Cartlann Nuachta: 20 Aibreán 2022

Cruinniú Cinn Bhliana

Gerry-Willie-agus-Seán-Ó-Cuirrín-Glór-na-nGael-2022

Seán Ó Cuirrín, Glór na nGael, ag bronnadh Duais an Oireachtais ar Gerry Willie Ó Fátharta, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, ag ócáid ar an Luan seo caite, nuair a bhuail Seán le Coiste Stiúrtha an Chumann Forbartha.

Beidh an Cruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn.

Beidh a Chruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn, 25 Aibreán, sa seomra ar chúl Shéipéal an Chnoic, ag tosú ag 8.00pm. Tá an cruinniú oscailte do dhaoine a bhfuil ballraíocht acu sa gCumann Forbartha.

Is ar an gcóras zúm a tionóladh an Cruinniú Cinn Bhliana anuraidh de bharr srianta Covid ag an am. Ag an gcruinniú tabharfaidh an Cathaoirleach, Gerry Willie Ó Fátharta, tuairisc ar obair an Chumann Forbartha le bliain anuas. Beidh trí fholúntas le líonadh ar an gCoiste Stiúrtha ar an oíche, mar a bhíonn chuile bhliain.

Cuirfear deis ar fáil do na baill obair agus cur chuige an Chumann Forbartha a phlé. Is féidir le ball rún a chur síos le plé ag an gcruinniú ach an rún a bheith faighte faoi 6.00pm ar an Déardaoin seo, 21 Aibreán.

Bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. Le ballraíocht a fháil níl le déanamh ach foirm shimplí a líonadh. Tá an fhoirm ar fáil ach ríomhphost a chur ag CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.


Féile Náisiúnta Drámaíochta

Scéal Séadna 2022

Radharc as an dráma ‘Scéal Séadna agus an Fear Dubh’ leis an tAthair Peadar Ó Laoghaire, a bheas á chur ar stáitse ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta ar an Satharn seo chugainn, 23 Aibreán, in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ag 8.30pm.

Roimhe sin an oíche chéanna beidh ‘Comhluadar’, dráma nua le Áine Ní Éalaí ó Na hAille, á léiriú ag 8.00pm.

Is i Seanscoil Sailearna a bheas an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar bun, an deireadh seachtaine seo chugainn, ag tosú ar an Aoine agus ag leanacht ar aghaidh ar feadh an lae ar an Satharn. Ar an Aoine beidh dhá dhráma á chur ar an stáitse agus tráthnóna Sathairn léireofar dhá dhráma eile. Seo a leanas na drámaí a bheas á léiriú le linn na féile:

 

Aoine, 22 Aibreán.

8.00pm. COGAR SA PHÁIRC (Alan Ayckbourn) – Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach.

8.30pm. PEACADH CHOLMCILLE (Proinnsias Ó Cuilinn) – Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaigh.

 

Satharn, 23 Aibreán.

7.30pm. COMHLUADAR (Áine Ní Éalaí) – Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.

8.30pm. SÉADNA agus AN FEAR DUBH (An tAthair Peadar Ó Laoghaire) – Aisteoirí Chúil Aodha, Múscraí.

 

Ar an Satharn ag 2.00pm beidh Éigse na Féile ar bun idir Scéalaíocht agus Agallaimh Beirte. Ina dhiaidh taispeánfar ar an scáileán mór sa tSeanscoil, físeán a tógadh i 1992 den dráma AN MHÉAR FHADA le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha. I measc na ndaoine sa dráma bhí Diarmaid Mac an Adhastair, Seán Leainde, Sarah Griallais, Beartla Ó Domhnaill agus Margó Ní Ghríofa.

Is féidir eolas breise faoin bhFéile a fháil ach ríomhphost a chur chuig eolas@nulldrama-gaeilge.com nó glaoch a chur ar 087 23245036.


Club Leabhar

Pluid - Eoghan M

Ar an Aoine, 6 Bealtaine, beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag ceiliúradh clabhsúr na bliana le cóisir litríochta i dTigh Mholly, ar an Lochán Beag. PLUID, leabhar nua le Eoghan Mac Cormaic, a bheas á phlé ar an oíche leis an údar. Ábhar an leabhair is ea agóid na bpluid sna Blocanna H agus i bPríosún Ard Mhacha idir 1976 agus 1981.

Mar gurb é seo an seisiún deireanach den séasúr beidh seisiún ceoil ina dhiaidh le Johnny Óg Connolly, Ruairí Mac an Iomaire agus a chairde, chomh maith leis an damhsóir Joe Ó Neachtain.

Tá an oíche speisialta seo á eagrú le cuidiú Seachtain na Gaeilge.


Ceolchoirm ar an Spidéal

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan ar an Spidéal

Bíonn seisiún rialta gach Céadaoin i Stiúideo Cuan atá saor in aisce, ag a mbíonn Johnny Óg Connolly ag casadh, Róisín Ní Mhainnín ag damhsa, Caitlín Ní Chualáin ag canadh agus Máirín Mhic Lochlainn ag inseacht scéalta.

Bíonn cur agus cúiteamh ar bun acu faoi ghnéithe dá gcuid ealaíne.

Cuirtear fáilte roimh an bpobal ag na seisiúin bhríomhara ar an gCéadaoin.


Darkness Into Light, An Cheathrú Rua

Darkness Into LightIs dea-scéal é go mbeidh Darkness Into Light á eagrú i mbliana sa gCeathrú Rua, tús mí Bhealtaine, ag an gcoiste áitiúil, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabhairshláinte a chuireann Pieta House ar fáil do dhaoine in ísle brí.

Le dhá bhliain anuas, de bharr srianta Covid, níorbh fhéidir daoine a thabhairt le chéile leis an tsiúlóid/rith a dhéanamh.

Ach beifear in ann daoine a bhailiú le chéile i mbliana le breacadh an lae sa gCeathrú Rua ar an Satharn, 7 Bealtaine.

Tá an clárú oscailte anois ar an suíomh WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Iomáint (Sóisear): Ml. Breathnach 0 – 11, Oranmore/Maree 3 – 21.
  • Peil (faoi 19): Micheál Breathnach 1 – 12, Bearna 1 – 12.
  • Iomáint (faoi 14): Cois Fharraige 0 – 01, Fr Joe Walsh’s 2 – 13.
  • Iomáint (faoi 14): Cois Fharraige 1 – 03, Kilimordaly 2 – 05.
  • Iomáint (faoi 14): Cois Fharraige 0 – 02, Ardrahan 3 – 11.
  • Iomáint (faoi 14): Ml. Breathnach 3 – 08, Áth Eascrach/Fothaine 4 – 09.
  • Iomáint (faoi 14): Ml. Breathnach 7 – 02, Tuam 0 – 02.
  • Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 0, Renmore 2.
  • Sacar ( faoi 17): Bearna/Na Forbacha 0, Maree/Oranmore 4.
  • Sacar ( faoi 16): Bearna/Na Forbacha 5, Merlin Woods/Medtronic 2.
  • Sacar (faoi 15): Mac Dara 2, Galway Hibs 1.
  • Sacar (faoi 13): Mac Dara 2, Colemanstown Utd. 3.
  • Sacar (faoi 13): Mac Dara B 2, Tuam Celtic B 1.

20 Aibreán 2022