Cartlann Nuachta: 19 Iúil 2017

Biseach 2017

Biseach

Tá ábhar á chuartú don iris BISEACH 2017, an iris a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil. Bíonn an-rachairt ar an iris gach bliain nuair a thagann sé amach mí Deireadh Fómhair. Anuraidh díoladh beagán le cois 600 cóip den iris, 168 cóip i Siopa an Phobail.

Chomh maith le altanna faoi stair áitiúil agus imeachtaí reatha i gceantar Chois Fharraige, bíonn neart grianghrafanna san iris, idir grianghrafanna nua agus grianghrafanna a tógadh na blianta ó shin.

Fáilteoidh coiste eagarthóireachta na hirise roimh ábhar spéisiúil ar bith, idir seanchas, stair áitiúil, grianghrafanna, eolas faoi eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar, chomh maith le tuairimíocht. Is féidir dul i dteagbháil leis an gcoiste eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 086 4048881.


Aonach Tailteann

tailteann-logo-wideIs gearr go mbeidh AONACH TAILTEANN ar bun. Tá foirmeacha iontrála le fáil ón suíomh www.tailteann.ie. Tá go dtí an Aoine, 28ú Iúil, leis na bhfoirmeacha a sheoladh isteach do na comórtais éagsúla lúthchleasaíochta. An 7ú Iúil a bhí leagaithe síos mar spriocdáta do na comórtais scríbhneoireachta, filíochta agus ealaíne.

Tá sé mar sprioc ag Aonach Tailteann an Ghaeilge, an cultúr agus an spórt a chur chun cinn sa nGaeltacht, nasc a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta, agus mórtas pobail agus teanga a neartú.

Is ar an Satharn, 5 Lúnasa 2017, a bheas na babhtaí cáilithe do cheantar Chonamara á reachtáil ar Pháirc an Chnoic (Páirc Chumann Micheál Breathnach). Tá babhtaí cáilithe le bheith i nGaeltacht Dhún na nGall chomh maith. Is ar an Satharn, 26 Lúnasa, a reachtálfar na babhtaí ceannais ar Pháirc an Chnoic, Indreabhán.

Más spéis leat cúnamh a thabhairt leis na comórtais a reachtáil, níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulltailteann.ie.


Plean Nua Gaeltachta á Bheartú

pleanteangacf2016Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag beartú Plean nua a chur le chéile do Ghaeltacht na Gaillimhe. Réitíodh Plean Gaeltachta sa mbliain 2008 go 2014 agus cuireadh síneadh ama leis roinnt uaireanta ó shin. Beidh an plean nua le tíocht i bhfeidhm an chéad bhliain eile.

Tá an próiséas comhairliúcháin tosaithe agus páipéar curtha le chéile ag an gComhairle Chontae faoi na buncheisteanna. Tá foirm le líonadh agus le seoladh ar ais roimh an Mháirt, 8 Lúnasa.

Beidh seisiún eolais faoin bpróiséas ar bun ar an Déardaoin, 20 Iúil ón 3.00 – 5.00pm sa gCeathrú Rua agus ón 6.00 – 7.30pm in Óstán na Páirce, An Spidéal.

Beidh tuairisc an tseachtain seo chugainn ar an gcruinniú eolais ar an suíomh seo.


Torthaí Spóirt

Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 2– 15, Ceathrú Rua 1 – 12.

Peil (Roinn 2): Ml. Breathnach 0 – 13, Maigh Cuilinn 1 – 08.

Peil (Roinn 3): An Spidéal 1 – 12, Baile an Chláir 2 – 12.

Peil(Sóisear A): Ml. Breathnach 3 – 05, Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 05.

Peil(f16): An Spidéal 4 – 17, Ceathrú Rua 4 – 13.

Peil (f 13): An Spidéal 6 – 07, Naomh Anna, Leitir Móir 3 – 03.

Iomáint (f13 C): Ml. Breathnach 2 – 03, Port Omna 4 – 03.

Iomáint (f13 B): Cois Fharraige 6 – 03, Tommy Larkins 2 – 01.

Iomáint (f12): Bearna/Na Forbacha 1 – 04, Bóthair na Trá/Cnoc na Cathrach 2 – 02.


Oifigeach Forbartha

TuismitheoirínaGTá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais ar phost mar Oifigeach Forbartha na heagraíochta.
Tá tuarastal tarraingteach ar fáil ag brath ar thaithí agus cháilíochtaí. Post lánaimseartha ar chonradh cheithre mhí atá i gceist.

Ní mór d’iarratasóirí litir iarratais mar aon le CV reatha a sheoladh chuig:

An Cathaoirleach,
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Aonad 3 B&C,
Páirc Gnó na Ceathrún Rua
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe

nó chuig: tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com

roimh Dé Luain 31 Iúil 2017 ar 5 tráthnóna.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le 091 869571 nó tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com

Is fostóir comhdheiseanna é Tuismitheoirí na Gaeltachta.


Campaí Samhraidh

TuismitheoirínaGBeidh dhá champa á reáchtáil in ionad SPLANC! Thuismitheoirí na Gaeltachta an samhradh seo, faoi stiúr Shorcha Ní Chéide. Tá tuilleadh eolais faoi na campaí agus sonraí teagmhála thíos.

Campa Damhsa le Sorcha Ní Chéide Agus Róisín Ní Mhainín
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua.
Dátaí: 17-21 Iúil
Am: 9.30-2.30
Costas: €40
Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe.

Campa Dramaíochta le Phil Uí Dhubhghail & a clann
Ionad: SPLANC! Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta An Cheathrú Rua
Dátaí: 14-18 Lúnasa
Am: 9.30-2.30
Costas: €40

Téigh i dteagmháil le Sorcha Ní Chéide ar 086-4063478 chun áit a chur in áirithe!


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.