Cartlann Nuachta: 20 Eanáir 2016

20 Eanáir 2016


Cois Fharraige Buailte sa gCamógaí

An Domhnach seo caite ar Pháirc an Spidéil, buaileadh cailíní Chois Fharraige i gcluiche leathcheannais na Gaillimhe 2015 sa gcamógaí, nuair a chas siad ar Orán Mór – Maree. Ba é an scór deiridh: 2 -10 in aghaidh 0 – 4. Is cluiche é seo a cuireadh siar cúpla babhta roimh an Nollaig de bharr na drochaimsire.

Bhí an pháirc an-trom agus ba dheacair do chailíní Chois Fharraige, an cineál camógaíochta a chleachtann siad de ghnáth a imirt sna coinníollacha.

Buaileadh buille mór ar Chois Fharraige go gairid sa chéad leath nuair a bhí ar Mhairéad Ní Chonghaile imeacht den pháirc le rúitín gortaithe.

Bhí cailíní Orán Mór i bhfad níos láidre agus níos sine ná mar a bhí foireann óg Chois Fharraige. D’imir Sorcha Ní Fhrighil agus an Captaen, Tiffany Ní Choistealbha, an-mhaith i gcaitheamh an chuiche agus sa tarna leath bhí Anna Ní Odhráin – Ní Mhóráin thar cionn ar fad.

Ba mhaith an aghaidh ar chailíní Chois Fharraige gur éirigh leo dul chomh fada leis an babhta leathcheannais, ag buaileadh cuid de na clubanna camógaí is láidre sa tír. Beidh lá eile ag cailíní Chois Fharraige. Seachas beirt acu, beidh gach duine eile ar an bhfoireann faoin aois arís an chéad bhliain eile le imirt sna mionúir.

Foireann Mionúir Camógaí

Foireann Camógaí Chois Fharraige a buaileadh ar an Domhnach seo caite i gcluiche leathcheannais an chontae 2015 i ngrád na mionúr. Seachas duine amháin beidh gach cailín eile ar an bhfoireann faoin aois do na mionúir an chéad bhliain eile.

Ar chúl, ó chlé: Máirtín Ó Dubhghaill (Bainisteoir), Rosie Nic Dhubhghaill, Aoife Nic Chormaic, Becky Ní Éallaithe, Laoise Breathnach, Anna Ní Odhráin Ní Mhurchú, Maela Ní Choistealbha, Laura Ní Ifearneáin, Mairéad Ní Chonghaile, Sorcha Ní Fhrighil,  Gerry Ó Fátharta (Traeneálaí).

Chun tosaigh, ó chlé: Sinéad Ní Chonchubhair, Tiffany Ní Choistealbha,  Blanca Ní Dhonnabháin, Máire Ní Fhrighil,  Mary Ní Fhéinne, Fionnuala Grennell, Éabha Ní Chonláin, Sorcha Ní Bhraonáin.


Cruinniú Faoi Chluichí Pobail

Beidh cruinniú ar bun ar an Luan seo chugainn, 25 Eanáir, sa gCrann Taca (an ITT, ar chúl Séipéal an Chnoic) ag 7.00 tráthnóna le coiste nua a thoghadh le tabhairt faoi Chluichí Pobail a atheagrú i gceantar Chois Fharraige.

Bhíodh na céadta daoine óga páirteach in imeachtaí a eagraítí faoi scáth na gCluichí Pobail suas go 2013. Ach nuair nár tháinig a dhóthain tuismitheoirí chun cinn le coiste a chur le chéile, níorbh fhéidir an ceantar a chlárú le Cluichí Pobail na Gaillimhe i 2014 ná i 2015. Is féidir go leor imeachtaí éagsúla a eagrú faoi scáth na gCluichí Pobail: lúthchleasaíocht, cluichí de gach cineál, ceol, ealaíon, ficheall, tráth na gceist etc. Rinne Cois Fharraige roinnt mhaith boinn náisiúnta a bhuachaint sa am a caitheadh, sa Judo, sa liathróid láimhe agus sa lúthchleasaíocht.

