Cartlann Nuachta: 17 Feabhra 2021
Calaphort Iascaigh i Ros a’ Mhíl
Radharc ar an gCalaphort Iascaigh i Ros a’ Mhíl.
[Pic: Máire Áine Nic Dhonncha]
Iarratas Pleanála Tarraingthe Siar
Tuirbíní Gaoithe – An Cnoc
Tá an t-iarratas pleanála a rinne Natural Forces Renewable Ltd. ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, le cead a fháil muileann gaoithe 125M ar fhad a chur in airde ar an gCnoc, tarraingthe siar ag an gcomhlacht, ar iarratas ó Chomharchumann Sailearna. Bhí sé beartaithe ag Natural Forces Renewables muileann gaoithe a thógáil, i gcomhar le Comharchumann Sailearna, ar thalamh ar an mBóthar Buí, taobh ó thuaidh de na muilte gaoithe atá ann cheana.
Muileann gaoithe pobail a bhí beartaithe agus ar a laghad 51% de na scaireanna in úinéireacht an phobail. Ach d’iarr Comharchumann Sailearna ar an gcomhlacht an t-iarratas pleanála (Uimh 21/83) a tharraingt siar, rud a rinne siad. Is i bhfianaise athrú ar an scéim pobail, a bhí fógartha ag an Aire Fuinneamh, Éamonn Ryan, a iarradh ar Natural Forces an t-iarratas a tharraingt siar.
Ag labhairt di ar Inis Aniar (RnaG) ag deireadh na seachtaine seo caite, dúirt Bainisteoir an Chomharchumainn nach gá go raibh deireadh leis an bplean chun muileann gaoithe pobail a thógáil ar an suíomh.
Ar an gclár céanna bhí cáineadh láidir déanta ag daoine ó Bhaile na mBroghach ar Bhord Stiúrtha an Chomharchumainn, mar nár cuireadh ar an eolas iad go raibh muileann gaoithe beartaithe le tógáil gar do na tithe i Leithrinn, Seana Droigheann agus Baile na mBroghach.
Coláiste Lurgan
Coláiste Lurgan
Ar an Luan seo caite bhí cruinniú ar líne ag Lóistín Lurgan, grúpa atá bunaithe ag na mná tí a choinníonn scoláirí Choláiste Lurgan sa samhradh, le ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta. Dúradh tar éis an chruinnithe gur chuir urlabhraithe ó Lóistín Lurgan míshástacht in iúl faoin mbealach a raibh eolas á choinneáil ó na mná tí faoi na comhráití atá ar bun ag an Údarás agus an Roinn le bainistíocht Choláiste Lurgan.
Léirigh na mná tí frustrachas leis an moill a bhaineann le iarratas pleanála a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Chontae.
Eagraíodh an cruinniú tar éis do bheagnach gach bean tí litir a sheoladh chuig Roinn na Gaeltachta agus chuig Údarás na Gaeltachta, chomh maith le ionadaithe poiblí, ag gearán faoin moill atá á chur ar an bhforbairt agus ag éileamh cruinniú. Gealladh ag an gcruinniú go gcoinneofaí na mná tí ar an eolas as seo amach faoin bhforbairt agus aon dul chun cinn ar an iarratas pleanála.
Gearrscéalta Uí Chadhain
‘Fios’ an chéad ghearrscéal eile de chuid Mháirtín Uí Chadhain a bheas á phlé ar an gcóras Zúm, an Domhnach seo chugainn, 14 Feabhra. Tá an scéal le fáil sa leabhar ‘Cois Caoláire’.
Sé Séan Ó Cadhain ón gCnocán Glas, nia le Máirtín Ó Cadhain, a roghnaigh an scéal agus a bheas i gceannas ar an seisiún.
Is scéal barrúil atá ann atá bunaithe ar chomhrá idir triúr fear ar an gcladach agus iad ag coinneáil súil ghéar ar dhuine de na comharsana.
Rinne Aisteoirí an Spidéil cúpla léiriú den scéal thar na blianta.
Foilsíodh an scéal ‘Fios’ sa leabhar ‘Cois Caoláire’ ar dtús. Tá an scéal ar fáil chomh maith sa mbailiúchán ‘Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta’ chomh maith le ‘Cois Caoláire’.
Níl le déanamh chun páirt a ghlacadh sa bplé ach an scéal a léamh agus an nasc Zúm a fháil ó Khatie Ní Loingsigh ag optchoisfharraige@nullgmail.com.
Club Leabhar Chois Fharraige – Ibíotsa
Beidh an chéad teacht le chéile eile ar líne ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin seo chugainn, 10 Márta, ag 8.00pm, chun an leabhar ‘Íbíotsa’ leis an údar ón Spidéal, Labhrás Ó Finneadha, a phlé. Le páirt a thógáil sa bplé ar líne faoin leabhar ar an oíche, ní mór ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus cuirfear nasc Zúm ar ais chugat ar an lá.
Tá an leabhar ar fáil saor in aisce mar chlosleabhar ar an nasc seo: Íbíotsa le Labhrás Ó Finneadha
Post sa gComharchumann
Tá post mar Riarthóir Oifige fógartha ag Comharchumann Sailearna le dul ag obair in oifig an Chomharchumainn i Seanscoil Sailearna. Post lánaimseartha atá le líonadh agus theastódh go mbeadh sárscileanna ríomhaireachta agus taithí ar riaradh oifige ag an iarrthóir, chomh maith le tuiscint ar chuntasaíocht. Ar ndóigh, tá líofacht Ghaeilge riachtanach don phost chomh maith.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach glaoch ar oifig Chomharchumann Sailearna ag 091 593017, nó ríomhphost a sheoladh chuig sailearna@nullgmail.com. Le cur isteach ar an bpost ní mór litir iarratais, chomh maith le CV, a sheoladh roimh 5.00in Dé hAoine, 26 Feabhra 2021, chuig an mBainisteoir, Peigí Uí Chéidigh, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe.
