Cartlann Nuachta: 19 Meán Fómhair 2018


Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige 1974

Roinnt Ball Choiste Chumann Forbartha Chois Fharraige i 1974

Seo píosa scannánaíocht ó chartlann RTÉ a taifeadadh ag Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige 1974: Oir74


Cois Fharraige Tríd sa gCamógaí

Foireann Camógaí Sóisear 2018

Foireann camógaí sóisir Chois Fharraige a bhuail Bóthair na Trá ag an deireadh seachtaine le cúilín amháin, le áit a fháil sna babhtaí leathcheannais an chontae.

Ar chúl ó chlé: Máirtín Ó Dubhghaill (Bainisteoir), Treasa Ní Chadhain, Aisling Ní Chonchubhair, Siobhán Ní Mhaoileoin, Anna Ní Odhráin-Ní Mhurchú, Meala Ní Choistealbha, Aisling Ní Neachtain, Áine Ní Chonghaile, Caitríona Ní Churraoin, Tiffany Ní Choistealbha, Caoimhe Ní Mhaoileoin, Fionnuala Ní Ghruinéil, Aoife Nic Chormaic, Sorcha Ní Fhrighil.

Chun tosaigh ó chlé: Léan Breathnach, Becky Ní Éallaithe, Ádhna Nic Dhonnacha, Áine Ní Laoi, Máire Ní Fhrighil, Aoife Nic Dhonnacha, Siobhán Ní Neachtain, Áine Ní Dhubhghaill.

Bhí an t-ádh ar fhoireann camógaí Chois Fharraige an bua a fháil ar Bóthair na Trá le cúilín amháin ar an Domhnach seo caite, le áit a chinntiú sna babhtaí leath ceannais sóisear A. Ba í Aoife Nic Dhonnacha, ó Na Mine, laoch na himeartha. Scóráil sé ocht cúilín ar fad agus ba í a scóráil an cúilín ó 45 a chuir na Cois Fharraige cúilín chun cinn ag deireadh an chluiche. In am gortaithe fuair Bóthair na Trá seans an cluiche a chothromú ach chuaigh an liathróid ar foraíl.

Sa chéad leath bhí an ghaoth ag Cois Fharraige agus ag leath ama bhí cailíní na Gaeltachta 9 cúilín chun cinn ar chailíní na cathrach. Tús an tarna leath d’éirigh le Bóthair na Trá dhá chúl a scóráil agus bhí Cois Fharraige faoi bhrú. Gar do dheireadh an chluiche chuaigh Bóthair chun cinn nuair a scóráil siad an tríú cúl. Ach d’éirigh le Sorcha Ní Fhrighil an dá thaobh a chothromú agus chuir Aoife Nic Dhonnacha Cois Fharraige chun cinn aríst agus an 60 noiméad caite ar an gclog.

Tá Cois Fharraige tríd anois go dtí na cluichí leath-cheannais.


Cruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn

Comhar CreidmheasaAn Déardaoin seo caite tionóladh Cruinniú Cinn Bhliana de scairshealbhóirí Chomharchumann Sailearna Teo., i Seanscoil Sailearna. Bhí os cionn 50 duine i láthair, an méid is mó le blianta fada.

Cuireadh cuntaisí na bliana os comhair na scarshealbhóirí. Is beag ceist a cuireadh fúthu. Easnamh de €36,904 a bhí ar an gcomharchumann don bhliain 2017, i gcomparáid le easnamh de €28,540 don bhliain 2016. Bhí méadú suntasach sna costaisí riaracháin ó €143,000 i 2016 go €165,000 i 2017.

Ag deireadh na bliana 2017 bhí beagnach €286,637 sa mbanc ag an gComharchumann. Tuairiscíodh gur tháinig an gála deireannach den airgead – €2 milliún – a bhí ag dul don chomharchumann ó dhíol na gcearta ceangailte do mhuilte gaoithe leis an ngréasán leictreachais.

