Cartlann Nuachta: 18 Bealtaine 2022

Lóistín ag Teastáil

Comórtas Peile na Gaeltachta 2022

Is gearr uainn Comórtas Peile na Gaeltachta, a bheas ar bun i mbliana ar an Máimín, á óstáil ag Naomh Anna, Leitir Móir. Beidh foirne peile ag taisteal go Conamara ó gach ceantar Gaeltachta, ó Dhún na nGall agus ó Chiarraí, ó Ráth Chairn na Mí agus ó Mhaigh Eo. Beidh Gaeil Óga Bhleá Cliath ann chomh maith.

Ach tá ganntan lóistín sa gceantar: tá na hóstáin sa gCeathrú Rua, sa Spidéal agus ar an Teach Dóite a n-úsáid ag an rialtas le dídean a thabhairt do na teifigh ón gcogadh san Úcráin.

Cé go bhfuil lóistín socraithe do na foirne, tá lóistín ag teastáil ó lucht tacaíochta na bhfoirne. Ba bhreá leis an gcoiste áitiúil cloisteáil ó aon duine i gConamara Theas a bheadh sásta lóistín a chur ar fáil. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu lóistín a sholáthar scéal a chur chuig an ríomhphoist LOISTIN2022.COMORTASPEILE.CPNA@nullGMAIL.COM agus ainm, uimhir, eirchód agus seoladh a thabhairt. Nó is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig Máire Bríd ag an uimhir 087 2700749, chuig Delia ag an uimhir 087 7925216 nó chuig Yvonne ag an uimhir 087 2499027. D’fhéadfadh an lucht tacaíochta teagbháil a dhéanamh go díreach leis an teach lóistín ansin chun an áit a chur in áirithe agus íocaíocht a dhéanamh.


Moltaí ag Teastáil ón gCumann Forbartha

Logo Cumann Forbartha ildaiteBeidh cruinniú speisialta ag an gCoiste Stiúrtha atá ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn, 23 Bealtaine, le Plean Oibre a leagan amach don bhliain 2022/23. Toghadh Ananda Geluk ón Teach Mór ina cathaoirleach ar an gCumann Forbartha ag cruinniú míosúil an Choiste Stiúrtha ag tús na míosa agus toghadh Seathrún Ó Tuairisg ina Leas-Chathaoirleach.

Tá cuid mhaith oibre ar bun ag an gCumann Forbartha le roinnt blianta anuas: Dumhach na Leanbh a athchóiriú; ainmneacha na mbóithríní bailte a chur ar chomharthaí; Féile Chois Fharraige a eagrú i gcomhar le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga; siúlóidí oidhreachta a leagan amach i gceantar Indreabháin; an iris BISEACH a fhoilsiú.

Ba mhaith leis an gCoiste Stiúrtha tuairimí a fháil ón bpobal faoi aon obair eile ar cheart a bheith ar bun ag an gCumann Forbartha ar mhaithe leis an bpobal nó faoi thionscadail eile ar cheart don Chumann Forbartha tabhairt fúthu amach anseo. Is féidir tuairimí nó moltaí a chur chuig an seoladh CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.


Bailiú Earraí Leictreacha

Ar an Máirt seo chugainn, 24 Bealtaine, beidh deis á chur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do dhaoine i gCois Fharraige fáil réidh le earraí leictreacha i mbealach sábháilte. Glacfar le rud ar bith a d’oibrigh le cadhnra nó le plug: sean teilifíseáin nó gléas raidió; cuisneoir go ciotal leictreach; breagáin go fón póca; cadhnra caite go bolgáin.

Seo na háiteacha ag a nglacfar leis na earraí leictreacha, ar an Máirt seo chugainn, 24 Bealtaine:

  • Páirc na mBreathnaigh, Indreabhán ón 10.00am go 1.00pm
  • Páirc CLG An Spidéil ag Coláiste Chonnacht ón 4.00pm go 7.00pm.
  • An Déardaoin seo glacfar le earraí leictreacha i Leitir Móir, sa gcarrchlós trasna ón séipéal ón 4.00pm go 7.00pm.

