Cartlann Nuachta: 2 Nollaig 2015
2 Nollaig 2015
Ealaíontóirí Óga
Cuid de na páistí a thóg páirt sa gcomórtas ealaíne le gairid a bhí eagraithe ag Comhar Creidmheasa Cholmcille.
Chun tosaigh: Katie Ní Chathain, Scoil Náisúnta Thír an Fhia; Aisling Ní Eochagáin, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia; Síofra Brady, Scoil Sailearna, Indreabhán; Mark Halliday, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Méadhbh Ní Loing, Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua; Ailbhe Ní Niadh, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Katie Ní Churraoin, Scoil Náisiúnta na bhForbacha.
Sa lár: Caoimhe Ní Fhlatharta, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach; Ailbhe Ní Neachtain, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach; Stiofán O’ Healy, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Ciarán Breathnach, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Emma Hall, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Rosie Ní Dúirthaile, Scoil Náisiúnta na bhForbacha; Síle Ní Dhomhnaill, Scoil Náisiúnta na bhForbacha.
Ar chúl: Cathal Mac Donnacha, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach; Nicole Ní Lionnáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Oisín Ó Lochnán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Darragh Mac Aodha, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach; Mia Mac Donnchadha, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Eimear Ní Chuinn, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Colm Ó hÓgáin, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia; Hannah Nic Dhonnacha, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia; Orlaith Ní Chonghaile, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Beirt Sárscoláirí as Coláiste Cholmcille, Indreabhán
Beirt scoláire as Coláiste Cholmcille, Indreabhán, a fuair aitheantas speisialta ó Chumann Na Múinteoirí Innealtóireachta & Teicneolaíochta le gairid as cé chomh maith is a rinne siad san Innealtóireacht sa Teastas Sóisearach 2015.
Bhain Reagan Ó Coisdealbha (ar chlé) agus Mark Mac Giolla Choinnigh (ar dheis) torthaí eisceachtúla amach san ábhar Miotalóireacht (Ábhair & Teicneolaíocht) i Scrúdú an Teastas Shóisearaigh 2015. Tháinig Reagan Ó Coisdealbha sa triú áit sa stát agus Mark Mac Giolla Choinnigh sa gcuigiú áit as 1,575 iarrthóirí. In éindí leo sa bpictiúr tá an múinteoir miotalóíreachta Gearóid Ó Tuathail.
Suirbhé Teanga i gCois Fharraige
Ag cruinniú den Fhóram Pleanáil Teanga ar an Luan seo caite bhí sé le tuairisciú ag Seibhísí Pleanáil Teanga (SPT) go bhfuil an chuid is mó de na ceistneoirí a dáileadh ar thuismitheoirí ó cheantar Chois Fharraige, líonta agus curtha ar ais tríd na scoileanna. Dáileadh na ceistneoirí mar chuid den suirbhé teanga atá ar bun i gceantar Chois Fharraige i measc teaghlaigh le páistí scoile nó réamhscoile. Ag an gcruinniú seo shocraigh an Fóram Pleanála Teanga seachtain eile a thabhairt do theaghlaigh an ceistneoir a líonadh is a thabhairt ar ais.
Tá an suirbhé á dhéanamh ag SPT, ar son an Fhóram Pleanáil Teanga, mar chuid den obair taighde atá le déanamh chun Plean Teanga a chur le chéile don cheantar idir Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl.
Teaghlach ar bith le gasúr leo ag scoil taobh amuigh den cheantar, agus ar mian leo a bheith páirteach sa suirbhé, is féidir leo ceistneoir a phiocadh suas ó oifig Chomharchumann Sailearna, ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil nó ón oifig sa gCrann Taca (ar chúl Séipeál an Chnoic), é sin nó ceann a iarraidh a bheith curtha sa phost tré glaoch/téacs a chur ar 087 2035470 nó ríomhphost a chur ag eolas@nullpleanteanga.ie.
Bun an Údair sna Siopaí
Tá an leabhar Bun an Údair ar fáil anois. Cuid den ábhar a bailíodh thar na blianta i gceantar Chois Fharraige, mar chuid den Scéim Traeneála a bhí á reáchtáil ag Béaloideas Chois Fharraige, atá sa leabhar.
Tá idir scéalta, paidreacha, pictiúir, seanchas agus pisreoga le fáil idir na clúdaigh, chomh maith le logainmneacha ar gharrantaí, bóithre agus marcanna áitiúla. Tá sé spéisiúil an bealach a bhfuil ainmneacha áitiúla na mbóithríní ag athrú agus ainmneacha nua á gcumadh.
Is deas an bronntanas Nollag a dhéanfadh Bun an Údair, atá ar fáil anois sna siopaí i gCois Fharraige ar €10.
