Cartlann Nuachta: 19 Aibreán 2023
Glór na nGael: Duais don Óige
Grúpa ó Chois Fharraige leis an duais Glór na nGael, a bronnadh ar Chumann Forbartha Chois Fharraige ag searmanas in Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine, mar aitheantas ar an obair a deántar i gceantar Chois Fharraige ar mhaithe le óige an cheantair.
Sa bpictiúr ó chlé: Odí Ní Chéilleachair (Taisce Chois Fharraige); Mamie Ní Chualáin (Rúnaí, Cumann Forbartha Chois Fharraige); Damhnait Ní Fhátharta, Fionán Ó Coisdealbha agus Neasa Nic Dhonncha (Ceoltóirí Óga Chois Fharraige); Máire Áine Mhic Dhonncha (Cisteoir, Cumann Forbartha) agus Donncha Ó hÉallaithe (OCP, Cumann Forbartha).
Ar an Satharn seo caite in Ard Mhacha bronnadh duais ar fiú €3,000 ar Chumann Forbartha Chois Fharraige, a roghnaíodh sa chéad áit i gComórtas Glór na nGael 2022 i Rannóg an Óige. Triúr déagóir as Cois Fharraige a ghlac leis an duais ag an searmanas bronnta: Neasa Nic Dhonncha as Barr Roisín, Fionnán Ó Coisdealbha as Baile na mBroghach agus Damhnait Ní Fhátharta as Na hAille. I láthair ag an searmanas chomh maith bhí triúr ó Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha: Mamie Ní Chualáin (Rúnaí); Máire Áine Mhic Dhonncha (Cisteoir) agus Donncha Ó hÉallaithe (Oifigeach Caidreamh Poiblí).
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ón gCumann Forbartha go mba mhór an onóir don cheantar gur roghnaíodh Cois Fharraige don chéad duais i Rannóg an Óige i mbliana agus gur aitheantas a bhí ann don obair éachtach a dhéantar sa gceantar ar mhaith leis an óige, idir clubanna óige, eagraíochtaí spóirt agus go speisialta don obair a rinne Ceoltóirí Óga Chois Fharraige le linn Covid ag cur Taisce Chois Fharraige le chéile.
AGM an Chumann Forbartha
An Luan seo chugainn, 24 Aibreáin, reáchtálfar Cruinniú Cinn Bliana Chumann Forbartha Chois Fharraige, sa seomra ar chúl Shéipéal an Chnoic, Indreabhán. Tosóidh an cruinniú ag 8.00pm. Tá an cruinniú oscailte do bhaill an Chumann Forbartha. Tá fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Le ballraíocht a fháil sa gCumann Forbartha níl le déanamh ach foirm a líonadh aon uair amháin. Níl aon táille ballraíochta ann agus tá an fhoirm ballraíochta le fáil ach ríomhphost a chur ag CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.
Ag an gcruinniú ar an Luan tabharfaidh Ananda Geluk, Cathaoirleach ar an gCumann Forbartha, tuairisc ar obair na bliana 2022, déanfaidh an Cisteoir, Máire Áine Mhic Dhonncha, tuairisc airgeadais don bhliain 2022 a chur ar fáil. Chomh maith le sin toghfar baill nua don Choiste Stiúrtha. Bíonn ar triúr den Bhord Stiúrtha éirí as gach bliain ach cead acu seasamh aríst.
Foireann Sacair Chois Fharraige
Séamus de Búrca ón Na Mine, a bheas ag imirt le Cois Fharraige ar an Satharn beag seo i Ros a’ Mhíl in aghaidh Moyne Villa, an cluiche le tosú ag 2.00pm.
Má éiríónn le Cois Fharraige an cluiche a bhuachan beidh seans acu ar ardú céime a fháil an chéad bhliain eile i Sraith na Gaillimhe.
Beidh cluiche cinniúnach ag Cois Fharraige i Ros a’ Mhíl ar an Satharn seo chugainn ag 2.00pm nuair a chasfaidh foireann na Gaeltachta ar Moyne Villa. Tá Moyne Villa ar bharr an tábla de Roinn I i Sraith na Gaillimhe agus ní féidir breith orthu. Ar an láimh eile tá Cois Fharraige sa ceathrú áit agus seans acu dul sa dara áit má bhuaileann siad Moyne Villa ar an Satharn agus mura néiríonn le Corofin United sa gcluiche atá acu ar an Domhnach in aghaidh Cregmore/Claregalway. Bheadh ardú céime le fáil ag Cois Fharraige ach críochnú sa dara háit ar an tábla.
Seo mar a sheasann an tábla i Roinn I faoi láthair: tá Moyne Villa a bharr an tábla le 42 pointe agus ní féidir breith orthu, ach tá trí fhoireann san iomaíocht don dara áit. Tá Uachtar Ard ar 35 pointe gan aon chluiche fágtha le imirt. Tá Corofin United ar 34 pointe le dhá chluiche fágtha acu le imirt agus tá Cois Fharraige ar 32 pointe le dhá chluiche fágtha chomh maith le imirt. Leis an dara áit a chinntiú theastódh ó Chois Fharraige ní mhór don fhoireann Ghaeltachta an dá chluiche a bhuachan atá fágtha le imirt agus go gclisfeadh ar Corofin United an dá chluiche atá le imirt acu a bhuachan.