Toghadh Áine Nic Niallais ón gCnoc agus Phil Uí Dhubhghaill ón gCoill Rua le dhá fholúntas a líonadh ar an gCoiste Stiúrtha.

Bhí rún curtha síos ag iarraidh ar an gcoiste suim airgid a chur ar leataobh gach bliain le úsáid mar urraíocht do eagraíochtaí deonacha i gceantar Chois Fharraige. Rialaigh an cathaoirleach nach bhféadfaí vótáil ar an rún mar nach raibh sé sínithe ag cuiditheoir. Tharla an rud céanna le rún eile a bhí curtha síos ag iarraidh ar an gcoiste féachaint le “Men’s Shed” a bhunú sa gceantar. Dúradh faoin rún sin go bhfuil comhráití ar bun le Údarás na Gaeltachta le ionad feiliúnach a fháil do “Men’s Shed”.

Pléadh chomh maith an plean atá ag an gcomharchumann Ionad Oidhreachta a thógáil ar thalamh an pharóiste, trasna ó Shéipéal an Chnoic. Bhí roinnt daoine ann a labhair ar a shon agus bhí roinnt daoine ag ceapadh go mba cheart é a lonnú in aice na Seanscoile agus tús beag a chur leis agus é a fhorbairt amach anseo. Dúirt an cathaoirleach, Peadar Mac an Iomaire, go raibh an comharchumann sásta an cás don Ionad Oidhreachta a mhíniú ag cruinniú poiblí, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, ach dáta a shocrú.


Oíche an Chultúir

Oíche an Chultúir

Beidh neart imeachtaí cultúrtha saor in aisce ar bun an Aoine seo, 21 Meán Fómhair, ar fud na tíre mar chuid den Oíche Chultúir. Seo a leanas na príomhimeachtaí a bheas ar siúl thart orainn i gCois Fharraige.

6.00pm – 8.00pm: ÓCÁID CABAIREACHTA IS CEOIL i Leabharlann na Ceathrún Rua. Filíocht, dreas cainte, amhráin nua-chumtha is ceol.

7.00 – 9.00pm: LÍNE ÉADAIGH ag an gCeardlann sa Spidéal. Taispeántas ealaíne de chuid ealaíontóirí Cheardlann an Spidéil ag ceiliúradh an tséasúir atá thart agus amach rompu.

8.00pm: CUISLE AN CHEOIL i Seanscoil Sailearna. Ceol, amhránaíocht agus damhsa á chur ar stáitse ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus ag Ceoltóirí Óga na Crannóige, ó Ghaoth Dobhair.


Seisiún Ceoil na nÓg

Tá Seisiún na nDéagóirí ar ais Dé Sathairn, sa gCruiscín Lán, An Spidéal, ón 5.15 go 6.15 gach trathnóna Sathairn. Bíonn an seisiún faoi stiúir ag ceoltóirí cumasach na háite agus tá míle fáilte roimh cheoltóirí óga, atá ag freastal ar an dara leibhéal, teacht le cúpla port a chasadh in dteannta a chéile. Bíonn soláistí ar fáil agus bíonn tuismitheoirí i bhfeighil na ndaoine óga le linn an tseisiúin i gcónaí. Tuilleadh eolais: 087-2669731.

Thosaigh Seisiún na nÓg do na páistí bunscoile an tseachtain seo caite chomh maith, san ITT, ar chúl Séipéal an Chnoic, agus bhí slua mór gasúir ann, in ainneoin nach bhfuil ranganna ceoil anois acu ó scoradh An Gaelacadamh.

Is cuma cén leibhéal ag a bhfuil siad nó cén uirlis a chasann siad, bíonn fáilte i gcónaí roimh chuile cheoltóir óg ag na seisiúin, a bhíonn ar bun idir 12.00 agus 1.00pm gach Domhnach san ITT, le linn an téarma scoile.


