Cartlann Nuachta: 18 Márta 2015
18 Márta 2015
Lá ‘le Pádraig sa Spidéal – Bródúil, Croíúil, Gaelach!
Tuilleadh Pictiúirí
Comórtas Scoráiochta Idir Bailte
Ar an Satharn seo chugainn, 21 Márta, a bheas an Comórtas Scoraíochta Idir Bailte ar bun i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Tá an comórtas á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le go dtabharfar le chéile an éagsúlacht talainn sna bailte fearainn éagsúla i bparóiste an Chnoic. Sé Joe Steve Ó Neachtain a mhol don Chumann Forbartha tabhairt faoin gcomórtas a eagrú.
Tá scoraíocht réitithe ag ceithre bhaile le cur os comhair an phobail ar an Satharn beag seo: Cor na Rón, An Teach Mór/An Lochán Beag, Na hAille, Baile na mBroghach/Leithrinn.
Tosóidh an comórtas ag 7.30 i.n. Ní bheidh aon táille ar an doras ach glacfar le síntiús ó dhaoine ar mhaithe le Croílíne, an eagraíocht atá ag socrú na fibulators in áiteacha poiblí i gCois Fharraige agus a chuireann cúrsaí traeneála ar fáil do dhaoine ina n-usáid.
An Idirlíon agus Úsáid na Meáin Sóisialta
Cúrsa Ríomhaireachta do Eagraíochtaí Pobail is Deonacha i gCois Fharraige
Tá roinnt bheag áiteacha fós ar an gcúrsa faoin Idirlíon agus na Meáin Sóisialta atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Tá cúrsa á thairiscint do ionadaithe ó eagraíochtaí pobail is eagraíochtaí deonacha i gceantar Chois Fharraige, a bhfuil sé de aidhm aige cur ar a gcumas usáid níos éifeachtaí agus níos iomláine a bhaint as suíomh idirlíon agus as na meáin sóisialta. Tá an cúrsa á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht airgid ó Scéim Tacaíochta Oideachais Pobail 2015, de chuid an GRETB.
Tá bunthuiscint ar úsáid ríomhairí agus ar úsáid an idirlíon riachtanach don chúrsa seo.
Ag deireadh an chúrsa ba cheart go mbeadh tuiscint agus cumas ag na rannpháirtithe sna réimsí seo a leanas:
- An structúr ar shuíomh idirlíon;
- Cén chaoi le suíomh simplí a chruthú i WordPress;
- Cén chaoi eolas a chur suas ar shuíomh nó é a leasú;
- Pictiúirí is íomhánna a chur ar an suíomh;
- Cén chaoi le suíomh a dhéanamh níos tarraingtí;
- Tíocht ar an suíomh ar an Idirlíon a dhéanamh níos éasca;
- Leathanach Facebook a chruthú do eagraíocht;
- Bainistiú an Eolais ar an Suíomh.
- Nuachtlitir a sheoladh amach,
- Úsáid áiseanna Gaeilge ar líne.
- Cartlann a chruthú.
Cé ar a bhfuil an Cúrsa Dírithe?
Go príomha tá an cúrsa seo dírithe ar eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí deonacha a bhfuil suíomhanna idirlíon acu cheana agus ar mhaith leo na scileanna a bheith ag duine nó beirt ar an gcoiste le uasdátú a dhéanamh ar shuíomh idirlíon na heagraíochta, comh maith le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an eolas ar mhaith leis an eagraíocht a roinnt leis an bpobal ar an idirlíon.
Déanfaidh gach duine ar an gcúrsa suíomh idirlíon bunúsach a chruthú ag usáid WORDPRESS, ar a mbeidh cleachtadh le déanamh ar na gnéithe éagsúla den cúrsa.
An Cúrsa: Cúrsa 8 seachtaine, gach Máirt óna 7 go 9.30pm. le briseadh seachtain na Cásca.
Dáta Tosaithe: Máirt, 24 Márta agus ag críochnú ar 19 Bealtaine.
Ionad: Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Líon Daoine: Ní ghlacfar le níos mó ná 12 ar an gcúrsa. Beidh 8 ar a laghad ag teastáil le dul ar aghaidh leis an gcúrsa.
