Cartlann Nuachta: 18 Samhain 2020
Ceist na Reilige le Plé ag CST
Reilig an Chnoic, atá geall le bheith lán.
Tá moladh le dul os comhair AGM Chomharchumann Sailearna go mbunóidh an CST grúpa oibre le teacht aníos le teacht ar réiteach maidir le ceist na reilige.
Beidh ceist na reilige i bPáróiste an Chnoic á phlé ag an gCruinniú Cinn Bhliana a bhéas ar bun ar an Déardaoin seo ag an gComharchumann CST. Is ar ZÚM a thionólfar an Cruinniú Cinn Bhliana. Tuigtear go bhfuil rún curtha síos ag scairshealbhóirí ag iarraidh ar an gComharchumann grúpa oibre a bhunú le teacht ar réiteach maidir le ceist na reilige.
Tá ceist na reilige á ardú le roinnt blianta anuas ag AGM an Chumann Forbartha agus ag AGM Chomharchumann Sailearna chomh maith. Cé go ndearna an Chomhairle Contae fógra a chur sna nuachtáin ar lorg úinéirí talún a mbeadh spéis acu talamh a dhíol leis an gComhairle Contae ar mhaithe le reilig a dhéanamh i bParóiste an Chnoic, is cosúil nár tháinig aon úinéar chun cinn.
Ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige le rún an mhí seo caite, ag iarraidh ar an gComhairle Chontae CPO a úsáid dá mba ghá, le talamh feiliúnach do reilig a fháil. Ach shocraigh Coiste an Chumann Forbartha gan scríobh go fóill ag an gComhairle Contae.
Le páirt a thógáil sa gCruinniú Cinn Bhliana ar an gcóras ZÚM, ní foláir do scairshealbhóirí clárú don chruinniú roimhré trí ríomhphost a chur chuig sailearna@nullgmail.com le ainm agus seoladh.
Déanfar cuntais airgeadais an Chomharchumainn don bhliain seo caite, 2019, a chur os comhair na scairshealbhóirí ag an gcruinniú agus beidh plé faoi na pleananna atá ag an gComharchumann i dtaobh soláthar tithíochta i gceantar Chois Fharraige, ar an talamh atá ceannaithe nó á cheannacht ag CST i gceantar Chois Fharraige.
Beidh tuairisc faoin gcruinniú agus na cuntais airgeadais ar an suíomh seo an tseachtain seo chugainn.
Comóradh Uí Chadhain
Ar an Domhnach seo caite ghlac 35 duine páirt sa bplé ar ZÚM faoin ngearrscéal le Máirtín Ó Cadhain, ‘An Strainséara’.
Áine Ní Chonghaile a threoraigh na léitheoirí tríd an scéal. Bhí an seisiún plé eagraithe ag an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige.
Beidh an gearrscéal eile leis an gCadhnach, ‘An Bhliain 1912,’ á phlé ag an gcéad seisiún eile, ar an Domhnach, 29 Samhain, ag 7.30pm. Foilsíodh an gearrscéal seo sa leabhar An Braon Broghach sa mbliain 1948.
Chun páirt a ghlacadh sa bplé ar ‘An Bhliain 1912’ níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com le d’ainm a chlárú.
Idir an dá linn tá comhdháil ar líne faoin gCadhnach an Aoine beag seo, 20 Samhain, nuair a reáchtálfar comhdháil ar líne, eagraithe ag Coláiste na Tríonóide.
Sé mac deathára Mháirtín, Seán Ó Cadhain as an gCnocán Glas, a sheolfaidh imeachtaí an lae ag 9.30am. Léifear ocht bpáipéar as sin go tráthnóna. Cuirfear clabhsúr le himeachtaí an chomóradh nuair a sheolfaidh an tOllamh Gearóid Denvir (ar dheis), as Cois Fharraige, an leabhar ‘Cumadóireacht Uí Chadhain’ atá foilsithe ag Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta atá ag Darach Ó Scolaí, ar an Teach Mór.
Tá na imeachtaí saor in aisce. Le clárú níl le déanamh ach an nasc seo a úsáid: https://www.eventbrite.com/e/comhdhail-ui-chadhain-2020-roinn-na-gaeilge-colaiste-na-trionoide-tickets-121708065099
Stuif na Nollag
Is gearr anois uainn an Nollaig agus gan fhios againn an mbeidh nó nach mbeidh sé ceadaithe do na siopaí na doirse a oscailt do chustaiméirí atá ag iarraidh bronntanais Nollag a cheannach. Tá na srianta COVID ag cruthú go leor fadhbanna do na siopaí, ach tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre ag eagrú feachtais le tacaíocht a fháil do gnóthaí agus comhlachtaí áitiúla ar fud na Gaeltachta, trí fhógraíocht a dhéanamh ar na meáin shóisialta. ‘Stuif na Nollag’ is ainm don fheachtas. Le go mbeadh siopa nó gnó páirteach sa bhfeachtas fógraíochta, níl le déanamh ach pictiúir nó físeán de na hearraí/táirgí/seirbhísí atá á ndíol a sheoladh chuig an Oifig Pleanála Teanga ag an seoladh optchoisfharraige@nullgmail.com.
