Cartlann Nuachta: 18 Samhain 2015
18 Samhain 2015
Comórtas Grianghrafadóireachta 2015
An grianghraf a fuair an chéad duais. Is é ainm an bhuaiteora ná Colm Bheilbigh, Camus Íochtair.
Seo a leanas ainmneacha na mbuaiteoirí eile:
- Mícheál Ó Cadhain, Cnoc na Cathrach.
- Bridie Seoighe, Muileann, Leitir Mealláin.
- Áine Bean Uí Chualáin, Na Lathaí Dubha, Cuilleán, An Cheathrú Rua.
- Ann Uí Dhonnacha, Camus Íochtair.
- Caitlín Seoighe, Ros a’ Mhíl.
- Colm Seoighe, Ros a’Mhíl.
- Marcia Ní Choinceannain, Cor na Rón.
- Pádraic Ó Cadhain, Cartúr Leathan, Indreabhán.
- Chloé Nic An Rí, Doire Fhearta Beag, An Cheathrú Rua.
Bun an Údair Seolta
Ag ócáid ar an gCéadaoin seo caite i Seanscoil Sailearna seoladh ‘Bun an Údair’, leabhar den ábhar a bailíodh mar chuid den Scéim Traeneála a bhí á reáchtáil ag Béalóideas Chois Fharraige. Bailíodh an t-ábhar ó mhuintir Chois Fharraige thar na blianta agus is breá an rud é go bhfuil cuid de curtha i gcló agus ar fáil don phobal.
Tá idir scéalta, paidreacha, pictiúir, seanchas agus pisreoga sa leabhar chomh maith le logainmneacha ar gharrantaí, bóithre agus marcanna áitiúla.
Stáisiún na nGardaí
Cé go bhfuil dhá stáisiún Gardaí i gCois Fharraige, ceann i gCor na Rón, Indreabhán, agus ceann eile ar an Spidéal, is cosúil go mbíonn sé sách deacair tíocht ar Gharda iontu. Tá litir curtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag Ceannfort na nGardaí do cheantar na Gaillimhe, ag iarraidh air a chur in iúl céard iad na hamanntaí a mbeidh Garda ar dualgas sa dá stáisiún.
Is minic go mbíonn ar dhaoine a bhfuil gnaithí acu leis na Gardaí dul isteach go Gaillmh le foirmeacha a fháil sínithe. Is cosúil go mbíonn na Gardaí atá ceapaithe a bheith ar diúité dhá gcur isteach go Gaillimh, mar nach bhfuil a dhóthain Gardaí sa gcathair.
An Spidéal Tríd sa gComórtas Díospóireachta
An tseachtain seo caite in Áth Luain d’éirigh leis an dá fhoireann, sóisear agus sinsear, ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, dul tríd go dtí an chéad bhabtha eile den chomórtas díospóireachta Ghaeilge a reáchtálann Gael Linn chuile bhliain.
Is é an rún a bhí á phlé ag na fóirne soisearacha ná “Ba cheart Simon Cowell a ruaigeadh ón teilifís” agus phléigh na fóirne sinsearacha an rún “Ba cheart do mhuintir na hÉireann a gcuid táillí uisce a íoc”.
Ar an bhfoireann shóisearach ón Spidéal bhí Siobhán Ní Neachtain (captaen), Aisling Ní Chonghaile agus Leah Robertson. Ar an bhfoireann shinsearach bhí Emer Ní Dhonncha (captaen), Ruairc Ó Murchú agus Sadhbh Ní Chonghaile.
An Fhoireann Shinsearach agus An Fhoireann Shóisearach
Sraith Camógaíochta an Iarthair
Ar an Satharn seo chugainn beidh cailíní faoi 13 Chois Fharraige i gCluichí Ceannais Sraith Camógaíochta an Iarthair ar Pháirc Liam Uí Mhaoilíosa sa Rinn Mhór.
Beidh na Cluichí Leathcheannais ann ag 11 r.n. agus má éiríonn le cailíní Chois Fharraige dul tríd beidh an Cluiche Ceannais ann ina dhiaidh.
Gradam Pobail an Chathaoirligh 2015
In Óstán Bhaile Chláir ar an Déardaoin seo chugainn, 26 Samhain, a bhronnfar Gradam Pobail an Chathaoirligh 2015. Comhairle Chontae na Gaillimhe a eagraíonn an ócáid chuile bhliain nuair a thugtar aitheantas do eagraíochtaí agus do dhaoine aonaracha, a bhíonn ag saothrú ar son an phobail ar bhonn deonach. Seo a leanas na hainmniúcháin ó cheantar Chois Fharraige atá ar an ngearrliosta do na gradaim i mbliana.
