Cartlann Nuachta: 19 Deireadh Fómhair 2022
BISEACH Ar Fáil
Beidh an iris BISEACH 2022 á sheoladh ar an Déardaoin seo ar an gclár Iris Aniar (RnaG), théis na nuachta ag 9.00am. Tá 96 leathanach san iris i mbliana le neart ábhar léitheoireachta, idir stair áitiúil, seanchas, tuairimíocht, cúrsaí reatha agus go leor leor grianghraf idir sean agus nua, mar is gnáth.
Seo a leanas cuid den ábhar atá san iris i mbliana, atá curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg:
- Saol agus Saothar Christie Macken le Cormac Ó Comhraí.
- Cumann Gailf Chois Fharraige le Mártan Ó Ciardha.
- Eoghan Ó Neachtain (1897 – 1957) le Máire Ní Neachtain.
- John Ford le Ciarán Ó Cualáin.
- Beti Uí Bhaoill (1937 – 2022) le Niamh Ní Bhaoill.
- Muintir Dhonnchadha an Tí Mhóir leis an Ath Stiofán Ó Donnchadha.
- Peadar Chois Fharraige le Ruaidhrí Ó Tuairisg.
- Blácaigh na bhForbacha le Seán Ó Neachtain.
- Tríd an Lionsa le Johanna Ní Mháille.
- Bóithrín na Smaointe sna hAille leis an Ath Seán Ó Conaola.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a chuireann an iris amach go bliantúil le cúnamh deontais ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Beidh BISEACH 2022 ar fáil sna siopaí ar fad i gCois Fharraige, an deireadh seachtaine seo, chomh maith le Tigh Ruairí i Leitir Móir, Siopa Mhic Dhonncha i mBéal a’ Daingin, Tigh Mháille i Ros Muc agus An Siopa Beag ar an Teach Dóite. I nGaillimh beidh an iris le ceannach i Siopa Leabhar Charlie Byrnes.
Is féidir BISEACH a ordú chomh maith ó Chló Iar-Chonnacht, gan le déanamh ach glaoch ar 091 593307, nó dul chuig an suíomh www.cic.ie.
Éacht Déanta ag Mná Chois Fharraige
Foireann peile Mhicheál Breathnach, ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhaile an Mhuilinn ar an Satharn seo caite, i gCluiche Ceannais Chontae na Gaillimhe (Sóisear B) leis an scór 2 – 09 in aghaidh 1 – 07.
Ina seasamh ar chúl: Shíofra Ní Scanláin, Aoife Ní Neachtain, Clíodhna Ní Neachtain, Ailbhe Ní Ghionnáin, Ciana Ní Churraoin, Clíodhna Ní Chonghaile, Méadhbh Ní Dhireáin, Clíona Ní Chonghaile, Nikita Dillon, Saoirse Howlin, Sadhbh Howlin, Clíodhna Ní Mhárta, Rosie Ní Dhubhghaill, Catherine Ní Chonghaile, Deirbhle Ní Mhárta, Ailbhe Ní Neachtain, Éabha Nic Dhonnacha, Amy Ní Thuathail.
Chun tosaigh: Aisling Nic Dhonncha, Róisín Ní Ghionnáin, Aoife Nic Donncha, Caoimhe Ní Choisdealbha, Becky Ní Éallaithe, Aobh Ní Dhubhbhaill (Captaen), Adhna Nic Dhonncha, Louise Seoighe, Muireann Ní Ghloinn, Sarah Ní Choinceanainn, Ríona Howlin, Ciara Ní Fhlatharta.
[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]
D’éirigh leis an bhfoireann ban ó Chumann Micheál Breathnach sa gcluiche ceannais (Sóisear B) a imríodh in Áth Cinn ar an Satharn seo caite, nuair a bhuail siad Baile an Mhuilinn leis an scór 2 – 09 in aghaidh 1 – 07. Seo é an tríú corn i mbliana atá buaite ag an bhfoireann seo.
Bhí tús maith ag foireann Chois Fharraige agus ceithre chúilín aimsithe acu sula bhfuair Baile an Mhuilinn an chéad scór. Fuair Meadhbh Ní Dhireáin cúl do Na Breathnaigh leathbhealach tríd an gcéad leath le bearna d’ocht gcúilín a fhágáil idir na foirne. Ach ní raibh Baile an Mhuilinn chun géilleadh agus scóráil siad cúl gleoite agus ag an sos ní raibh ach ceithre chúilín idir na foirne.
Ag tús an dara leath agus an ghaoth leo, thosaigh Baile an Mhuilinn ag ionsaí go tréan ach rinne peileadóirí na mBreathnaigh an-chosaint gan ach trí chúilín a ghéilleadh sa leath ar fad. Agus cúig nóiméad le dul ar an gclog thóg Meadhbh Ní Dhireáin saorchic a thit gearr ach bhí Ciana Ní Curraoin ann chun cabhrú leis an liathróid a chur san eangach lena lámh.
