Cartlann Nuachta: 19 Deireadh Fómhair 2016
19 Deireadh Fómhair 2016
Craobh an Chontae do na Breathnaigh
Na Breathnaigh roimh an gcluiche
Bhí tinte cnámha lasta ar thaobh bhóthar Chois Fharraige tráthnóna Dé Sathairn seo caite, 15 Deireadh Fómhair 2016, le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbua stairiúil a bhí ag iománaithe Chumann Micheál Breathnach i gCluiche Ceannais an Chontae, sa gComórtas Sóisear a hAon, in aghaidh Shaighleáin a imríodh i bPáirc Kenny, Bleá ’n Rí.
Bhí foireann Chois Fharraige sé chúilín chun deiridh ag leath ama, ach tar éis an bhriseadh is gearr go raibh an bhearna ag laghdú, péire scóráilte ag Adrian Ó Tuathail agus ceann ag Maidhc Ó Conghaile. Gan ach trí chúilín anois idir na fóirne, choinnigh fir Chois Fharraige an brú ar Shaighleán agus laghdaíodh an bhearna go cúilín amháin gan ach cúig noiméad le dul agus gluais na himeartha leis na mBreathnaigh. Chuaigh Saighleán ar an ionsaí ach rug Fiach Ó Béarra, duine de líne lánchúlaithe na mBreathnach, ar an sliotar agus tar éis dhó ruathar 60 nó 70 slat a dhéanámh óna líne cosanta, d’éalaigh sé thar fhir Saighleáin agus scóráil sé cúilín gleoite ó thart ar 45 slat amach. Ina dhiaidh sin chuir Breandán Ó Conghaile a fhoireann chun cinn nuair a chiceáil sé an liathróid thar an trasnán ó 20 slat amach, tar éis a chamán a bheith tógtha uaidh.
Ach d’éirigh le Saighleán dul chun cinn aríst le gan ach noiméad fágtha. Ach níor chaill foireann Chois Fharraige misneach ná baol air. Ón bpoc amach fuair Adrian Ó Tuathail an sliotar i lár na páirce agus sheol sé pas gleoite isteach go Dinny Ó hÉallaithe sa gcoirnéal, a bhí tagaithe isteach mar fhear ionaid díreach noiméad roimhe sin. Cé go raibh an uillinn géar chuir sé thar an trasnán í, leis an gcluiche a chothromú aríst gan ach noiméad fágtha ar an gclog. Bhí an chuma ar an scéal gur cothrom a chríocnódh an cluiche, ach ar an 60 noiméad cuir lán tosach na mBreathnach, Breandán Ó Conghaile, a fhoireann chun cinn agus is gearr ina dhiaidh sin go raibh stair déanta agus Craobh an Chontae Sóisear a hAon buaite ag Cumann Micheál Breathnach don chéad uair ariamh.
Ba laoch gach duine ar fhoireann na mBreathnaigh. Cluiche crua spóirtiúil a bhí ann idir dhá fhoireann a raibh scil agus díocas ag baint lena gcuid imeartha. Sa darna leath fuair an Captaen Adrian Ó Tuathail agus a chomhleacaí i lár na páirce, Cian Griallais, an ceann is fearr ar Saighleán. Sa gcomórtas céanna anuraidh bhuail Saighleán báireoirí Micheál Breathnach sa gcluiche ceannais. I mbliana tá an corn tugaithe siar thar Abhann na Coiribe agus thar Abhann an Spidéil.
Líonadh an corn Tigh Chualáin ar an gCoill Rua oíche Dé Sathairn agus canadh go croíúil an tamhrán ‘Conamara’ leis an mbua stairiúil a cheiliúradh. Beidh ar an bhfoireann dul chun páirce aríst ar an Satharn seo chugainn in aghaidh Chaisleán Gearr sa gcluiche ceathrú ceannais sa gcomórtas Sóisear A, a bheas á imirt i Maigh Chuilinn, ag tosaí ag 4.00pm.
Foireann Micheál Breathnach: Rónán Ó Beoláin, Macdara Ó Béarra, Jack Mac Giolla Bhríde, Fiach Ó Béarra, Ruadháin Ó Béarra, Antoine Ó Féinneadha, Seán Chóil Ó Féinneadha, Adrian Ó Tuathail (Capt), Cian Griallais, Oisín Ó Ceallaigh, Maidhc Ó Conghaile, Cian Mac Giolla Bhríde, Kevin Óg Ó Conghaile, Breandán Ó Conghaile, Pádraic Mac Giolla Bhríde.
Fir Ionaid a úsáideadh: Éinne Ó Conghaile, Dinny Ó hÉallaithe, Cárthach Breathnach. Fir Ionaid Eile: Ruairí Óg Ó Béarra, Fionntán Ó Tuathail, Séamus Ó Fátharta, Gearóid Ó Conghaile, Máirtín Ó Neachtain agus Marc Ó Duibhir.
