Cartlann Nuachta: 2 Deireadh Fómhair 2019
Féile Leabhar Chois Fharraige
An grúpa ceoil DRIS ÓG a bheas ag casadh ag Ceolchoirm na gCumadóirí i Seanscoil Sailearna ar an Satharn seo chugainn, 5 Deireadh Fómhair, mar chuid de Fhéile Leabhar Chois Fharraige.
Ó chlé: Dylan Ó Faoláin, Darragh Mac Aodha, Seán Ó Gallchobhair, Katie Ní Ghallchobhair, Finnán Ó Srutháin.
An deireadh seachtaine seo beidh Féile Leabhar Chois Fharraige ar siúl den dara bliain as a chéile, ag tosú ar an Aoine, 4 Deireadh Fómhair, ag 7.30pm i dTigh Mholly, An Lochán Beag, agus ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach. Eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige tugann an fhéile deis don phobal léitheoireachta casadh leis na scríbhneoirí, éisteacht leo ag léamh agus ceisteanna a chur orthu faoin a gcuid saothair litríochta.
Darach Ó Scolaí agus an leabhar Táin Bó Cuailnge á fhoilsiú
I measc na scríbhneoirí a bheidh páirteach sa bhféile i mbliana beidh Colmán Ó Raghallaigh, Darach Ó Scolaí, Anna Heusaff, Diarmuid Ó Ceallaigh, Biddy Jenkinson, Pauline Ní Chonaonaigh. Beidh siad ag léamh os ard agus i mbun comhrá leis an bpobal i dTigh Mholly in Indreabhán le linn na féile.
Beidh Ceolchoirm na gCumadóirí ar siúl oíche Dé Sathairn i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.00; ticéid ar díol ag an doras ó 7.40 ar aghaidh. Beidh na ceoltóirí agus na cumadóirí nua-amhráin Ghaeilge seo a leanas páirteach i gceolchoirm na bliana seo: Pádraic Seoighe agus a Chairde, an grúpa Dris Óg agus an rapfhile Séamus Barra Ó Súilleabháin lena bhanna ceoltóirí.
Tháinig Dris Óg ar an bhfód i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus tá go leor bainte amach acu go dtí seo. Tá siad tar éis casadh ag an Techféile i nGaillimh agus ag Féile na Bealtaine sa Daingean. D’éirigh leo dul chomh fada leis an gCraobh i gcomórtas Scléip anuraidh chomh maith le casadh beo ag an Inec i gCraobh Comórtas Beo 2019 ag Oireachtas na Gaeilge. Cuir fáilte mhór roimh Katie, Seán agus Finnán a chairde.
Is as Ros a Mhíl do Phádraic Seoighe agus casann sé leis an mbanna ceoil The Fast Company, atá lonnaithe i nGaillimh. D’éirigh le Pádraic an chéad áit a bhaint amach sa gComórtas Pancheilteach lena amhrán ‘Ar Saoire.’ Is ceoltóir ildánach é Pádraic a chasann idir ceol tíre, ceol bluegrass agus ceol traidisiúnta. Beidh lón anama romhainn lena chuid ceoil. Cuir fáilte mhór roimh Pádraic Seoighe agus cara.
An Rapfhile Séamus Barra Ó Súilleabháin
Tá an t-ádh linn Séamus Barra Ó Súilleabháin a bheith linn. Is í bhfoirm rap a chuireann Séamus Barra a chuid filíochta i láthair agus tá an-cháil bainte amach aige ó foilsíodh a chéad leabhar filíochta ‘Beatha Dhónaill Dhuibh,’ leabhar atá nuálach ar chuile bhealach. In éineacht le Séamus beidh an ceoltóir dordveidhil, nó cello, Seághan Mac an tSionnaigh, an file Ciara Ní É, an ceoltóir leictreonach Rob Ó Maolchiaráin ón mbanna ‘Tuath’ agus an ceoltóir Niall Ó Briain. Tá siad éis teacht as chuile chearn don tír. Cuirigí bhur lámha le chéile do Shéamus Barra agus cairde.
Beidh Gemma Breathnach i mbun scéalaíochta le gasúir idir 6 – 8 mbliana d’aois i Leabharlann an Spidéil. Beidh Brigid Bhreathnach i mbun scéalaíochta le gasúir níos óige, idir 3 – 5 bliana d’aois, sa gCrann Taca in Indreabhán.
