Cartlann Nuachta: 2 Márta 2022
FOSCADH
Dónall Ó Héalaí sa scannán FOSCADH, a bheas á thaispeáint don chéad uair i gConamara, ar an Déardaoin seo, 3 Márta, ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna.
Is féidir ticéid a cheannach ar líne ach dul ag an suíomh CLUBSCANNAN.IE.
An Déardaoin seo, 3 Márta, ag tosú ag 8.15pm, beidh an scannán FOSCADH á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, mar chuid d’imeachtaí Seachtain na Gaeilge. Dónall Ó Héalaí as na hAille i gCois Fharraige atá sa bpríomhpháirt. I measc na n-aisteoirí eile sa scannán tá Máire Ní Mháille ó Chor na Rón.
Is i gceantar Dúiche Sheoighe a rinneadh an scannán. Scéal brónach atá ann faoi fhear óg simplí a thagann faoi bhrú nuair a fhaigheann a thuismitheoirí bás agus é fágtha as féin. Tagann brú air le talamh sléibhe a dhíol le haghaidh muilte gaoithe.
Ainmníodh FOSCADH le haghaidh Oscar ón tír seo i mbliana agus tá dhá ainmniúchán IFTA faighte ag an scannán chomh maith, ceann acu do Dhónall Ó Héalaí mar phríomhaisteoir.
Seo é an chéad uair an scannán a bheith á thaispeáint i gConamara. Le freastal ar an scannán is fearr ticéad a cheannach roimhré ar líne. Tá córas simplí ann le ticéad a cheannach ach dul chuig an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE agus na treoracha a leanacht.
Sliocht as an Scannán
‘Le Cion ar Joe’
Tá cuid mhaith ticéad curtha in áirithe cheana féin don seó ardáin, ‘Le Cion ar Joe’, atá curtha le chéile ag Aisteoirí an Spidéil in ómós do Joe Steve Ó Neachtain. Beidh an seó ar siúl i Seanscoil Sailearna i gceann coicíse, Oíche Lá ‘le Pádraig, agus an oíche ina dhiaidh.
Seó ilmheáin atá ann ina léireofar blaisíní de shaothar Joe Steve idir fhilíocht, prós, drámaíocht agus fealsúnacht, le míreanna físe agus fuaime, chomh maith le míreanna drámaíochta, aithriseoireachta, amhráin, ceoil agus agallamh beirte. Os cionn scór duine atá páirteach sa seó. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar 083 0106294.
Cruinniú an Chomharchumainn
Tá cruinniú speisialta scairshealbhóirí á thionól ag Comharchumann Shailearna, Indreabhán, seachtain ó Dé Máirt seo chugainn, 15 Márta, ag 8.00pm i Seanscoil Sailearna. Ar an gclár tá trí rún ó scairshealbhóirí i mBaile na mBroghach, rúin a cuireadh os comhar an Chruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn mí na Samhna seo caite – rúin nár votáileadh orthu ag an am. Tá rún breise curtha síos ag Bord Stiúrtha an Chomharchumainn maidir lena pholasaí faoi ‘scairshealbhóirí agus an pobal a choinneáil ar an eolas agus a dtuairimí a chur san áireamh sula gcinntear tacú le togra/í tuirbín/í gaoithe i gceantar an Chomharchumainn ó Abhainn an Spidéil go dtí Abhainn Chasla agus ceantar Sheana Féistín.’
Éiríonn an cruinniú as an gconspóid a d’eascair as tacaíocht an Chomharchumainn i dtosach don tuirbín gaoithe atá beartaithe ag Natural Forces Renewables Ltd a thógáil, ar an mBóthair Buí gan dul i gcomhairle leis na scairshealbhóirí ná leis an bpobal.
Scoláireachtaí
Tá dhá scoláireacht á thairiscint ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga le haghaidh cúrsa ceannaireachta le Coláiste Uisce, Cuan Eilí, i Maigh Eo. Beidh na scoláireachtaí seo á mbronnadh ar bheirt dhéagóirí as Cois Fharraige, an ceantar ó Na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl.
Is deis iontach atá sna scoláireachtaí seo do dhaoine óga lena gcuid scileanna ceannaireachta agus scileanna cumarsáide a chothú is a fhorbairt.
Le cur isteach ar na scoláireachtaí, nó le níos mó eolais a fháil faoin gColáiste Uisce i gCuan Eilí, is féidir ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com faoin Aoine seo, 4 Márta.
