Cartlann Nuachta: 2 Bealtaine 2018
Féile Náisiúnta Drámaíochta
Naíonáin Mhóra agus Naíonáin Bheaga ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a fuair an chéad áit i rannóg na naíonán ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta, a reachtáladh an tseachtain seo caite i Muileann gCearr.
Ó chlé: Donnacha Ó Cualáin, Naoise Ó Fátharta, Riona Ní Fhátharta, Sorcha Ní Shuilleabháin, Aoife Ní Chonchubhair, Abigail Ní Chnáimhín, Éabha Ní Chéide, Luca Mac Con Iomaire, Ruadhán Ó Maoileoin, Seán Mac Donnacha agus Aoife Ní Nia. Bhí Caolán Castillo Keating sa dráma chomh maith ach níl sé sa bpictiúr.
Cúig dhráma ar fad ó scoileanna i gCois Fharraige a bhí páirteach sa bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta i Muileann gCearr, an tseachtain seo caite. D’éirigh le Scoil Sailearna an chéad duais a bhaint amach i gComórtas 8 leis an dráma ‘Craobh an Chontae’ agus bhain na naíonáin ó Scoil Náisiúnta Cholmcille, Ros a’ Mhíl, an chéad áit i gComórtas 1 leis an dráma ‘Na Trí Bhéar.’
Ba ar Scoil Náisiúnta Cholmcille ar an Tulach a bronnadh an duais sa rannóg ‘An Bhunscoil Gaeltachta is Fearr’ leis an dráma ‘Na Cuairteoirí’ agus bhain siad an chéad áit amach i gComórtas 4.
Ghlac an dá scoil iar-bhunoideachais páirt sa gComórtas Náisiúnta chomh maith: Coláiste Cholmcille, leis an dráma ‘Meastú’ agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, leis an dráma ‘Bród’.
Rang 3 & 4 ó Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach a bhain an chéad áit amach ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta an tseachtain seo caite leis an dráma “Na Cuairteoirí” agus fuair siad Duais Speisialta don Bhunscoil Ghaeltachta is fearr.
Ar chúl, ó chlé: Rhian Seoighe, Aonghus Ó Fátharta, Jayden Kennedy, Seán Óg Ó Fátharta, Lúc Ó Tuairisg, Charlie Ó Gríofa, Daniel Mac Eochagáin, Tomás Ó Neachtain Anthony MacDonnacha.
Lár, ó chlé: Caomhán Mac Con Iomaire, Ruadhán Ó Fátharta, Ruán Ó hÁinle, Rian Ó Gríofa, Aodhán Ó Donnchadha, Ruairc Ó Fátharta, Séamus Óg Ó Márta, Jack Ó Conghaile, Seán Luccas Ó Conghaile,
Chun tosaigh, ó chlé: Evan Mac a’Choiligh, Mailí de Cléir, Adhna Ní Chonghaile, Niamh Ní Mhainnín, Aoife Ní Chonghaile, Eimear Ní Dhiomsaigh, Stephanie Nic Tháibhis, Diarmuid Knox.
Iománaithe Mícheál Breathnach i Sraith na Tána
Iománaithe faoi 12 ó Chumann Mícheál Breathnach a ghlac páirt i Sraith na Tána i LárIonad CLG Chonnachta i mBéacán, Co. Mhaigh Eo, le gairid, áit ar imir siad foirne as Béal an Átha, Clár Chlainne Mhuiris, Tuairín agus Béal Átha Bhearaigh.
Cé gur in aghaidh fhoirne Mhaigh Eo a d’imir siad, ghlac foirne as chuile chontae sa gCúige páirt sa gcomórtas. Bhí an-choimhlint ann agus cluichí breátha in aimsir aoibhinn.
Ar chúl, ó chlé: Cian Ó Cadhain, Ferdia Ó Braonáin, Glaisne Mac Réamoinn, Caoilte Canny, Caomhán Mac Con Iomaire, Daniel Mac Eochagáin, Anthony McDonagh, Tomás Ó Neachtain.
Chun tosaigh, ó chlé: Cian de Búrca, Cormac Ó Braonáin, Eoin Ó Gionnáin, Evan Craughwell, Stiofán Ó Neachtain. Páirteach ach nach bhfuil sa bpictiúr: MacDara Ó Grádaigh, Paul Bheilbigh agus Diarmad Ó Fátharta.
