Cartlann Nuachta: 19 Eanáir 2022
Cruthú Fostaíochta i gCois Fharraige
Oibrithe leis an gcomhlacht Aran Biomedical atá lonnaithe sa Spidéal, comhlacht a chuir le líon na bhfostaithe le linn 2021.
Tá Aran Biomedical ar cheann de phríomhdhéantóirí bithábhair d’earnáil na bhfeistí leighis sa tír.
Dea-scéal a bhí le tuairisciú ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh cruthú fostaíochta i nGaeltacht na Gaillimhe anuraidh sa tuarascáil deireadh na bliana, a eisíodh ar an Luan seo caite. Ag deireadh 2021, bhí 3,180 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Gaillimhe, an leibhéal is airde riamh i stair na heagraíochta. Cruthaíodh 337 post nua in 2021, agus nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, glanmhéadú de 7.6%, nó 225 post, atá ar an bhfostaíocht lánaimseartha ar an mbliain roimhe.
Is is gCois Fharraige a cruthaíodh cuid mhaith de na postanna nua, i gcomhlachtaí atá ag feidhmiú san earnáil feistí leighis, eolaíochta agus innealtóireachta: Freudenberg/Cambus Medical, Aran Biomedical, ÉireComposites agus Micron Clean.
I gcaitheamh na bliana fógraíodh 150 post nua d’ardchaighdeán ag Aran Biomedical, ceann de phríomhdhéantóirí bithábhair d’earnáil na bhfeistí leighis agus tá breis is 40 post nua sároilte le cruthú ag Cambus Medical/Freudenberg Medical, chomh maith le 40 post nua le cruthú ag ÉireComposites tar éis don chomhlacht, atá lonnaithe ar an gCnoc, conradh luach na milliúin Euro a shíniú le gairid.
Tá an tÚdarás dóchasach chomh maith faoi na féidireachtaí a bhaineann le Calafort Ros an Mhíl, tar éis gur léirigh tuairisc neamhspleách go bhféadfaí suas le 900 post a chruthú san earnáil fuinnimh in-athnuaite ach an calafort a chur in oiriúint don fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar sholáthar leictreachais ó thuirbíní gaoithe amach ón gcósta.
Díomá don Chomharchumann
Ba údar mór díomá do Chomharchumann Sailearna Teo. nár glacadh leis an moladh go ndéanfaí stráice talún seacht n-acra sa Spidéal, ar le Údarás na Gaeltachta é, a zónáil mar thalamh do thithíocht inacmhainnithe, nuair a bhí Dréachtphlean Forbartha an Chontae á leasú an tseachtain seo caite.
Is le Údarás na Gaeltachta an stráice talún a shíneann ó Bhóthar Mhaigh Chuilinn chomh fada soir le Abhainn Bholuisce. Cé go bhfuil an suíomh taobh amuigh de cheantar feidhme Chomharchumann Sailearna, tá socrú déanta ag an gcomharchumann le Údarás na Gaeltachta an talamh a cheannach ar phraghas ainmniúil ar an gcoinníoll go mbeadh sé ar fáil le haghaidh tithíocht inacmhainne do dhaoine le Gaeilge ón gceantar.
Ní raibh feidhmeannaigh an Chomhairle Chontae sásta glacadh leis an gcriosú a bhí molta ar an ábhar go raibh an suíomh ró-fhada ó shráidbhaile An Spidéil, gan aon chosán ar an mbóthar.
Tuirbín Gaoithe: An Chúis Diúltaithe
Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite, dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a thabhairt don chomhlacht Natural Forces Renewable Ltd., le tuirbín gaoithe 125m ar airde a thógáil ar thalamh ar an mBóthar Buí. Tugadh dhá chúis leis an gcead a dhiúltú:
(i) Go raibh ‘deficiencies’ san eolas breise a cuireadh ar fáil maidir leis an mbealach a cheanglófaí an tuirbín gaoithe leis an ngréasán cumhachta; níor cuireadh suirbhé sonrach ar fáil faoin madra uisce; go bhféadfadh an fhorbairt ‘impact negatively on the golden plover’. Ar an mbonn sin dúradh go raibh sé ‘reasonable to conclude that significant effects on the receiving environment and ecology of the area from the proposed development cannot be ruled out’.
(ii) Bunaithe ar an méid eolais a cuireadh ar fáil maidir le ‘Landscape & Visual Impact Assessment’, nach bhfuil an Chomhairle Chontae sásta nach mbeadh ‘undue impact on the visual and general amenities of the area’.
Tá coicís eile fágtha ag Natural Forces Renewables le achomharc a chur chuig an mBord Pleanála, in aghaidh cinneadh an Chomhairle Chontae an tuirbín gaoithe a dhiúltú.
Éigse Joe Steve
Tá cinneadh déanta Éigse Joe Steve a chur siar, de bharr ardú suntasach a bheith tagtha ar an líon daoine le Covid. Ceadaíodh deontas €8,000 do Chomharchumann Chois Fharraige le Éigse Joe Steve a eagrú mí Eanáir, le comóradh a dhéanamh ar an bhfear ildánach, Joe Steve Ó Neachtain, a fuair bás cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin.