Teagascóir: Julianne Ní Chonchubhair, atá ag obair le Cló Iarchonnacht agus a bhfuil taithí na mblianta ag bainistiú suíomhanna idirlíon.
Teanga Teagaisc: Is tré Ghaeilge a bheas an cúrsa.
Costas: €40 an duine don 8 seachtaine.
Ní ghlacfar ach le beirt ar a mhéad ón eagraíocht chéanna ar an gcúrsa, ach sa gcás nach bhfuil an cúrsa lán.
TÁ AN CÚRSA Á CHUR AR FÁIL AG CUMANN FORBARTHA CHOIS FHARRAIGE AGUS Á MHAOINIÚ AG AN SCÉIM TACAÍOCHTA OIDEACHAIS POBAIL de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Tá an Cumann Forbartha buíoch do Chomharchumann Sailearna Teo., as an seomra ríomhaireachta a chur ar fáil don chúrsa ar tháille réasúnach.
Más spéis le do eagraíocht duine nó beirt a chur ar an gcúrsa seo, cuir teachtaireacht ag an gCumann Forbartha ag an seoladh ríomhphoist cumannforbartha@nullgmail.com.
Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo (clic ar dheis)
Scannán sa tSeanscoil Déardaoin
‘Stations of the Cross’, scannán ón nGearmáin a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 19 Márta, i Seanscoil Sailearna ag 8.15 i.n. Scéal faoi chailín óg (14 bliain d’aois) atá sa scannán seo ina bhfuil meascán den chomhbhá, den íoróin agus den diabhlaíocht. Baineann Maria agus a muintir le seict choimádach, a bhfuil an féindiúltú ar chuid de na prionsabail aige. Ach tá an cailín óg ag tíocht in inmhe agus mothúcháin nua á múscailt inti, go háirithe do bhuachaill óg!
Tá níos mó eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Léacht sa Spidéal Faoi na Bunberrys
Tabharfaidh Tadhg Ó Curraidhn an léacht dheireanach de shéasúr léachtaí Chumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige i gColáiste Chonnacht ar an Déardaoin seo. Siad Bunberrys Bhaile an tSagairt a bheas faoi chaibidil aige. Bhí muintir Bunberry ina dtiarnaí talún i mBaile an tSagairt le linn aimsir an ghorta. Ba de bhunadh Thiobraid Árainn iad. Bhí cónaí orthu sa Manor House atá inniu ina lár-ionad de eastáit thionsclaíochta Údarás na Gaeltachta. Ní raibh aon droch-cháil orthu mar thiarnaí mar go dtug siad fostaíocht san áit. Bhí muileann acu ar a ngabháltas atá fós ina sheasamh agus mar chuid den eastáit thionsclaíoch.
Ba í iníon Bhunberry an duine deireanach den chlann a mhair sa Manor House ag tús an chéid seo caite. Bhí sí pósta le duine de mhóruaisle an bhaile mhóir, an tUasal Palmer a raibh muilte plúir acu i nGaillimh. Ní raibh aon chlann orthu. D’fhág Mrs Palmer a gabháltas iomlán i mBaile an tSagairt ag muintir Uí Dhomhnaill a bhí ag obair mar shearbhóntaí sa teach mór aici. Dhíol duine acu, Pádraig Ó Domhnaill, an chuid den talamh ar an taobh thoir de bhóthar Bhaile an tSagairt le fear gnó áitiúil darbh ainm Pádraig Mac Phroinséas. Dhíol seisean an talamh ina dhiaidh sin le Gaeltarra Éireann chun eastáit thionsclaíoch a thógáil ann.
Oíche na mBádóirí
Anois agus Lá ‘le Pádraig caite beidh caint ag bádóirí Chonamara ar a gcuid báid traidisiúnta a réiteach is a fheistiú don tséasúr nua atá amach romhainn. Ach i dtosach beidh súil siar á caitheamh ar na geallta bád a bhí ann anuraidh ag Oíche na mBádóirí, tráthnóna amárach sa Chistin, An Cheathrú Rua, ag tosaí ag 9 i.n.