Mar chuid den fhéile tá an scríbhneoir Maedhbh Ní Eadhra i mbun ceardlanna scríbhneoireachta faoi láthair le scoláirí na meánscoileanna áitiúla.
Joe Steve Ó Neachtain
Beidh Joe Steve Ó Neachtain ag léamh sleachta óna dhírbheathaisnéis do na rannpháirtithe i dTearmann Éanna ar an Tulach chun críoch a chur leis an bhféile.
Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, seachas an ceolchoirm ar an Satharn seo chugainn i Seanscoil Sailearna.
Tá tuilleadh eolais agus Clár na Féile Leabhar ar fáil anseo: Clár na Féile Leabhar
Na Breathnaigh i nDá Chluiche Ceannais
Maidhc Ó Conghaile ar chlé agus Dara Mac Dubhghaill ar dheis, beirt imreoirí peile le Cumann Micheál Breathnach, a bheas ag imirt i gCluiche Ceannais an Chontae in aghaidh Uachtar Ard don Chraobh Idirmheánach ar an Domhnach seo chugainn i Staid an Phiarsaigh, ag tosú ag 3.45pm.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Tá na bratacha Gorm is Bán ag foluain agus tá na comharthaí feistithe ar thaobh an bhóthair i gCois Fharraige le tacaíocht a léiriú don fhoireann peile ó Chumann Micheál Breathnach, a bheas ag dul san iomaíocht i gCluichí Ceannais an Chontae sa nGrád Idirmheánach ar an Domhnach seo chugainn i Staid an Phiarsaigh. Ceaptar ar an Domhnach dar gcionn go mbeidh an fhoireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach san iomaíocht do Chraobh an Chontae sa gcomórtas Sóisear a hAon, comórtas a bhuaigh siad roinnt bheag blianta ó shin.
Bua Maith ag an bhFoireann Camógaí
Foireann Camógaíochta Chois Fharraige a bhuail Turlach Mór, an Domhnach seo caite i mBóthair na Trá, le áit a chinntiú sna babhtaí leathcheannais i gComórtas Craoibhe an Chontae (Sóisear A).
Chun tosaigh: Bróna Ni Cheallachain, Máire Ni Fhrighil, Aghna Nic Dhonncha, Sorcha Ni Fhrighil, Fionnuala Ni Ghruinéil, Tiffany Ni Choistealbha, Éabha Ni Chonláin, Aisling Ni Chonghaile, Aoife Nic Dhonncha, Éilís Ni Shé, Tara Ní Bhriain.
Ar chúl: Gerry Ó Fátharta, Béibhinn Ni Ghriofa, Hannah Ni Dhoimhín, Aisling Ni Chonchubhair, Aoife Nic Chormaic, Dearbhla Ni Mhárta, Síofra Ni Mhárta, Áine Ni Laoi, Treasa Ní Chadhain, Caitriona Ni Churraoin, Áine Ni Chonghaile, Aobh Nic Dhubhghaill, Becky Ni Éallaithe, Siobhán Ni Neachtain, Máirtín Ó Dubhghaill, Áine Ni Dhubhghaill, Léan Bhreathnach.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
An Domhnach seo caite bhí bua maith ag foireann camógaíochta Cois Fharraige ar fhoireann láidir ón Turlach Mór, cluiche a imríodh i mBóthair na Trá.
Thosaigh Turlach Mór go maith agus bhí trí chúilín aimsithe acu sul a scóráil Máire Ní Fhrighil an chéad chúilín do Chois Fharraige. Cúl a fuair Aobh Nic Dhubhaill, tar éis pas gleoite a fháil ó Aoife Nic Dhonnacha, a chuir Cois Fharraig chun cinn don chéad uair agus ag leath ama bhí an cúl sin idir an dá fhoireann.
