Cartlann Nuachta: 20 Feabhra 2019

Teorannacha Luais ar an R336

An Veain Luais

An veain luais taobh amuigh de Shéipéal an Chnoic. Nuair a athraíonn na teorannacha luais san áit seo ó 60km/u go 80km/u ar an 1 Márta seans maith nach mbeidh sé ag breith ar daoine sa spota seo níos mó.

Tá sé socraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go mbeidh na teorannacha luais nua ar Bhóthar Chois Fharraige, an R336, ag tíocht i bhfeidhm ar 1 Máirt. Seo a leanas na hathraithe is mó atá déanta:

Idir Bearna agus An Spidéal: 50km/u sna sráidbhailte, Bearna, Na Forbacha agus An Spidéal; 60km/u idir Coláiste Chonnacht agus An Spidéal agus 80km/u ar an gcuid eile den bhóthar.

Idir An Spidéal agus Siopa an Phobail: 80km/u in áit 60km/u mar atá ann faoi láthair.

Idir Siopa an Phobail go Séipéal na Tulaí: 50km/u le linn tréimhsí scoile ag Scoil Sailearna agus Coláiste Cholmcille agus 80km/u an chuid eile den am.

I gceantar na Tulaí: 60km/u ag an gcasadh ar an R336 ag crosbhóthar na Tulaí agus 50km/u idir TG4 agus an Séipéal, an Scoil san áireamh.

Cumann Forbartha Chois Fharraige a mhol an chuid is mó de na hathraithe, le nach mbeadh an oiread athraithe sa teorainn luais ar an mbóthar.

Ag labhairt léi ar Adhmhaidin (RnaG) Dé Luain seo caite, dúirt Máire Ní Chionna, an t-innealtóir atá freagrach as na teorannacha luais i gContae na Gaillimhe, go ndéanfaidh an Chomhairle Chontae na comharthaí luais 80km/uair ar na bóithríní bailte a athrú, má tá daoine ag iarraidh agus comhartha le línte dubh agus ‘Go Mall’ a chur suas ina n-áit. Mhol sí do dhaoine dul i dteagbháil leis an gComhairle Chontae má tá siad imníoch faoin 80km/uair ar na boithríní bailte.


Achomharc Pleanála sna Forbacha

Tá achomharc curtha ag Mark O’Toole agus Mary O’Sullivan ag an mBord Pleanála in aghaidh cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, cead pleanála a thabhairt do Louise Massie le teach a leagan agus cúig theach nua a thógáil sna Forbacha.

Dúradh gur de bharr ‘botún riaracháin’ a tugadh an cead pleanála don fhorbairt gan choinníoll teanga ach ar 20% de na tithe, in áit 80% mar ba cheart i gcás forbairtí tithíochta le dhá theach nó níos mó, mar atá leagtha síos sa leasú a cuireadh ar Phlean Forbartha an Chontae anuraidh. Is cosúil go bhfuil an chéad leagan den chead pleanála tarraingthe siar ag an gComhairle Chontae agus ceann nua eisithe ina bhfuil an coinníoll teanga curtha ar 80% de na tithe, sé sin ar cheithre theach as an gcúig cinn atá le tógáil ar an suíomh i mBaile na nAbhann, Na Forbacha.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 13 Márta, ag 9.00pm i dTigh Mholly leis an leabhar “Makoronik” le Dave Duggan a phlé.

Seo mar a dhéantar cur síos ar an leabhar seo ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht:

Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal “rogha” san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s’acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?

Tá an leabhar ar fáil go háitiúil ó shiopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal nó ar an nasc seo: Makaronik

Joe Steve Ó Neachtain ag Club Leabhar Chois Fharraige

Joe Steve Ó Neachtain ag Club Leabhar Chois Fharraige le gairid


Gaibhne Chois Fharraige

Ar an Déardaoin seo chugainn, 21 Feabhra, beidh léacht á tabhairt ag Maidhc P. Ó Conaola (sa bpictiúr thuas) i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, faoin teideal “Gaibhne Chois Fharraige”.

Tosóidh an léacht, atá eagraithe ag Cumann Seanchas is Staire Chois Fharraige, ag 8.00pm.


Deireadh leis an mBóthar Nua

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na pleananna a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le bóthar nua a thógáil ag dul siar Cois Fharraige caite i dtraipéisí, tar éis do chomhairleoirí Chonamara vótáil d’aon ghuth na bealaí éagsúla a bhí leagtha amach don bhóthar nua a bhaint den mhapa.

Ó 2009 tá seacht mbealach éagsúla ar an mapa do Chois Fharraige don bhóthar nua agus an talamh taobh leis an seacht mbealach reoite ó thaobh tógáil tithe. Dé Luan seo caite ghlac cruinniú de Chomhairleoirí Chonamara le rún d’aon ghuth, a bhí molta ag an gComh. Tomás Ó Curraoin agus an Comh. Seán Ó Tuairisg ag cuidiú leis, ag baint na bealaí éagsúla den mhapa, cé go ndúirt an Bainisteoir Seirbhíse leo go mbeadh orthu tosú as an nua arís sa gcás go mbeadh R336 nua le déanamh amach anseo.

