Cartlann Nuachta: 18 Eanáir 2023

AGM an Fhóram Pleanáil Teanga

Aoife agus Katie Fóram Pleanála Teanga

Aoife Ní Chonghaile, ar chlé, agus Katie Ní Loingsigh, ar dheis, na hOifigigh Pleanála Teanga do Chois Fharraige.

Ar an Luan seo caite, 16 Eanáir, ag an gCruinniú Cinn Bhliana a bhí ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, glacadh le rún d’aonghuth, a chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige chun cinn, ag iarraidh ar Aire na Gaeltachta agus le Aire Stáit na Gaeltachta Scéim Nua Labhairt na Gaeilge a chur ar bun sna ceantair Ghaeltachta, a bheadh dírithe ar pháistí réamhscoile, le níos mó lanúnacha óga le Gaeilge líofa a mhealladh le páistí a thógáil le Gaeilge sa nGaeltacht.

Ag an gcruinniú thug an Cathaoirleach, Máire Ní Neachtain, tuairisc chuimsitheach ar obair an Fhóram Pleanála Teanga i gcaitheamh na bliana. Dúirt sí go mba iad seo cuid de na buaicphointí a bhain le obair na bliana:

Ceiliúradh ar an bPlean Teanga leis an Aire Stáit Jack Chambers.

Féile Chois Fharraige a eagrú.

Campa Drámaíochta Ruaille Buaille.

An leabhrán ‘Gaeilge ar an Teallach’ a chur le chéile.

Scéim na gCairde Pinn a eagrú sna bunscoileanna.

Imeachtaí Sóisialta réamh Nollag.

‘Jimmy agus Taidhgín’ – leabhar a scríobh an cúig bhunscoil i gCois Fharraige.

Bunú ógchlub sna Forbacha, rud nach raibh ann le 30 bliain.

Thaispeán na cuntaisí iniúchtha a chuir an Bord Stiúrtha os comhair an chruinniú go raibh farasbarr de €17,468 don bhliain 2022 as ioncam de €165,230.


An Club LeabharAilbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Tá Club Leabhar Chois Fharraige ag tíocht le chéile ar an gCéadaoin seo, 18 Eanáir, i dTigh Mholly le trí leabhar nua a phlé:

Seacht dTír, Seacht dTeanga’ le Diarmuid Johnson;

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht’ le Michael Cronin;

Tonn Teaspaigh’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Cur síos atá i leabhar Dhiarmuid Johnson ar thréimhsí a chaith sé sa mBreatain Bheag, sa bPolainn, sa mBriotáin, sa nGearmáin, sa Rómáin, sa mBeilg agus sa nGaeltacht in Éirinn. Tugann sé léargas dúinn ar dhaoine a casadh leis, ar chúrsaí saíochta, teanga agus ceoil agus é ag taisteal ó Chonamara go Vársá le breis is dhá scór bliain anuas.

Cíorann Michael Cronin cúrsaí athrú aeráide agus an nasc leis an nGaeilge sa leabhar ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht’. Muna mbeidh teacht againn feasta ar ár saíocht dúchais ar chúrsaí imshaoil, ní choinneofar dé in áitritheoirí an oileáin seo, dar leis an údar.

Cnuasach filíochta é ‘Tonn Teaspaigh’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh. Thug an díolaim seo duais filíochta an Oireachtais leis i mbliana agus bhronn Poetry Ireland duais ar an dán ‘Litir ó Barcelona’ as an gcnuasach céanna. Pléann Ailbhe dúshláin agus lúcháir na banúlachta agus an mháithreachais i saol an lae inniu sa mbailiúchán álainn seo agus tá aiste an-bhreá, an-ghéarchúiseach i dtús an leabhair ag Daniela Theinová, léachtóir in Ollscoil Shéarlais i bPrág.


Leabhair Nua ó FUTA FATA

Tá sé fógraithe ag na foilsitheoirí FUTA FATA, atá lonnaithe sa Spidéal, go bhfuil dhá leabhar nua, dírithe ar naíonáin, le foilsiú an mhí seo: CÁ BHFUIL CONALL COINÍN agus CÁ BHFUIL TREASA TÍOGAR. Tá an dá leabhar gleoite le flapaí móra do lámha beaga, lán d’ainmhithe áille agus foirfe do pháistí óga.


Post le Stiúideo Cuan

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan ar an Spidéal

Tá Stiúideo Cuan ag cuartú duine le feidhmiú mar Stiúrthóir Sraithe chun scéalta físe a bheadh pobalbhunaithe a chur ar fáil don ardán MOLSCÉAL.

