Cartlann Nuachta: 19 Aibreán 2017
Ciarraí Buailte!
Rónán Ó Beoláin sa lár ó Chumann Micheál Breathnach agus Liam Kelly ar dheis ó Cumann Lúithchleas Gael, An Spidéal agus iad ag ceiliúradh lena gcomhimreoir, Cian D’arcy ó Cathair Loistreáin, tar éis dóibh Ciarraí a bhuaileadh sa chluiche leathcheannais peile faoi 21, a imríodh in Inis ar an Satharn seo caite. Casfaidh Gaillimh le Bleá Cliath sa chluiche ceannais. [Pic: Seán Ó Mainnín]
Maidin Caifé agus Cácaí sa bPoitín
Beidh Maidin Caifé agus Cácaí sa bPoitín Stil ar an Satharn seo chugainn, 22 Aibreán, idir 11am agus 2.30pm, ar mhaithe le Ciste Cuimhneachán an ‘Mine’. Tá an Coiste Cuimhneacháin fíorbhuíoch do na daoine go léir a thug tacaíocht don bhailiúchán airgid a bhí ag Siopa an Phobail, an Satharn seo caite, áit ar bailíodh €1,850. Úsáidfear an t-airgead le athchóiriú a dhéanamh ar an leacht agus an láthair, thart ar an Trá Salach, inar tharla an tubaiste uafásach, céad bliain ó sin, nuair a maraíodh naonúr fear ón bparóiste.
Do dhaoine nach raibh deis acu fós síntiús a thabhairt, tá bileogaí ar fáil ó dhoras an tséipéil. Is féidir síntiús a leagan isteach in Oifig an Chomharchumainn, Seanscoil Sailearna, le haghaidh Coiste Chuimheachán an ‘Mine’. Tabharfar admháil ar aon síntiús a thugtar. Ar shíntiús €25 nó níos mó, cuirfear cóip ar fáil saor in aisce den leabhar faoin ‘Mine’ a bheas á fhoilsiú le linn deireadh seachtaine an chuimhneacháin, 15-18 Meitheamh.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha
Beidh a chruinniú cinn bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar bun, an Luan seo chugainn, 24 Aibreán, sa Chrann Taca, in Indreabhán ag tosú ag 8.00pm
Ag an gCruinniú Cinn Bhliana tabharfar tuairisc ar obair na bliana agus cuirfear tuairisc airgeadais os comhair an chruinniú chomh maith. Bíonn Cumann Forbartha ag freastal ar pharóiste an Chnoic go príomha.
Faoi láthair tá ochtar ar an gCoiste Stiúrtha: Gearóid Willy Ó Fáthartha (Cathaoirleach), Máirín Mhic Lochlainn (Rúnaí), Mamie Ní Chualáin (Cisteoir), Morgan Ó Conchubhair, Donncha Ó hÉallaithe , Máire Ní Fhlaitheartaigh, Máire Áine Ní Dhonnacha agus an Comhairleoir Chontae Seán Ó Tuairisg (comhthofa).
Glacadh le rún anuraidh leis na rialacha a athrú le gur féidir naonúr a bheith ar an gcoiste tofa as seo amach.
Fáiteofar roimh baill nua idir seo agus an Luan. Le clárú leis an gCumann Forbartha níl le déanamh ach foirm cláraithe a líonadh. Tá foirmeacha ar fáil ó Oifig an Chomharchumann, ón Crann Taca (ITT) nó taobh istigh den doras ag Séipéal an Chnoic. Níl aon táille ar bhallraíocht sa gCumann Forbartha ach ní mhór foirm ballraíochta a bheith líonta roimhré ag duine ar bith atá ag iarraidh páirt a thógáil sa gcruinniú chinn bhliana. Daoine a bhfuil ballraíocht acu cheana leis an gCumann Forbartha ní ghá dóibh clárú aríst.
Tá níos mó eolais faoin gCumann Forbartha le fáil ar an suíomh seo.
An ‘Country Boy’
Radharc as an dráma ‘An Country Boy’, a bheas ar stáitse anocht (Déardaoin) agus amárach (Aoine) i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8pm.
Sa bpictiúr tá Pauline Nic Conaonaigh ar chlé agus Eimear Ní Chonghaile ar dheis, beirt den chliar atá sa dráma. [Pic: Micheál Ó Lochlainn]
Bhí slua breá aréir i Seanscoil Sailearna don chéad oíche den dráma ‘An Country Boy’, le John Murphy, atá á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil agus thaithin sé go mór leis na daoine a bhí ann. Is dráma é a bhfuil idir trom agus éadrom ann, ag déileál leis an imirce agus saol na tuaithe in Éirinn i ndeireadh na gcaogaídí. Agus mac an tí agus a bhean sa mbaile as Meiriceá, tá fonn ar mhac eile, atá fós sa mbaile, dul anonn chomh maith.
