Cartlann Nuachta: 2 Samhain 2016

2 Samhain 2016


Éileamh Mór ar BISEACH 2016

Biseach 2016Tá éileamh mór ar eagrán na bliana seo den iris BISEACH 2016, a tháinig amach an an tseachtain seo caite.  Díoladh amach an iris i roinnt siopaí i gCois Fharraige an chéad lá a tháinig sé amach agus bhí ar Chumann Forbartha Chois Fharraige breis irisí a fháil le cur sna siopaí le freastal ar an éileamh.  Foilsítear BISEACH go bliantúil agus tá ardchaighdeán ag an iris le meascán breá den stair áitiúil, seanchas agus neart grianghrafanna idir sean agus nua.

Tá béim faoi leith in iris na bliana seo ar bhunú Chumann Chois Fharraige, leath chéad bliain ó shin in 1966.  Mar is iondúil tá neart pictiúirí san iris, idir sean agus nua.

Seo a leanas na siopaí ina bhfuil BISEACH 2016 ar fáil:

  • An Cheathrú Rua: Siopa Tomás Breathnach agus Siopa Micí Mheimí.
  • Leitir Móir: Tigh Phlunkett agus Siopa Ruairí Ó Conchubhair.
  • Casla: Siopa Gearóid Breathnach agus Siopa Nioclás Ó Conbhubhair.
  • An Tulach: Siopa Dhurcháin.
  • Indreabhán: Siopa an Phobail agus Siopa Paul Uí Fhlathartaigh.
  • An Spidéal: Tigh Francis agus Siopa Mháirtín O’ Donnell (Texaco).
  • Na Forbacha: Tigh Slemon.
  • Bearna: Tigh Clarke.
  • Gaillimh: Charlie Byrnes agus Siopa Leabhar NUIG.

Is féidir cóip den iris a fháil tríd an post chomh maith, tré seic nó ordú poist a chur ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, ar chostas €7, go áit ar bith in Éirinn; €8 áit ar bith san Eoraip agus €10 go Meiriceá, An Astráil nó áit ar bith eile ar domhan.

In eagarfhocal na hirise ardaítear an cheist faoi sholáthar oideachais iarbhunscoile i gCois Fharraige.  Deirtear san eagarfhocal go gcreideann Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil daltaí agus tuismitheoirí i gCois Fharraige i dteideal scoil iarbhunoideachais den chéad ghrád, ar aon dul le Coláiste na Coiribe.  Deirtear freisin gurb é an bealach leis sin a bhaint amach ná an dá scoil atá ann faoi láthair, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán, a chónascadh.  Bheadh scoil amháin ann ansin a d’féadfadh freastal ar 500 dalta, ina mbeadh áiseanna den chéad scoth agus rogha leathan ábhar agus leibhéal ar fáil.

Tá BISEACH 2016 foilsithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le cabhair deontais ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha Tuatha agus Gaeltachta.


Pobal ar Aire

Badge_of_An_Garda_SíochánaTá na coistí a bhíodh ag plé le Pobal ar Aire sna Forbacha agus sa Spidéal tagtha le chéile mar choiste amháin.  Pobal ar Aire Chois Fharraige Thoir atá ar an gcoiste nua a bheas ag faire amach don cheantar idir Abhainn an Chnoic taobh le Siopa an Phobail agus Sruthán na Liberties ag teorainn thoir na bhForbacha.  Beidh an coiste nua ag comhoibriú leis na Gárdaí sa Spidéal le córas TEXT ALERT a chur i bhfeidhm sa gceantar.

Seo mar a oibríonn an córas: cuirtear glaoch ar na Gardaí faoi aon ní amhrasach sa gceantar agus fágtar faoi na Gardaí an scéal a fhiosrú sula a gcuirtear an t-eolas amach ar théacsanna ag daoine atá ainmnithe le téacsanna a ghlacadh sa gceantar idir Abhainn an Chnoic agus Sruthán na Liberties.

Duine ar bith a bhfuil spéis aige/aici páirt a ghlacadh sa gcóras TEXT ALERT is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Aodán Mac Donncha, Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo., ag ceachtar den dá uimhir 091 553666 nó 087 7508107.

Beifear ag cur níos mó comharthaí bóthair suas chun daoine a chur ar an eolas faoin uimhir fóin.  Is le tacaíocht ón bpobal agus ó na Gardaí áitiúla atá Pobal ar Aire Chois Fharraige Thoir in ann daoine a cosaint, go speisialta daoine aosta, ó lucht coiriúlachta sa gceantar.

Tá roinnt comharthaí crochta sa gceantar cheana féin ag meabhrú do dhaoine faoin gcóras téacsála pobail agus tá sé i gceist ceanna níos feiceálaí a chrochadh amach anseo.


