Cartlann Nuachta: 18 Bealtaine 2016
18 Bealtaine 2016
An Oíche in Ómós do Johnny
Beidh caint ar feadh i bhfad ar an gceolchoirm iontach in Óstán na Páirce, ar an Aoine seo caite, 13 Bealtaine, a cuireadh ar bun in omós do laoch an cheoil, Johnny Connolly, atá 50 bliain ag casadh ceoil ag ócáidí beaga agus móra fud fad na tíre. Léirigh an liosta mór ceoltóirí a tháinig ar stáitse i gcaitheamh na hoíche an meas agus an cion atá ag a gcomhcheoltóirí ar Johnny Phádraig Pheter.
Ba é an duine ba mhó a chuir iontas ar an lucht féachana ná Mick Foster, ón ngrúpa Foster and Allen, a tháinig ón Muileann gCearr go speisialta, le cúpla jig agus ríl a chasadh le Johnny. Ba é buaicphointe na hoíche nuair a chas a mhac, Johnny Óg, waltz álainn a bhí cumtha go speisialta dá dheaide.
Thosaigh an ceolchoirm go gairid tar éis a naoi agus lean sé ar aghaidh gan briseadh ar feadh ceithre uair an chloig. Ach ina dhiaidh sin thosaigh an seisiún sa gcoirnéal agus lean an ceol go dtí go raibh an chuach le cloisteáil ag fógairt breacadh an lae Bhealtaine.
Gur fada buan é Johnny Phádraig Pheter agus a cheol!
Clann Uí Iarnáin le Johnny agus Don Stiffe
Sharon Shannon agus Johnny
Caoimhín Ó Sé agus Johnny Connolly
Máirtín O Connor agus Johnny Connolly
Johnny Connolly agus Mick Foster
Johnny agus Johnny Óg
Na ceoltóirí uilig ag an deireadh
€1,300 Bronnta ar Cancer Care West
Le gairid bhronn Scoil Sailearna, Indreabhán seic de €1,300 ar Cancer Care West. Sa bpictiúr, ar chúl, tá Mairéad, Martina agus Máire Ní Choistealbha. Ó chlé, chun tosaigh, tá Ailbhe Ní Chualáin, Ryan Ó Gionnáin, Méabh Ní Chualáin agus Ciara Ní Chúláin.
Raifil Cumann Camógaíochta Chois Fharraige
Gearóid Ó Dubhghaill, Coill Rua, Indreabhán, ar a bronnadh duais sa raifil a reáchtáil Cumann Camógaíochta Chois Fharraige le gairid.
‘Derby’ Chois Fharraige Anocht
Beidh slua mór i láthair ar Pháirc an Chnoic an Déardaoin seo nuair a chasfaidh dhá fhoireann peile ó Chois Fharraige ar a chéile sa John Dunne Cup. Ag tosaí ag 7.45pm beidh foireann an Spidéil ag imirt in aghaidh an fhoireann baile, Cumann Micheál Breathnach. Mar a bhíonn i gcás ‘derby’ ar bith, beidh an choimhlint géar agus chaon fhoireann ag iarraidh an ceann eile a shárú.
Beidh iománaithe Chumann Micheál Breathnach ag casadh le Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach sa gcluiche leathcheannais den chomórtas Junior A ar an Domhnach seo chugainn, 22 Bealtaine, ag meánlae, ar Pháirc na bhForbacha. Bhí an bua ag Saighleán ar Bhearna/Na Forbacha sa gcluiche leathcheannais eile.
Roinnt Torthaí Spóirt
-
Peil (Idirmheánach): An Spidéal 1 – 18, Monivea/Abbey 2 – 15.
-
Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 5 – 10, Killererin 1 –10.
-
Peil (Sóisear 7): Ml. Breathnach 2 – 09, An Cheathrú Rua 2 –13.
-
Peil f14 (3A): An Spidéal 5 – 16, Salthill/Knocknacarra 1 – 07.
-
Iomáint f16 (C): Ml. Breathnach 4 – 15, Skehana 2 – 17.
-
Iomáint f12 (Grúpa 5): Ml. Breathnach 4 – 15, Skehana 2 – 17.
-
Iomáint f12 (Grúpa 5): Ml. Breathnach 2 – 04, Pádraig Pearses 4 – 08.
-
Peil na mBan: Ml. Breathnach 1 – 20, St Gabriels 3 – 07.
-
Camógaí f10: Cois Fharraige 1-01, Mainistir Cnoc Bhuí 1 – 01.
-
Camógaí f12: Cois Fharraige 0 – 0 , Bóthair na Trá 1 – 01.
Féile Scannán na Réabhlóide
Radharc as an scannán ‘Áille an Uafáis/A Terrible Beauty’, an scannán a bheas ag oscailt ‘Féile Scannán na Réabhlóide 2016’ i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, seachtain ón Aoine seo, 27 Bealtaine. Beidh scannáin agus cláracha faisnéise ar théama na réabhlóide á dtaispeáint ar feadh an deireadh seachtaine idir an Poitín Stil agus Seanscoil Sailearna.