Beidh pictiúirí a thóg Seán Ó Mainnín ag na geallta anuraidh ar thaispeáint, chomh maith le videónna de na rásaí. Beidh neart scéalta, spraoi is sárú idir criúanna na mbád. Tom Rua Mac an Iomaire a bheas mar Fhear a’ Tí agus beidh saorchead isteach ann.
An bhFuil an CU Factór Agat?
Duais €250 atá le buachaint ag an duine ag a bhfuil an CU Factor. Socrófar cé ag a bhfuil sé ar an Satharn beag seo, 21 Márta, ag 11.00, in Óstán na Páirce, An Spidéal. Níl le déanamh ach amhrán a rá, céapar damhsa a dhéanamh, agallamh beirte a chur ar stáitse, nó rud ar bith eile a thograíonn tú féin a theaspáinfeadh an talann atá agat.
Tá an babhta seo de CU Factor á eagrú ag Comhar Creidmheasa Cholmcille. Le páirt a ghlacadh sa gcomórtas ní mór teagbháil roimhré a dhéanamh leis an gComhar Creidmheasa trí ghlaoch fóin, ríomhphost nó teachtaireacht Facebook. Oifig an Chnoic: (091) 593421; Oifig na Ceathrú Rua: (091) 869915 no tré ríomhphost a sheoladh ag ccccteo@nulleircom.net
Cuairt Eoghain Uí Neachtain ar Rang na hArdteiste
Chuir daltaí na hArdteiste fáilte mhór roimh an iar-scolaire Eoghan Ó Neachtain, Baile an tSagairt, a thug cuairt orthu le labhairt maidir lena thaithí féin sa scoil, maidir lena shaol san Ollscoil agus maidir leis na postanna éagsúla a bhí aige ó shin. D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí an chuairt chun spreagadh agus misneach a thabhairt do na daltaí agus iad i mbun na bliana cinniúna seo ina gcuid saolta. Labhair Eoghan faoina shaol san airm agus faoi na tréimhsí a chaith sé mar urlabhraí do thrí rialtas éagsúla. Labhair sé faoi na ceannairí idirnaisiúnta ar chas sé orthu, daoine ar nós George Bush, Bill Clinton, Barack Obama, Cameron, Menkel agus go leor eile. Leag sé béim ar an tabhacht atá ar oideachas tríú leibhéal a bheith acu agus a bheith solúbtha maidir le cúrsaí fostaíochta. Bhain na daltaí an-tairbhe agus taitneamh as a bheith ag caint le Eoghan agus á cheistiú. Is cainteoir ionspioráideach é Eoghan a ndeachaigh a chuid cainte go mór i gcion ar a lucht éisteachta.
Comórtas Fiontraíochta na Meánscoileanna
Ar an Aoine seo, 20 Márta, beidh taispeántas le feiceáil sa gCrann Taca, Indreabhán, de na hiarratais a réitíodh don comórtas fiontraíochta idir Iarbhunscoileanna a reachtáil Comhar Creidmheasa Cholm Cille le gairid.
Thóg trí scoil as Gaeltacht Chonamara páirt sa gcomórtas: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal; Coláiste Cholm Cille, Indreabhán; agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.
Beidh na buaiteoirí san iomaíocht sa gcomórtas Idir-Ghaeltachta a bheidh ar bun Mí Aibreán.
Madraí na Spotaí Dubha!
Scoláirí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, gléasta mar mhadraí na spotaí dubha, le linn Lá Domhanda na Leabhar, níos túisce an mhí seo. Ó chlé: Elana Nic Fhlanncha, Rosie Ní Dhubhghaill, Blanca Ní Dhonabháin, Máire Ní Fhrighil, Aoife Nic Cormaic, Rebecca Ní Alluráin.
Pé Scéal
Cuid de na scoláirí na hIdirbhliana ó Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a raibh láimh acu i réiteach an ‘Pé Scéal’, nuachtán a seoladh i gColáiste Chroí Mhuire le linn Éigse an Spidéil.
Ó chlé: Laura Ní hEimhrín, Oisín Baircéir, Charlie Mac Carthaigh, Pádraig Breathnach (a sheol an nuachtán), Dara Mac Aoidh (Comhordaitheoir ar an Tionscadal), Emer Ní Dhonncha, Camille Casburn-Trahan, Caoilfhionn Ní Chomhghain, Mary Ní Fhéinne.