Dráma Nua le Fíbín

fibin_toraiochtTá TÓRAÍOCHT, leagan nua den seanscéal fiannaíochta ‘Diarmaid agus Gráinne’, réitithe ag an gcomhlacht drámaíochta FÍBÍN le dul ar stáitse an tseachtain seo chugainn sa Black Box, Tír Oileáin, Gaillimh.

Scéal grá atá ann, lán le eachtraí aisteacha agus fathaigh, a úsáideann amharc-íomhánna cumhachtacha.  Seo a leanas an cur síos a dhéanann Fíbín ar an dráma: ‘Bogann an scéal ar aghaidh níos sciopthaí ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fhionn agus na Fianna!’

Tosóidh an dráma ar an Déardaoin seo chugainn, 10 Samhain, le réamhléiriú agus leanfaidh sé ar aghaidh gach oíche ar an Aoine, an Satharn agus an Domhnach ag 8pm.

Costas na dTicéad: €15/€13, ach tá ráta speisialta €10 ann le haghaidh grúpaí thar 20, daltaí iarbhunscoile agus mic léinn sa tríú leibhéal.  Is féidir ticéad a chur in áirithe ach glaoch ar 091-569777.


Cruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn

comharchumann-sailearna-teo

D’éirigh le Comharchumann Sailearan an Cruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil an tseachtain seo caite, gan mórán conspóide le hais na bliana seo caite.  Anuraidh bhí ar an gCathaoirleach an cruinniú a chur ar athló mar geall nach ligfeadh duine sa halla don Chathaoirleach a thuairisc a thabhairt, gan cur isteach air.  Cé go raibh beagán den chur isteach aríst ann i mbliana, reáchtáladh an cruinniú mar is ceart.

Léirigh na ráitis airgeadais a cuireadh os comhair an chruinniú go raibh easnamh de €58,369 ar an gComharchumann don bhliain 2015, le hais easnamh de €68,878 don bhliain roimhe.  Ní raibh ar an gComharchumann aon airgead a íoc amach leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i 2015.  I 2014 d’íoc an Comharchumann €42,176 le costaisí a bhain leis an gCrann Taca a ghlanadh.

Cé gur comhlacht neamhspléach é an ITT, ghlac an Comharchumann ceannas ar an mBord Stiúrtha trí bliana ó shin agus tá an Comharchumann i mbun bainistíochta agus rúnaíochta ar an ITT ó shin.  Tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil líon na ngasúr atá ag freastal ar an ITT ina sheasamh ag 180 agus go bhfuil 26 duine fostaithe ag an Ionad, idir daoine ata lánaimseartha, páirtaimseartha agus ar scéimeanna éagsúla.

Ní raibh aon toghchán ag an gcruinniú le daoine nua a chur ar an gcoiste, mar nár tháinig aon ainmniúchán isteach.  Seo a leanas na hoifigigh atá ar an gCoiste Stiúrtha: Cathaoirleach, Jimí Joe Shéamuis Ó Fátharta (Na hAille); Rúnaí, Caitríona Ní Ghriallais (Baile na mBroghach); Cisteoir, Peadar Mac an Iomaire (An Cnoc).  Ar an gCoiste Stiúrtha chomh maith tá: Caitlín Uí Fhátharta (Baile na hAbhann); Joe Ó Cuinn (An Choill Rua); Barry Ó Fátharta (Ros a’ Mhíl); Caitlín Uí Chonghaile (An Tulach); Bríd Treasa Ní Dhonnchadha (Boluisce); Brian Ó Cuív (Cor na Rón); Máirtín Ó Donnchadha (Na Minna); Barry Ó Fátharta (Ros a’ Mhíl); Pádraic an Táilliúra Ó Conghaile (Ros a’ Mhíl); Brian Mac Donncha (Ros a’ Mhíl); Martina Ní Chualáin (An Tulach); Lochlainn Ó Tuairisg (Lochán Beag) agus Stiofán Ó Coisdealbha (Baile na mBroghach).  Dúradh go raibh dhá fholúntas le líonadh ar an gcoiste ó cheantar an Chnoic agus ceann amháin ó cheantar an Spidéil.

Ag deireadh an chruinniú d’ardaigh Tadhg Ó Curraoin, Cathaoirleach Chumann Micheál Breathnach, ceist faoin droch-chaoi atá ar an mbealach isteach ag an bPáirc Spraoi, atá taobh de Pháirc an Chnoic.  Socraíodh go mbeadh cruinniú idir ionadaithe ó Choiste an Chomharchumainn agus ó Choiste Chumann Micheál Breathnach, féachaint ar thíocht ar réiteach.