Sa dara leath thosaigh Cois Fharraige go maith agus nuair a scóráil Aoife Nic Dhonnacha cúl tar éis deich nóiméad bhí an chuma ar an scéal go raibh an rás rite ag cailíní an Achréidh. Ach throid siad ar ais agus d’aimsigh siad cúl agus trí chúilín i ndiaidh a chéile chun an cluiche a chothromú. Ach fuair Aoife Nic Dhonnacha cúilín ó shaorphoc agus fuair Máire Ní Fhrighil cúl íontach a chuir Cois Fharraige amach chun tosaigh aríst. Ach níor luigh Turlach Mór ar na maidí agus scóráil siad trí chúilín i ndiaidh a chéile chun an bhearna a laghdú go dhá chúilín. Tháing an brú mór ar chosantóirí Chois Fharraige le cúl a ghéilleadh sna noiméid deireannacha den chluiche, ach sheas siad an fód go maith. Scóráil Aoife Nic Dhonnacha cúilín eile do Chois Fharraige chun iad a chur trí chúilín chun tosaigh nuair a séideadh an fheadóg.
I measc na dtosaithe bhí Aoife Nic Dhonnacha, Máire Ní Fhrighil, Síofa Ní Mhárta agus Aobh Nic Dhubhghaill thar barr, ag tógáil a gcuid seansanna le scóranna tabhachtacha a aimsiú. Ag imirt mar leath thaca lár is iomaí ruathair a chuir Tiffany Ní Choistealbha stop leis, ag glanadh an sliotair óna líne agus ag cur Cois Fharraige ar an ionsaí. Rinne Fionnuala Ní Ghruinéil an t-uafás oibre ag lár na páirce.
Fágann an bua ar an Turlach Mór go bhfuil trí chluiche buaite ag cailíní Chois Fharraige sa ghrúpa agus cluiche amháin eile le imirt in aghaidh Baile an Doirín. Tá siad réasúnta cinnte de áit i gCluiche Leathcheannais an Chontae.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ar Ais
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Thosaigh Seisiún na nDéagóiri an Satharn seo caite sa gCrúiscín Lán, An Spidéal. Ar an dáta sin, agus chuile sheachtain as sin amach, beidh míle fáilte roimh cheoltóirí óga iarbhunscoile chuig an seisiún oscailte do na déagóirí ó 5.15 – 6.15pm sa gCrúiscín Lán sa Spidéal.
Tá an seisiún do na ceoltóirí in aois bunscoile tosaithe ar ais san ITT gach Domhnach ón 12 meán lae go 1.00pm. Fáilte i gcónaí roimh ceoltóirí óga nua.
Scéim Nua Fuinnimh
Tá an Clár Éifeachtacht Fuinnimh i gcomhar le KORE Retrofit ag lorg léirithe spéise chun a bheith rannpháirteach sa scéim retrofit fuinnimh atá á maoiniú ag an SEA ó uinéirí tí, ó eagraíochtaí pobail agus ó ghnóthaí tráchtála chomh maith.
Beidh an clár á sheoladh ar an gCéadaoin seo chugainn, 9 Deireadh Fómhair, i Halla na Tulaí. Le tús a chur leis an seoladh tabharfar cuairt ag 2.00pm ar theach cónaithe a ndearnadh uasghrádú air le déanaí BER “G” go teach cónaithe nua-aimseartha, compordach agus BER “A3” anois aige.
Beidh an seoladh féin ar siúl ón 5.30pm go dtí 7.30pm. Beidh feithiclí leictreacha ar taispeáint agus beifear in ann roinnt acu a thiomáint, len iad a thríáil.
Moltar an chuairt ar an teach agus tiomáint na bhfeithiclí leictreacha a chur in áirithe. Beidh aoichainteoirí i láthair ag míniú cén chaoi le cáiliú do na deontais suas le 80%.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun turas nó tiomáint thrialach a chur in áirithe is féidir glaoch ar 091 551922 nó ríomhphost a chur chuig eolascef@nullgmail.com.
Club Scannán Sailearna
Radharc as THE 12th MAN, scannán suite san Iorua i 1942 le linn an chogaidh, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag 8.15pm an Déardaoin seo, 3 Deireadh Fómhair.
Cuireadh tús maith an Déardaoin seo caite le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, le scannán an-mhaith ón Spáinn EVERYBODY KNOWS. Ar an Déardaoin seo teaspánfar THE 12th MAN, scannán atá bunaithe ar scéal fíor agus suite san Iorua i 1942, nuair a bhí Arm na Gearmáine i seilbh na tíre. Maraítear 11 de ghrúpa a chuirtear ag an Iorua le misiún áirithe a dhéanamh ach éiríonn leis an 12ú duine a bhealach a dhéanamh in ainneoin iarrachtaí an Gestapo greim a fháil air.