Tá conradh ag Stiúideo Cuan le TG4 chun 90 pacáiste físe a chur ar fáil ó cheantar Chonamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Baile Átha Cliath agus is chuige sin atá an Stiúrthóir Sraithe á earcú.

Post 20 mí atá i gceist, 40 uair in aghaidh na seachtaine, ach bheadh obair oíche agus obair ag an deireadh seachtaine i gceist. Tuarastal idir €39,000 agus €41,000 sa mbliain atá á thairiscint leis an bpost.


Foirne Díospóireachta Tríd

Foireann Díospóireacha Sóisear Col Chroí Mhuire 2022

Foireann shóisearach díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, atá tríd go dtí an babhta náisiúnta i gcomórtas díospóireachta Gael Linn.

Sa bpictiúr, ó chlé: Caitríona Ní Ghriallais (Múinteoir), Glaisne Mac Réamonn, Seán Óg Ó Fátharta, Tomás Ó Neachtain, Caoilte Canny agus Lauren Mullaley ó Ghael-Linn.

D’éirigh leis an dá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, áit a chinntiú sna babhtaí ceannais i gcomórtas náisiúnta díospóireachta a reáchtálann Gael Linn.

Ar fhoireann sinsear an Spidéil tá Caoimhe Ní Chualáin, Eoin Ó Neachtain, Labhaoise Ní Bhéarra agus Damhnait Ní Fhátharta. Ar an bhfoireann sóisear tá Seán Óg Ó Fátharta, Glaisne Mac Réamonn, Tomás Ó Neachtain agus Caoilte Canny.


Ranganna Gaeilge do Thosaitheoirí

Beidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ar thosaitheoirí iad, ag tosú go luath sa Spidéal. Beidh na ranganna ar bun in Inis Fáil, trasna ón Clochar.

Beidh na ranganna dírithe ar fhoghlaimeoirí atá ag tosú, atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim le úsáid go sóisialta.

Le spéis a léiriú sna ranganna níl le déanamh ach glaoch ar Kate ag an uimhir 083 0106294.


Post an Bhainisteora le Líonadh san ITT

Tá an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc in Indreabhán ag fáiltiú roimh iarratais le haghaidh post mar Bhainisteoir Cúram Leanaí. Teastaíonn cáilíocht Leibhéal 6, nó níos airde, i gCúram Leanaí le cur isteach ar an bpost.

Chomh maith le sin, tá an ITT ag lorg iarratas do phost lánaimseartha agus páirtaimseartha mar oibrithe luathbhlianta chomh maith. Ní mhór do na hiarrthóirí sin cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi bhun cúig bliana d’aois. Ar ndóigh tá líofacht sa nGaeilge riachtanach do na poist seo.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Oifig an Chomharchumann, 091 399199, nó ríomhpost a chur chuig ittcranntaca@nullgmail.com.


ÉireComposites – Lá Pobail

ÉireComposites ar an gCoill Rua

ÉireComposites ar an gCoill Rua, Indreabhán

Beidh Lá Pobail ag ÉireComposites ar an Domhnach seo chugainn, 22 Eanáir, óna 2.00pm go 4.00pm, sa monarcha san eastáit tionsclaíochta ar an gCoill Rua. Tabharfaidh an Príomh Fheidhmeannach, Tomás Flanagan, cur i láthair i dtosach agus ansin turas den mhonarcha. Beidh soláistí ar fáil chomh maith. I rith an lae beidh gníomhaíochtaí ar fáil do ghasúir (5 bhl+).

Beidh cuairteoirí in ann ceisteanna a chur, treallamh a fheiceáil agus eolas a fháil faoi na tionsnaimh taighde agus faoin bhforbairt shuimiúil atá ar bun ag ÉireComposites ar an gCnoc, Indreabhán.

Tá obair an-spéisiúil ar bun ag ÉireComposites: páirteanna do eitleáin, do shatailítí, do thuirbíní gaoithe, diallaití marcaíochta agus níos mó.

Beidh fáilte roimh chách cuairt a thabhairt ar an monarchan ar an Domhnach seo.


Club Scannán – OFFICIAL COMPETITION

Official Competition Still

Radharc ón scannán OFFICIAL COMPETITION, an scannán a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag an gClub Scannán le linn Séasúr an Earraigh, a chuirfear tús leis ar an Déardaoin seo chugainn, 19 Eanáir.

Cuirfear tús ar an Déardaoin seo, 19 Eanáir, le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, eagraithe ag Club Scannán Sailearna. Taispeánfar dhá scannán déag, ceann gach Déardaoin, idir seo agus an Cháisc, an tseachtain seo le scannán greannmhar i Spáinnis (le fotheidil) dar teideal OFFICIAL COMPETITION, le Penelope Cruz agus Antonio Banderas sna príomhpháirteanna.

