Cartlann Nuachta: 2 Nollaig 2020

Forbairt Choláiste Lurgan ina Lánstad

Coláiste Lurgan

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fhorbairt a bhí beartaithe a dhéanamh ar Choláiste Lurgan ina lánstad, gan mórán dul chun cinn déanta le sé mhí anuas.  Cé go bhfuil suas le €4.5 milliún geallta ag Roinn na Gaeltachta leis an bhfoirgneamh a tógadh 50 bliain ó shin a leagan go talamh agus foirgneamh nua as an bpíosa a thógáil, is cosúil nach féidir le Údarás na Gaeltachta an t-iarratas pleanála a chur os comhair an Chomhairle Chontae go dtí go mbeidh Roinn na Gaeltachta sásta go bhfuil teideal glan ag an gcuideachta Coláiste Lurgan Teo. ar an gabháltas talún atá an coláiste le deonú don stát.

Leis an moilleadóireacht ar fad, is beag seans go mbeidh an áis nua réidh faoi shamhradh 2022, mar a bhíothas ag súil leis agus dá bharr beidh ar Choláiste Lurgan ionad sealadach a aimsiú do chúrsaí na bliana seo chugainn agus cúrsaí 2022 chomh maith.

I ndoiciméad a chuir Coláiste Lurgan amach le gairid, tugadh le fios gur ‘250 duine ar a mhéid‘ a bheas Coláiste Lurgan in ann a thógáil do na cúrsaí an chéad bhliain eile, in áit 600 a bhíodh ann roimhe seo. Sa doiciméad dúradh gur ‘dhá chúrsa le hochtar scoláire ar a mhéid‘ sna tithe a bheas ann ‘go dtí go dtógfar ionad nua‘.


Idir Dhá Mhúr

Mairéad Ní Chonghaola leis an Leabhar

Mairéad Ní Chonaola lena leabhar nua filíochta, Idir Dhá Mhúr, foilsithe le déanaí ag Coiscéim agus ar fáil le ceannach i siopaí i gCois Fharraige.

Idir Dhá Mhúr an teideal ar an leabhar nua filíochta le Mairéad Ní Chonaola, atá foilsithe le gairid ag Coiscéim. Is as Doire Choill do Mhairéad. Chaith sí tréimhse dá saol sna mná rialta le Siúracha na Trócaire agus bhí sí ag múineadh bunscoile i Scoil an Chlochair sa Spidéal agus i nGaillimh.

Tar éis di na mná rialta a fhágáil thug sí a haghaidh ar an Nua Shéalainn, áit ar chaith sí seal ag foghlaim faoi na Maori, na bundúchasaigh, tréimhse a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi.

D’fhill sí ar a fód dúchais sa mbliain 2012. Seo é an chéad chnuasach filíochta óna peann.

Bhí an méid seo le rá ag Seán Ó Coistealbha ag chur síos dhó ar na dánta sa leabhar: “Tá gach a bhfuil i bhfiántas scéimhiúil Dhoire Choill le feiceáil iontu agus glór fíochmhar na teiscinne móire le sonrú sna dánta beaga deasa seo.”

Tá cóipeanna den leabhar filíochta Idir Dhá Mhúr ar díol sna siopaí áitiúla i gCois Fharraige.

Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo: Idir Dhá Mhúr le Mairéad Ní Chonaola.


Crannchur na mBreathnaigh

Tá crannchur mór na Nollag á reáchtáil faoi láthair ag Cumann Micheál Breathnach. Beidh an deis ag an té a cheannaíonn ticéad ar €10 a bheith páirteach i dhá chrannchur: ceann áitiúil le os cionn 40 duaiseanna, urraithe ag gnóanna áitiúla; agus ceann náisiúnta ina bhfuil 15 duais mhór le buachaint.

Seo cuid de na duaiseanna atá le buachan sa gcrannchur áitiúil ar an Domhnach roimh an Nollaig:

Dearbhán €100 le caitheamh Tigh Nioclás Ó Conchubhair, urraithe ag Nioclás Ó Conchubhair.

Dearbhán €100 ‘One 4 All’, urraithe ag Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire.

Ciseán Neighbour Food de luach €100, urraithe ag TG4.

Ciseán Nollag, urraithe ag Ollmhargadh Seoighe (Siopa an Phobail).

Ciseán Nollag, urraithe ag Moycullen Plant & Tool Hire.