Cuisle Chois Fharraige
Tá tús curtha le togra suimiúil, fiúntach ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i gcomhar le Cumann Forbartha Chois Fharraige. Tá ‘Cuisle Chois Fharraige’ á chur i dtoll a chéile ag daoine óga sa gceantar. Taisce eolais a bheas ann faoi cheoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, scríbhneoirí, scéalaithe agus ealaíontóirí Chois Fharraige, beo agus marbh.
Crochfar na saothair seo ar fad ar an suíomh www.coisfharraige.ie, áit a mbeidh an pobal áitiúil agus lucht suime an chultúir Ghaelaigh in ann teacht air, áit ar bith ar fud an domhain.
“Is in ómós don dream a choinnigh an cultúr beo san am atá thart, a thug misneach agus sólás dúinn ar bhealaí éagsúla le linn na dianghlasála agus a choinneoidh siamsaíocht arís linn nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse ghránna seo i saol na tíre, atá na daoine óga i mbun na hoibre seo”, a dúirt Odí Ní Chéilleachair ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige. Ach is togra é seo atá dírithe ar an teaghlach chomh maith agus iad ag obair leis na daoine óga sa mbaile agus iad ag cloí le srianta Covid-19.
Cé go bhfuil tús curtha ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige leis an togra seo, le cúnamh ón gCumann Forbartha, níl sé teoranta in aon bhealach ach oscailte don phobal. Is féidir le daoine cúnamh a thabhairt trí eolas a bhailiú agus ailt a scríobh ar a rogha amhránaí, ceoltóir, scríbhneoir etc.
Tá súil againn amach anseo ábhar físe agus fuaime a bhailiú agus go mbeidh bunachar sonraí úrnua agus tarraingteach ann don phobal ar fad. Tá plé ar bun le Traidphicnic freisin faoin togra seo, len é a fhorbairt tuilleadh.
Is cinnte go mbeidh an-tóir ar an taisce a chuirfear le chéile amach seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ach dul i dteagbháil le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag: ceoltoiriogachoisfharraige@nullgmail.com.
Printíseachtaí
Tá scoláireachtaí á dtairiscint arís i mbliana ag an Údarás do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht, do dhaoine óga a mbeadh fonn orthu traenáil a fháil agus cáilíocht a bhaint amach i réimse leathan ceirdeanna.
Is fiú €2,000 na scoláireachtaí seo. Glacfar le iarratais faoi Scéim Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis suas go dtí an 5 Márta. Tá an scéim scoláireachta oscailte do dhaoine óga, 16 bliain d’aois ar a laghad agus an scoil fágtha acu. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ar líne ag www.udaras.ie.
Is é Scéim na bPrintíseachtaí ceann de na scéimeanna is fearr a reáchtáileann Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le óige na Gaeltachta agus is iomaí duine a bhfuil post maith acu a bhuíochas sin don scéim iontach seo.
Síneadh le Postanna HID Global ar an Tulach
Tugadh le fios do Bhord Údarás na Gaeltachta le gairid go raibh sé dearbhaithe ag HID Global go mbeidh siad dhá bhliain eile ar an Tulach i gConamara. Is mór an faoiseamh an méid seo do na hoibrithe.
Tá sé beagnach dhá bhliain ó fógraíodh go raibh oibrithe HID Global le bogadh go Cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil ionad nua tógtha ag an gcomhlacht.
De bharr srianta COVID-19 cuireadh moill ar an bhforbairt i nGaillimh agus tá síneadh ama dhá bhliain faighte ag oibrithe an chomhlachta ar Eastát Gnó na Tulaí. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.
Cúrsa Spéisiúil ar Líne
Tá Forbairt Tuaithe na Gaillimhe tar éis cúrsaí breise ar líne a chur ar fáil dírithe ar choistí pobail áitiúla. San áireamh tá cúrsaí chun Iarratas Maoinithe a Scríobh, Róil agus Freagrachtaí an Bhoird agus Treoir do Stiúrthóirí Boird maidir le comhlacht a rith. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó oifig Forbairt Tuaithe na Gaillimhe (GRD) i Ros Muc ag 091-574858.
Scáthlán Bus i gCois Fharraige
Scáthlán Bus sna Forbacha taobh amuigh d’oifigí Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.
Níl aon scáthlán bus eile ar an R336 le freastal ar dhaoine a bhíonn ag fanacht ar an mbus go Gaillimh idir an ceann seo sna Forbacha agus ceann ar an gCeathrú Rua.
Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige iarratas a dhéanamh ar an gciste atá ag Páirc Gaoithe na Gaillimhe, chun péire nó trí cinn de scáthláin bus a thógáil i gceantar Chois Fharraige le freastal ar dhaoine a bhíonn ag fanacht taobh an bhóthair chun an bus a fháil len iad a thabhairt soir ag An Spidéal nó go Gaillimh.
Faoi láthair níl aon scáthlán bus ar Bhóthar Chois Fharraige idir Na Forbacha agus An Cheathrú Rua. Deireann an Cumann Forbartha go mbeadh níos mó fonn ar dhaoine na carranna a fhágáil sa mbaile agus taisteal go Gaillimh ar an mbus poiblí, mura mbeadh orthu seasamh sa mbáisteach agus iad ag fanacht ar an 424 aniar ón gCeathrú Rua.
Ceaptar go gcosnódh scáthlán bus thart ar €5,000 an ceann le socrú.