Cartlann Nuachta: 20 Eanáir 2021
An Doctúir Mac Cuinneagáin
An Dr. Conall Mac Cuinneagáin, a bhásaigh an deireadh seachtaine seo caite.
Chaith sé tréimhse fhada dá shaol ina dhoctúir teaghlaigh sa Spidéal ag freastal ar phobal Chois Fharraige.
Thit néal bróin ar cheantar Chois Fharraige an deireadh seachtaine seo caite nuair a scaip an scéal gur bhásaigh an Dr. Conall Mac Cuinneagáin, fear a raibh cúram sláinte an phobail air idir na blianta 1964 agus 1998. Fear séimh, suáilceach, léannta a thug seirbhís dhúthrachtach, sheasta, sheasmhach don phobal ag am a raibh cúrsaí cumarsáide agus taistil i bhfad níos dúshlánaí ná mar atá anois.
Conallach dílis a bhí ann. Rugadh ar oileán Árainn Mhór é agus tógadh ar an gCarraig i nDeisceart Dhún na nGall. An té ba shine de mhórsheisear clainne ab ea é, a rugadh do Francis, máistir scoile, agus a bhean, Kate O’Donnell. Bronnadh scoláireacht air le freastal ar Ollscoil na Gaillimhe le dintiúirí leighis a bhaint amach idir 1949 agus 1955.
Nuair a phós sé féin agus Betty Murray, thug siad aghaidh ar an Nígéir idir 1958 agus 1963, áit ar rugadh Francis, Mary agus Pádraig. Ceapadh ina dhochtúir do cheantar An Spidéil é i 1964. Chuir siad fúthu i mBaile Éamoinn, áit ar rugadh Conall, Elizabeth, Cathy agus Joanne.
Fear ildánach ab ea Conall, a raibh dúil ar leith aige i gcúrsaí staire; an stair áitiúil go háirithe. D’fhoilsigh sé ‘Glencolmcille: a Parish History’, stair a phobal dúchais, agus ba é a bhí ina chathaoirleach ar an meitheal a d’fhoilsigh ‘Cill Éinde – Céad Bliain’, scéal shéipéal an Spidéil.
Duine ar leith, a bhí ar fáil maidin is faoithin, a thug an-aire do ghlúnta de mhuintir Chois Fharraige, agus tá meas, gean agus buíochas na ndaoine sin air á chur in iúl le laethanta anuas.
Cuireadh an Dr. Conall Mac Cuinneagáin i reilig an Choilligh ar an Luan seo caite, tar éis Aifreann i gCill Éinde. Suaimhneas síorraí go raibh aige.
Éileamh Mór ar Choláiste Lurgan
Cúrsa Samhraidh Coláiste Lurgan
Níor thóg sé ach trí uair a chloig na háiteacha go léir ar chúrsaí gColáiste Lurgan don bhliain seo a líonadh. Mar nach mbeidh an foirgneamh, ar a dtugtar Coláiste Lurgan, in úsáid i mbliana tá ar an gcoláiste gearradh siar ar an líon áiteacha, ó thart ar 600 in aghaidh an chúrsa go 350.
Deir an Coláiste go bhfuil liosta feithimh acu ar a bhfuil 300 ainm ag an bpointe seo.
Banc na mBuidéal
Kevin O’Hara, urlabhraí Shinn Féin i gConamara, ag seasamh taobh le carnán bruscair ar an gcladach i gCois Fharraige.
Is brúscar é seo a bhailigh daoine áitiúla ar an gcladach ach iad ag fanacht ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun é a thabhairt chun bealaigh.
Folmhaíodh na bainc buidéal sa Spidéal ar an Déardaoin seo caite, tar éis go leor gearán a bheith déanta le Comhairle Chontae na Gaillimhe le coicís roimhe sin. Nuair nach raibh aon spás sna bainc buidéal fágadh na céadta buidéal ar an talamh, an chuid is mó acu i málaí agus i mboscaí. Is cosúil go bhfuil na bainc buidéal lán arís.
Bhí Comhlacht Forbartha an Spidéil, chomh maith leis na comhairleoirí áitiúla, Daithí Ó Cualáin agus Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, i dteagmháil le rannóg timpeallachta an Chomhairle Chontae faoin scéal roinnt uaireanta. Tá an chreidiúint ag dul don Chomhairle Chontae as an áit a ghlanadh tar éis don chomhlacht athchúrsála na bainc buidéal a fholmhú.
Mar gheall ar shláinte agus sábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag úsáid an chosán siúil, tá Aodán Mac Donncha ón gComhlacht Forbartha ag impí ar dhaoine as seo amach gan na buidéil a fhágáil ar an talamh nuair a bhíonn na bainc buidéal ag cur thar maoil, ach iad a thabhairt abhaile leo.
