Cartlann Nuachta: 2 Márta 2016
2 Márta 2016
Cumann Forbartha 50 Bliain ar an bhFód
Ar an Domhnach seo chugainn, leathchéad bliain ó shin, a bunaíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige. I séipéal an Chnoic a tugadh cuinniú poiblí le chéile chun coiste pobail a chur ar bun. An tAthair de Bláca, a thainig go Cois Fharraige sa mbliain 1964, a thug an cruinniú le chéile. Toghadh coiste agus leagadh amach plean dúshlánach oibre.
Thar na blianta tá go leor bainte amach ag an gCumann Forbartha: tá uisce sna tithe, monarchana curtha ar bun, páirc bhreá peile agus áiseanna caitheamh aimsire eile, Seanscoil Sailearna caomhnaithe agus á usáid mar ionad cultúrtha is oideachais.
Tá ceathrar den chéad choiste beo i gcónaí: Peadar Mac an Iomaire, a bhí ina chéad Rúnaí; Seán Ó Tuairisg ón Lochán Beag, a bhfuil cónaí air i Scailp an Chait; Seán Ó Sruthán ón gCoill Rua agus Timín Joe Tim Ó Curraidhín ón gCnocán Glas.
Théis Aifreann 11 ar an Domhnach beidh tíocht le chéile sa seomra ar chúl Shéipéal an Chnoic leis an ocáid stairiúil a chomóradh. Beidh fáilte roimh an bpobal, ach go speisialta roimh na daoine a bhí páirteach i gCoiste an Chumann Forbartha le blianta fada anuas.
Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha ócáid chomórtha a eagrú níos deireanaí sa mbliain agus eagrán speisialta den iris BISEACH a fhoilsiú.
Tá alt faoi Chumann Forbartha Chois Fharraige le Donncha Ó hÉalaithe anseo.
Mac Piarais i bPictiúir
Mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca, beidh FÍBÍN ag tabhairt seó nua go Meiriceá agus Ceanada an chéad mhí eile. ‘Mac Piarais i bPictiúir’ atá ar an seó, atá curtha le chéile ag na deartháireacha Harry agus Dara Mc Gee.
Beidh an seó á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna ar an gCéadaoin seo chugainn, 9 Márta ag 8.00 i.n., sa gCrompán ar an gCeathrú Rua ar an Déardaoin agus ar an Aoine, 10 agus 11 Márta, ag 10.30 r.n. agus 12 i.n.
Athchruthú iontach atá ann ar Éirí Amach na Cásca, a dhíríonn ar chúig phríomh-phearsana ón Éirí Amach. Baintear leas as an ealaín bheo agus as ceol beo le linn an léirithe. Tarlaíonn casadh drámatúil ag an deireadh, nach mbíonn aon súil leis. Tuilleadh eolais faoi thicéid ach glaoch ar Fíbín ag 091 505855.
Éigse an Spidéil
Cuireadh tús le Éigse an Spidéil 2016 aréir le taispeantas ealaíne ón ealaíontóir Breandán Ó Súilleabháin sa mBuilín Blasta, Ceardlann an Spidéil. Beidh an taispeántas ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Seo thíos cuid de na himeachtaí a bheas ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine:
-
Anocht, Déardaoin, osclófar an fhéile go foirmiúil le Ardán na hÉigse, Tigh Ghiblin ag 8.00 i.n., áit a mbeidh an file Louis de Paor ag léamh agus an fidléir cumasach ón gClár, Tola Custy, i mbun an cheoil.
-
Amárach, Dé hAoine, 4 Márta, i gColáiste Connacht beidh Aisteoirí an Spidéil ag cur ar stáitse an seó speisialta atá réitithe acu in ómós do laochra 1916, ar a tugtar ‘Ionmhain Liom Cois Fharraige’.
-
In Óstán na Páirce ag meán lae ar an Satharn beidh comórtas amhránaíochta i gcuimhne ar Pheatsaí Ó Ceannabháin do dhaoine faoi 18 mbl.
-
I Stiúideo Cuan beidh máistir-rang sa veidhlín ar bun le Bryan Rooney agus Jesse Smith ón 1.30 go 4.00.
-
In Óstán na Páirce beidh Ceolchoirm Mhór na hÉigse ar bun le ceoltóirí is amhránaithe den scoth.
-
Ar an Domhnach beidh siúlóid á stiúradh ag Timín Joe Tim Ó Curraidhín sa Spidéal, ar a mhíneofar cuid de stair na háite.
-
Ar an Domhnach chomh maith sa Droighneán Donn, bronnfar Laoch an Traidisiúin ar phearsa eicínt mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige/aice ar mhaithe le éigse Chois Fharraige. Is ann a bheas an seisiún mór ceoil le clabhsúr a chur leis an deireadh seachtaine.
Seo clár iomlán na féile:
Scannán Spéisiúil ón Iaráin sa tSeanscoil Anocht
Meascán den ghreann agus den ghruaim atá sa scannán TAXI TEHRAN, a bheas á thaispeáint sa tSeanscoil anocht. Chuaigh Jafar Panahi ag tiomáint tacsaí nuair a cuireadh cosc air scannáin a dhéanamh. Mar sin féin, tá a chuid custaiméirí á dtaifead aige ar an gceamara beag atá i bhfolach ar an deais sa gcarr. In ainneoin na dianchinsireachta atá i bhfeidhm ag réimeas na tíre, insíonn na taifid seo scéal reatha na hIaráine. Bhuaigh an scannán seo gradam an Golden Bear ag Féile Scannán Bheirlín in 2015.
Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 3 Márta, ag tosaí ag 8.15 i.n. Tá níos mó eolais faoin scannán, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Rith 2016
Beidh RITH 2016 ag tíocht tríd Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn, 7 Márta. Is rith sealaíochta atá ann atá ceapaithe pobail áitiúla a fud na tíre a spreagadh i dtaobh na Gaeilge. Bíonn grúpaí áitiúla ag déanamh urraíochta ar chuid den bhealach. Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag déanamh urraíochta ar an gciliméadar idir Siopa an Phobail agus Seanscoil Sailearna.
Maidin Luain seo chugainn, 7 Márta, beidh RITH 2016 ag fágáil Inis, Co. an Chláir agus ag sníomh a bhealach aneas go Gaillimh agus ansin amach Bóthair Chois Fharraige chomh fada leis an gCeathrú Rua, áit a stopfaidh sé don oíche. Iarrtar ar dhaoine ó Chois Fharraige ar mhaith leo páirt a ghlacadh i RITH 2016, bailiú le chéile ag Ceardlann an Spidéil ag 4.00 i.n. ar an Luan agus píosa den bhealach a dhéanamh in éindí leis na reathaithe a bheas tagaithe ó Inis.
Seo é an tríú bhliain RITH a bheith á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Glór na nGael. Is bealach íontach spleodrach é le tacaíocht a léiriú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Beidh fáilte roimh dhaoine óga, agus daoine nach bhfuil chomh óg sin, a bheith páirteach tré bailiú le chéile sa Spidéal ag an gCeardlann ag 4 i.n. agus má tá na cosa go maith futhu, ciliméadar nó dhó a dhéanamh tríd an Spidéal agus isteach i bparóiste an Chnoic.
Imreoirí na Bliana 2015
Ar an Satharn seo caite ag ócáid i Seanscoil Sailearna, a d’eagraigh Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, tugadh aitheantas speisialta don fhoireann camógaí a bhain Craobh an Iarthair faoi 15 anuraidh. Chomh maith leis sin, bronnadh gradam Imreoir na Bliana ar chailín amháin i ngach aoisghrúpa. Seo a leanas na cailíní a roghnaíodh mar imreoirí na bliana 2015:
Peil na mBan:
-
Faoi 12: Deirbhle Ní Mhárta, Na hAille.
-
Faoi 14: Síofra Ní Mhárta, Na hAille.
-
Faoi 15: Rosie Ní Dhubhghaill, An Caisleán.
-
Faoi 16: Majella Nic Dhonnacha, An Teach Mór.
-
Foireann na Gaillimhe faoi 16: Becky Ní Éallaithe, Na hAille.
Ar gach imreoir faoi 8 agus faoi 10 bronnadh bonn agus mála ‘goodies’. Mar a deirtear: Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Seod iad na cailiní F10 a d’imir i gCraobh an Chondae (Grád B) in aghaidh an Chaisleán Gearr sa mbliain 2015. Chaill said le cúilín amháin.
Ar chúl ó chlé: Muireann Nic Craith, Caitríona Ní Mhathúna, Labhaoise Ní Bhéarra, Ekatherina Ní Fhoighil, Clíona Ní Chonghaile, Síofra Ní Scanláin, Clíona Ní Mhárta.
Chun tosaigh ó chlé: Ailbhe Ní Ghionnáin, Neasa Nic Dhonnacha, Eabha Ní Chonghaile, Amy Ní Thuathail.
Imreoirí na Bliana 2015 – Bhuaigh an fhoireann seo Craobh an Iarthar Faoi 15.
Ar chúl ó chlé: Síofra Ní Mhárta (F13), Aoife Nic Dhonnacha (F13), Chloe Bhreathnach Nic Eoin (F13), Aghna Nic Dhonnacha (F14), Eabha Ní Chonláin (F15), Maela Ní Choisdealbha (F16), Laura Ní hEimhrín (F17), Treasa Ní Chadhain (sóisear).
Chun tosaigh ó chlé: Clíona Ní Mhárta (F11), Ekatherina Ní Fhoighil (F10), Ailbhe Ní Ghionnáin (F8), Clíona Ní Mhárta (F9), Neasa Ní Chonghaile (F12).
Ar chúl ó chlé: Aodán Mac Cormaic (traenálaí), Aghna Nic Dhonnacha, Bláithín Ní Chonghaile, Síofra Ní Mhárta, Rosie Ní Dhubhghaill, Blanca Ní Dhonnabháin, Eabha Ní Chonláin, Aoife Nic Cormaic, Tomás Ó Neachtain (traenálaí).
Chun tosaigh ó chlé: Áine Ní Laoi, Ailbhe Bhreathnach, Máire Ní Fhrighil, Aishling Ní Chonghaile, Aoife Nic Dhonnacha, Siobhán Ní Neachtain.