Tá na ticéíd ar díol ar €10 an ceann idir seo agus 13 Nollaig agus beidh an tarraingt áitiúil ar bun ar an Domhnach, 20 Nollaig 2020. Beidh an tarraingt náisiúnta ar bun ar an10 Márta, 2021, agus sa tarraingt sin tá 15 duais ar fad, carr nua Renault Clio mar chéad duais, chomh maith le duaiseanna móra airgid.

An t-airgead go léir a bhailítear go háitiúil téann sé isteach i gciste Chumann Micheál Breathnach.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 16 Nollaig, ag 8.00pm, chun plé a dhéanamh ar an bhfilíocht sa leabhar Gaillimh – Díolaim Cathrach, atá curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair.

Is ar Zúm a bheas an teacht le chéile. Leis an nasc a fháil ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus cuirfear an nasc ar fáil ar an lá thart ar 5.00pm.

” . . . Tagraítear anseo do dhealbh uí Chonaire, don Fhaiche Mhór, don Phóirse Chaoch, don Chladach, don Rinn Mhór, don Chaisleán Nua, do Chnoc na Cathrach, do Bhóthar na Trá, do Bhaile an Bhriotaigh, d’oileán Ealtanach, don Bhalla Fada, do Shéipéal an Chladaigh, don tSráid Ard, do Shráid Doiminic, don tSráid Láir, do Shráid na Céibhe, do Shráid na Siopaí, do Shráid Naomh Agaistín, do Shráid San Proinsias, don tSráid Trasna, do Bharr an Chalaidh, do Dhroichead an Chladaigh, don Droichead Beag, don Droichead Mór, do Dhroichead na mBradán, do Dhroichid Loch an tSáile, do Mhóinín na gCiseach agus d’áiteanna nach iad . . . “

Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo: Gaillimh – Díolaim Cathrach.


Obair Tosaithe ar an mBealach Siúil sa Spidéal

Obair ar an gCosán sa Spidéal 2020

An obair ar bun ar an gCosán Chois Siúil sa Spidéal. Ceaptar go mbeidh sé réidh faoi Nollaig.

Tá an obair ag dul ar aghaidh go maith ar an mBealach Siúil Chois Cladaigh sa Spidéal a chríochnú agus an Airdín Buí a cheangail leis an gcosán thart ar an tSeanchéibh. Máirtín Tim Ó Flaithearta atá i mbun na hoibre.

Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith réidh roimh an Nollaig. Nuair a bheas sé críochnaithe beidh cosán breá cois cladaigh idir Trá na mBan, thart ar an Seanchéibh, trasna na habhann chomh fada leis an gCéibh Nua.


Litir Chuig Santaí

Níor mhiste a mheabhrú do thuismitheoirí i gCois Fharraige gur breá le Daidí na Nollag litreacha i nGaeilge a fháil ó ghasúir i gCois Fharraige.

Tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh gach bliain na litreacha a sheachadadh ag Santaí in am.

Níl le déanamh ach an litir a sheoladh chomh luath agus is féidir tríd an post chuig an seoladh Litir chuig Santaí, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go mbeidh an litir sa bpost roimh an 10 Nollaig agus a chinntiú chomh maith go mbíonn ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir, sa gcaoi is nach mbeidh mearbhall ar Dhaidí na Nollag faoi cé uaidh a tháinig an litir.


Arracht’ Roghnaithe do Oscar

Club Scannán Arracht: Saise agus Darach

Dónall Ó Héalaí agus Saise Ní Chuinn sa scannán Arracht

Tá an scannán ‘Arracht’ roghnaithe ag IFTA mar iontráil na hÉireann le bheith curtha san áireamh le haghaidh Oscar sa gcatagóir ar a dtugtar Scannáin Idirnáisiúnta.

Is i Leitir Mealláin is mó a rinneadh an scannánaíocht ar ‘Arracht’. Tá an scéal lonnaithe ar chósta Chonamara le linn an Ghorta Mhóir. Is as Cois Fharraige cuid de na haisteoirí sa scannán: Dónall Ó Héalaí, Na hAille, Eoin Ó Dubhbhaill, Choill Rua agus Saise Ní Chuinn, Seanaghurráin.

Níor taispeánadh an scannán fós i gConamara. Bhí taispeántas eagraithe ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna mí na Márta seo caite, ach nuair a fógraíodh srianta sláinte Covid an tseachtain céanna cuireadh an taispeántas ar cheal. Tá súil ag an gClub Scannán go mbeifear in ann an scannán a thaispeáint amach sa mbliain nua nuair a bheas na srianta Covid maolaithe.

