Cartlann Nuachta: 17 Márta 2021

Beannachtaí na Féile Pádraig!

John mar Naomh Pádraig 2019

John Patrick Lesh ó Chorn na Breataine a bhí i mbróga Naomh Pádraig ag tús an pharáid ar An Spidéal sa mBliain 2019


Lá Glas ag Scoil Cholmcille

Lá Glas ag Scoil Cholmcille

Bhí Lá Glas ag Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, le Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh agus rinne na páistí i rang 1 agus 2 an damhsa Jerusalem.

Ó chlé: Seán Mac Donnacha, Ruadhán Ó Maoileoin, Fionn Ó Conghaile, Olivia Ní Choisdealbha, Ríona Ní Fhátharta agus David Ó Conghaile.


Grúpa in Aghaidh na dTuirbíní Gaoithe

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Tuirbíní Gaoithe – An Cnoc

Tá grúpa oibre curtha ar bun ó na ceithre bhaile atá in aice leis an suíomh ar a bhfuil sé beartaithe ag Natural Forces Renewables muileann gaoithe a thógáil. Siad sin An Choill Rua, Leithrinn, Baile na mBroghach agus Seana Dhaighean. Tá i gceist ag an ngrúpa cur in aghaidh tuirbín gaoithe a bheadh cóngarach do thithe cónaithe i gCois Fharraige.

An tuirbín gaoithe a bhí beartaithe le tógáil ar an mBóthar Buí, bheadh sé níos lú ná 600m ón teach cónaithe is gaire, agus tá sé ráite go bhfuil deich dteach eile ar a laghad níos lú ná 1000m ón suíomh, i bhfad ró-ghar do thithe cónaithe, dar leis an ngrúpa.

Tuigtear go bhfuil cuid de na húinéirí talún, aon duine déag acu ar fad a shínigh litreacha ag tabhairt cead cáblaí a leagan ar an mBóthar Buí don mhuileann gaoithe nua, tar éis na litreacha tacaíochta a tharraingt siar.


‘Aonach Amárach’ i gCois Fharraige

John-O-Malley-ar-an-bPortach.

 

John Ó Máille ar an bPortach

Bhí mír spéisiúil ó Chois Fharraige le feiceáil ar TG4 Lá ‘le Pádraig, nuair a thug an clár ‘Aonach Amárach’ cuairt ar phortaigh Chor na Rón. Cuireadh spéis faoi leith i gCoisín Chríost atá i lár an phortaigh i gCor na Rón Láir. Johanna Ní Mháille agus a hathair John Ó Máille ó Chor na Rón is mó a bhí le feiceáil ar an gclár.

Cuid d’oidhreacht Chois Fharraige an Coisín Chríost i gCor na Rón: áit a mbíodh daoine ag tíocht fadó le guí ar son daoine a bhí tinn nó guí ar son dea-aimsir chun an féar a shábháil nó le barraí a bhaint.


Cumann Micheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachTá an clárú do Chumann Micheál Breathnach oscailte don séasúr 2021. Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh dul chun páirce i mbliana clárú ar líne chomh luath agus is féidir trí dul ag an suíomh https://member.clubforce.

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh ainmneacha, dátaí breithe agus uimhreacha gutháin díreach ceart, mar úsáidfear an t-eolas seo ar chóras an CLG. Caithfidh gach imreoir a bheith cláraithe sula dtabharfar cead traenála agus imeartha.

Tá míle fáilte roimh ghasúir a rugadh i 2015 (sé bliana d’aois i mbliana) agus roimhe sin, ach ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a bheith cláraithe mar bhall den chumann, le gasúr a chlárú sa gclub.

Nuair a bheas na srianta Covid maolaithe beidh an traenáil ag tosaí ar ais do na foirne go léir, idir Iománaíocht, Peil na bhFear agus Peil na mBan.

An tseachtain seo bhí €10,800 sa bpota óir ag Lotó Chumann Micheál Breathnach agus é ag méadú €200 chuile sheachtain go dtí go mbeidh buaiteoir ann.


Forbairt Mhór ar Choláiste Cholmcille

Coláiste Cholmcille 2021Tá forbairt ollmhór ceadaithe do Choláiste Cholmcille, Indreabhán, ina mbeidh halla mór spóirt, giomnáisiam, dhá sheomra déag ranga breise, seomra innealtóireachta, seomra teicneolaíochta, seomra adhmadóireachta, seomra ealaíne, seomra ilmheáin, seomra eacnamaíocht bhaile, dhá shaotharlann eolaíochta, seomra cumarsáide, oifigí, seomraí cruinnithe agus seomra tuismitheoirí, chomh maith le cuairteanna imeartha agus ceaintín scoile agus go leor eile.