Tá an Oifig Pleanála Teanga in ann cúnamh a thabhairt do na gnónna le teachtaireachtaí Gaeilge a ullmhú freisin.
Covid i gConamara Theas
An mhí seo caite bhí Conamara Theas ar cheann de na ceantair ba mheasa le Covid-19 sa tír, ach ó tháinig srianta Leibhéal 5 isteach, tá an ráta tite go mór. Níor deimhníodh ach 13 cás nua sa gcoicís idir 27 Deireadh Fómhair agus 9 Samhain. Is ionann san agus 61 cás nua in aghaidh gach 100,000. An coicís roimhe sin, idir 13 agus 26 Deireadh Fómhair, bhí an ráta chomh hard le 726 cás nua in aghaidh gach 100,000 duine.
Má choinnítear an ráta coicíse íseal sna seachtainí atá romhainn, tá seans láidir ann go maolófar go mór na srianta sláinte atá i bhfeidhm.
Toirbíní Gaoithe i gCuan na Gaillimhe?
An bhfuil Foras na Mara ag pleanáil le dul ar aghaidh le muilte gaoithe a thástáil i gCuan na Gaillimhe amach ón Spidéal? Sin an cheist a bheas ag déanamh imní do roinnt daoine, de bharr go bhfuil tuilleadh eolais curtha ar fáil ag Foras na Mara don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin a bhfuil i gceist acu a dhéanamh ar an suíomh farraige atá ag an bhForas thart ar mhíle amach ó Chéibh an Spidéil.
Le beagnach cúig bliana déag tá suíomh ag Foras na Mara ina raibh tastálacha ar bun le fuinneamh a ghiniúnt ó thonntracha. Ach sa mbliain 2016 rinne an Foras iarratas ar an Roinn Comhshaoil le ‘léas urthrá nua’ a fháil, le gur féidir uasghrádú a dhéanamh ar an láthair agus ‘réimse gaireas fuinnimh in-athnuaite mara’ a lonnú ann. Bhí tástáil ar ‘thuirbíní gaoithe ar snámh’luaite ag an am san iarratas. Ag an am chuir roinnt daoine in aghaidh an iarratais, ach bhí roinnt a chuir aighneachtaí isteach a bhí fábharach chomh maith, an fhad is go gcoinneofaí an suíomh tástála i seilbh an stáit, seachas é a dhíol le dream príobháideach.
Is cosúil go gcaithfear an t-iarratas a mheas anois ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta ar eagla go mbeadh sé ag teacht salach ar chosaint an dúlra mara.
Tá an deis tugtha ag daoine aighneacht a chur chuig an Roinn go ceann cúpla seachtain eile.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, an 10ú Nollaig, ag 8.00pm chun an leabhar ‘Gaillimh – Díolaim Cathrach’ curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair a phlé. Leis an nasc a fháil ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com ar an lá.
Litir Chuig Santaí
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh a thabhairt arís i mbliana do Dhaidí na Nollag agus litreacha i nGaeilge a bhailiú ó ghasúir Chonamara le cur chuige in am, le go mbeidh sé in ann iad a fhreagairt. Ní le déanamh ach an litir a chur sa bpost agus é a sheoladh ag ‘Litir chuig Santaí’, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
Ar ndóigh, is breá le Santaí litreacha i nGaeilge a fháil ó ghasúir na Gaeltachta. Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go mbeidh an litir sa bpost roimh an 10 Nollaig agus a chinntiú chomh maith go mbíonn ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir, sa gcaoi is nach mbeidh mearbhall ar Dhaidí na Nollag faoi cé uaidh a tháinig an litir.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Facebook atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Cosán Cois Cladaigh
An cathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil, Stiofán Mac Suibhne (ar chlé), agus an comhairleoir contae Daithí Ó Cualáin (ar dheis), ag plé a bhfuil le déanamh ar an gCosán Cois Cladaigh ar an Spidéal, a cheanglóidh an tAirdín Buí leis an gcosán atá idir an tSeanchéibh agus an Chéibh Nua.
Tá tús curtha an tseachtain seo leis an obair.
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an obair ar an gCosán Cois Cladaigh sa Spidéal, a cheanglóidh An tAirdín Buí leis an cosán thart ar an tSeanchéibh. Sé Máirtín Tim Ó Flaithearta an conraitheoir atá fostaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an obair a dhéanamh. Ní amháin go líonfar an bhearna 80 méadar sa gcosán, ach chomh maith leis sin déanfar an cosán a leathnú ar bheagán le cosaint a thabhairt dhó ón bhfarraige, aimsir stoirme.