An Club Scannán

Let the Sun Shine In

Cuirfear tús anocht, Déardaoin, 20 Meán Fómhair, le séasúr an Fhómhair den Chlub Scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Tá liosta spéisiúil scannán roghnaithe ag an gcoiste don tséasúr: 12 scannán ar fad ó thíortha éagsúla ag tosaí le ‘LET THE SUN SHINE IN’, scannán nua ón bhFrainc. I measc na scannán eile a bheas á dtaispeáint beidh ‘An Turas Camino’, an scannán faoin turas i naomhóg a rinne Danny Sheehy, suaimhneas síorraí leis, agus Brendan Begley ó Geata Shéamais i mBleá Cliath go Santiango de Compostela i Galicia na Spáinne. Taispeánfar an scannán sin ar an Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair.

Tugann ballraíocht sa gClub Scannán ar €35 cead isteach do na scannáin go léir, nó tá cead isteach le fáil ar €8 ag an doras ar gach scannán. Is féidir le beirt clárú ar €60 ag sábhailt €10. Is féidir liosta iomlán na scannán, chomh maith le eolas fúthu, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Camchuairt Fíbín

Tá Fíbín ar ais ar an mbóthar le seó nua do pháistí bunscoile: ‘Jemamaí, Hartleby agus Ooogle Mór’.

Beidh tús á chur le camchuairt náisiúnta i Seanscoil Sailearna, ar an Déardaoin seo chugainn, 20 Meán Fómhair, agus ar an Aoine seo chugainn, 21 Meán Fómhair, le dhá sheó an dá lá, ag 10.30am agus ansin arís ag 12.00 meánlae.


Ranganna Ceoil an Ghaelacadaimh

Níl réiteach fáighte fós ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta is Gaeltachta faoi sholáthar na ranganna ceoil, amhránaíochta is damhsa i gCois Fharraige, a bhíodh á n-eagrú ag an nGaelacadamh roimhe seo. Ach tá dul chun cinn le tuairisciú sa méid is gur chas cuid de na teagascóirí leis an Roinn ar an Aoine seo caite. Leanfar leis na comhráití an tseachtain seo agus tá an Roinn dóchasach go dtiocfar ar réiteach gan mhoill, sa gcaoi is go mbeifear in ann leanúint leis na ranganna ceoil tré Ghaeilge agus nach mbeidh aon ardú ar na táillí.

Idir an dá linn tá cuid de na teagascóirí ag déanamh a gcuid socraithe féin, ach deirtear linn go bhfuil na táillí ardaithe acu, thar mar a bhíodh á ghearradh ag an nGaelacadamh.


Tuismitheoirí na Gaeltachta

Beidh clár cuimsitheach ranganna á chur ar fáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta arís i mbliana, san ionad atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, ar chúl na Leabharlainne. Chomh maith leis sin, tá ceardlann drámaíochta á cur ar fáil i gCois Fharraige i mbliana don chéad uair. Beidh an clár ama agus tuilleadh eolais faoi na ranganna le fáil ar an suíomh seo go luath. Le clárú do ranganna, nó breis eolais a fháil, ní gá ach ríomhphost a sheoladh ag tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com nó glaoch a chur ar 091 869571.

Beidh ranganna ar bun uair sa tseachtain ó thús Dheireadh Fómhair le gasúir a ullmhú d’Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne. Ach ní mór a bheith cláraithe le páirt a thógáil i gcomórtas ag Oireachtas na Gaeilge. Tá síneadh curtha leis an spriocdháta le iarratas a chur ag Oireachtas na Gaeilge. Glacfar le iarratas anois suas go dtí an Luan seo chugainn, 24 Meán Fómhair. Is féidir foirmeacha a íoslódáil agus iarratas ar líne a dhéanamh leis an nasc https://pangr-antoireachtas.herokuapp.com/.


Damhsaí Seite i dTigh Chualáin

Tigh Chualáin

Beidh an Rang Damhsa Seite i dTigh Chualáin, Coill Rua, ag tosaí ar ais ar an 3 Deireadh Fómhair agus beidh sé ar bun gach Céadaoin ina dhiaidh ag 8:00 i.n. Breis eolais le fáil ó Mháirtín Ó Brosnacháin ag an uimhir 087 9149729.