Puball Choláiste Lurgan
Obair ar bun le suíomh a réiteach don phuball mór a bheas le feistiú ar Bhóthar Bhaile na mBroghach le haghaidh Coláiste Lurgan i mbliana.
Lá Domhanda na Leabhar 2022
Den chéad uair le blianta fada tá leabhar Gaeilge ar cheann de na roghanna a bheas ar fáil do léitheoirí óga ar Lá Domhanda na Leabhar 2022, a bheas ann ar an Déardaoin seo, 3 Márta.
Beidh rogha de cheithre leabhar déag ar fáil dóibh siúd a mbeidh dearbhán de chuid Lá Domhanda na Leabhar acu, dearbháin a dháilfear ar pháistí bunscoile ó cheann ceann na tíre as seo go ceann míosa. Tá an leabhar CLUASA CAPAILL AR AN RÍ, foilsithe ag Futa Fata, i measc na leabhar ar an liosta i mbliana. Ar ndóigh, tá an teach foilsitheoireachta Futa Fata lonnaithe sa Spidéal.
Is scéal é CLUASA CAPAILL AR AN RÍ atá i mbéaloideas na hÉireann faoi Labhraí Loingseach, an Rí a raibh cluasa capaill air!
Bhain an leabhar CLUASA CAPAILL AR AN RÍ, atá scríofa ag Bridget Bhreathnach agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald, gradam Réics Carló 2021 (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg).
Beidh CLUASA CAPAILL AR AN RÍ ar fáil saor in aisce ach an dearbhán a thabhairt isteach chuig an siopa leabhar áitiúil.
Ag caint ar leabhair, beidh leabhar nua, Súil an Daill, le Darach Ó Scolaí á sheoladh ag Leabhar Breac, ag 6.00pm ar an Aoine beag seo, 4 Márta, i Siopa Charlie Byrne, Gaillimh. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a sheolfas an leabhar.
Lotó Buaite
An tseachtain seo caite i Lotó Chumann Micheál Breathnach agus €20,000 sa bpota ór, tarraingíodh amach na huimhreacha seo a leanas: 13; 15; 27; 32. B’shin iad na huimhreacha a bhí ag Brighid Óg Breathnach ón gCoill Rua agus is aici atá an duais mhór ag dul.
Tá €4,000 sa bPota Ór don tseachtain seo chugainn.
Tá ballraíocht i gCumann Micheál Breathnach don bhliain 2022 oscailte anois.
Is féidir clárú ar líne ach dul ag an suíomh www.michealbreathnach.com.
Crannchur Mór na mBreathnach
Tá crannchur mór á eagrú arís i mbliana ag Cumann Micheál Breathnach le airgead a fháil chun an club a reáchtáil. Mar a bhí anuraidh, tá dhá chuid sa gcrannchur: beidh tarraingt áitiúil ann ar an Domhnach, 20 Márta, agus beidh na ticéid á gcur go Páirc an Chrócaigh le haghaidh tarraingt náisiúnta a bheas ar bun ar an 2 Meitheamh le haghaidh duaiseanna móra.
I mbliana tá 65 duais le dáileadh amach sa gcrannchur áitiúil, curtha ar fáil go fial ag comhlachtaí áitiúla. Is fiú €250 cuid de na dearbháin atá le bronnadh ar bhuaiteoirí agus is fiú €100 an cuid is mó de na cinn eile.
Níl ach €10 ar thicéad agus beidh siad á ndíol ag baill an chlub as seo go ceann cúpla seachtain. Chuile euro a bhailítear, fanann sé leis an gclub le cur ar a chumas leanacht ar aghaidh leis an obair éachtach a dhéanann sé do aos óg an cheantair.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Sacar (Div I): Mac Dara 3, Craughwell Utd. 3.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 3.
- Sacar (faoi 16): Mac Dara 4, Ramblers 1.
- Sacar (Cailíní f16): Bearna/Na Forbacha 0, Lakewood Athletic 2.
- Sacar (Corn Lillis): Bearna/Na Forbacha 0, Kiltullagh 4.
- Sacar (faoi 14): Mac Dara 4, Cregmore/Claregalway B 3.
- Sacar (faoi 12): Mac Dara 2, Kinvara Utd. 3.
- Sacar (Corn f12): Bearna/Na Forbacha 1, Corofin Utd. 2.