Iománaíocht

laoch-na-himeartha-ciaran-o-diomsaighBhí bua íontach ag foireann iománaithe Chumann Micheál Breathnach faoi 12 ag imirt in aghaidh Béal Átha an Ghártha, ar an Luan seo caite i gCarn Mór.  Thug báireoirí óga Chumann Micheál Breathnach an sciath abhaile leo, tar éis dóibh Béal Átha an Ghártha a bhualadh leis an scór 1 – 03 in aghaidh 0 – 3.  Ag leath ama bhí iománaithe óga Chois Fharraige chun cinn 1 – 02 in aghaidh 0 – 2.  Ba é Ciarán Ó Diomsaigh (ar dheis) laoch na himeartha.

Beidh foireann iomána sóisir na mBreathnach ag dul chun páirce ar an Satharn seo chugainn i gcluiche ceannais na gclubanna sóisir in aghaidh ???????, i gcluiche ceannais Chonnachta.  Beidh an cluiche ar bun i mBéal Átha hAmhnais ag 2.00pm ar an Satharn seo chugainn.

Buaileadh peileadóirí Chumann Micheál Breathnach i gcluiche ceannais an chontae (Roinn B) ar an Domhnach seo caite.  Bhí an chosúlacht ar an scéal gur ag na Breathnaigh a bheadh an bua tar éis do Bhreandán de Búrca buachaíllí Cois Fharraige a chur trí chúilín chun cinn, gan ach noiméad fágtha ar an clog.  Ach tháinig Cathair Liostráin ar ais agus chothromaigh siad an cluiche le cúl chomh deas is a facthas riamh, ciceáilte ó 25 slat amach, rud a d’fhág nach raibh seans ar bith ag Rónán Ó Beoláin.  D’imigh an ghaoth as seolta leaids na mBreathnaigh agus d’éirigh le Cathair Liostráin trí chúilín eile a scóráil sa gceithre noiméad am breise.

Roimhe sin bhí bua an-mhaith ar fad ag foireann Chois Fharraige faoi 15 (Roinn C) ar Rathún-An Caisleán Nua i Staid an Phiarsaigh.  Tógann Cois Fharraige imreoirí as dhá chlub, An Spidéal agus Bearna/Na Forbacha.  Sa gcéad leath bhí an dá fhoireann ar chomhscór ach fuair Cois Fharraige tús íontach sa darna leath le cúl.  D’fhan foireann na Gaeltachta chun tosaigh go dtí an deireadh.  Níor chabhraigh sé le Rathún/An Caisleán Nua gur cuireadh imreoir den pháirc le cárta dearg leathbhealach tríd an darna leath.

cuid-den-bhfoireann-iomana-chois-fharr-f15-ag-fanacht-ar-an-mbronnadh

Cuid de fhoireann iomána Chois Fharraige, a thug an craobh leo i gcluiche ceannais an chontae faoi 15C, ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh, ag imirt in aghaidh  Rathún/An Caisleán Nua, leis an scór 1 – 15 in  aghaidh 2 – 04.


Torthaí Spóirt

  • Iomáint (f12): Micheál Breathnach 1 – 03, Béal Átha an Ghartha 0 – 03.
  • Peil (f21): Micheál Breathnach 2 – 11, Cathair Liostáin 1 – 17.
  • Iomáint (f15): Cois Fharraige 1 – 15, Rathún/Caisleán Nua 2– 04.

Scannán sa tSeanscoil Deardaoin

dheepan_03

DHEEPAN an scannán atá le taispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an Déardaoin seo, (3 Samhain).  Scéal saighdiúra ó na Tamil Tigers atá ann, a éiríonn leis a bhealach a dhéanamh ag an bhFrainc tar éis an chogadh cathartha i Sri Lanka.  Ach in áit síocháin a aimsiú, faigheann sé a dhóthain le déanamh chun a bhealach a dhéanamh ar imeall Pháras, áit a bhfuil an choiriúlacht ina chuid laethúil den saol.

Bhain DHEEPAN an gradam Palme d’Or ag Féile Scannán Cannes i 2015.  Mar is gnáth tosnaíonn an scannán ag 8.15pm agus beidh fotheidil i mBéarla leis.


Comórtas Grianghrafadóireachta

postaer-2017-feilireAn Aoine beag seo an spriocdáta atá leagaithe síos don Chomórtas Grianghrafadóireacht atá á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille ar an téama  ‘An Nádúr, ár dTimpeallacht’.  Roghnófar ó na iontrálaithe 12 grianghraf le cur i bhféilire Comhar Creidmheasa Cholm Cille 2017.

Níl le déanamh le cur isteach ar an gcomórtas ach grianghraf a sheoladh chuig feilireccccteo@nullgmail.com ar ríomhphoist faoin Aoine seo, an 4ú Samhain 2016.

Bronnfar duais €50 ar an duine a thógann an grianghraf a théann ar chlúdach an fhéilire.