Idir sin agus tús mhí na Nollag beidh scannán le feiceáil gach oíche Déardaoin ar an scáileán mór san Amharclann i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm. Taispeánfar 11 scannán ar fad, ó go leor tíortha agus i dteangacha éagsúla. Cé go mbíonn na scannáin i dteangacha éagsúla, bíonn fotheidil i mBéarla leo.
Is féidir ballraíocht a fháil sa gClub Scannán ar €35 (€30 do phinsinéaraí) a thugann cead isteach do na scannán go léir idir seo agus an Nollaig. Glacfar le ballraíocht ag an doras roimh scannán. Is féidir le daoine íoc do réir an scannáin chomh maith ar €8 (€7).
Tá liosta iomlán na scannán don tséasúr le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Cúrsa Cruinneas Gaeilge
Cuirfear tús ar an Luan seo chugainn, 7 Deireadh Fómhair 2019, le cúrsa do dhaoine le Gaeilge mhaith cheana féin, ach a bheadh ag iarraidh a gcruinneas sa teanga scríofa a fheabhsú. Cúrsa sé seachtaine a bheas ann, atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ón GRETB, faoin scéim Oideachas Pobail.
Sé Máirtín Ó Curraoin a bheas ag teagasc ar an gcúrsa. Míneofar ar an gcúrsa na bogearraí ríomhaireachta atá ar fáil do dhaoine a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
Beidh an cúrsa ar bun sa seomra ríomhaireachta ar chúl Seanscoil Sailearna. Níl ach €20 mar tháille ar an gcúrsa. Le áit a chinntiú ar an gcúrsa ní mhór áit a chur in áirithe, mar tá teora leis an méid daoine ar féidir glacadh leo. Le áit a chur in áirithe ní mhór glaoch a chur ar Ghearóid Ó Fátharta ag an uimhir 087 1234415 nó ríomhphost a chur ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Ranganna Seite Tigh Chualáin
Cuirfear tús leis an rang damhsa seite i dTigh Chualáin, Coill Rua, ar an gCéadaoin seo chugainn, 2 Deireadh Fómhair. Idir seo agus an Nollaig beidh an rang ar bun gach Céadaoin ag 8.00 i.n., faoi stiúr Mháirtín Uí Bhrosnacháin.
Beidh fáilte roimh thosaitheóirí ag an rang. Breis eolais le fáil ó Mháirtín 087 9149729.
Comóradh 50 Bliain de Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl
Sa mbliain 1969, dúnadh Scoil Nioclás Naofa i nGleann ‘Ac Muirinn agus déanadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille na nDoireadh. Bhí an scoil nua tógtha i Ros a’ Mhíl ach is cosúil nach raibh an scoil baileach réidh fós agus ba i seanscoil na nDoireadh a cuireadh tús leis an scoilbhliain ar an 27ú Lúnasa 1969. Ba ar an 6ú Meán Fómhair a bhog na múinteoirí agus na scoláirí isteach sa scoil nua.
Mar chomóradh ar an scoil agus í caoga bliain ar an bhfód beidh deireadh seachtaine thíos i Ros a’ Mhíl ag ceiliúradh na hócaide. Cuirfear tús leis an ócáid ar an 11ú Deireadh Fómhair áit a ndéanfar oscailt agus beannú ar an ngairdín céadfach nua thógtha. Ar an 12ú Deireadh Fómhair beidh cluiche peile ar pháirc Ros a’ Mhíl idir iarscoláirí Scoil Cholmcille agus foireann áitiúil. Beidh tús dhá chur le seo ag 12.00 meán lae. Ar an Satharn freisin beidh seoladh Leabhar Ceiliúradh 50 bliain Scoil Cholmcille , thíos Tigh Terry @ 8.00 i.n agus ceol le Cillín. Beidh sóláistí curtha ar fáil i rith an deireadh seachtaine agus céad míle fáilte roimh chách.
Torthaí Spóirt
Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 3 – 11, Turlach Mór 1- 14.
Iománaíocht (Idirmheánach): Spidéal 1 – 15, Annaghdown 2 – 17.
Iomáint (Sóisear A): Ml. Breathnach 0 – 11, Tynagh Abbey Duniry 3 – 15.
Peil (faoi 14): An Spidéal 0 – 03, Tuam All Stars 4 – 12.
Peil (Cluiche Ceannais f14): Ml. Breathnach 0 – 11, Caherlistrane 2– 07.