Tá uasghrádú an R336 ar cheann de na cuspóirí atá ag an gComhairle Chontae, do réir Plean Forbartha an Chontae.


Léacht faoi Raiftearaí

Ar an Máirt seo chugainn, 26 Feabhra, tabharfaidh Tadhg Mac Dhonnagáin (ar chlé) léacht in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, faoin teideal “Mise Raiftearaí, an Fíodóir Focal” ag tosú ag 8.00pm. Tá an léacht á eagrú ag Cumann Béaloidis Chonamara.

Rugadh Antaine Raiftearaí (1779 – 1835) i gCill Liadáin in aice le Coillte Mach, Co Mhaigh Eo, ach chaith sé cuid mhaith dá shaol ag fánaíocht ar Achréidh na Gaillimhe. Sé Raiftearaí a chum cuid de na hamhráin is fearr le fonnadóirí i gConamara a rá, ar nós Anach Cuain agus Brídín Bhéasaí.

Is saineolaí é Tadhg Mac Dhonnagáin ar an bhfile. Scríobh sé an leabhar “Mise Raiftearaí, an Fíodóir Focal” a roghnaíodh mar Leabhar na Bliana 2015, agus ar a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin.


Postanna i dTearmann Éanna

Tearmann Éanna Teo. LogoTá go dtí Aoine na seachtaine seo, 22 Feabhra, le cur isteach ar phostanna atá le líonadh ag Tearmann Éanna mar chúramóirí baile páirtaimseartha ins an ceantar ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árann.

Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín www.tearmanneanna.ie nó is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091/5055 nó ríomhphost a chur ag tearmanneanna@nulleircom.net.


Tús Maith ag Mná Chois Fharraige

Méala Ní Choistealbha ar an ionsaí

Maela Ní Choistealbha (ar chlé) ó fhoireann ban na mBreathnaigh a d’imir sárchluiche ar an Domhnach seo caite nuair a bhuail siad St Michaels ó Ghaillimh leis an scór 4 – 11 in aghaidh 1 – 04.

Chuir foireann sóisir na mban ó Chumann Micheál Breathnach tús maith leis an séasúr nua nuair a chloígh siad St Michael’s ó Chathair na Gaillimhe ar an Domhnach seo caite, leis an scór 4 – 11 in aghaidh 1 – 04.

Zara Ní Choistealbha a d’oscail an scóráil le cúl, ach tháinig cailíní na cathrach ar ais agus scóráil siad dhá chuilín i ndiaidh a chéile. B’shin an méid a fuair St Michael’s sa gcéad leath, a chríocnaigh le 3 – 03 ag cailíní Chois Fharraige in aghaidh 0 – 2.

Bhí mná na Gaeltachta i gceannas i ngach cuid den pháirc imeartha sa darna leath agus ní raibh cosantóirí St Michael’s in ann déileáil leis na ruathair. I measc na gcosantóirí bhí Sinéad Ní Mhaoláin, Fóghla Ní Bhraonáin, Adhna Nic Dhonncha agus Maela Ní Choisteala thar barr, ag briseadh suas na ionsaithe ó mhná na cathrach.

Scóráil Majella Nic Dhonncha trí chúl d’fhoireann Chois Fharraige agus trí phointe. I measc na n-imreoirí eile a scóráil bhí Síofra Ní Mhárta, Ailbhe Breathnach, Becky Ní Éallaithe agus Sadhbh Howlin.


Scannán: JUST TO BE SURE

Club Scannán - Just to be Sure

Radharc ón scannán JUST TO BE SURE a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, an Déardaoin seo, 21 Feabhra, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 21 Feabhra, taispeánfar scannán ón bhFrainc JUST TO BE SURE i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Baineann scéal an scannáin le fear meánaosta, arbh é a phost buamaí a chur ó mhaith. Ach cuirtear a shaol trína chéile nuair a fhaigheann sé amach nithe a bhí i bhfolach faoina chlann féin. Tá idir greann is gruaim sa scannán seo, atá á theaspáint ag Club Scannán Sailearna le tacaíocht ó Ambasáid na Fraince.

Tá eolas faoin scannán seo le fáil anseo: JUST TO BE SURE

An tseachtain seo chugainn, 28 Feabhra, sé an scannán ón Danmhairg THE GUILTY a bheas á thaispeáint.

Tá eolas faoi na scannáin ar fad a bhíonn á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, chomh maith le blaiseadh dhó, le fáil anseo: www.clubscannan.ie/ga


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil na mBan (Sóisear): Micheál Breathnach 3 11, St Michael’s 1 04.

Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 6, West Coast Utd 3.

Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 2, Kinvara Utd. 2.


20 Feabhra 2019