Cartlann Nuachta: 17 Samhain 2021

Féile Chois Fharraige

SEOLADH BARZAZ - 2021

Cuireadh tús le Féile Chois Fharraige ar an gCéadaoin nuair a osclaíodh Taispeántas Ealaíne sa seomra cruinnithe atá ag Comhlacht Forbartha an Spidéil ar chúl na Ceardlainne. Chomh maith leis sin, bhí Oíche Liteartha ar bun i dTigh Mholly ar an Lochán Beag ag an comhlacht foilsitheoireachta BARZAZ, le béim ar an dá leabhar úrnua MADAME LAZARE agus KHALIL. Bhí an dá údar, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Máirín Nic an Iomaire, faoi agallamh ag an ócáid ag Gormfhlaith Ní Thuairisg (RnG).

Seo a leanas cuid de na príomhimeachtaí atá beartaithe don chlár an chuid eile den tseachtain:

  • An Cosán Draíochta: ceol nua-chumtha de chuid Johnny Óg Connolly i gcuimhne ar a athair, an boscadóir Johnny Phádraic Pheter Ó Conghaile, ar stáitse i Stiúideo Cuan sa Spidéal, gach oíche ag 8.30pm go dtí an Domhnach, 21 Samhain.

 

  • I gCion ar Joe: seó de chuid Aisteoirí an Spidéil faoi stiúir Mhike P Ó Conaola i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain, a bheas á chur i láthair i Seanscoil Sailearna ar an Aoine (19 Samhain) agus ar an Domhnach (21 Samhain).
  • Ceolchoirm Cholmcille: comóradh ceolmhar ar Cholmcille le ceoltóirí ar an ardán ó Dhún na nGall, Albain, Doire Cholmcille chomh maith le Conamara agus Corca Dhuibhne. Is i Seanscoil Sailearna a bheas an cheolchoirm ar bun agus ní in Óstán na Páirce, mar a bhí fógraithe i dtosach.
  • Arracht: taispeántas ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna den sár-scannán a rinneadh faoin nGorta Mór i gConamara i gcomhar le Club Scannán Sailearna ar an Déardaoin seo ag 8.15pm.

 

Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar leis an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige atá ag eagrú na Féile le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

I gCÁS IMEACHTAÍ TAOBH ISTIGH IS GÁ TEASTAS VACSAÍNE COVID A THAISPEÁINT AG AN DORAS AGUS MASC A CHAITHEAMH.

Tá clár iomlán na Féile agus eolas faoin mbealach le ticéid a chur in áirithe le fáil ar WWW.COISFHARRAIGE.IE.


Leac Cuimhneacháin

Micheál Ó Droighneán agus Beirt eile.

Tá leac cuimhneacháin le cur ar an mballa ag Folan’s Corner, trasna ó Shiopa Mhic Phroinnséis i Sráidbhaile An Spidéil, le comóradh a dhéanamh ar an luíochán a chuir baill de Óglaigh na hÉireann ar an RIC 100 bliain ó shin ar an 14 Bealtaine 1921. Cé nár maraíodh aon duine den RIC san ionsaí, baineadh díoltas amach ar óglaigh a bhí páirteach san ionsaí nuair a las na Black an’ Tans ó Ghaillimh ceithre theach i gceantar An Spidéil. Seo iad na tithe a lasadh ar an 14 Bealtaine 1921:

  • Tigh Bhreathnach, Sídheán, an teach arb as Ned Breathnach.
  • Tigh Choistealbha, Baile an Domhnalláin, an teach arb as Pádraig Ó Coistealbha.
  • Tigh Chualáin, Saile Thúna, an teach arb as Pádraig Rua Ó Cualáin.
  • Tigh Dhroighneáin, An Tuar Beag, an teach arb na deartháireacha Micheál agus Máirtín Ó Droighneáin.

Tá péire de na tithe ina seasamh i gcónaí agus cónaí iontu: Tigh Dhroighneáin ar an Tuar Beag agus Tigh Choistealbha i mBaile an Domhnalláin, trasna ó Shiopa Standúin.

Ar an Domhnach seo chugainn ag 12.00 meánlae a dhéanfar an leac cuimhneacháin a nochtadh.