Idir an dá linn beidh ‘Arracht’ san áireamh le haghaidh ainmniúchán do Oscar, an gradam is mó a d’fhéadfaí a bhronnadh ar scannán.


Ciste Iontaobhais in Onóir Maria O’Hare, RIP

Maria O' Hare

An ceoltóir Maria O’ Hare, duine de bhunaitheoirí Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, a bhásaigh cúpla mí ó shin.

Tá Ciste Oideachais ar mhaithe le Fonn, mac Mharia, curtha ar bun ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige.

Tá ciste oideachais curtha ar bun ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar mhaithe le Fonn O’Hare, mac le Maria O’Hare, a d’imigh ar shlí na fírinne go tobann le déanaí. Bhí Maria ar dhuine de bhunaitheoirí Chlub na bhFoghlaimeoirí.

Is i ndilchuimhne ar Maria atá an ciste á chur ar bun. Tá cuntas ar leith oscailte le Comhar Creidmheasa Cholm Cille in Indreabhán. Is féidir síntiús a thabhairt ar cheann de na trí bhealach seo a leanas: bualadh isteach chuig an gComhar Creidmheasa; aistriú bainc a dhéanamh, nó glaoch ar an gComhar Creidmheasa @ 091593421 agus cárta creidmheasa/dochair a úsáid.

Is iad seo a leanas sonraí an chuntais:

  • Ainm: Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige
  • Uimhir: 10078
  • BIC: CCHCIE21XXX
  • IBAN: IE25CCHC9921890258301

Seo thíos an chéad véarsa as dán álainn a scríobh Máirín Mhic Lochlainn faoi Maria:

Bhí aithne agamsa ar bhean uasal tráth

A bhí láidir fuinniúil Gaelach.

Bhí cónaí uirthi i dTeach an Gheata

Áit a mbíodh neart ceoil is féastaí!


Club Scannán

Cé go bhfuil cead ag pictiúrlanna a bheith ar oscailt faoi na srianta is deireannaí atá fógartha ag an rialtas, tá sé socraithe ag Club Scannán Sailearna gan aon scannán a thaispeáint i Seanscoil Sailearna roimh an Nollaig, le bheith sábháilte. Bhí ar an gClub Scannán an séasúr a bhí beartaithe acu don Fhómhair a chur ar cheal de bharr na srianta a tugadh isteach tús mí Dheireadh Fómhair.

Tá sé i gceist ag an gClub Scannán séasúr nua a thosú deireadh mí Eanáir, má tá sé ceadaithe faoi na srianta sláinte a bheas i bhfeidhm ag an am sin.


Calaphort Ros a’ Mhíl

Is cosúil go bhfuil an rialtas ag plé na ceiste faoi láthair maidir le calafoirt a bheadh feiliúnach le seirbhís a chur ar fáil do thograí mara a bhaineann le fuinneamh glan a chur ar fáil amach ón gcósta ag úsáid na gaoithe, tonnta agus taoille. Tá impí déanta ag Máirtín Ó Conghaile, Cathaoirleach Choiste Tacaíochta Chalafort Ros a’ Mhíl, ar Údarás na Gaeltachta acmhainní agus maoiniú a chur ar fáil lena chinntiú go mbeidh an calafort lárnach sna pleananna náisiúnta do fhuinneamh inathnuaite.

Ag labhairt dhó ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Máirtín Ó Conghaile go mba bhreá leis an gCoiste, dhá mbeadh Údarás na Gaeltachta sásta cúnamh a thabhairt, an calafort a fhorbairt agus fostaíocht a chur chun cinn sa gceantar trí tuarascáil a réiteach ionas go mbeidh fhios ag Roinn na Mara cé chomh feiliúnach agus a bheadh céibh domhain-mhara sa gceantar.

Tá litir curtha ag an gCoiste chuig an Aire Mara, Charlie McConlogue, ag meabhrú dhó go bhfuil an cead pleanála faighte le céibh domhain-mhara a réiteach i Ros a’ Mhíl agus nach dteastaíonn ach €19.5 milliún leis an obair a fháil déanta. Meabhraítear dhó sa litir go bhfuil Ros a’ Mhíl i gceartlár Ghaeltacht Chonamara agus go gcabhródh an fhorbairt ar an gcalafort le postanna a chruthú do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. Iarrtar sa litir ar an Aire McConlogue na céimeanna riachtanacha a thógáil le gur féidir tús a chur leis an obair forbartha ar Chéibh Ros a’ Mhíl sa mbliain 2021.


2 Nollaig 2020