Máirtín O’Connor ar an Spidéal

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan sa Spidéal

Tá ag éirí thar barr leis na ceolchoirmeacha a bhíonn ar bun gach coicís i Stiúideo Cuan sa Spidéal. Bhí an seomra ceoil lán an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí Iarla Ó Lionáird ó Chúil Aodha ar stáitse in éindí leis an mboscadóir Dermot Byrne agus Steve Cooney ar an ngiotár.

I gceann seachtaine beidh an cheolchoirm dheireanach den tsraith ar bun i Stiúideo Cuan, nuair a bheas an sár-bhoscadóir Mairtín O’Connor ag casadh ann in éindí le Cathal Hayden ar an bhfidil agus Seamie O’Dowd ar an ngiotár.

Mar nach bhfuil ach 65 suíochán sa seomra ina mbíonn na ceolchoirmeacha ar bun i Stiúideo Cuan, moltar ticéid a cheannach roimh ré trí dul chuig an suíomh idirlín STIUIDEOCUAN.IE.


Féile Peile Gael Linn

Foireann peile Scoil Sailearna, Indreabhán, ar a bronnadh an gradam don scoil Ghaeltachta ab fhearr ag Féile Peile Chonnacht idir na bunscoileanna, eagraithe ag Gael Linn, a reáchtáladh an tseachtain seo caite ar Pháirc na mBreathnaigh ar an gCnoc.

Ar chúl, ó chlé: Maurie Ní Chonaire (Múinteoir Ranga), Laura Ní Chúláin, Stevie Pfeiffer, Michael Mac Niocaill, Conall Ó Maoilearca, Kian Ó Suilleabháin, Cormac Ó Braonáin, Conor Ó Tuathail, Learaí Ó Grádaigh (Captaen), Shane Ó Neachtain, Cian de Búrca, Éabha Ní Ghríofa, Aodán Ó Curraoin (Múinteoir).

Chun tosaigh, ó chlé: Aoibhe Ní Chúláin, Niamh Ní Ghionnáin, Ríona Brady, Ainnir Ní Choisdealbha, Ríona Ní Aodha, Adhna Ní Choisdealbha (Captaen), Éabha Mae Riggott, Emma Ní Churraoin.

D’éirigh thar barr le Féile Peile Chonnachta idir bunscoileanna, a reáchtáladh thar dhá lá an tseachtain seo caite ar Pháirc an Chnoic. Ochtar a ghlac páirt sa gcomórtas. Sa gcluiche ceannais d’éirigh le Gaelscoil na Cruaiche, ó Chathair na Mart, an ceann is fearr a fháil ar Ghaelscoil de hÍde, Ros Comáin, leis an scór 7 – 04 in aghaidh 3 – 02. Ba é peileadóir na Gaillimhe, Antaine Ó Laoi ón Spidéal, a bhronn boinn agus Corn Ghael Linn ar na buaiteoirí.

Rinne Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Ghael Linn, buíochas a ghabháil le Cumann Micheál Breathnach as na háiseanna iontacha a chur ar fáil do na cluichí peile agus le Caitríona Ní Fhionnachta, Príomhoide, Scoil Náisiúnta Sailearna, a rinne an-obair eagrúcháin go háitiúil agus a chuir halla na scoile ar fáil do na himeachtaí oíche.


Club Óige Ceartúchán

Maidir leis an mír a bhí i Nótaí Chois Fharraige an tseachtain seo caite faoin gclub óige nua atá le bunú, Club Óige Scoil Shailearna, bhí botún cló sa mír faoin aoisghrúpa a tugadh. Is ar an aoisghrúpa idir 7 agus 12 a bheas an club óige nua ag freastal.

Reáchtáladh cruinniú eolais do thuismitheoirí, faoi choimirce Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus Muintearas, ar an Máirt seo caite i Scoil Sailearna. Sé an aidhm leis an gClub Óige nua imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla a chur sa tsiúl do na gasúir óga sa gceantar.


Gaelchara Chois Fharraige

Tá an scéim GAELCHARA á reáchtáil arís i mbliana ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Tá foghlaimeoirí Gaeilge agus cainteoirí líofa ag teastáil le páirt a ghlacadh sa scéim, atá oscailte do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gCois Fharraige, ó Na Forbacha go Ros a’ Mhíl. Ní féidir gaol fola ná pósta a bheith idir na rannpháirtithe.