Sár-thaispeántas foirne a thug Micheál Breathnach. Captaen na foirne, Aobh Ní Dhubhghaill, a d’imir sár-chluiche i lár na páirce, a roghnaíodh mar Laoch na hImeartha. Ag glacadh leis an gcorn dúirt Aobh Ní Dhubhghaill go raibh moladh mór tuillte ag Kevin Phetie Mac Donncha, bainisteoir na foirne atá ag traeneál an grúpa imreoirí le deich mbliain anuas.
Tá trí chomórtas peile buaite i mbliana ag foireann ban na mBreathnaigh: Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta (Sóisear); Sraithchomórtas an Chontae (Roinn III) agus Craobhchomórtas an Chontae (Sóisear B) agus seans acu ar an gceathrú ceann a bhuachan nuair a chasfaidh siad ar An Spidéal i gCluiche Ceannais an Iarthair.
An Corn á bhronnadh ag Betty Hernon, Cathaoirleach ar Bhord na Gaillimhe (Peil na mBan), ar Aobh Ní Dhubhghaill, an captaen ar fhoireann ban Mhicheál Breathnach, ar éirigh leo an bua a fháil i gCluiche Ceannais an Chontae (Sóisear B) ar an Satharn seo caite.
[Pictiúr: Mike Bhaba Ó Conghaile]
AGM an Chomharchumainn
Seanscoil Sailearna
Is ar an gCéadaoin seo chugainn, 26 Deireadh Fómhair, a thionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil Chomharchumann Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.00pm.
Tá sé fholúntas le líonadh ar an mBord Stiúrtha.
Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann.
TESCO Indreabháin le Oscailt
Siopa an Phobail Mar a Bhí . . .
Ar an Aoine seo, 21 Deireadh Fómhair, a osclófar na doirse ar TESCO INDREABHÁN, nó Siopa an Phobail mar a thugtar air go háitiúil.
Cheannaigh TESCO an siopa ó Joyces Áth Chinn, in éindí le siopaí eile thart ar Ghaillimh. Thóg sé píosa ar an rialathóir iomaíochta cead a thabhairt dul ar aghaidh leis an margadh. Tá Siopa an Phobail dúnta ó dheireadh mí Lúnasa, le athchóiriú a dhéanamh air. Ach beidh sé ar oscailt arís le freastal ar cheantar Chois Fharraige ón Aoine seo chugainn.
Oíche Oireachtais
Ar an Déardaoin seo chugainn, 27 Deireadh Fómhair, beidh deis ag gasúir ó Scoil Sailearna a bheas ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne ag tús mí na Samhna, a gcuid míreanna a chur i láthair ar stáitse. Cuirfear tús leis an ócáid ar bhuille 6.30i.n.
Beidh bolgam tae le fáil ag an ócáid agus fáilte roimh chuile dhuine!
Club Scannán
Íomhá ón scannán LUZZU, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 20 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm.
An Déardaoin seo, 20 Deireadh Fómhair, beidh an scannán LUZZA ó Mhálta á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm.
Baineann scéal an scannáin leis an gcruachás ina bhfuil iascaire i Málta. Tá drochbhail ar a bhád agus mura bhfaigheann sé airgead le caoi a chur ar an mbád ní bheidh de rogha aige ach dul ag obair do na caimiléirí atá ag ídiú an stoc éisc agus ag milleadh slí bheatha na n-iascairí beaga ina bhaile dúchais.
Is féidir ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht. Is féidir ticéad a fháil ar an doras chomh maith.
Fadhb an Uisce
Uisce á Líonadh Fós
Agus seo á scríobh níl aon réiteach fós faighte ag Uisce Éireann ar fhadhb an uisce i gCois Fharraige agus fanann an scéal mar atá, sé sin nach bhfuil sé sábháilte do dhaoine i gCois Fharraige an t-uisce a ól, fiú amháin má tá sé fiuchta.
Os cionn mí ó shin fógraíodh go raibh an iomarca mangainéis san uisce ag tíocht ó Scéim an Spidéil. Ó shin tá beagnach 6,000 i gCois Fharraige ag braith ar an soláthar uisce atá á chur ar fáil ó dhabhachanna atá feistithe ag áiteacha éagsúla sa gceantar. Níl an t-uisce ó na dabhachanna le ól gan é a fhiuchadh i dtosach.
Is beag atá á rá ag Uisce Éireann faoin gcás ná faoin gcúis leis an truailliú.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil na mBan (Sóisear B): Ml. Breathnach 2 – 09, Milltown 1 – 07.
• Peil (f17B): An Spidéal 4 – 05, Kilkerrin/Clonberne/Killererin 1 – 16.
• Peil (f17B): Ml. Breathnach 2– 08, St Michael’s 0 – 11.
• Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 3, Corofin Utd. 1.
• Sacar (Roinn 1): Mac Dara 2, East Utd. 1.
• Sacar (f16): Bearna/Na Forbacha 1, Westport Utd. 4.
• Sacar (Cailín f16): Bearna/Na Forbacha 3, Maree/Oranmore 0.
• Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 3, Cregmore/Claregalway 1.
• Sacar (f14): Bearna/Na Forbacha 13, Manulla 4
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 3, Knocknacarra 2.