Achomharc ag an mBord Pleanála
Tá achomharc déanta ar an mBord Pleanála ag an bhforbróir Ronan Barrett in aghaidh cinneadh an Chomhairle Chontae cead pleanála a dhiúltú don óstán agus don fhorbairt tithíochta a bhí beartaithe ag a chomhlacht Baile Éamonn Teo.
Thug an Chomhairle Chontae trí chúis leis an gcead pleanála a dhiúltú:
(i) Bheadh an fhorbairt ag teacht salach ar Phlean Áitiúil na Gaeltachta, mar gheall ar an gcriosú (zónáil) atá faoi láthair ar an suíómh;
(ii) An baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an phobail ó shéarachas;
(iii) Dearadh agus scála.
Suathaireacht do Leanaí
Tá cúrsa nua suathaireachta do leanaí (baby massage) le tosú ar an gCeathrú Rua ar an gCéadaoin seo chugainn, 9 Bealtaine. Veronica Ní Loideáin a bheas i mbun an chúrsa.
Cúrsa 6 seachtaine atá ann ó 10.30am go 12 meánlae gach Céadaoin agus an táille ná €50.
Tá an cúrsa feiliúnach do leanaí ó 6 seachtaine d’aois go 9/10 mí.
Sí an Ghaeilge teanga an chúrsa, atá eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Is féidir clárú anois ach glaoch ar 091 869571, nó ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulltuismitheoiri.ie
Dumhach na Leanbh
Ag cruinniú an Déardaoin seo caite cuireadh fochoiste le chéile chun tabhairt faoin obair athchóirithe atá le déanamh ag Dumhach na Leanbh ar an Teach Mór, le Breandán Ó Tuairisg ina chathaoirleach air. Sé Breandán a d’eagraigh an chéad athchóiriú ar Dhumhach na Leanbh os cionn 40 bliain ó shin.
Beidh meitheal ag bailiú le chéile ag 7.00pm an Déardaoin seo chun tús a chur leis an obair athchóirithe. Ceaptar go gcosnóidh sé beagán le cois €5,000 an obair athchóirithe a dhéanamh. Tá €400 geallta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Caithfear an chuid eile den airgead a bhailiú go háitiúil. Cuirfear tús le feachtas bailiúcháin poiblí airgid go gairid ag Siopa an Phobail.
Féile Leabhar Chois Fharraige
Tá sé beartaithe ag Club Leabhar Chois Fharraige féile litríochta a eagrú mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá an Club Leabhar ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é breis is bliain ó shin. Tagann an Club le chéile gach mí i dTigh Mholly, Indreabhán, le leabhar Gaeilge a phlé.
Ar an gCéadaoin, 9 Bealtaine, a bheas an chéad ócáid eile ag an gClub, nuair a dhéanfar an leabhar ‘Mac Dé, Cé hÉ?’ le Pádraig Standún a phlé.
Céilí i gColáiste Chonnacht
Daoine ag baint sásaimh ar an gCéilí a bhí i gColáiste Chonnacht an Domhnach seo caite, eagraithe ag Traidphicnic.
D’éirigh thar barr leis an gCéilí Teaghlaigh a bhí ar bun ar an Domhnach seo caite i gColáiste Chonnacht, a bhí eagraithe ag ag Traidphicnic, an fhéile mhór ceoil a bhíonn ar bun sa Spidéal tús mí Iúil gach bliain.
An banna ceoil COGAR a chuir ceol bríomhar ar fáil agus choinnigh Gearóid Mulrooney, a bhí ina fhear a’ tí, treoracha do na damhsóirí.
Beidh an banna COGAR ag casadh ceoil ag Traidphicnic tús mí Iúil i mbliana.
Beirt Óg i mbun Damhsa ag an gCéilí
I dTreo an tSolais ar son Pieta House
Beidh an tsiúlóid bhliantúil ar mhaithe le Pieta House ar bun seachtain ón Satharn seo, 14 Bealtaine, sa gCeathrú Rua. Tosóidh an tsiúlóid ag 4.15am ar maidin.