 

Forbairt oideachais é seo a dhéanfaidh an-leas do phobal na scoile agus do phobal Chois Fharraige.

Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste Cholmcille ina bhfuil rogha cuimsitheach d’ábhair ar fáil. Tá dea-cháil ar an scoil as an aire a thugtar do na scoláirí agus de bharr an réimse leathan d’imeachtaí atá le fáil inti, idir spóirt, cultúr, folláine agus féin-fhorbairt. Cuirtear an-bhéim ar fhorbairt phearsanta an scoláire.

Éiríonn le scoláirí na scoile sár-thorthaí a bhaint amach i scrúduithe an Stáit bliain i ndiaidh bliana.

Tá pobal na scoile an-bhródúil as oidhreacht agus traidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí go léir na scoile.

Tá Coláiste Cholmcille, atá faoi phátrúnacht an GRETB, ag glacadh faoi láthair le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2021-2022. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh idirlín na scoile, www.colaistecholmcille.ie, nó ríomhphost a sheoladh chuig ccc@nullgretb.ie, nó is féidir glaoch ar an scoil ag 091-593119 chun foirm iarratais agus pacáiste eolais a fháil.


‘Ionad Oideachais agus Óige’ do Chois Fharraige

Rinneadh plé cuimsitheach ag an gcruinniú a bhí ag Bord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite faoin togra le hIonad Oideachais agus Óige a fhorbairt le freastal ar Chois Fharraige, áit a bhfuil an coláiste Gaeilge ‘Coláiste Lurgan’ ag feidhmiú faoi láthair. Cuireadh eolas ar fáil do na comhaltaí maidir le staid reatha an togra, an dul chun cinn atá déanta, chomh maith leis na céimeanna atá le tógáil anois chun an togra a bhrú ar aghaidh. Dearbhaíodh don chruinniú go mbeidh infheistíocht shuntasach Stáit i gceist leis an togra a bheidh á chistiú go príomha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGS&M). Chuige sin, de réir gnáthnós imeachta agus chun dea-chleachtais sholáthar poiblí a bheith cinntithe, ní mór sonraí aon chomhaontú le geallsealbhóirí ábhartha a bheith de shástacht an RTCEGS&M agus sínithe ag na páirtithe leasmhara sular féidir iarratas ar chead pleanála don togra a chur isteach. D’aontaigh an cruinniú an tábhacht a bhaineann le hearnáil na gcoláistí samhraidh sa nGaeltacht agus tábhacht an togra áirithe seo chomh maith. Dhearbhaigh an cruinniú tacaíocht Údarás na Gaeltachta don togra agus thug tiomantas go leanfaí go dlúth leis na hiarrachtaí atá ar bun chun an togra a bhrú chun cinn i gcomhar leis an RTCEGS&M, Coláiste Lurgan agus geallsealbhóirí eile.


Club Leabhar Chois Fharraige

https://leabharbreac.com/Earra/tinte-na-farraige-duibhe/

Beidh an chéad teacht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 8 Aibreán, ag a 8.00 i.n. leis an úrscéal ficsean-eolaíochta ‘Tinte na Farraige Duibhe’ le Tim Armstrong a phlé. Is ar Zúm a bheas an teacht le chéile. Is leabhar é ‘Tinte na Farraige Duibhe’ a aistríodh ón nGáidhlig go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú agus tá an leabhar ar fáil ó Leabhar Breac.

Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus seolfar nasc chugat ar an lá.

Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo: Tinte na Farraige Duibhe


Bóithre Chonamara

Mairéad-Farrell_SFTá an gréasán bóithre ó Bearna go Carna thíos go mór ó thaobh infheistíocht de, i gcomparáid le bóthar an N59 go dtí an Clochán, dar le Kevin O’Hara, urlabhraí Shinn Féin i gConamara Theas. Is cosúil go bhfuil €19 milliún le caitheamh ar thograí ar an N59 i mbliana, i gcomparáid le níos lú ná €900,000 atá le caitheamh ar na bóithre réigiúnacha atá ag dul ó Bearna go Carna.

I bhfigiúirí atá faighte ag Teachta Dála Shinn Féin, Mairéad Farrell (ar dheis), measann an Chomhairle Chontae go bhfuil Bóthar Chois Fharraige, an R336, níos gnóthaí ag Siopa an Phobail ar an gCnoc ná an bóthar ó thuaidh, an N59, thart ar Ros Cathail, siar ó Mhaigh Cuilinn.

