Cartlann Nuachta: 18 Meán Fómhair 2019
Róisín agus Hazy Lad
Róisín Gannon, Cor na Rón, ag Seó an Spidéil le gairid lena chapall Cornarone Hazy Lad.
[Pic: Áine Ní Dhroighneáin]
Oíche an Chultúir
Beidh neart imeachtaí cultúrtha saor in aisce ar bun an Aoine seo, 20 Meán Fómhair, ar fud na tíre mar chuid den Oíche Chultúir. Seo a leanas na imeachtaí a bheas ar siúl thart i gCois Fharraige, á eagrú i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta.
8.00pm go deireannach: Róisín Seoighe is a cairde thús staighre i dTigh Giblin, An Spidéal. Ceol, rinnce is amhránaíocht. I dteannta Róisín beidh Tadhg Mac Dhonnagáin, Ruairí Mac Con Iomaire, Gearóid Ó Murchú, Caitlin Ní Chualáin, Steve Sweeney, Becky Ní Éallaithe agus a deartháir Colm Seoighe.
7.00pm: Ealaín Chladaigh ag an gCeardlann sa Spidéal. Ceardlann chomhoibritheach bunaithe ar an gcladach le Andrea Rossi & Lelia Ni Chathmhaoil. Fáilte roimh gach duine!
7.30pm: Cór Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Taispeántas ceoil ó Chór Chois Fharraige agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, amhránaíocht, filíocht agus damhsa. Glúnta Chois Fharraige agus Conamara ag roinnt a gcuid ceoil agus a gcuid amhránaíochta lena chéile. Míle fáilte roimh chuile dhuine!
7.30pm: Cóisir Tí – dráma nua le Fíbín ag ceannáras an chompántais ar an Tulach. Léiriú taobh amuigh, scríofa ag Philip Doherty, ceol clasaiceach agus rince comhaimseartha le foireann aisteoirí áitiúil.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i nGaoth Dobhair
Ceoltóirí Chois Fharraigei mBun Ceoil
I mbliana beidh Ceoltóirí Chois Fharraige ag glacadh páirt in imeachtaí an Oíche Chultúir i gGaoth Dobhair ar an Aoine seo, áit a mbeidh siad ar cuairt le haghaidh deireadh seachtaine ceoil agus spóirt i dteannta a gcomhaoisigh i nGaeltacht Thír Chonaill.
Anuraidh, tháinig grupa ceoltóirí óga as an gCrannóg i nGaoth Dobhair anuas go Conamara don Oíche Chultúir agus bhain na cuairteoirí agus ceoltóirí na háite fíor-shásamh as an gcuairt. Anois, tá breis agus scór ceoltóirí agus amhánaithe óga as Cois Fharraige ag dul ó thuaidh do dhá lá seisiúin, ceolchoirmeacha agus ceardlanna.
Beidh Seisiún na nDéagóiri ag tosú ar ais ar an Satharn, 28 Meán Fómhair. Ar an dáta sin, agus chuile sheachtain as sin amach, beidh míle fáilte roimh cheoltóirí óga iarbhunscoile chuig seisiún oscailte ó 5.15 – 6.15pm sa gCrúiscín Lán sa Spidéal. Níl ann ach trí choinníoll – a bheith múinte, Gaeilge a usáid agus ceol a chasadh!
Foirne Chois Fharraige sa gCluiche Ceannais
Breandán Mhaidhc Ó Conghaile (Cumann Micheál Breathnach) leis an sliotar. Bhí cluiche an-mhaith ag Breandán in aghaidh Bóthair na Trá/Cnoc na Carrach ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh. Scóráil Breandán ceithre chúilín ón imirt agus ba é a thug an pas do Rónán Ó Beoláin le cúl a fháil.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Bhí bua maith ag Cumann Micheál Breathnach ar an Domhnach seo caite, i gcluiche leathcheannais iománaíochta sa gcomórtas Sóisear 1 i Staid an Phiarsaigh nuair a bhuail siad Bóthair na Trá/Cnoc na Carrach go héasca. Sa gcluiche leath-cheannais eile sa gcomórtas céanna bhí an bua ag Bearna/Na Forbacha ar Bhéal Átha an tSlua gan ach cúilín amháin le spáráil. Beidh an dá fhoireann iománaíochta ó Chois Fharraige ag casadh le céile sa gcluiche ceannais an chéad mhí eile.