Tá sé fograithe ag Club Scannán Sailearna gurb é Cathal Goan (ar dheis), iarcheannasaí RTÉ agus an chéad cheannaire ar TG4, a osclóidh Féile Scannán na Réabhlóide seachtain ón Aoine seo sa bPoitín Stil ag 7.00pm.
Ag tosaí ar an Aoine, 27 Bealtaine, agus ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach, an 29ú lá, beidh rogha de 18 de thaispeántas scannán ar fáil ag an deireadh seachtaine, idir scannáin cháiliúla idirnáisiúnta ar nós ‘The Battle of Algiers’ agus ‘Ten Days that Shook the World’, chomh maith le scannáin faoi chogadh na saoirse in Éirinn, ar nós ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse’.
Beidh roinnt cláracha faisnéise á dtaispeáint freisin, ina measc an clár ‘Splanc Deireadh na Gaeltachta’ faoi Ghluaiseachta Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a rinne Bob Quinn sa mbliain 2000.
Beidh trí ionad in úsáid ag an am céanna leis na scannáin is na cláracha a thaispeáint: an amharclann i Seanscoil Sailearna, An Cinemobile, a bheas páirceáilte taobh leis an bPoitín Stil, agus an seomra cúil sa bPoitín Stil, a bheas feistithe amach mar phictiúrlann beag 50 suíochán.
Tá teora leis an líon ticéad a bheas ar fáil don deireadh seachtaine. Tá siad ar fáil ar líne ach dul go dtí an suíomh clubscannán.ie nó ar fáil ó Ghearóid Ó Murchú i siopa an Spailpín Fánach, i gCeardlann an Spidéil.
‘Fáilte Rómhaibh go Teach an Chéilí. . .’
Ag 9.00pm ar an Satharn seo, 21 Bealtaine, nuair a deireann Ciarán Hanrahan ‘Fáile romhaibh go Teach an Chéilí’ is ón Spidéal a bheas an clár ag tíocht. Coicís ó shin rinneadh taifead ar an gclár sa Droighneán Donn ar an Spidéal. Traidphicnic a thug cuireadh do Chiarán agus a chriú ó RTÉ tíocht chomh fada le Cois Fharraige chun an clár raidió a dhéanamh. Ní raibh aon easpa ceoltóirí bailithe le chéile i gcúlseomra An Droighneáin nuair a cuireadh an clár ar téip agus atmaisféar fíorspleodrach ann.
Sárscoil FÍBÍN
Tá Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais don séú bliain as a chéile. Scoláirí idir 15-17 bliain d’aois a theastaíonn chun páirt a ghlacadh sa scoil. Tá an próiséas roghnúcháin athraithe agus níl le déanamh ag scoláire ach físeán gearr a sheoladh isteach ar YouTube/R-phost/Vimeo/Dlúthdhiosca nó cibé caoi is éasca chun bheith san iomaíocht le áit a fháil ar an gcúrsa.
Is dianchúrsa aisteoireachta/drámaíochta atá ann, ach casadh difriúil ann mar go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh an tréimhse coicíse. Ar ndóigh ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíorluachmhar. Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht scáileáin agus stáitse chomh maith.
Beidh Laoise Ní Nualláin ag teagasc ceoil agus amhránaíocht ar an gcúrsa. Costas €625 atá ar an gcúrsa coicíse (beatha agus lóistín san áireamh) ach is féidir le daoine áitiúla, nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu, an cúrsa a dhéanamh ar €325. Tabharfar cuireadh do na meáin, craoltóirí, léiritheoirí teilifíse, polaiteoirí áitiúla chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú ar an lá deiridh.
Chun tuilleadh eolais nó bróisiúr a fháil faoin gcúrsa, téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig Caitlín i Fíbín ar sarscoilfibin@nullgmail.com, nó glaoigh ar 091-505855. Tá síneadh ama curtha leis an spriocdáta go lár na míosa, mar sin tapaigh do dheis anois!
Comórtas an Chomhar Creidmeasa
Tá comórtas nua fógraithe ag Comhar Creidmheasa Cholmcille d’eagraíochtaí is grúpaí pobail atá ag iarraidh cúnamh airgid le tionscadail áirithe a dhéanamh. Le cur isteach ar an gcomórtas caithfear plean a chur le chéile a léiríonn cén chaoi a mbainfí úsáid as an airgead.
Trí dhuais atá beartaithe. Is fiú €3,500 an chéad duais; €1,000 atá sa darna duais agus beidh €500 le buachaint don tríú duais.
Tá go dtí 10 Meitheamh le iarratas a dhéanamh. Beidh gach iarratas ag dul ar Facebook an Chomhar Creidmheasa agus chuige sin teastaíonn cur síos gearr ar an tionscadal atá beartaithe a chur i gcrích leis an duais.
Beidh an mholtóireacht cosúil leis an vótáil sa Eurovision, sa méad is gurb iad na moltóirí a bhronnfas 50% de na marcanna agus an 50% eile ag brath ar an méid ‘likes’ a fhaigheann an tionscadal ar leathanach Facebook an Chomhar Creidmheasa. Tá foirmeacha iarratais le fáil ó Oifig an Chomhar Creidmheasa, nó is féidir iad a fháil ach glaoch ar an uimhir 091 593421.