo caite, nuair a bhuail buachaillí Chois Fharraige foireann na cathrach, St James’ leis an scór 0 – 9 in aghaidh 0 – 5, ar Pháirc an Chnoic. Ní mórán scóranna a bhí sa gcéad leath – dhá chúilín an taobh. Ag deireadh an chéad leath bronnadh cic éirice ar fhoireann na cathrach, ach shábháil Rónán Ó Beoláin, cúl báire Mhicheál Breathnach, é.
Sa darna leath bhí an ghaoth fábharach don fhoireann baile. Mar sin féin chuaigh St. James’ dhá chúilín chun cinn sula bhfuair buachaillí Chois Fharraige an láimh in uachtar. Rinne Jordan Ó Cualáin agus Liam Mac Donnacha difríocht mhór nuair a tháinig siad isteach.
Bhí Maidhc Ó Conghaile thar barr mar leathchúlaí láir agus d’imir Brian Ó Maoileoin iontach ar fad sa líne leath thosaigh. Rinne Pádraig Ó Féinneadha lár na páirce a rialú sa darna leath agus d’éirigh le Ruán Ó Curraoin agus Dara Mac Gearailt a dhóthain saorchiceanna a chur thar an trasnán.
Scoileanna Chois Fharraige sa Drámaíocht
Cúig dhráma ar fad ó scoileanna i gConamara Theas a fuair ainmniúchán ag Féile Scoildrámaíocht na Gaillimhe a reáchtáladh an tseachtain seo caite i gCinn Mhara. Seod iad:
-
Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl le “Scéalta Beaga 1916”
-
Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua le “Traí”
-
Coláiste Cholmcille, Indreabhán leis “An Chéad Fhaoistin”
-
Scoil Náisiúnta, Leitir Mealláin: le “Annie”
-
Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl leis “An Driosúr”
Tugadh gradam don aisteoir is fearr do Mhajella Nic Dhonnacha as a páirt sa dráma “An Chéad Fhaoistin”. Beidh na scoileanna ar fad thuas ag dul ar aghaidh go Féile Chonnacht, a bheas ar bun idir an 2 agus 4 Márta i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Cúrsa CPR sa Spidéal ar an Luan Seo
Beidh cúrsa CPR á chur ar fáil saor an aisce, ar an Luan seo chugainn, 22 Feabhra, sa Spidéal ag Croílíne Chois Fharraige.
Dá mbeadh eolas ag níos mó den phobal ar CPR shábhálfaí níos mó daoine. Ach CPR a fháil láithreach, bíonn a dhá nó a thrí oiread de sheans ann go mairfidh an t-othar. Méadaítear an seans sin tuilleadh fós ach dífhibrileoir AED a úsáid.
I measc na n-ábhar a bheas á múineadh ar Luan seo chugainn, beidh na bunscileanna tarrthála a bhaineann le CPR do dhaoine fásta, faoiseamh ó thachtadh do dhaoine fásta agus tuiscint ghinearálta ar dhífibrileoir AED.
Cúrsa thar a bheith éasca a bheas i gceist agus ní mhairfidh sé ach uair an chloig. Is i Scoil Éinde, An Spidéal, a bheas an cúrsa ar bun ag tosaí ag 8.15 i.n.
Cois Fharraige sa Liathróid Láimhe
Le gairid rinne roinnt imreoirí óga ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach go maith ag imirt dá gcuid Coláistí.
I gCraobh Chonnachta na gColáistí Dara Leibhéal, bhí an bua ag Aifric Ní Ghibne (ar chlé), Coláiste na Coiribe, sa gComórtas do Chailíní sa 1ú Bliain. Bhí an bua chomh maith ag Eimhin Ó Diollúin (ar dheis), Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, i gComórtas na mBuachaillí Sóisear. Chuaidh Eimhin chomh fada le Cluiche Leathcheannais na hÉireann agus buaileadh é tar éis tie-breaker.
I gComórtas na gColáistí Triú Leibhéal, bhuaigh Ciana Ní Churraoin(i lár) Craobh na hÉireann i gcomórtas ‘Ladies Open’.