Is fada Comhlacht Forbartha an Spidéil ag tathant ar an gComhairle Contae an cosán a chríochnú. Is cosúil anois go mbeidh an obair cíochnaithe faoi aimsir na Nollag agus go mbeidh daoine in ann siúl leanúnach a dhéanamh idir Trá na mBan, timpeall ar an tSeanchéibh, thar Abhainn Boluisce agus chomh fada leis an trá ag an gCéibh Nua.
Tithíocht sna Forbacha
Tá Coiste Pobail na bhForbacha ag iarradh ar an gComhairle Contae a chinntiú go bhfuil an coinníoll teanga á chur i bhfeidhm ar na forbairtí tithíochta a bhfuil cead pleanála tugtha dhóibh sa gceantar.
Tá coinníoll teanga curtha le 80% de na tithe in eastáit tithíochta éagsula sa gceantar le roinnt blianta. Is léir ó na praghasanna atá á iarraidh ar na tithe, nach le freastal ar riachtanais tithíochta an phobail i gCois Fharraige atá na tithe á thógáil, ach ag an uaschuid den mhargadh.
I ráiteas a cuireadh amach ar Nuacht Raidió na Gaeltachta, níos túisce an tseachtain seo, dúirt urlabhraí ó Choiste Pobail na bhForbacha go gcaithfear cloí leis an bplean teanga atá le cur i bhfeidhm sa gceantar agus a chinntiú go bhfuil na daoine atá ag fáil na dtithe ag cur leis an gceantar Gaeltachta.
Faoi láthair tá tithe in dhá scéim tithíochta sna Forbacha ar an margadh agus praghas idir €500,000 agus €1,100,000 luaite leo.
Bainisteoir Nua ag na Breathnaigh
Tadhg Beag Ó Curraoin, atá ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear peile Chumann Micheál Breathnach don chéad bhliain eile.
Tá bainisteoir nua aimsithe ag Cumann Micheál Breathnach le dul i mbun an fhoireann sinsir peile. Sé Tadhg Beag Ó Curraoin a bheas ag tógáil an chúraim air féin. Bhí sé ar an bhfoireann bainistíochta a thóg foireann mionúir na mBreathnaigh chomh fada le cluiche leathcheannais Bord an Iarthair i mbliana. In éindí leis mar roghnóirí ar an bhfoireann sinsir beidh Micheál Ó Flatharta, Donncha Ó Conghaile agus Cathal Ó Conaire. Beidh Cian Breathnach ag tabhairt cúnaimh leis an traenáil.
Tá cluiche fós le imirt ag foireann eile Na Breathnaigh lena áit a choinneáil i nGrád na Sinsear an chéad bhliain eile. Is in aghaidh Monivea á bheas siad ag imirt i gcluiche ceannais dícháilithe na sinsear. Níl an cluiche sin socraithe fós ach gach seans nach dtarlóidh sé roimh an Nollaig.
Fuair Cumann Micheál Breathnach ardú céime anuraidh go Grád na Sinsear anuraidh in éindí le Uachtar Ard, ach níor éirigh leis an bhfoireann aon phointí a fháil sna cluichí a d’imir siad sa ngrúpa. Chaill siad an cluiche leathcheannais dícháilithe chomh maith, rud a fhágann go bhfuil ar na Breathnaigh an cluiche in aghaidh Monivea a bhuachan nó go mbeidh siad ag imirt an chéad bhliain eile sa nGrád Idirmheánach.
Moltóireacht Ghlór na nGael
Is ar an Déardaoin seo caite a bhí an mholtóireacht ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomórtas Glór na nGael. Ach is ar an gcóras ZÚM a rinneadh an mholtóireacht. Beirt a rinne ionadaíocht ar an gCumann Forbartha, an Cathaoirleach Gearóid Ó Fátharta agus Donncha Ó hÉallaithe.
Cé nach bhféadfaí mórán a dhéanamh i gcaitheamh na bliana de bharr srianta Covid, mar sin féin bhí an Cumann Forbartha in ann aird a tharraingt ar a baineadh amach: BISEACH 2020 a fhoilsiú; an leathanach Facebook atá ag tarraingt cuid mhaith daoine le breathnú air; an aighneacht chuimsitheach a réitigh an Cumann Forbartha faoin bplean forbartha nua atá á réiteach ag an gComhairle Contae; an cúnamh a thugann an Cumann Forbartha do Thraidphicnic agus do Cheoltóirí Óga Chois Fharraige; Notaí Chois Fharraige, an colún a chuireann an Cumann Forbartha ar fáil go seachtainiúil don Churadh Connacht agus feachtas stocaireachta le toghcháin Údarás na Gaeltachta a fháil athbhunaithe.
Léirigh ionadaithe an Chumann Forbartha míshástacht gur baineadh amach ón gcomórtas an chuid sin a bhain go sonrach leis an nGaeltacht.
Bhain Cumann Forbartha Chois Fharraige an príomhdhuais sa gcomórtas sa bhliain 2016.