Amach mí Bhealtaine beidh Cois Fharraige agus Mac Dara, foireann na Ceathrú Rua, in aghaidh a chéile sa gcluiche leathcheannais sa gcomórtas le haghaidh Corn Joe Ryan.
Ceol i gCois Fharraige
An grúpa ALTAN a bheas ag casadh ar an Déardaoin seo, 20 Aibreán i Stiúideo Cuan ar An Spidéal.
Beidh neart cheoil den scoth á chur ar stáitse an deireadh seachtaine seo i gCois Fharraige. An Déardaoin seo, 20 Aibreán, sé an sár-ghrúpa ó Dhún na nGall, ALTAN, a bheas ag ceol i Stiúideo Cuan. Ar an Aoine, 21 Aibreán, i Stiuideo Cuan an grúpa T WITH THE MAGGIES ar stáitse. Páirteach sa ngrúpa tá Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, Moya Brennan ó Chlannad, chomh maith leis na deirfiúracha Mairéad agus Tríona Ní Dhomhnaill, beirt a bhí sa ngrúpa Skara Brae.
Ar an Aoine chomh maith beidh ceolchoirm mhór ar bun in Óstán Chois Fharraige, sna Forbacha, mar chuid de cheiliúradh 50 bhliain Raidió na Gaeltachta. Beidh scoth na gceoltóirí is na fonnadóirí ar an ardán á gcur i láthair ag Neansaí Ní Choistealbha ó Chorr na Rón. Beidh an ceolchoirm á chur amach ar an aer ar Raidió na Gaeltachta ón 7.30pm go 10.00pm ar an Aoine.
Postanna san ITT
Tá an ITT/An Crann Taca ar an gCnoc, Indreabhán, ag lorg iarratas faoi láthair do phost páirtaimseartha mar oibrí cistine idir 10.30 agus 2.30 Luan go hAoine. Tá scileanna maithe cócaireachta chomh maith le Gaeilge líofa riachtanach don phost. Bheadh fáilte chomh maith roimh iarratais ar phoist lánaimseartha agus pháirtaimseartha mar oibrithe luathbhlianta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 091593132, nó 593132, nó ón suíomh www.ancranntaca.ie.
‘Glanadh Suas’ in Indreabhán
Is ar an Satharn seo chugainn a bheas daoine ag dul amach i gCois Fharraige le málaí dubha, ag bailiú brúscair óna boithríní is ón gcladach. Tá an ‘Glanadh Suas’ eagraithe ag an bhFochoiste Timpeallachta, de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé i gceist díriú ar na bóithríní agus ar an gcladach ó Abhann Cruimlinne aniar. Ar ndóigh beidh an méid a dhéanfar ar an Lá ag braith ar an líon daoine a thiocfaidh amach.
Beidh daoine ag teacht le chéile ag 9.00am i Seanscoil Sailearna, áit a leagfar amach na bóithríní is na píosaí den chladach a bheas le glanadh. Cuirfear miotógaí agus málaí ar fáil agus high-vis ar fáil do gach duine a bheas ag tabhairt cúnaimh.
Sa gcás nach mbeadh duine ar fáil ar an Satharn, ach go mba mhaith leo cúnamh a thabhairt, is féidir socrú a dhéanamh an brúscar a bhailiú am eile le linn na seachtaine, ach téacs a sheoladh ag an uimhir 087 6738834 agus leagfar amach bóithrín nó píosa den chladach le déanamh ina am féin.
GAELCHARA
Tá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa tóir ar chainteoirí dúchais/líofa Gaeilge ar láimh amháin chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge ar an láimh eile, le páirt a ghlacadh sa chéad bhabhta eile den scéim GAELCHARA. Is éard atá i gceist leis an scéim ná go gcuirtear cainteoir dúchais/líofa le chéile le foghlaimeoir – casann an bheirt le chéile, ar bhonn sóisialta, go rialta le Gaeilge a labhairt. Tugann an scéim deis d’fhoghlaimeoirí níos mó Gaeilge a úsáid agus a fhoghlaim. Tugann an scéim deis do chainteoirí líofa/dúchais na scileanna teanga atá acu, chomh maith leis an saibhreas teanga atá acu, a roinnt leis an bhfoghlaimeoir.
Iarrtar ar an mbeirt casadh le chéile go rialta thar trí mhí, nó ar feadh 30 uair an chloig – cibé sprioc a bhaintear amach ar dtús! Ag deireadh na scéime, cuirtear €250 an duine ar fáil don fhoghlaimeoir agus don chainteoir dúchais/líofa. Chomh maith leis sin, tagann na ‘Gaelchairde’ uilig le chéile ag deireadh na scéime leis an obair agus éacht atá bainte amach acu a cheiliúradh ar bhonn sóisialta.
