Cartlann Nuachta: 18 Eanáir 2017

An Mine

Cros an Mine

An áit sa Lochán Beag, Indreabhán, inar phléasc mianach ar an gcladach agus a d’fhág 9 fear marbh ar an 15 Meitheamh 1917. Tá comóradh le eagrú mí Meithimh seo chugainn, 100 bliain ó tharla an tubaiste, ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Ar an 15 Meitheamh, 1917, tharla tubaiste mhór i gCois Fharraige nuair a phléasc mianach a tarraingíodh isteach le cladach ar an Lochán Beag. Maraíodh naonúr fear.

Seo leanas liosta iomlán na ndaoine a maraíodh leis an bpléascadh:

Éamonn Mac Diarmada, An Lochán Beag.

Seosamh Ó Flaithearta, An Lochán Beag.

Tomás Ó hOibicín, An Lochán Beag.

Tadhg Ó Céidigh, An Lochán Beag.

Colm Ó Feinneadha, An Lochán Beag.

Peadar Ó Cualáin, An Cloch Mór.

Mánus Ó Fátharta, Na hAille.

Éamonn Ó Laoi, Na hAille.

Pádraig Ó Laoi, Na hAille.

D’fhág fear amháin, Éamonn Mac Diarmada, (53 bhl. d’aois), baintreach agus seachtar páiste ina dhiaidh. D’fhág Seosamh Ó Flaithearta, (32 bhl. d’aois), baintreach agus triúr pháiste ina dhiaidh. D’fhág Tomás Ó hOibicín, (30 bhl. d’aois), baintreach agus beirt pháiste ina dhiaidh.

Tháinig fear óg amháin slán, Seosamh Ó Fátharta, nó Joe Hughie, mar ab fhearr aithne air a bhí 17 mbl. d’aois ag an am.

Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige comóradh a dhéanamh ar an tubaiste mí Meithimh seo chugainn. Tá iarrta ag an gCumann Forbartha ar an gcomhlacht drámaíochta Fíbín seó a léiriú ar an gcladach, gar don áit ar phléasc an mianach mar phríomhimeacht le linn an chomóradh. Tá Eoin Mac Diarmada, arbh é Éamonn Mac Diarmada a shin-sheanathair, ag réiteach scriopt faoi láthair don seó. Tá sé i gceist go mbeidh aisteoirí áitiúla páirteach sa seó, chomh maith le daltaí scoile.

Beidh fochoiste eagraithe á chur le chéile go luath ag an gCumann Forbartha leis an gcomóradh a eagrú. Chuige sin tá cruinniú le bheith sa Chrann Taca (ITT), ar chúl Séipéal an Chnoic, ar an Máirt seo chugainn leis an gcomóradh a phlé agus le fochoiste eagraithe a chur le chéile. Beidh fáilte ag an gcruinniú roimh duine ar bith le spéis acu sa gcomóradh agus go speisialta roimh gaolta na ndaoine a maraíodh sa phléasc.


Ainmneacha na mBoithríní

An Lochán Beag

Ag cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite, socraíodh tús a chur le comharthaí a chrochadh sa gceantar ar a mbeadh ainmneacha na mbóithríní greanta go soiléir.

Ba é Cumann Forbartha Chois Fharraige a rinne ainmneacha na mbailte fearainn a shocrú i bparóiste an Chnoic, nós a leathnaigh do ceantair eile ina dhiaidh sin. Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh go mbeadh comharthaí crochta ag ceann gach bóithrín sa gceantar, ar dhá chúis: go mbeadh sé níos éasca tíocht ar thithe dá mbeadh ainm chuile bhoithrín le léamh go soiléir ar an gcomhartha agus le ainmneacha na mboithríní a chaomhnú.

Ní dhéanfar comhartha a chrochadh in aon áit nó go mbeidh na daoine a bhfuil cónaí ar an mboithrín sásta glacadh leis an ainm atá le dul ar an gcomhartha. Ceaptar go gcosnóidh gach comhartha thart ar €200 idir é a dhéanamh agus ábhar a fháil len é a chrocadh. Tá iarratas déanta ag an gCumann Forbartha ar Údarás na Gaeltachta le go mbeifear in ann an obair seo a chur ar chlár oibre an Scéim Fostaíochta Sóisialta atá sa gceantar.