Cé gur éirigh le Bóthair na Trá/Cnoc na Carrach an chéad scór a fháil sa gcluiche in aghaidh Cumann Micheál Breathnach, fágadh gan aon scór eile iad ar feadh 20 nóiméad an fhad is a bhí báireoirí Chois Fharraige ag cur 2 – 07 ar clár na scóranna. Cúl ó Rónán Ó Beoláin an chéad scór a fuair na Breathnaigh. D’éirigh le Breandán Mhaidhc Ó Conghaile trí chúilín gleoite a aimsiú ón imirt sa gcéad leath agus b’é a cholcheathar Maidhc Antaine a fuair na scóranna eile sa gcéad leath, cúl ó phoc eirice agus ceithre chúilíní ó saorphocanna.
Bhí an ghaoth ag Bóthair na Trá/Cnoc na Cathrach sa dara leath agus fuair siad an chéad chúilín ach ní raibh siad in an bearna a laghdú mórán agus chríochnaigh na Breathnach an cluiche le dhá chúl le spáráil.
Cluichí Peile ag an Deireadh Seachtaine
Cumann Peile Micheál Breathnach a bheas sa gCluiche Leathcheannais Idirmheánach ar an Domhnach.
Tá dhá chluiche mór peile ag foirne Chois Fharraige ag an deireadh seachtaine. Sa gCraobhchomórtas Sinsear beidh An Spidéal sa gCluiche Ceathrúcheannais in aghaidh Réalta Thuama ar an Satharn seo chugainn ag tosú ag 3.00pm i Staid an Phiarsaigh, Bóthair na Trá. Sa gCluiche Leathcheannais Idirmheánach ar an Domhnach beidh Cumann Micheál Breathnach ag dul chun páirce in aghaidh Cartoon Shamrocks ag 1.30pm i Staid an Phiarsaigh chomh maith. Sa gcluiche leath-cheannais eile beidh Dunmore Mc Hales in aghaidh Uachtar Ard.
Má éiríonn leis na Breathnaigh Cartoon a chloí ar an Domhnach, ní hamháin go mbeidh siad sa gcluiche ceannais idirmheánach don dara bhliain as a chéile ach beidh ardú céime go grád na sinsear ag dul dóibh chomh maith.
Anuraidh a fuair An Spidéal an ardú céime tar éis Na Breathnaigh a bhuaileadh in athimirt den chluiche ceannais idirmheánach.
Féile na Leabhar
Cóicís ón Aoine seo, 4 Deireadh Fómhair cuirfear tús le Féile Leabhar Chois Fharraige, i dTigh Mholly, Indreabhán agus leanfar le imeachtaí na féile ar feadh an deireadh seachtaine. Beidh imeachtaí éagsúla ar bun idir ceardlanna do pháistí óga agus seisiúin léitheoireachta le údair éagsúla. Aar an Satharn 5 Deireadh Fómhair beidh Ceolchoirm na gCumadóirí ar bun i Seanscoil Sailearna.
I bpáirt le Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus le Coláiste Cholmcille in Indreabhán, tá Ceardlann Scríbhneoireachta do Dhéagóirí á reáchtál na laethanta seo roimh an bhféile leis an aoi-scríbhneoir Maedhbh Ní Eadhra.
Tá clár iomlán na féile le fáil ón nasc seo: Féile Leabhar 2019
Club Scannán Sailearna
Seachtain ón Déardaoin seo, 26 Meán Fómhair, cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, leis an scannán iomráiteach ón Spáinn EVERYBODY KNOWS. Idir sin agus tús mhí na Nollag beidh scannán le feiceáil gach oíche Déardaoin ar an scáileán mór san Amharclann i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm. Taispeánfar 11 scannán ar fad, ó go leor tíortha i dteangacha éagsúla.