Chomh maith le sin, tá an R374 ag Béal an Daingin agus Droichead Carraig an Logáin níos gnóthaí ná an N59 i gceantar an Clochán!

Tá Gaeltacht Chonamara thíos leis ó thaobh caiteachas bóithre, mar gheall go bhfuil fáil ag bóithre náisiúnta ar bhuiséad breise, ach caithfear breathnú anois ar infheistíocht cheart a dhéanamh sna príomhbhóithre agus bóithre straitéiseach atá againn sa Gaeltacht”, dúirt Kevin O’Hara.

Caithfear brú a chur ar fheidhmeannas an Chomhairle Chontae agus ar an rialtas le maoiniú mar is ceart a chur ar fáil do na bóithre an taobh seo de Chonamara”, a dúirt sé.


Cúirt Filíochta

Cuireadh críoch leis an gcéad sraith de phlé ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain ar an Domhnach seo caite. D’éirigh thar cionn leis an deich seisiún ar líne seo a bhí ar bun ó aimsir an Fhómhair. Tá rún ag an mbuíon filleadh ar na gearrscéalta arís an Fómhar seo chugainn agus é i gceist deich ngearrscéal eile le húdar mór an Chnocáin Ghlais a chíoradh sa dara sraith. Ní raibh fonn ar an gcomhluadar litríochta seo an bhuíon a scor fós agus tá fúthu coinneáil orthu ag casadh ar a chéile go ceann tamaillín eile! Leanfar leis an teacht le chéile gach re Domhnach mar sin agus is ábhar bunaithe ar fhilíocht agus nó ar amhráin a bheas faoi chaibidil as seo amach.

An t-amhrán cáiliúil Liam Ó Raghallaigh a bheas á phlé ar an Domhnach, 28 Márta, ag 7.30 i.n. Tá an-fháilte roimh rannpháirtithe nua. Níl le déanamh ach clárú le optchoisfharraige@nullgmail.com agus seolfar nasc Zúm chugat.

Chun páirt a ghlacadh sa níl le déanamh ach scéal a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com


Scríbhneoirí Óga Chois Fharraige

Aifric Ní Scolaí - Oireachtas Céadaoin 2018

Aifric Ní Scolaí – Oireachtas 2018

Is breá a fheiceáil go bhfuil scríbhneoirí óga ó Chois Fharraige ag tíocht chun cinn na laethanta seo. Bíonn saothar ó Dhomhnall Ó Braonáin agus ó Aifric Ní Scolaí, beirt a fuair a gcuid scolaíochta i gColáiste Cholmcille, á fhoilsiú go rialta san iris leictreonach Nós. Bíonn na scéala uathu beirt le léamh ar an suíomh www.nos.ie.


Suíomh Nua ag an gComhar Creidmheasa

Comhar Creidmheasa Cholm Cille 2020

Comhar Creidmheasa Cholmcille, an Cnoc

Tá suíomh nua idirlín ag Comhar Creidmheasa Cholmcille: www.cccolmcille.ie.

Is féidir leis na baill baincéireacht ar líne a dhéanamh anois: airgead a aistriú go leictreonach, billí a íoc agus an méid i do chuntas a sheiceáil.


Bingo sna Forbacha

Bingo-Bearna-Na-Forbacha

 

Tá ag éirí thar barr leis an mBingo ar líne, atá eagraithe ag Club Iomaíochta Bearna/Na Forbacha gach tráthnóna Dé Máirt ag 8.00pm.

Is féidir na leabhra bingo a cheannacht ar €10 an cheann, roimh mheán lae gach Máirt, ach an nasc cuí a fháil ón suíomh idirlín www. bearna-na forbacha hurling club/posts.


Sraith Leabhrán ó SICAP

Meabhairshláinte SICAP

Tá sraith leabhrán spéisiúla curtha amach ag Forbairt Tuaithe na Gaillimhe le roinnt blianta anuas ar raon ábhair: Tuismitheoireacht Aonair; Meabhairshláinte Dhearfach; Acmhainní Tuaithe; Tacaíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas; Leideanna agus Comhairle maidir le Fostaíocht a Lorg. Tá na leabhráin ar fad ar fáil ar líne, nó tríd an bpost ach ríomhphost a sheoladh chuig info@nullgrd.ie.


17 Márta 2021