Cartlann Nuachta: 18 Deireadh Fómhair 2023
Cois Fharraige (By the Sea)
John J. Keady ó Bhoston, Meiriceá is a bhean Masha.
Beidh leabhar nua faoi stair Chois Fharraige, scríofa ag John, á sheoladh sa gCrúiscín Lán, An Spidéal, ar an Aoine beag seo.
An Aoine seo, 20 Deireadh Fómhair, seolfar an leabhar Cois Fharraige (By the Sea), leabhar i mBéarla faoi stair Chois Fharraige, scríofa ag John J. Keady ó Bhostún. Duine de mhuintir Caulfield as Seanadh Ghurráin í máthair John agus Céideach as Sailethúna a athair. Réalteolaí ab ea é go dtí gur éirigh sé as roinnt beag blianta ó shin.
Déantar plé agus cíoradh sa leabhar ar chuid de stair an cheantair chósta idir na Forbacha agus Ros an Mhíl, ceantar Cois Fharraige, san ochtú agus sa naoú céad déag. Déantar cur síos cuimsitheach ar na tiarnaí talún sa gceantar, agus ar thionchar an Ghorta Mhóir sa shaol na ndaoine. Tá cur síos sa leabhar ar dhíshealbhú míthrócaireach sa Tulach ag deireadh na bliana 1847. Pléitear an chonspóid a d’eascair as bíoblóireacht a bhí ceangailte le lucht na dílleachtlainne, Nead na Farraige, a bhí lonnaithe sa Spidéal. Tá cur síos ar stair na dtithe tábhairne i sráidbhaile an Spidéil, chomh maith le cuntas ar rásaí an Spidéil.
Is ag 8.00pm a bheas an seoladh ar bun sa gCrúiscín Lán ar an Aoine beag seo, áit a mbeidh an leabhar ar díol.
Báireoirí Buailte
Cian Griallais ó Chumann Micheál Breathnach ar ruathar aonair le linn an chluiche leath cheannais iomána in aghaidh Salthill/Knocknacarra ar an Domhnach seo caite.
Chaill foireann na Gaeltachta le dhá chúilín.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Níor éirigh le iománaithe Chumann Micheál Breathnach ar an Domhnach seo caite sa gcluiche leathcheannais (Sóisear 1) in aghaidh Bhóthair na Trá/Cnoc na Cathrach a imríodh ar an Prairie. Ní raibh idir na fóirne ag an deireadh ach dhá chúilín.
Thosaigh Na Breathnaigh go dona. Thóg sé i bhfad orthu an chéad scór a aimsiú ó phoc saor a thóg Seán Ó Conghaile. Faoin am sin bhí 1 – 05 ar an gclár scórála ag an bhfoireann baile agus an chuma ar an scéal go ndéanfaí báireoirí Cois Fharraige a náiriú.
Ag deireadh an chéad leath bhí bearna mhór idir na foirne: 2 – 15 in aghaidh 1 – 07. Ach sa darna leath thosaigh Na Breathnaigh ag imirt níos fearr. D’aimsigh siad dhá chúl agus bhí seans acu ar chúl eile nuair a bronnadh poc pionóis ar Sheán Ó Conghaile. Sábháileadh an poc. Ach choinnigh Na Breathnaigh an brú ar bhuachaillí na cathrach agus nuair a séideadh an fheadóg ní raibh idir na foirne ach dhá chúilín: 3 – 17 ag na Breathnaigh in aghaidh 2 – 22 ag an bhfoireann baile.
Club Scannán Sailearna
Radharc ón scannán CAIRO CONSPIRACY a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 19 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna.
An Déardaoin seo, 19 Deireadh Fómhair, beidh an scannán CAIRO CONSPIRACY á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth. Baineann an scannán leis an gcoimhlint idir an Ioslamachas agus stát na hÉigipte agus iad araon ag iarraidh ceannas a fháil ar cheann de na hinstitiúidí Ioslamacha is mó meas ar domhan, Ollscoil Al-Azhar.
Corn Pheait Phádraic Tom – Na Torthaí
Neans Nic Dhonncha, ón gCeathrú Rua, a thug léi Corn Pheait Phádraic Tom sa gcomórtas amhránaíochta ar sean-nós a reáchtáladh sa Spidéal, Dé Domhnaigh seo caite.
Gearóid Ó Conghaile, garmhac le Peait Phádraic Tom, a rinne an corn a bhronnadh i gcuimhne ar a dheaideo.
Ar an Domhnach seo caite i Scoil Éinne, sa Spidéal, reáchtáladh an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga i gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis, Peait Phádraic Tom Ó Conghaile as Leitir Péic, An Spidéal. Seo a leanas na buaiteoirí sna aoisghrúpaí éagsúla:
Faoi 18: 1ú, Neans Nic Dhonncha, An Gleann Mór, An Cheathrú Rua; 2ú Stephan Breathnach, Roisín na Mainíoch, Carna; 3ú Micil Mac Donncha, Gleann Mór, An Cheathrú Rua.
Faoi 12: 1ú, Kevin Breathnach, Carna; 2ú Rian Ó Ceallaigh, An Cheathrú Rua; 3ú, Abbie Nic Dhonncha, Carna.
Faoi 8: 1ú, Ciarán Ó Gionnáin, Leitir Móir; 2ú Lua Vogel, Anach Mheáin; 3ú, roinnte idir Daniel Mac Donncha, Carna agus Áine Ní Chualáin, Cladhnach.
Faoi 6: 1ú, Fiadh-Anna Ní Cheallaigh, Tír an Fhia; 2ú, Nóra Vogel, Anach Mheáin.