An bealach a oibríonn an scéim ná go n-oibríonn an foghlaimeoir agus an cainteoir líofa in éindí le chéile leis an Ghaeilge a úsáid níos minicí sa mbaile agus sa bpobal. Bronntar €250 an duine ar an bhfoghlaimeoir agus ar an meantóir ag deireadh na scéime. Le páirt a ghlacadh, nó le breis eolais a fháil, níl le déanamh ach teagbháil a dhéanamh leis an bhFóram Pleanála Teanga, atá lonnaithe in Inis Fáil sa Spidéal, nó ríomhphost a sheoladh ag optchoisfharraige@nullgmail.com.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Le gairid bhronn Pól Ó Conaire, peileadóir Chontae, trofaí ar imreoirí óga na bliana, sa bpeil agus san iománaíocht, ó Chumann Micheál Breathnach ag ocáid a reachtáladh i Scoil Sailearna.

Chun tosaigh, ó chlé: Pól Ó Conaire, Cormac Ó Braonáin, Connor Ó Tuathail, Fiontán Ó Feinneadha, Cian Ó Lochlainn Ó Gríofa, Aaron Seoighe, Sahdbh Laila Riggott.

Ar chúl, ó chlé: Oisín Ó Coisdealbha, Lughan Mac an Iomaire, Feidhlim Ó Conghaile, Aoife Ní Chonghaile, Jamie Ó Diollúin, Seán Óg Ó Fátharta, Tomás Ó Neachtain, Caoilte Canny, Ciara Ní Fhatharta.

[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

  • Iomáint (Roinn III): An Spidéal 2 – 14, Killbeacanty 2 – 15.
  • Iomáint (faoi 15C): Micheál Breathnach 7 – 18, Tuam 0 – 00.
  • Iomáint (faoi 13B): Micheál Breathnach 2 – 08, Portomna 3 – 05
  • Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 – 11, Oughterard 2 – 07.
  • Peil (faoi 19): Micheál Breathnach 1 – 17, Naomh Anna 1 – 09.
  • Peil (faoi 15): Micheál Breathnach 11 – 17, Naomh Anna 2 – 03.
  • Peil (faoi 15): An Spidéal 3 – 12, An Fháirche 0 – 02.
  • Peil (faoi 12): Micheál Breathnach 12 – 09, Salthill-Knocknacarra 1 – 03.
  • Sacar ( Mná faoi 17): Bearna/Na Forbacha 1, Salthill Devon 2.
  • Sacar ( faoi 18): Bearna/Na Forbacha 3, Knocknacarra 3.
  • Sacar ( faoi 16): Bearna/Na Forbacha 4, Kiltullagh 2.
  • Sacar ( faoi 15): Bearna/Na Forbacha 0, Moyne Villa 0.
  • Sacar ( faoi 15): Bearna/Na Forbacha C 3, Tuam Celtic B 6.
  • Sacar ( faoi 14): Bearna/Na Forbacha 0, Mervue Utd B 2.
  • Sacar ( faoi 13): Bearna/Na Forbacha 0, Mervue Utd 5.
  • Sacar ( Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha 0, Salthill Devon 5.

Grúpa eile imreoirí óga, sa bpeil agus san iománaíocht, ó Chumann Micheál Breathnach leis an bpeileadóir contae, Pól Ó Conaire, tar éis do Phól trofaí a bhronnadh orthu ag ocáid a reachtáladh i Scoil Sailearna le gairid.

Ar chúl, ó chlé: Pól Ó Conaire, Shane Ó Maoileoin, Cian Ó Cadhain, Antaine Mac Donnacha, Fionnán Ó Coistealbha, Marcus Ó Conghaile, Caoimhín de Búrca, Ciarán Ó Diomsaigh, Clíona Ní Chonghaile.

Chun tosaigh, ó chlé: Colm Seoighe, Macdara Ó Grádaigh, Fionnán Ó Neachtain, Oscar Mac Réamoinn, Rónán Ó Neachtain, Caoimhe Ní Ghloinn, Clíodhna Ní Neachtain.

[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]


18 Bealtaine 2022