Bronnfar teastais ar na rannpháirtithe ag an ócáid freisin. Is féidir clárú don scéim leat féin – mar fhoghlaimeoir nó mar ‘mheantóir’, nó is féidir clárú le chéile, mar bheirt. An t-aon choinníoll a bhaineann leis an scéim ná nach bhfuil aon ghaol fola nó pósta idir an bheirt. Ba bhreá linn cloisteáil ó chainteoirí líofa, ó chainteoirí dúchais agus ó fhoghlaimeoirí le páirt a ghlacadh sa scéim i mbliana.
Dúirt Katie Ní Loingsigh, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, go bhfuil dhá scór duine théis a bheith páirteach sa scéim do dtí seo agus “aiseolas thar a bheith dearfach faighte againn uathu – agus roinnt cairde nua déanta fiú!”
Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú don scéim, ach teagmháil a dhéanamh le Katie ag optchoisfharraige@nullgmail.com nó 083 010 6294.
Oíche Shóisialta ag Iománaithe An Spidéil
Ar an Aoine seo chugainn, 28 Aibreán, tá Oíche Shóisialta eagraithe ag CLG, An Spidéal sa gCrúiscín Lán. Teacht le chéile a bheas ann d’iománaithe agus d’iar-iománaithe an chumainn agus d’aon duine eile ar mhaith leo freastal. Ag 8.00pm a thosóidh an ócáid.
‘Darkness into Light’
Is ar an Satharn 6 Bealtaine a bheas ‘Darkness into Light’ á eagrú ar fud na hÉireann. Sa taobh seo tíre is sa gCeathrú Rua a bheas an ocáid ar bun ag tosú ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, eagraithe ag an gcoiste áitiúil.
Is féidir clárú don siúlóid sa gCeathrú Rua ach dul ag an suíomh idirlín WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE.
Cabhraíonn an t-airgead a bhailítear trí ‘Darkness into Light’ leis na mílte daoine gach bliain atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin tré seisiúin chomhleoireachta saor ó tháille a chur ar fáil dóibh.
Mná na mBreathnaigh Abú
Meádhbh Ní Dhireáin ón mBóthar Buí a scóráil trí chúl ag imirt le foireann sóisear Micheál Breathnach sa gcluiche in aghaidh An Fhairche, an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí an dara bua as a chéile ag foireann peile ban ó Chumann Micheál Breathnach ar an Domhnach ag imirt i Roinn III as baile in aghaidh An Fhairche, leis an scór 6 – 16 in aghaidh 3 – 05. Scóráil Amy Ní Thuathail 2 – 07; Meádhbh Ní Dhireáin 3 – 03 agus Ciana Ní Churraoin 1 – 05. Clíodhna Ní Mhárta a scóráil an cúilín eile.
Is ag imirt ag an ngrád Sóisear B a bhí mná na mBreathnaigh anuraidh. Mar gur bhuail siad Baile an Mhuilinn sa gcluiche ceannais Sóisear B anuraidh, cuireadh foireann ban na mBreathnaigh isteach i Sóisear A. Go dtí seo tá dhá chluiche imeartha acu agus lán phoinntí faighte ón dá chluiche i Roinn III den tsraith.
Tá Peil na mBan chomh láidir anois i gCumann Micheál Breathnach is go bhfuil an dara fhoireann ban ag an gclub i mbliana ag grád na Sóisear agus iad ag imirt i Roinn 7 den Sraithchomórtas.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €5,300 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 15, 21, 22, 26.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
Séamus Óg Ó Loideáin, An Cheathrú Rua;
Bernie Uí Chualáin, Baile na Cille, Leitir Mhealláin;
Ciarán Ó Cadhain, Cartúr Leathan;
Ruaidhrí Ó Tuairisg, Lochán Beag.
Gerry Curran, Coill Rua, a fuair duais an díoltóra.
€5,400 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil na mBan (Roinn III): Ml. Breathnach 6 – 16, An Fhairche 3 – 05.
• Iomáint (faoi 15): Ml. Breathnach 3 – 13, Ballygar 1 – 04.
• Iomáint (faoi 15): Ml. Breathnach 1 – 08, Salthill/Knocknacarra 3 – 02.
• Iomáint (faoi 15 ): Ml. Breathnach 3 – 04, Kinvara 1 – 11.
• Peil (Roinn 19B): Ml. Breathnach 0 – 06, St Michael’s 4 – 07.
• Sacar (faoi 21): Bearna/Na Forbacha 0, Oughterard 5.
• Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 2, Athenry 1.
• Sacar (Cailíní f16): Bearna/Na Forbacha 3, Colga 2.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha B 2, Oughterard 2.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 3, Ramblers 0.
• Sacar (faoi 14): Mac Dara 0, Ballinasloe Town B 3.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 3, Kilnamanagh 6.