I measc na scannán eile a thaispeánfar idir seo agus an Cháisc tá scannán ó Korea, ‘Decision to Leave’ agus an scannán ‘Both Sides of the Blade’. Tá liosta iomlán na scannán le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Moltóireacht Ghlór na nGael

Ceoltóirí ag Seoladh Taisce Chois Fharraige

Ag casadh ceoil mar chuid de ocáid seolta Taisce Chois Fharraige ag Oireachtas na Gaeilge mí na Samhna bhí ó chlé: Micheál Darby Ó Fátharta, Ruairí Mac Con Iomaire, Laoise Ní Neachtain, Nóirín Ní Ghrádaigh, Traolach Ó Conghaile agus Aisling Ní Neachtain.

Bhí moltóirí ó Ghlór na nGael an-tógtha le Taisce Chois Fharraige, nuair a chas siad Dé Luain seo caite le grúpa ó Choiste Ghlór na nGael, Cois Fharraige.

Ar an Máirt seo caite chas ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla i gceantar Chois Fharraige le triúr ó Ghlór na nGael, atá i mbun moltóireachta na laethanta seo. Seo a leanas an grúpa ó Chois Fharraige a chas leis na moltóirí: Mamie Ní Chualáin, Máire Áine Mhic Dhonncha agus Donncha Ó hÉallaithe ó Chumann Forbartha Chois Fharraige; Odi Ní Chéilleachair ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige; Caitríona Ní Fhionnachta, Príomhoide Scoil Sailearna; Máire Ní Neachtain, Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga chomh maith Neasa Nic Dhonncha agus Fionnán Ó Coistealbha, beirt dhéagóir a bhí ag obair ar Taisce Chois Fharraige a chur le chéile.

Beidh duaischiste de €75,000 le dáileadh ar na buaiteoirí tar éis na Cásca: €15,000 an príomhdhuais náisiúnta ach tá duaiseanna €3,000 le fáil i ngach réimse den chomórtas. Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige isteach ar chúig réimse ar fad: Oideachas, Óige, Gaeltacht, An Stát agus Gnó; Tograí Cosanta Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta; Anuraidh ba é Comharchumann Mhic Dara a roghnaíodh don phríomhdhuais sa gcomórtas.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach ar Ghlór na nGael, Cois Fharraige, go raibh siad an sásta leis an éisteacht a thug na moltóirí don chur i láthair agus gur thaispeán siad spéis ar leith sa tionscnamh Taisce Chois Fharraige, atá curtha le chéile ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Seo a leanas na moltóirí a bhí ann: Sara Ní Chuirreáin ó Ghaoth Dobhair; Colm Ó Neasa ó Choill Sáile agus Eoghan Mac Cormaic ó Bhaile Locha Riach, triúr fostaithe de chuid Ghlór na nGael.

Gach bliain ar son an pobail cuireann Cumann Forbartha Chois Fharraige iarratas isteach ar an gcomórtas a reachtálann Glór na nGael go bliantúil. Iarratas an Chumann Forbartha an t-aon iarratas ó Chois Fharraige atá istigh ar an gcomórtas i mbliana.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €3,800 sa bPota Óir ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 13, 16, 18 agus 32.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata le €25 ag dul do chaon duine acu:

Chloe Thornton, Na Creagáin, Indreabhán;

Tommy O’ Malley, Ruisín, Cill Chiaráin;

Gearóid Ó Dubhghaill, Coill Rua Thoir;

Jimmy Ó Conghaile, Teach Mór, Indreabhán.

An Nead sa Spidéal, a fuair duais an díoltóra.

4,100 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Cruinniú Poiblí

An tSeanscoil 2021

Seanscoil Sailearna

Tionólfar Cruinniú Poiblí ar an Máirt seo chugainn, 25 Feabhra, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 7.30pm, le deis a thabhairt don phobal moltaí a dhéanamh maidir le bearta ar cheart a chur sa bPlean Gníomhaíochta cúig bliana atá le ullmhú ag Comharchumann Sailearna don cheantar faoina chúram.

Tá an cruinniú oscailte don phobal agus tá fáilte roimh chách.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Iomáint (Sóis): Coláiste Chroí Mhuire 2 – 17, Roscommon CBS 3 – 07.

Peil (Sinsear): Coláiste Chroí Mhuire 3 – 03, Seamount Kinvara 4 – 06.

Sacar (Corn Sóis): Cois Fharraige 2, Cregmore/Claregalway B 1.

Sacar (faoi 15): Mac Dara 3, Cregmore/Claregalway B 2.

Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha 5, Kiltullagh 0.


18 Eanáir 2023