-
Gradam Ealaíon agus Cultúír: Traidphicnic, An Spidéal.
-
Gradam Aoisbhá: Tearmann Éanna, An Tulach.
-
Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge: Cumann Forbartha Chois Fharraige; Tearmann Éanna Teo.; Tuismitheoirí na Gaeltachta.
-
Gradam Oibrí Deonach na Bliana: Bridge Barker, Traidphicnic; An tAthair Seán Mac Aodha, An Spidéal.
Scannán ón tSín an Déardaoin Seo
BLACK COAL, THIN ICE an scannán sa tSeanscoil an Déardaoin seo, 19 Samhain, ag tosaí ag 8.15 i.n. Scéal faoi dhúnmharú agus fiosrúchán a théann in aimhréidh nuair a mharaítear duine de na póilíní. Lárnach sa scéal tá bean álainn, baintreach an fhir a dúnmharaíodh. Bhuaigh an scannán seo an duais don scannán ab fhearr ag Féile Scannán Bheirlín anuraidh.
Tá níos mó eolais faoin scannáin, maraon le blaiseadh beag dhó, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Cumann Seanchais agus Staire
Beidh léacht spéisiúil anocht (Déardaoin, 19 Samhain) i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige, nuair a thabharfaidh Caitlín Ní Chonghaile léacht ar na St. Georges – Tiarnaí Talún. Is as Leitir Péic do Chaitlín agus tá sí ag obair le Foras na Gaeilge.
Tosóidh an léacht, atá eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige, ag 8.00 i.n.
Club Óige Lurgan
Tá Club Óige Lurgan faoi lán seoil aris agus iad ag tíocht le chéile gach AOINE i gColáiste Lurgan, idir 8.00 agus 10.00 i.n.
Tá 40 daoine óga ó cheantar Chois Fharraige cláraithe leis an gclub óige don bhliain seo.
Comórtas Ealaíne an Chomhar Creidmheas
Seo a leanas na buaiteoirí sa gcomórtas ealaíne a reáchtáil Comhar Chreidmheas Cholmcille le gairid.
- An Chéad Duais – Rannóg Speisialta: Erin Seoighe, Tigh Nan Dooley
- An Chéad Duais – 7 mbliana agus faoi: Síofra Brady, Scoil Sailearna
- An Chéad Duais – 8-10 mbliana: Ailbhe Ní Neachtain, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach
- An Chéad Duais – 11-13 Bliana: Hannah Nic Dhonncha, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia
- An Chéad Duais – 14-17 Bliana: Eimear Ní Chuinn, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
- An Chéad Duais – Daoine Fásta: Caitlín Ní Chualáin, Club Ealaíne Elaine, An Cnoc, Indreabhán
Liathróid Láimhe
Rinne ochtar iomaitheoirí as Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach a mbealach go Amsterdam don Comórtas Aon Bhalla an ‘Dutch Open’ an deireadh seachtaine seo caite. Glacadar páirt i gcomórtaisí singil & dúbailte agus d’éirigh go maith leo.
Bhí trí bhonn óir ag teacht abhaile ag an gCumann. Eimear Ní Bhiadha, An Bóthar Buí, An Cnoc, a bhuaigh péire acu sin: an Comórtas Singil Mná B agus an Comórtas Dúbailte Mná B, in éineacht le Aoife Mc Carthy, Co. na Mí.
Bhuaigh Mike Dillon, Púirín, bonn óir sa gComórtas Singil Fir 45+.
Tá fás thar cuimse tagtha ar an gcód ‘Aon Bhalla’ agus tá súil ag iomaitheoirí Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach páirt a ghlacadh sna Comórtaisí ‘Pro-Tour’ seo a bheas ar bun ar fud na hEorpa an bhliain seo chugainn.
Mike Dillon (Púirín) agus Éimear Ní Bhiadha (An Cnoc), beirt de na hiomaitheoirí ó Chumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach a ghlac páirt sa gcomórtas liathróid láimhe ‘aon bhalla’ in Amsterdam na hOllóine le gairid. Idir Mike agus Éimear bhí trí bhonn óir ag tíocht abhaile acu, péire ag Éimear agus ceann ag Mike.