Tá roinnt tuismitheoirí tar éis a chur in iúl go mbeidh siad sásta coiste a chur le chéile agus is chuige sin atá an cruinniú á thabhairt le chéile ar an Luan seo chugainn. Tá go dtí deireadh na míosa leis an gceantar a chlárú don bhliain 2016.

Duine ar bith ar mhaith leo níos mó eolais faoi na Cluichí Pobail, is féidir é a fháil ach dul i dteagbháil le Donncha Ó hÉallaithe, ag an uimhir (086)4048881.


Scannán na Seachtaine Seo – THE SECOND MOTHER

01/2014 - Still longa metragem ' Que Horas Ela Volta' - De Anna Muylaert foto: Aline Arruda

Anocht (Déardaoin, 21 Eanáir), i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, taispeánfar scannán nua ón mBraisíl, THE SECOND MOTHER, scannán ar a bronnadh Gradam an Lucht Féachana anuraidh ag Féile Scannán Bheirlín. Tá téama an aicmeachais an-láidir sa scannán seo faoi Val, atá ina searbhónta ag clann shaibhir i Sao Paulo. Tuigeann sí go bhfuil stádas íseal aici agus ní cheistíonn sí an córas. Tá go maith agus níl go holc go dtí go dtagann Jessica, iníon Val, nach bhfaca sí le deich mbliana, agus ní fada go mbíonn teannas le brath sa teach. Scannán é seo a thaithneodh le chuile dhuine.

Tosnóidh an scannán ag 8.15 i.n. Is féidir ballraíocht sa gClub Scannán a fháil ar an doras anocht ó 8 i.n. ar aghaidh. Tá breis eolais faoi na scannáin atá roghnaithe don tséasúr ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Airgead Gearrtha ar Éigse an Spidéil

Tá scéal faighte ag coiste Éigse an Spidéil nach bhfaighfidh an fhéile aon mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon d’fhéile na bliana seo. Is buille an-trom é seo don Éigse, féile ealaíne atá ar an bhfód le breis is scór go leith bliain. Le roinnt blianta anuas bhí béim mhór ar shaothar nua, cruthaitheach, comhoibríoch i gclár na féile. Leis an gciorrú seo, áfach, ní chreideann an coiste go mbeidh sé ar a gcumas an ghné seo a bheith ar chlár na bliana seo.

Ní hí Éigse an Spidéil amháin atá thíos leis i mbliana, faraor. Thug an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do 15 fhéile sna hEalaíona Traidisiúnta anuraidh, 8 bhféile a fuair tacaíocht i mbliana agus níl oiread is ceann acu sin sa nGaeltacht.

B’fhéidir go bhfuil sé in am picéad a eagrú ó eagraíochtaí sa nGaeltacht don chéad chruinniú eile a bheas ag an gComhairle Ealaíon céanna.


An Spidéal Buacach sa gCispheil

Ar Chúl: Áine Ní Dhonncha, Sorcha Ní Fhrighil, Caoimhe Ní Churraoin, Romy Ní Chuinneagáin, Laoise Breathnach, Rósie Ní Dhubhghaill Chun tosaigh: Laura Ní hÉimhrín, Aoife Nic Chormaic, Clíona Ní Fhlannaire, Máire Ní Fhrighil, Gráinne Ní Fhatharta, Mary Ní Fhéinne.

Ar Chúl: Áine Ní Dhonncha, Sorcha Ní Fhrighil, Caoimhe Ní Churraoin, Romy Ní Chuinneagáin, Laoise Breathnach, Rósie Ní Dhubhghaill
Chun tosaigh: Laura Ní hÉimhrín, Aoife Nic Chormaic, Clíona Ní Fhlannaire, Máire Ní Fhrighil, Gráinne Ní Fhatharta, Mary Ní Fhéinne.