Tógadh an cinneadh an Éigse a chur siar ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Bhí seó speisialta ardán, ‘I gCion ar Joe’, réitithe ag Aisteoirí an Spidéil le cur ar an ardán i Seanscoil Sailearna mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, mí na Samhna seo caite, ach cuireadh siar an seó sin chomh maith, ach tá sé i gceist ag Féile Chois Fharraige an seó a chur ar an ardán nuair a bheas sé sábháilte.
Bigil sa Spidéal
Bhain an drochscéal faoi bhás Ashling Murphy creathadh as daoine ar fud na tíre agus d’fhreastail na mílte daoine ar bhigilí chun ómós a léiriú d’Aisling agus a comhluadar agus chun a n-uafás faoina dúnmharú brúidiúil a chur in iúl don saol mór. Beirt bhan a bhfuil cónaí orthu sa Spidéal, Rosie Ní Dhuinn agus Justina McCarthy, a d’eagraigh bigil an Spidéil ar bheagán fógra Dé hAoine seo caite.
Is ar an Airdín Buí a tháinig an slua le chéile. Ceoltóir cumasach a bhí in Aisling agus chas Ceoltóirí Óga Chois Fharraige rogha álainn ceoil ina honóir agus chuidigh an slua leo nuair a chas siad an t-amhrán ‘An Cailín Álainn’ i gcuimhne ar an gcailín a bhí go hálainn ar chuile bhealach. Osclaíodh leabhar comhbhróin agus fágadh i dTigh Uí Dhomhnaill (Texaco) é do dhaoine ar mhaith leo é a shíniú.
D’fhreastail Ashling Murphy ar Choláiste Chamuis, Ros a’ Mhíl. D’fhan sí bliain amháin i dteach Bernadette Nic Dhonnacha agus i dteach Bríd Seoighe uair eile. Bhí sí mar Chinnire Tí 2017 agus bhí cion ag chuile dhuine uirthi, idir foireann an choláiste agus scoláirí araon. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal agus go dtuga Dia cabhair dá muintir.
Tríd go dtí an Babhta Ceannais
An fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar éirigh leo dul tríd go babhta ceannais sa gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain, a reáchtálann Gael Linn.
Ó chlé: Éadaoin Nic Dhonncha, Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coisdealbha.
Reáchtáladh Craobh Réigiúnach Chúige Mumhan agus Cúige Chonnacht de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2022 ar an gCéadaoin, 12 Eanáir, i Luimneach. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach idir Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.
Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí an rún: ‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’. Ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire bhí Fionnán Ó Coisdealbha, Caoilte Canny agus Éabha Ní Chonghaile. Ar an bhfoireann freisin bhí Róise Ní Churraoin. Faraor, níor éirigh leis an bhfoireann sóisearach dul tríd ar an oíche, ach léirigh siad an-chumas díospóireachta agus is cúis bróid iad don scoil.
‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’ an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta sinsearach. Ar an bhfoireann sinsearach bhí Éadaoin Nic Dhonncha, Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coisdealbha. Bhí an-díospóireacht ann, agus d’éirigh leis an bhfoireann ó Choláiste Chroí Mhuire fáil tríd go dtí babhta na craoibhe.
Séarachas an Spidéil
Tá tús curtha leis an obair le ionad nua séarachais a thógáil le freastal ar An Spidéal, le freastal ar an gceantar ó Cheardlann an Spidéil siar chomh fada le Crosbhóthar Bhothúna agus ó thuaidh chomh fada leis an scéim tithíochta Radharc na Rún ar Bhóthar Mhaigh Chuilinn.
Ag fáiltiú roimh an nuacht dúirt Comhlacht Forbartha an Spidéil go mbeifear ag súil leis an mBrat Gorm a fháil ar ais don dhá thrá sa Spidéal, rud a chabhróidh le méadú a chur ar líon na dturasóirí sa gceantar.
Tá an Comhlacht Forbartha ag iarraidh ar Uisce Éireann go mbeadh cead ag suas le fiche teach i mBaile Ard ceangail leis an gcóras séarachais, nuair a bheas an t-ionad nua séarachais réidh, lena chinntiú nach mbeidh aon truailliú ag tarlú ó na seandabhcha séarachais atá gar do Abhainn an Spidéil.
Mí-Ádh ar Leitir Móir i gCraobh Chonnacht
Bhí mí-ádh ceart ar fhoireann Naomh Anna, Leitir Móir ar an Satharn seo caite i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, nuair a chaill foireann na Gaeltachta Craobh Chonnacht sa bPeil Idirmheánach ag imirt in aghaidh Naomh Faithleach ó Chontae Ros Comáin.
Cé go raibh drochthús ag Leitir Móir, d’éirigh leis an bhfoireann ó Cheantar na nOileán an cluiche a chothromú ag deireadh an seasca nóiméad imeartha. Agus am breise beagnach caite bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh an lá le Leitir Móir nuair a chuir Myles Mac Donnacha foireann na Gaeltachta chun cinn le cúilín gleoite. Ach d’éirigh le Naomh Faithleach ó Ros Comáin cúl a fháil ag deireadh an am breise, rud a d’fhág buachaillí na Gaeltachta croíbhriste, gan caint ar a lucht mór leanúna, ní hamháin i gCeantar na nOileán ach ar fud Conamara.