Bainistíocht: Antoine Mhaidhc Ó Conghaile, Ruaidhrí Ó Béarra agus Micheál Ó Súilleabháin.
Breandán Ó Conghaile (Cumann Micheál Breathnach) ar ruathar le linn an chluiche ceannais sa grád Sóisear a hAon, in aghaidh Shaighleáin, a imríodh i mBleá ‘n Rí, an Satharn seo caite, 15 Deireadh Fómhair 2016. Ba é Breandán a scóráil an cúilín a thug an bua dá fhoireann, ar bhuile an uair a’ chloig imeartha.
Captaen foireann iomána Chumann Micheál Breathnach, Adrian Ó Tuathail, lena thuismitheoirí Catherine agus Máirtín, agus an corn ina ghlaic aige tar éis dá fhoireann Craobh an Chontae sa nGrád Sóisear a hAon a bhuachaint, in aghaidh Shaighleáin, ar an Satharn seo caite, 15 Deireadh Fómhair 2016.
Cailíní an Spidéil Buacach
Foireann cailíní an Spidéil a bhuaigh corn f12E sa gCraobh Chomórtas in aghaidh Kilconly le gairid.
Ar chúl ó chlé: Mary Ní Fhéinne, Maura O’ Toole, Aisling Ní Chonghaile, Kayleigh Ní Ruanaigh, Ekaterina Ní Fhoighil, Déidinn Ní Chonchubhair, Antonia Ní Ríada, Saoirse Cormican, Isobel Egan, Holly Robertson, Fiona Ní Fhéinne, Ashling Dunne, Éabha Ní Neachtain, Aisling Ní Fhátharta, Rob Mc Grath, Martin Hanley.
Chun tosaigh ó chlé: Eve O’ Connor, Máirín Ní Chéidigh, Grace Ní Ainlí, Orla Nic Chonaill, Elaine Nic Shiomóin, Ruby Mc Grath, Rachel Cox, Clíodhna Courtney, Louise Ní Chonghaile, Amy Ní Ghamhnáin, Caitríona Breathnach.
Mícheál Breathnach – Foireann Iomána Faoi 10 mBliana
Ghlac foireann iomána faoi 10 mbliana Chumann Mhícheál Breathnach páirt i gcomórtas bliantúil iománaíochta a bhí eagraithe ag Coláiste Mhuire i nGaillimh ar an Satharn 8 Deireadh Fómhair 2016.
Ina gcéad chluiche fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsa béal dorais, Bearna/Na Forbacha, tar éis sár choimhlint idir foirne Chois Fharraige. Ina dhiaidh sin bhí bua cuimsitheach acu ar an gCaisleán Gearr, ceann de mhórfhoirne iomána na cathrach. In ainneoin gur chaill siad an cluiche i gcoinne foireann Liam Uí Mhaoilíosa le dhá phointe chríochnaigh siad le bua slachtmhar i gcoinne foireann Ráthún / An Caisleán Nua leis an scór 4 – 04 in aghaidh 1-01.
Chríochnaigh foireann Mhícheál Breathnach ar bharr an tábla ar chomh phointí le foireann Liam Uí Mhaoilíosa, ach ba iad siúd a chuaigh ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais de thoradh a mbua ar Mhícheál Breathnach níos luaithe sa chomórtas.
Is mór an chreidiúint iad na hiománaithe hóga dá bparóiste, dá gCumann agus dá dtuismitheoirí.
Torthaí Spóirt na Seachtaine Seo
- Iomáint (Sóisear 1): Micheál Breathnach 0 – 16, Saighleán 0 – 15.
- Peil (Roinn 1): Micheál Breathnach 0 – 10, Baile Muilinn 0 – 13.
- Peil (Roinn 3): An Spidéal 1 – 12, Cárna/Caiseal 1– 12.
- Camógaí (Mionúr): Cois Fharraige 3 – 07, Ceapaigh a’ tSeagail 1 – 14.
- Camógaí: Coláistí Chois Fharraige 3 – 12, Clarin College, Bleá ‘n Rí 4 – 5.
Scannán ón bhFrainc sa tSeanscoil Déardaoin
Scannán ón bhFrainc atá le taispeáint sa tSeanscoil an Déardaoin seo, 20 Deire Fómhair. SUMMERTIME is ainm don scannán, atá lonnaithe siar sna 1970idí. Bogann Delphine go Páras le saoirse a fháil agus titeann sí i ngrá le Carole, bean atá gníomhach i ngluaiseacht na mban. Bíonn ar Delphine filleadh abhaile nuair a thagann tinneas ar a hathair. Leanann Carole í ach tosnaíonn na deacrachtaí dóibh ansin, agus an gaol leispiach atá acu á choinneáil faoi cheilt.