Is féidir ballraíocht a fháil sa gClub Scannán ar €35 (€30 do phinsinéaraí) a thugann cead isteach do na scannán go léir idir seo agus an Nollaig. Glacfar le ballraíocht ar an gcéad oíche roimh an scannán. Is féidir le daoine íoc do réir an scannáin chomh maith.
Is féidir liosta na scannán, chomh maith le eolas fúthu, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie/ga.
Torthaí Lotó
Torthaí Lotó Chumann Micheál Breathnach: Ní raibh aon bhuaiteoir ar an bpota óir. Tarraingíodh na hainmneacha seo a leanas as an hata agus tá €50 an duine ag dul dóibh:
Cóilín Ó Fátharta, Ros a’ Mhíl
Michael Mc Intyre, An Spidéal.
Duais an Díoltóra: Seáinín Geoghegan, An Caisleán.
Dearbhán Tigh Durkin: Caitlín Ní Choistealbha, Na Creagáin.
Tá €15,600 sa bpota óir don chéad tarraingt eile.
Cúrsa Cruinneas Gaeilge
Cuirfear tús ar an Luan, 7 Deireadh Fómhair 2019, le cúrsa do dhaoine le Gaeilge mhaith cheana féin, a bheadh ag iarraidh a gcruinneas sa teanga scríofa a fheabhsú. Cúrsa sé seachtaine a bheas ann, atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ón GRETB, faoin scéim Oideachas Pobail.
Sé Máirtín Ó Curraoin a bheas ag teagasc ar an gcúrsa. Míneofar ar an gcúrsa na bogearraí ríomhaireachta atá ar fáil do dhaoine a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
Beidh an cúrsa ar bun sa seomra ríomhaireachta ar chúl Seanscoil Sailearna. Níl ach €20 mar tháille ar an gcúrsa. Le áit a chinntiú ar an gcúrsa ní mhór áit a chur in áirithe, mar tá teora leis an méid daoine ar féidir glacadh leo. Le áit a chur in áirithe ní mhór glaoch a chur ar Ghearóid Ó Fátharta ag an uimhir 0871234415 nó ríomhphost a chur ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Ceannaireacht agus Cuimsiú Pobail
Cuirfear tús an chéad mhí eile le cúrsa sé seachtaine atá dírithe ar grúpaí pobail atá gníomhach i gConamara le daoine a bhíonn ar choistí a thraeneál sna gnéithe éagsúla a bhaineann le ceannaireacht agus cuimsiú pobail. Beidh an cúrsa á reachtál san ionad atá ag an GRETB in Uachtar Ard, gach Déardaoin ón 7pm go 10pm. Tosóidh an cúrsa ar an Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2019 agus críochnóidh sé ar an 14 Samhain. Tá an cúrsa á eagrú ag Galway Rural Development i gcomhar leis an GRETB.
Sé aidhm an chúrsa ná ár dtuiscint ar éagsúlacht a fhiosrú agus dúshlán a thabhairt don chlaontacht in aghaidh grúpaí áirithe sa phobal.
Le áit a chur in áirithe ní mhór glaoch a chur ar Ghearóid ag an uimhir 0871835841 nó ríomhphost a chur ag gofatharta@grd.ie
Torthaí Spóirt
Iomáint (Idirmheánach): Spidéal 1 – 07, Killimer 1 – 17.
Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 2 – 13, Salthill/Knocknacarra 0 – 13
Iomáint (Sóisear 1): Bearna/Na Forbacha 0 – 20, Ballinasloe 2 – 11
Iomáint (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 1 – 06, Ballindereen 0 – 01
Peil (faoi 14): An Spidéal 5 – 11, Dunmore Mc Hales 5 – 08.
Peil (faoi 14): Ml. Breathnach 2 – 07, Bearna 2 – 06.
Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 1, Mervue Utd. (B) 1
Sacar (faoi 15): Cois Fharraige 0, Corrib Celtic (B) 1