Má bhíonn éileamh ann beidh rang do thosaitheóirí ag tosaí ar an gCéadaoin chomh maith ag a 7:00 i.n.


Scathlán Bus ar an Spidéal

Is cosúil go bhfuil an TFI, Bonneagar Iompar Éireann, ag fiosrú leis an gComhairle Chontae faoin stad bus do dhaoine ag dul soir a lonnú taobh amuigh de Scoil Éinne agus seoltán bus a chur ann le go mbeadh fascadh ag daoine ag fanacht ar an mbus. Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag éileamh scáthlán bus agus stad bus nua a réiteach taobh amuigh de Scoil Éinne, in ann an stad bus ar an droichead, atá ann faoi láthair.


Comharthaí faoi Theorannacha Luais sa Spidéal

Teorainn LuaisTá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag iarraidh ar an gComhairle Chontae, san aithbhreithniú atá á dhéanamh ar theorannacha luais thart ar an Spidéal go gcuirfí in airde dhá ‘Speed Activation Safety Signs’ in airde a d’inseodh do thiománaithe cén luas atá faoin gcarr, mar atá i mBearna agus ag bun Bóthair na gCeapaigh faoi láthair.

Creideann an Comhlacht Forbartha gur beag aird a thugann tiománaithe ar an teorainn luais 50km/uair agus iad ag tíocht isteach sa Spidéal agus go gcabhródh ‘Speed Activation Safety Signs’, ceann ag Trá na mBan agus ceann siar ón droichead, leis an bóthair a dhéanamh níos sábhailte.


Peil Chois Fharraige

Mickey Ó Conaire ag ciceáil 2018

Mickey Ó Conaire ó fhoireann Chumann Micheál Breathnach ag ciceáil na peile sa gcluiche inar bhuail foireann Micheál Breathnach an fhoireann Gaeil na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine, le áit a fháil sa gCluiche Ceannais Sóisir C. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

Fuair foireann peile Micheál Breathnach tríd go dtí an cluiche ceannais sa gcomórtas Sóisear C ag an deireadh seachtaine nuair a bhuail siad Gaeil na Gaillimhe leis an scór 4 – 05 in aghaidh 2 – 02 sa chluiche leath-cheannais.

Beidh an dá fhoireann idirmheánach i gCois Fharraige ag imirt an deireadh seachtaine seo chugainn sna babhtaí ceathrú ceannais an chontae. Casfaidh Micheál Breathnach ar Oranmore/Maree ag 4.30pm ar an Satharn i Staid an Phiarsaigh agus roimhe sin ag 3pm beidh peileadóirí An Spidéil ag dul in aghaidh Menlough i Staid an Phiarsaigh chomh maith.


Torthaí Spóirt

Peil (Sóisear C): Ml. Breathnach 4 – 05, Gaeil na Gaillimhe 2 – 02.

Peil (Mionúr C): Ml. Breathnach 0 – 11, An Spidéal 1 – 08.

Peil (faoi 14): Spidéal 5 – 13, Kilkerrin/Clonberne 3 – 04.

Peil (faoi 13 2B): Spidéal 4 – 06, Ml. Breathnach 3 – 09.

Iomáint (Sóisear A): Bearna/Na Forbacha 0 – 13, Ard Rathain 1 – 10.

Iomáint (Idirmheánach): Spidéal 0 – 08, Oranmore/Maree 1 – 21.

Iomáint (faoi 15B): Cois Fharraige 4 – 06, Ml. Cusacks 2 – 06.

Iomáint (Sóisear C1): Spidéal 0 – 08, Gort Inse Guaire 4 – 07.

Sacar (Roinn II): Cois Fharraige 4, Uachtar Ard 0.

Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 1 – 14, Bóthair na Trá 3 – 7.


19 Meán Fómhair 2018