Boston Tea Party i Ros a’ Mhíl
Tá Cumann Mícheál Breathnach ag eagrú Boston Tea Party ar mhaithe le Coiste na nÓg an Satharn seo chugainn, 21 Samhain, i Halla Cois Chuain, Ros a’ Mhíl.
Séard atá i gceist le Boston Tea Party ná go mbíonn deichniúr suite ag gach bord agus go tugann siad leo a gcuid bia & soláistí féin. An grúpa ceoil Aerach a bheas casadh. Bíonn craic íontach ag na hócáidí seo agus is bealach maith é le roinnt airgid a bhailiú. Tá ticéid fós ar fáil ar €10 an ceann ach glaoch a chur ar 087 2457117.
An Ceistneoir
Mar chuid den tionscadal Pleanáil Teanga atá ar bun faoi láthair, tá suirbhé le déanamh ar thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, an ceantar ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl. Tá ceistneoir le dáileadh an tseachtain seo chugainn ar thuismitheoirí a bhfuil gasúir acu sa gcóras oideachais. Beidh an ceistneoir, a thógann thart ar 20 noiméad le líonadh, á dháileadh tríd na scoileanna, na naíolanna agus na naíonraí sa gceantar. Tá an suirbhé ag iarraidh proifíl a fháil de na teaghlaigh sa gceantar a bhfuil gasúir acu nó a mbeidh gasúir leo sa gcóras oideachais. Cuideoidh an t-eolas le Plean Teanga a chur le chéile don cheantar don tréimhse 2016 – 2023.
Beidh na ceistneoirí le fágáil ar ais sna scoileanna faoin Luan, 30 Samhain. Teaghlach ar bith nach bhfuil aon ghasúr leo ag scoil áitiúil agus ar mian leo a bheith páirteach sa suirbhé, is féidir ceistneoir a fháil ó oifig Comharchumainn Sailearna, ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil, nó ón oifig sa Crann Taca (ar chúl Séipeál an Chnoic), é sin nó ceann a iarraidh a bheith curtha sa phost chugat tré glaoch/téacs a chur ar 087 2035470, nó ríomhphost a chur ag eolas@nullpleanteanga.ie.
An tSraith 7 a’ Taobh Tosaithe
Tá Sraith nua 7 a’ Taobh tosaithe ó thús na míosa ar Astró Chumann Micheál Breathnach, i nGleann an Chnoic. Sa tsraith i mbliana tá 10 bhfoireann le 10 ar gach foireann, seachtar acu ag imirt ag aon am.
Idir seo agus deireadh Eanáir beidh cluiche chuile Luan ar an Astró. Beidh Corn a bhronn Tigh Chualáin le fáil ag an bhfoireann a bheas ar bharr an tábla ag deireadh na sraithe, chomh maith le €600.
Oifigigh ar an gComharchumann
Tá coiste nua ar Chomharchumann Sailearna, a toghadh ag an gCruinniú Cinn Bhliana, an mhí seo caite. Ag an gcéad chruinniú den choiste nua toghadh Máirtín Ó Donnchadha (Na Minna) ina chathaoirleach arís, le Caitlín Uí Fhátharta (Baile na hAbhann) ina Leas-Chathaoirleach agus Brian Ó Cuív (An Teach Mór) ina Rúnaí. Toghadh Peadar Mac an Iomaire (An Cnoc) ina Chisteoir.
Coirmcheol ag Cór Chois Fharraige
Seachtain ón Satharn seo chugainn, 28 Samhain, beidh deis ag daoine Cór Chois Fharraige a chloisteáil, mar go mbeidh coirmcheol ag an gcór i Seanscoil Sailearna ar an oíche sin. Tá an cór ag cleachtadh le píosa anois le haghaidh an choirmcheoil seo. Thart ar 40 duine atá sa gcór idir fir is mná agus iad á stiúradh ag Aisling Ní Neachtain ón Spidéal.
Tá nasc cruthaithe ag Cór Chois Fharraige le Cór Gaidhlige in Obán, in Iarthar na hAlban. Is ar mhaithe le tacú le cuairt a thabhairt ar Obán san earrach atá an choirmcheol á eagrú. Is iomaí uair Cór Chois Fharraige ag casadh ag coirmeacha ceoil ar mhaithe le eagraíochtaí eile agus tá tacaíocht tuillte acu ón bpobal. Tá ticéid á ndíol faoi láthair ag baill an chóir.