Cór Chois Fharraige sa tSeanscoil
Bhí Seanscoil Sailearna lán go doras an Satharn seo caite le haghaidh Ceolchoirm Mhór na Bliana a bhí eagraithe ag Cór Chois Fharraige. Chan an cór 12 de amhráin, idir cinn spraoiúla agus amhráin Nollag. Tá thart ar 40 duine páirteach sa gcór, idir fir is mná, agus iad á stiúradh ag Aisling Ní Neachtain ón Spidéal.
Bunaíodh Cór Chois Fharraige sa mbliain 2007 agus tagann siad le chéile gach Céadaoin i gColáiste Chroí Mhuire, sa Spidéal. Tá an Cór ag pleanáil turas go hAlbain roimh an gCáisc agus is le airgead a dhéanamh don turas sin a eagraíodh an cheolchoirm. Ag an mbriseadh reachtáladh crannchur ar mhaithe le Cancer Care West.
AGM ag Comhar Creidmheasa Cholmcille
Ar an Máirt seo chugainn, ag 8.00 i.n., a reachtálfaidh Comhar Creidmheasa Cholmcille an cruinniú cinn bhliana sa gCrann Taca, ar cúl Séipéal an Chnoic. Tá an Comhar Creidmheasa ag freastal ar an gceantar ó Na Forbacha siar go Leitir Mealláin, le oifigí ar an gCnoc agus ar an gCeathrú Rua. Taispeánann na cuntais don bhliain 2014/15 go bhfuil brabach de €841,377 le fógairt ag Comhar Creidmheasa Cholmcille i mbliana, i gcomparáid le €662,605 anuraidh. Tá beagnach €35 milliún de scaireanna ag na baill sa gComhar Creidmheasa agus ag an bpoinnte seo is fiú beagán le cois €41 milliún an Chomhar Creidmheasa, sé sin €6 milliún sa mbreis ar an méid atá sábháilte ag na baill thar na blianta.
Tá an Comhar Creidmheasa tar éis cur go mór leis na seirbhísí. Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh anois isteach i gcuntas nó amach as cuntas go leictreonach, rud a chiallaíonn gur féidir íocaíochtaí ón stát, ar nós an liúntas leanaí nó pinsin, a fháil isteach sa gcuntas ar láimh amháin agus is féidir íocaíochtaí a dhéanamh amach as an gcuntas chomh maith le billí éagsúla a íoc ar nós leictreachas nó teileafón.
Glór na nGael 2015
An Satharn seo caite rinneadh an darna babhta moltóireachta ar Pharóiste an Chnoic i gcomórtas Glór na nGael 2015. Tá Paróiste an Chnoic i measc na naoi n-iontrálaithe sa gcomórtas atá ar an ngearrliosta tar éis an chéad bhabhta moltóireachta.
Cumann Forbartha Chois Fharraige a réitigh an t-iarratas do Pharóiste an Chnoic. Chas grúpa breá ionadaithe ón bpobal leis na moltóirí ar an Satharn seo caite: Fearghas Mac Lochlainn (Scoil Sailearna), Peadar Ó Sé (Coláiste Cholmcille), Orla de Búrca (Comhar Creidmheasa Cholmcille), Brian Ó Cuív agus Morgan Ó Conchubahir (Comharchumann Sailearna), Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta (Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach agus an Gaelacadamh), Ódí Ní Chéilleachair (Tuisimitheoirí na Gaeltachta), Caitlín Ní Chualáin (CLG Mícheál Breathnach), Máire Áine Nic Dhonnacha (Pobal ar Aire agus Mná Tí Choláiste Lurgan), Máire Ní Fhlaitheartaigh agus Donncha Ó hÉallaithe (Cumann Forbartha Chois Fharraige).
Is fiú €20,000 an phríomhdhuais sa gcomórtas. Tá dhá ghrúpa eile Gaeltachta in iomaíocht le Paróiste an Chnoic: Gaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall agus An Rinn, Co. Phort Láirge.
Scannán Greannmhar ón tSualainn an Déardaoin Seo
FORCE MAJEURE an scannán deireannach den séasúr ag Club Scannán Sailearna agus mar gurb é an scannán deireannach roimh an Nollaig tá cead ag baill cara a thabhairt leo saor in aisce. Scannán lán le greann dorcha atá ann agus bhain sé Duais na Moltóirí ag an bhFéile Scannán i gCannes anuraidh. Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 3 Nollaig, ag tosaí ag 8.15 i.n.