Club Scannán Sailearna

the-idol-3

Radharc as an scannán ‘The Idol’, faoi amhránaí ón bPailistín, a éiríonn leis mar amhránaí proifisiúlta in aineoinn go leor bacanna ina aghaidh. Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ar an Déardaoin seo, 19 Eanáir, ag tosú ag 8.15pm.

An Déardaoin seo, 19 Eanáir, a cuirfear tús le séasúr nua de Chlub Scannán Sailearna leis an scannán nuadhéanta THE IDOL, scannán atá bunaithe ar shaol eachtrúil an amhránaí cháiliúil Mohammad Assaf, a rugadh agus a tógadh ar Stráice Gaza.

Idir an Déardaoin seo agus an Cháisc, taispeánfar 12 scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain ar an scáileán mór in Amharclann na Seanscoile.

Seo a leanas liosta na scannán atá roghnaithe don séasúr seo:

  • 19/01/17 – The Idol (Pailistín/Ollúin/UK)
  • 26/01/17   The Clan, (Spáin/Airgintín)
  • 02/02/17 – After Love (An Fhrainc/An Bheilg)
  • 09/02/17 – The Black Hen (Nepal/An Fhrainc)
  • 16/02/17 – Off the Beaten Track (Romáin)
  • 23/02/17 – Tharlo (Thibet)
  • 02/03/17 – The Innocents (An Phólainn)
  • 09/03/17 – Viva (Cuba/Éire)
  • 16/03/17 – Cré na Cille (Éire)
  • 23/03/17 – The Unknown Girl (An Bheilg/An Fhrainc)
  • 30/03/17 – Francofonia (An Fhrainc/An Ghearmáin)
  • 06/04/17 – The South (An Spáinn)

Tosaíonn na scannáin ag 8.15pm gach Déardaoin.  Tugann ballraíocht sa gClub Scannán ar €30 cead isteach do gach ceann de na scannáin.  Bíonn ballraíochta ar fáil do lánúin ar €50 agus tá praghas laghdaithe €25 do mhic léinn, do dhaoine atá dífhostaithe nó ar phinsean.  Glactar le ballraíocht ag an doras roimh scannán ón 8.00pm ar aghaidh ar an Déardaoin.


Coláiste Chroí Mhuire sa gCispheil

Tá áit bainte amach ag foireann cispheile cailíní faoi 19 ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sna Cluichí Cáilithe Uile Éireann (Roinn B). Roimh an Nollaig bhuail cailíní Chois Fharraige foireann ó Salerno, sa gcluiche ceannais do scoileanna ón Iarthair.

Ar an Satharn seo chugainn beidh na cluichí cáilithe ar siúl in ionad spóirt an Kingfisher.  Trí fhoireann atá  san iomaíocht le háit a bhaint amach i mbabhta leathcheannais na hÉireann a bhéas san Airéine Náisiunta Cispheile, am éicint mí Feabhra.  Beidh dhá chluiche ag Coláiste Chroí Mhuire ar an Satharn, an chéad cheann ag 11rn agus beidh siad ag imirt arís ag 2.30in. Beidh míle fáilte roimhe lucht tacaíochta ar an lá le spreagadh a thabhairt do chailíní na scoile.


Tuismitheoirí na Gaeltachta

TuismitheoirínaGBeidh Gligíní, an grúpa spraoi do thuismitheoirí agus gasúir, ag tosú ar ais arís ar an Déardaoin seo chugainn, 26 Eanáir.

Beidh Gligíní ar bun i SPLANC (Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta), atá lonnaithe sa bhfoirgneamh ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua chuile Dhéardaoin ón 10 ar maidin go meánlae.

Bíonn cúntóir i láthair chuile sheachtain le gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh leis na gasúir agus a gcuid tuismitheoirí. Bíonn saor spraoi ag na gasúir feisin agus rogha leathan bréagán ar fáil do chuile aoisghrúpa, ó na naíonáin atá cúpla mí d’aois go haois naíonra. Bíonn picnic bheag ann chuile sheachtain do na gasúir feisin, rud a thaitníonn go mór leo.

Síntús beag de €2  in aghaidh an teaghlaigh a iarrtar chuile sheachtain le costais tae/caifé srl a chlúdach.  Bíonn míle fáilte roimh theaghlaigh nua i gcónaí tíocht ag Gligíní, an grúpa spraoi Gaeilge atá dírithe ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.


18 Eanáir 2017