Tá an aisteoireacht fíormhaith sa dráma, mar a bheifeá ag súil leis ó Aisteoirí an Spidéil. Do dhaoine nár éirigh leo an dráma a fheiceáil fós, beidh dhá oíche eile ann, anocht (Déardaoin) agus amárach (Aoine) sa tSeanscoil ag toaí ag 8.00pm.
Glór na nGael
Ar an Satharn seo chugainn fógrófar an buaiteoir ar phríomhdhuais Ghlór na nGael don bhliain 2016. Ceithre ghrúpa atá fágtha san iomaíocht don phríomhdhuais: Glór Ceatharlach; Glór na Móna ó Bhéal Feirste; Carn Tóchair, Co Dhoire agus Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Cháiligh Cumann Forbartha Chois Fharraige don phríomhdhuais mar bhuaiteoir i rannóg na Gaeltachta sa gcomórtas.
Déanfar an príomhdhuais a fhógairt ag ócáid ar an Satharn seo chugainn, 22 Aibreán, in Óstán Carton House in aice le Máigh Nuad, Co Cill Dara. Is fiú €20,000 an phríomhdhuais i mbliana.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar bun ag 8.00pm ar an gCéadaoin seo chugainn, 26 Aibreán, i dTigh Mholly, An Lochán Beag, Indreabhán. ÉAGÓIR le Seán Ó Cuirreáin an leabhar atá roghnaithe. Baineann an leabhar leis an éagóir a deineadh ar Mhaolra Seoige, a chrocadh faoi bhaint a bheith aige leis an márú i Mám Treasna , cé nach raibh aon bhaint aige leis eachtra inar maraíodh teaghlach de chúigear sa bhliain 1882. Fáilte roimh bhaill nua ar an gCéadaoin seo chugainn.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gClub Leabhar ach ríomhphost a sheoladh ag clubleabharcf@nullgmail.com.
€30,000 i Lotó Chumann Micheál Breathnach
Tá €30,000 anois i bpota óir an lotó atá ag Cumann Micheál Breathnach. Seo é an pota óir is mó ar féidir a bheith sa lotó. Is cinnte go mbeidh breis tóir ar na ticéad lotó agus duaischiste chomh mór a bheith ann. Is féidir ticéid a cheannach ar line ach dul ag an suíomh idirlíon www.michealbreathnach.com.
Pleanáil Teanga do Bhearna/Cnoc na Cathrach
Tá cruinniú poiblí á eagrú ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Roinn na Gaeltachta, in Óstán Clybaun, ar an Déardaoin seo chugainn, 27 Aibreán, ag a 8.00 i.n. le eolas a thabhairt don phobal maidir leis an bpróiseas pleanála teanga. Do réir mar atá leagaithe amach in Acht na Gaeltachta caithfear Plean Teanga a ullmhú do Bhearna agus Cnoc na Cathrach mar Limistéir Pleanála Teanga (LPT). Tá na bailte fearainn Corr Chuilinn, Cnoc Odhráin, Tóin na Brocaí sa LPT Bearna agus Cnoc na Cathrach chomh maith.
Beidh seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil le linn an chruinnithe. Tuilleadh Eolais:www.udaras.ie; eolas@nulludaras.ie; 091 503100
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Iomáint (Mionúir C) : Ml. Breathnach 3 – 06, Rahoon/Newcastle 3 – 16.
- Iomáint (Mionúir B1): Cois Fharraige 1 – 11, Carn Mór 2 – 16.
- Iomáint (f14B): Cois Fharraige 0 – 06, Ard Rathain 6 – 09.
- Peil (Roinn 2): Micheál Breathnach 2 – 12, Uachtar Ard 3 – 14.
- Peil (Roinn 3): An Spidéal 1 – 16, Áth Cinn 1 – 11.
- Peil (Roinn 5): Micheál Breathnach 2 – 13, Cill Ainnín 0 – 14.
- Peil (Mionúir B2): Micheál Breathnach 4 – 08, Cárna/Caiseal 2 – 08.
- Peil (Roinn 6): An Spidéal 1 – 09, Uachtar Ard 0 – 15.
19 Aibreán 2017