Club Foghlaimeoirí Gaeilge
Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige i mBun Oibre
Tá na ranganna Gaeilge, a eagraíonn Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, ar fáil anois ar líne. Bíonn na ranganna ann chuile oíche ó Luan go Déardaoin ag Meánleibhéal, Bonnleibhéal agus tá rang ann freisin do GhlanTosaitheoirí nach bhfuil aon Ghaeilge acu, fiú amháin Gaeilge na scoile. Tá costas €40 ar na ranganna le haghaidh an téarma iomlán de dheich rang. Is féidir eolas a fháil faoi na ranganna agus clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig Spiddal.gaeilge@nullgmail.com nó glaoch a chur ar an uimhir 085 8786697.
Nuala Ní Chonghaile Tofa
An tseachtain seo caite toghadh Nuala Ní Chonghaile (ar chlé) ar Údarás Ollscoil na Gaillimhe, NUIG. Toghadh ceathrar céimithe ar fad agus bhí Nuala ar dhuine acu. Is as Na Doireadha i gCois Fharraige í Nuala. Tá sí ag obair mar chlár-reachtaire sa seomra nuachta in RTE Raidió na Gaeltachta ó 2015 agus tá tréimhsí caite aice i mbun oibre sna meáin Ghaeilge le scór bliain uilig.
D’fhreastal sí ar choláiste i Dundee san Albain, áit ar bhain sí máistreacht amach sa bhfealsúnacht sula ndearna sí Ard Dioplóma sna Cumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Tá sí pósta le triúr gasúir, beirt acu sin ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh faoi láthair agus tá a fear céile i mbun léachtóireachta ansin freisin.
Tá sí ar Choiste Fheidhmeach Náisiúnta Cheardchumann na nIriseoirí (an NUJ) faoi láthair agus tá tréimhsí ama caite aice ar choistí éagsúla thar na mblianta le suim faoi leith i gcúrsaí forbartha pobail i gConamara.
Gearrscéalta Uí Chadhain
Leanfar ar aghaidh leis na seisiúin plé ar ghearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain seachtain ón Domhnach seo, 31 Eanáir, ar an gcóras Zúm, nuair a bheas an scéal cáiliúil ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ faoi chaibidil.
Tá an gearrscéal le fáil sa mbailiúchán gearrscéalta leis an gCadhnach, a foilsíodh sa leabhar ‘An Braon Broghach’. Baineann an scéal leis an méid atá ag rith trí intinn Bhríd agus í ag siúl go Gaillimh le uibheacha a dhíol ar an margadh, aistear fada roimpi agus í ag fágáil a tí sa dorchadas le bheith istigh in am don mhargadh.
Le páirt a ghlacadh sa bplé ar ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com agus cuirfear nasc chugat le fáil isteach ar an seisiún ar Zúm.
Ciste na Muillte Gaoithe
Tá ciste airgid seolta ag Páirc Ghaoithe na Gaillimhe le úsáid ag eagraíochta pobail chun mórthionscadail a chur ar bun a dhéanfaidh leas don phobal. €150,000 atá ar fáil chun airgead a chur ar fáil do ghrúpaí pobail.
Ach tá ceist ann an mbeidh eagraíochtaí pobail i gCois Fharraige in ann cur isteach ar aon airgead faoin gciste: caithfidh an tionscadal a bheadh ag lorg airgid ón gciste a bheith lonnaithe taobh istigh de 10km den Pháirc Ghaoithe.
Tá soiléiriú iarrta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoin gceist.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 10 Feabhra, ag 8.00pm, chun an leabhar leis an iar MEP Seán Ó Neachtain, ‘Ón Spidéal go Strasbourg,’ a chíoradh.
Is as Baile an Domhnalláin do Sheán Ó Neachtain agus sa leabhar, a foilsíodh roimh an Nollaig, tugtar léargas ar a thógáil sa Spidéal, ar a chuid oideachais i nGaillimh agus ar a shaol polaitíochta, a thosaigh ar Bhord Údarás an Gaeltachta 41 bliain ó shin agus a chríochnaigh i bParlaimint na hEorpa sa mbliain 2014, nuair a shocraigh sé gan seasamh i dToghchán na hEorpa, cé go raibh ainmniúchán fáighte aige ó Fhianna Fáil.
Tá an leabhar ar fáil sna siopaí áitiúla, nó is féidir é a ordú ar líne ó na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht.
Le páirt a thógáil sa bplé faoin leabhar seachtain ón gCéadaoin seo chugainn níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus cuirfear nasc Zúm chugat.