Tá níos mó eolais faoin scannáin, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Gradam Pobail an Chathaoirligh 2015 ag an gCumann Forbartha
In Óstán Bhaile Chláir ar an Déardaoin seo caite bronnadh Gradam Pobail an Chathaoirligh 2015 ar Chumann Forbartha Chois Fharraige sa rannóg don ‘Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge (Gaeltacht)’.
Comhairle Chontae na Gaillimhe a eagraíonn an ócáid chuile bhliain nuair a thugtar aitheantas d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonaracha a bhíonn ag saothrú ar son an phobail ar bhonn deonach. Seo a leanas na hainmniúcháin ó cheantar Chois Fharraige atá ar an ngearrliosta do na gradaim i mbliana.
-
Gradam Ealaíon agus Cultúir: Traidphicnic, An Spidéal.
-
Gradam Aoisbhá: Tearmann Éanna Teo., An Tulach.
-
Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge: Cumann Forbartha Chois Fharraige; Tearmann Éanna Teo.; Tuismitheoirí na Gaeltachta.
-
Gradam Oibrí Deonach na Bliana: Bridget Barker, Traidphicnic; An tAthair Seán Mac Aodha, An Spidéal.
Mórsheoladh Leabhar ag Cló Iar-Chonnacht
Ar an Aoine seo, 4 Nollaig, beidh mórsheoladh leabhar ar bun ag Cló Iar-Chonnacht sa gCrúiscín Lán, An Spidéal, ag tosaí ag 7.30 i.n.
Seo a leanas na leabhar atá le seoladh ag an ócáid:
-
FAD SAOIL le Joe Steve Ó Neachtain.
-
AN MIANADÓIR le Jackie Mac Donncha.
-
AISTEOIRÍ AN SPIDÉIL le Máirín Breathnach Uí Choileáin.
-
LITRÍOCHTAÍ le Daithí Ó Muirí.
-
AN CÚIGEAR CRÓGA (The Famous Five) le Enid Blyton, aistrithe ag Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra.
Is ócáid bhliantúil é seo, ag a mbíonn neart ceoil, sceitseanna agus agallaimh beirte, chomh maith le togha an chomhluadair.
Chomh maith leis na leabhair atá le seoladh, seolfar CD nua, AMHRÁIN NA NOLLAG, ar a bhfuil Róisín Elsafty, Ronan Browne agus Tony Maher le cloisteáil.
AGM Chumann Mícheál Breathnach
Seachtain ón Domhnach seo chugainn, 13 Nollaig, ag 6.00 i.n., a bheas an Cruinniú Cinn Bhliana ag baill Chumann Mícheál Breathnach, sa seomra cruinnithe ar chúl Séipéal an Chnoic. Le rún a chur ar an gclár ní mór é a bheith tugtha don Rúnaí, Frances Uí Churraoin, roimh an Luan seo chugainn, 7 Nollaig.
Bailiúchán Náisiúnta Chumann Uinsionn de Pól
An deireadh seachtaine seo beidh bailiúchán taobh amuigh de gheataí an tséipéil tar éis Aifrinn, ag na séipéil i gCois Fharraige, ar mhaithe le Comhdháil Mhic Dara (an cumann áitiúil ar an gCeathrú Rua) de Chumann Uinsionn de Pól. Ag an am seo den bhliain tagann Cumann Uinsionn de Pól i gcabhair ar go leor daoine atá ar an ngannchuid, go speisialta ag tíocht suas don Nollaig.
Le gairid sheol Cumann Forbartha Chois Fharraige síntiús €200 ag Comhdháil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.
Cártaí sna Minna
Tá ag éirí thar barr leis na hoícheanta cártaí a bhíonn ar bun gach Céadaoin i Seanscoil na Minna, ag tosaí ag 8.00 i.n. Tá an oíche cártaí eagraithe ag Coiste Pobail na Minna aríst i mbliana agus slua breá ag tíocht ann.
Oíche Boogie ag Traidphicnic
Ar an Satharn seo chugainn, 5 Nollaig, beidh Oíche Boogie ar bun thuas staighre Tigh Giblin sa Spidéal, eagraithe ag Traidphicnic, an fhéile ceoil traidisiúnta a bhíonn ar bun sa Spidéal tús mí Iúil. Meascán breá ceoil le blas na Nollag a bheas á chasadh ag DJ Will Softly agus moltar do dhaoine feisteas bréige a chaitheamh.
Bíonn na hócáidí seo thuas staighre Tigh Giblin, eagraithe ag Traidphicnic, agus baineann daoine an-sásamh astu. Níl ach €10 ar an doras agus beidh neart spotduaiseanna le tabhairt amach ar an oíche. Aon airgead a dhéanfar ar an doras cabhróidh sé le Traidphicnic 2016 a eagrú sa Spidéal, tús mí Iúil.