Na Breathnaigh Abú

Foireann CMB f19 leis an gCorn 2021

Foireann peile Chumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo an bua a fháil ar An Spidéal i gCluiche Ceannais faoi 19B (Bord an Iarthair) ar an Domhnach seo caite.

Ar chúl ó chlé: Micheál Ó Fátharta (Bainisteoir), Jack Ó Scanláin, Éamonn Ó Ceallacháin, Gearóid Mac Donnacha, Oisín Ó Flatharta, Caoimhín de Búrca, Conor Mac Eochagáin, Pádraig T Mac Donnacha, Micheál Ó Máille, Micheál Ó Curraoin, Cormac Ó Scanláin, Maidhc Mac Dubhghaill, Séamus de Búrca, Tomás Ó Curraoin, Stephen Ó Conghaile, Pádraic Mac Eochagáin (Bainisteoir)Terence Mac Donnacha (Bainisteoir).

Chun tosaigh, ó chlé: Oisín Ó Coistealbha, Keith Ó Flatharta, Marcus Ó Conghaile, Rúraí Ó Curraoin (Capt), Evan Ó Márta, Cillian Ó Curraoin, Frankie Mac Aodha, Maidhc Mac Gearailt.

[Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]

Sár-chluiche peile a bhí idir na comharsana, Cumann Micheál Breathnach agus CLG An Spidéil, maidin Domhnaigh seo caite ar An Spidéal nuair a d’éirigh le ógánaigh na mBreathnaigh an bua a fháil i gCluiche Ceannais faoi 19B (Bord an Iarthair), leis an scór 2 – 08 in aghaidh 0 – 09. Beidh Cumann Micheál Breathnach san iomaíocht anois i gCluiche Ceannais an Chontae.

Cluiche an cothrom a bhí ann ach go raibh an t-ádh ar Na Breathnaigh dhá chúl a aimsiú, rud a d’fhág An Spidéal faoi bhrú ó thús go deireadh an chluiche. Tháinig an chéad chúl ó Mhaidhc Mac Gearailt, an chéad scór sa gcluiche. Ag leath ama ní raibh ach cúilín idir na foirne. Ag tús an leath d’éirigh leis An Spidéal an cluiche a chothromú ach scóráil Cillian Ó Curraoin dhá chúilín agus d’fhan Na Breathnaigh chun cinn go dtí an deireadh. Cé gur scóráil Cillian Ó Laoi roinnt saorchiceanna, ní raibh An Spidéal in ann scóráil ón imirt.

Ba é Cillian Ó Curraoin, ón gCnocán Glas, laoch na himeartha do Na Breathnaigh, go speisialta sa dara leath nuair a scóráil sé trí chúilín i ndiaidh a chéile chun a fhoireann a choinneáil chun tosaigh.

Cillian Ó Curraoin (f19) 2021

Pádraig Ó Conghaile, foireann An Spidéil, ag iarraidh Cillian Ó Curraoin ó Chumann Micheál Breathnach a bhlocáil, le linn an Chluiche Ceannais faoi 19B (Bord an Iarthair) ar an Domhnach seo caite.

[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]


Galf Chois Fharraige

Is in Uachtar Ard a bhí Cumann Galf Chois Fharraige ar an Satharn seo caite. Seo a leanas na torthaí ar an gcomórtas:

Buaiteoir: Eoin Durcáin (39) 35pt.

Dara áit: Tomás Miko Ó Flatharta (30) 35pt.

Cat 1

Buaiteoir: Declan O Toole (24) 33pt.

Dara áit: Liam Ó Cualáin (26) 32pt.

Cat 2

Buaiteoir: Patrick Thornton (39) 34pt.

Dara áit: Pádraig Ó Cualáin (37) 33pt.

Beidh an chéad imeacht eile againn i Baile Chonaola ar an 4 Nollaig. Tá fáilte roimh bhaill nua agus le tuilleadh eolais déan teangmháil le Pádraig ag 087 2525465.


Droichead Timín Joe Tim

Droichead thar Abhainn, An Spidéal

Droichead Timín Joe Tim

Le linn Féile Chois Fharraige tabharfar aitheantas don méid a rinne Timín Joe Tim Ó Curraidhín, ón gCnocán Glas, ar mhaithe lena cheantar nuair a nochtófar cloch in ómós dhó ag an droichead a thrasnaíonn Abhann an Bholuisce agus a cheanglaíonn An tSeanchéibh leis an gCéibh Nua.