Seo é an phríomhócáid tiomsaithe airgid a bhíonn ag an eagraíocht Pieta House, a oibríonn le daoine a mbíonn i gcontúirt báis ó fhéinmharú.
An mhaidin sin beidh daoine ag tíocht le chéile sa Scoil Chuimsitheach, An Cheathrú Rua, le tús a chur leis an tsiúlóid.
Is féidir clárú ar líne ach dul ag an suíomh dil.pieta.ie.
Cúrsa Clóscríobh ar Ríomhaire
Tá Comharchumann Sailearna Teo., i gcomhar le Coláiste Cholmcille, le ranganna clóscríbhneoireacht ar ríomhaire a chur ar fáil do ghasúir bhunscoile Rang 5 & 6.
Beidh na ranganna ar siúl i gColáiste Cholmcille, Indreabhán, gach Máirt ag tosaí ar 8 Bealtaine, 2018, ó 2.50i.n. go 4.00i.n. Beidh sólaistí éadroma ar fáil do na páistí roimh thús an rang.
Tá spás ar an gcúrsa do 17 dalta agus glacfar le iarratais suas go dtí go mbíonn an cúrsa lán.
Beidh costas €25 ar an gcúrsa 5 seachtainí, a bhéas le n-íoc roimhré. Beidh sóláistí éadroma san áireamh anseo.
Tá foirm iarratais ar fáil ó na scoileanna áitiúla nó tré ghlaoch ar Chomharchumann Sailearna Teo. ag 593017.
Beidh sé riachtanach do thuismitheoir/caomhnóir a bpáiste/páistí a shíniú isteach agus a shíniú amach ag gach rang.
Má bhíonn éileamh mór d’fhéadfadh go reachtáilfí an dara sraith ranganna.
Beidh an teagascóir Máire Ní Mhurchú i mbun agus cúntóir ranga ag tacú leí.
Tá an cúrsa maoinithe ag an Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin le tacaíocht ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán.
Club na bhFoghlaimeoirí
Tá Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an bhfód anois le trí bliana agus é ag dul ó neart go neart ag tabhairt cúnamh do dhaoine nua i gCois Fharraige chun an teanga a mháistriú go nádúrtha.
Tá seomra ranga faighte ag an gClub i mBaile an tSagairt, a bhuíochas sin d’Údarás na Gaeltachta. As seo amach is ann a bheas an rang meánleibhéil ar siúl gach Máirt ón 11.00am go dtí a 1.00pm. I rang an Mháirt cuirtear béim ar chomhrá, filíocht agus gramadach na Gaeilge.
Beidh rang nua ag tosaí ar an gCéadaoin seo chugainn, 9 Bealtaine, ó 7.00 – 8.00pm. I rang na Céadaoine bíonn béim ar leabhra simplí do pháistí a léamh atá aistraithe go canúint Chois Fharraige, leabhra ar nós An Seachtar Stuama (The Secret Seven), An Cúigear Cróga (The Famous Five) agus Dónall Dána (Horrid Henry). I mí Meithimh cuirfear tús le rang bunléibhéil do dhaoine nach bhfuil acu ach ‘cúpla focal’. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a chur chuig: spiddalgaeilge@nullgmail.com
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil f 14: An Spidéal 6 – 04, Ml Breathnach 3- 06.
Peil f 16: An Spidéal 9 – 11, Cill Ainnín 1- 07.
Peil (Mionúr): Ml Breathnach 3 – 08, An Fháirche 5 – 12.
Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 5 – 12, Gort 0 – 01.
Peil (Roinn 2): Ml Breathnach 0 – 10, Maigh Chuilinn 2 – 13.
Peil (Roinn 2): An Spidéal 0 – 11, Caherlistrane 1 – 11.
Peil (Roinn 6): An Spidéal 3 – 10, Uachtar Ard 1 – 08.
Iomáint f 14: Ml. Breathnach 0 – 02, Port Omna 5- 05.
Iomáint f 14: Cois Fharraige 1 – 03, Carn Mór 1- 09.
Iomáint f 16: Cois Fharraige 2 – 09, Abbeyknockmoy 2- 12.
Iomáint (Coláistí): Coláistí Chois Fharraige 1 – 07, St Jarlaths 2 – 03.