An tseachtain seo caite, mar chuid de Chluichí Cáilithe Uile Éireann Cispheile, bhí dhá chluiche ag cailíní Choláiste Chroí Mhuire i Cill Náile, Co. Thiobraid Árann. Sa gcéad chluiche bhuail cailíní an Spidéil an scoil áitiúil, Scoil Ruáin, Cill Náile, leis an scór 55 – 34.

Sa tarna cluiche in aghaidh cailíní ó Bhéal Feirste, ní raibh rudaí chomh héasca céanna. Tar éis an chéad cheathrú bhíodar 15 pointe taobh thiar, ach laghdaigh siad an bhearna go pointe amháin ag leath ama. Sa dara ceathrú laghdaigh siad an bhearna go pointe amháin.

Sa tarna leath bhí dianchoimhlint idir an dá fhoireann, ag trádáil scóranna, le Áine Nic Dhonnacha agus Romy Ní Chuinneagáin ag deanamh sárimirt ar son foireann na Choláiste Chroí Mhuire.

Nuair a bhí níos lú ná nóiméad fágtha ar an gclog, bhí cailíní Choláiste Chroí Mhuire ciseán amháin chun tosaigh. Ach le sárchosaint ó Mháire Ní Fhrighil d’éirigh léi an liathróid a sciobadh ó chailíní Bhéal Feiriste, é a thabhairt do chaptaein na foirne, Romy Cunningham. Rinneadh feall ar Romy agus thapaigh sí an deis dhá phointe eile a chur idir na foirne. Faoi dheireadh chríochnaigh an cluiche leis an scór 59 do chailíní na Gaillimhe in aghaidh 53 do chailíní Bhéal Feiriste.

Beidh cailíní Chois Fharraige ag tabhairt a n-aghaidh ar Charraig Uí Leighin, Corcaigh, ar an Satharn seo chugainn, áit go mbeidh dhá chuiche arís acu, le áit a fháil i gcluiche leathcheannais na Éireann.


Diary of a Wimpy Kid

Wimpy Kid 1-271x196Tá an leagan Gaeilge de DIARY OF A WIMPY KID le foilsiú ar an Déardaoin, 3 Márta ag FUTA FATA, comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe sa Spidéal. Níl ann ach faidhbín beag amháin le réiteach: teideal a fháil. Tá Futa Fata ag iarraidh ar dhaoine óga a bhfuil tuiscint acu ar an gcineál saol atá ag an Wimpy Kid cáiliúil, Greg Heffley, tíocht aníos le teideal feiliúnach.

Is féidir moltaí don teideal Gaeilge a tvuíteáil chuig @futafata #WimpyKidGaeilge, nó ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh ag eolas@nullfutafata.ie. Amárach, 22 Eanáir, an spriocdháta don chomórtas.

Bronnfar duais íontach ar an dteideal is fearr a thagann isteach: luach €500 de leabhair do leabharlann na scoile!


Léacht Staire Anocht i gColáiste Chonnacht

REVCONNBeidh an chéad ócáid eile ag an gCumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige ar an Déardaoin seo, 21 Eanáir, nuair a thabharfaidh an staireolaí, Cormac Ó Comhraí, léacht i gColáiste Chonnacht faoi ‘Éirí Amach 1916 i nGaillimh’.

As na Forbacha do Chormac agus é ag teagasc staire i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Tá go leor taighde déanta aige faoi Chogadh na Saoirse i gConamara agus i nGaillimh. Ar ndóigh, ba é Gaillimh ceann de na háiteacha ba mhó taobh amuigh de Bhleá Cliath inar tharla eachtraí mar chuid d’Éirí Amach 1916.

Tosóidh an léacht ag a 8 i.n., an Déardaoin seo, i gColáiste Chonnacht.