Droichead Timín Joe Tim atá le tabhairt as seo amach ar an droichead a cuireadh thar an abhann, de bharr obair Timín. Beidh an ócáid ar bun ar an Satharn seo chugainn, 20 Samhain ag meánlae, nuair a bhaileoidh daoine le chéile ag Seanchéibh an Spidéil. Tá an ócáid eagraithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil.


Eadrainn Féin

An tráthnóna Déardaoin seo, mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, seolfaidh Gearóid Denvir leabhar gleoite atá curtha le chéile ag daltaí Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, le comóradh a dhéanamh ar an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain.

In Óstán Chois Fharraige a bheas an seoladh ar bun ag 7.00pm. De bharr líon an lucht freastail a bheith teoranta, ar mhaithe le sláinte an phobail, is gá ticéad a chur in áirithe tré ríomhphost a chur chuig bniullachain@nullccm.ie.

Cosúil leis na himeachtaí eile taobh istigh a bheas ar bun le linn na féile, ní bheidh cead isteach ach ag daoine a bhfuil fianaise acu ar vacsaíniú iomlán agus masc á chaitheamh acu.


Cúrsaí Bus

Ag cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite, fáiltíodh roimh an tuairisc go bhfuil sé i gceist ag an rialtas cur go mór leis an tseirbhís bus atá ar fáil i gceantair tuaithe.

Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar líon na mbusanna atá ag freastal ar cheantar Chois Fharraige le dhá bhliain anuas, dúradh ag an gcruinniú go bhféadfaí feabhas a chur ar an tseirbhís le go bhfeilfeadh sé níos fearr do mhic léinn ag freastal ar an Ollscoil agus ar an GMIT, chomh maith le daoine a úsáideann seirbhísí traenach, le dul nó tíocht ó Bhleá Cliath.

Dúradh ag an gcruinniú chomh maith go raibh na táillí ar an 424 a fhreastalaíonn ar Chois Fharraige i bhfad níos daoire ná na táillí ar an mbus a théann go Uachtar Ard agus go Gort.

Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha aighneacht a chur ag an NTA faoi na bealaí a d’fhéadfaí an tseirbhís bus a fheabhsú i gConamara Theas le go mbeadh níos mó daoine sásta é a úsáid.


Cruinniú faoi Mhuilte Gaoithe

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Ar an Máirt seo chugainn, 23 Samhain, beidh cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna faoin zónáil atá déanta ar chuid mhaith talún i gceantar Chois Fharraige, mar thalamh a bheadh feiliúnach le haghaidh feilmeacha gaoithe a fhorbairt amach anseo. Tá an zónáil molta sa dréachtphlean forbartha atá foilsithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá grúpa tagtha le chéile i gCois Fharraige atá ag iarraidh a fháil amach ó na comhairleoirí áitiúla cá sheasann siad ar an gceist. Is faoi na comhairleoirí contae glacadh leis an dréachtphlean nó é a leasú.

Sí Gormfhlaith Ní Thuairisc (RnaG) a bheas sa gcathaoir agus tá cuireadh tugtha do na comhairleoirí ar fad do cheantar Chonamara a bheith i láthair ag an gcruinniú. Tá an cruinniú eagraithe faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige agus tosóidh sé ag 8.00pm.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Peil (faoi 19 B): An Spidéal 0 09, Micheál Breathnach 2 08.
  • Peil (Idirmheánach): Naomh Anna, Leitir Móir 2 07, Dunmore MacHales 1 09.
  • Peil (Sinsir): Bearna 1 13, Cortoon Shamrocks 1 10.
  • Sacar (Div I): Macdara 0, Colga 6.
  • Sacar (faoi 17): Cois Fharraige 1, Salthill Devon B 0.
  • Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 0, Moyne Villa 2.
  • Sacar (faoi 13): Macdara 5, Renmore 1.
  • Sacar (faoi 13): Macdara B 3, Maree/Oranmore C 2.

17 Samhain 2021