Mar is gnáth tosnaíonn an scannán ag 8.15pm.
Comórtas Grianghrafadóireacht
Tá comórtas grianghrafadóireacht dá reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille faoi láthair. Má tá grianghraf agat agus gur mhaith leat é a fheiceáil i bhféilire Comhar Creidmheasa Cholm Cille 2017, seol isteach é roimh 4ú Samhain 2016, chuig feilireccccteo@nullgmail.com.
Roghnófar 12 grianghraf agus beidh duais €50 don ghrianghrafadóir a thógann an grianghraf a théann ar chlúdach an fhéilire. Is é téama an chomórtais ná ‘An Nádúr, ár dTimpeallacht’ .
Tá téarmaí agus coinníollacha an chomórtais le fáil ar leathanach facebook an Chomhar Creidmheasa.
Cuilteanna Chonamara 2016
Is é seo an chéad uair a tháinig na mná as Inis Oirr, Leitir Mealláin, Cois Fharraige agus Carna/Glinsk le chéile chun a gcuid oibre a thaispeáint.
Beidh an taispeántas ar siúl i Seanscoil Sailearna thar an Deireadh Seachtain Saoire Bainc.
Má tá tuile eolas uait is féidir glaoch ar 086 2027752.
Iascaireacht i gCois Fharraige
Tá séasúr na géimiascaireachta (bradán, breac geal agus breac donn) beagnach thart anois i gceantar Chois Fharraige. Tá an chuma air gur tháinig méadú ar líon na mbreac geal in Abhainn na Cromghlinne. Tá sé róluath fós séasúr na mbradán a mheas, ach dealraíonn sé go raibh sé sách bocht. Bhí an tslat-iascaireacht go maith ar Loch Nuala, agus gabhadh mórán mionbhreac donn fiáin ann.
I mbliana bhí córas ann le cead iascach a fháil ar aibhneacha éagsúla – An Chromghlinn, Abhainn an Chnoic (Indreabhán), Loch Nuala agus Loch Chnoc an Locha – ar bhonn thicéad lae. Níl aon struchtúr bainistíochta ar an bpríomhabhanntrach i gCois Fharraige, sé sin abhanntrach an Bholuisce. Dá bharr seo tá póitseáil leanúnach á déanamh ar an gcóras sin. Chomh maith le sin goideadh le déanaí trealamh a úsáidtear chun an stoc éisc a chosaint is a chomhaireamh. Tá an ghadaíocht sin á fiosrú ag na Gardaí.
Ní mórán toradh a bhí ar an tslat-iascaireacht ón gcladach i mbliana. Is le tamall gairid anuas atá ronnacha agus mangaigh á marú ó Chéibh an Spidéil agus ó na cladaí i gCois Fharraige.
Pleanáil Teanga – An Chéad Chéim Eile
An Luan seo caite reachtáladh an darna ceardlann faoin bplean teanga atá á chur le chéile do cheantar Chois Fharraige ag Seirbhísí Pleanála Teanga (SPT) don cheantar cois chósta a shíneann ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl. Is ag díriú ar réimse an oideachais a bhí an darna ceardlann.
Nuair a bheas an t-aiseolas ón dá cheardlann curtha san áireamh beidh an plean á chur os comhair an phobail an mhí seo chugainn ag cruinniú poiblí. Tá súil ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim an plean a chríochnú le cur ag Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh Mhí na Samhna.
Léacht sa Spidéal
An Déardaoin seo, 20 Deireadh Fómhair, ag tosaí ag 8.00pm, tabharfaidh Pádraig Ó Biadha léacht ar an ábhar ‘Crann Ginealaigh Gnó Cheantair na nOileán’ i gColáiste Chonnacht. Sé seo an chéad léacht den séasúr úr, atá eagraithe ag Cumann Staire is Seanchais Chois Fharraige.
Ranganna Damhsa ar an Sean-Nós
Tá na ranganna damhsa ar an Sean Nós ag tosaí an Déardaoin seo i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua, Indreabhán. Róisín Ní Mhainín atá i mbun na ranganna.
AGM an Chomharchumainn
Tá sé fógraithe ag Comharchumann Sailearna Teo go bhfuil sé i gceist an Cruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil ar an Déardaoin seo chugainn, 27 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.00pm.
Meitheal na nÚll
Má tá crann úll agat sa ngarraí agus gan úsáid agat do na hullaí uilig tá seirbhís nua ar fáil i gCois Fharraige: tá Meitheal na nÚll sásta na hullaí breise a bhailiú uait, le cider a dhéanamh astu. Le gach eolas a fháil níl le déanamh ach glaoch ar Ruairí Ó Néill ag an uimhir 087 6224382 nó ríomhphost a chur ag conamararua@nullgmail.com.