Foscadh Bus ar an gCnoc
Thug an Comhairleoir, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (ar chlé), le fios ar Adhmhaidin (RnaG) ar an Luan go bhfuil na socraithe déanta anois le scáthlán bus a thógáil ag Séipéal an Chnoic, le freastal ar dhaoine a bhíonn ag fanacht ar an 424 le dul ag An Spidéal nó go Gaillimh. Le bliain nó dhó anuas tá éileamh mór ar an mbus ach bíonn ar dhaoine fanacht ar an 424 ar thaobh an bhóthair, gan foscadh ar bith ón mbáisteach. Ach, dar le Pádraig Joe Joe, is gearr go mbeidh dhá scáthlán bus á thógáil ag an gComhairle Chontae, ceann ag Séipéal an Chnoic agus an ceann eile i gCasla.
Ach ní bheidh aon fhoscadh ón mbáisteach le fáil san Spidéal go fóill. Ní mó ná sásta atá urlabhraí Sinn Féin i gConamara Theas, Kevin O Hara, leis an leithscéal a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe, sé sin nach féidir paiste talún feiliúnach a aimsiú sa Spidéal. Ní ghlacann Kevin O Hara (SF) leis an leithscéal sin. Ag labhairt dhó ar Adhmhaidin (RnaG) le gairid dúirt sé go mba cheart an deis a thapú le breathnú ar an leagan amach atá ar shráidbhaile an Spidéil agus áit a réiteach le gur féidir leis an mbus tarraingt isteach in áit nach mbeadh sé ag cur stop leis an trácht ar an R336.
Folúntais i gCois Fharraige
Tá an an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, ar an gCnoc, ag cuartú oibrithe faoi láthair. Tá postanna le líonadh, páirtaimseartha agus lánaimseartha, idir oibrithe luathbhlianta agus oibrithe iarscoile. Na huaireanta atá i gceist do na hoibrithe iarscoile ná idir 7.30 go 9.30 ar maidin agus idir 1.00 agus 17.30 san iarnóin, ó Luan go hAoine. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach do na poist. Is féidir níos mó eolais a fháil ach glaoch ar an uimhir 091 593132, nó ríomhphost a chur chuig eolas@nullittancranntaca.ie.
Chomh maith leis sin, tá an Bogha Ceatha sa Spidéal ag iarraidh cur lena bhfoireann oibrithe iarscoile. Níl aon cháilíochtaí ag teastáil, ach tá sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge chumarsáideach ag iarrthóirí, go mbeidís cineálta, cairdiúil agus sásta a bheith ag obair le gasúir idir 4 agus 12 bliain d’aois idir na huaireanta 1.30pm go 5.30pm. Tá níos mó eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le oifig@nullboghaceatha.com, nó glaoch ar 091 897 851.
AGM an Chomharchumainn Curtha Siar
An Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) a bhí le bheith ann ar an Máirt seo caite, tá sé curtha siar go ceann míosa. Tá sé socraithe cruinniú na scairshealbhóirí a thionól ar an Céadaoin, 15 Samhain, i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.00pm.
Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann. Beidh folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha, deirtear. Le seasamh don Bhord Stiúrtha caithfidh tú bheith i do scairshealbhóir agus bíonn foirm ainmniúcháin le líonadh.
Tá na foirmeacha ainmniúcháin agus na foirmeacha le rún a chur síos le fáil ó oifig an chomharchumainn, nó tré glaoch a chur ar 091 399199. Is gá na foirmeacha líonta a bheith curtha ar ais faoin gCéadaoin, 8 Samhain.
Ceardlann do Chumadóirí Amhrán
Tá ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar an Satharn, 28 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Phádraig Ó hAoláin (1944 – 2021), Tiobraid Árannach ildánach a chum an t-amhrán “Cóilín Phádraig Shéamais”. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán den uile chineál.
Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann sampla dá saothar a sheoladh chuig Cló Iar-Chonnacht roimh 21 Deireadh Fómhair. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadóirí nua chomh maith le cumadóirí aitheanta. Roghnófar na saothair is feiliúnaí le plé ag an gceardlann agus seolfar saothar gach cumadóra chuig gach duine a bheas ag freastal ar an gceardlann, le go mbeidh deis roimhré acu iad a léamh is a mheas.
Níl aon táille i gceist. Tá áit do dheichniúr ar an gceardlann. Le áit a chur in áirithe ar an gceardlann ní mhór do chumadóir sampla dá chuid oibre a sheoladh chuig moccic22@nulloutlook.com faoin Satharn, 21 Deireadh Fómhair.
Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (RnaG) a bheadh i mbun na ceardlainne.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €3,900 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 4, 10, 19, 21.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
Áine Ní Neachtain, Cill Bhriocáin, Ros Muc;
Ciarán Ó Fátharta, Cuileán, An Cheathrú Rua;
Gearóid Ó Feinneadha, An Lochán Beag;
Máirtín Ó Donnchadha, Na Creagáin.
Fiach Breathnach, Na hAille, a fuair duais an díoltóra.
€4,000 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
Peil (faoi 17B): An Spidéal 3 – 11, Headford 4 – 14.
Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 3 – 17, Salthill/Knocknacarra 2 – 22.
Sacar (Men’s Reserves): Cois Fharraige 3, St Bernards 1.
Sacar (Roinn I): MacDara 4, Cois Fharraige 0.
Sacar (faoi 18, RI): MacDara 4, Oughterard 0.
Sacar (faoi 14, RII): MacDara 2, Cregmore/Claregalway B 1.
Sacar (faoi 13, RIII): MacDara 5, Colga B 0.