Cartlann Nuachta: 20 Meitheamh 2018
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile tar éis an tsamhraidh ar an gCéadaoin, an 12 Meán Fómhair i dTigh Mholly le plé a dhéanamh ar dhá leabhar fíor-spéisiúil, ‘Mise Áine – An Bhean Istigh’ le Áine Durkan agus ‘Bróga Johnny Thomáis’ le Jackie Mac Donncha. Bígí linn agus bígí ag léamh. Fáilte roimh chách.
Traidphicnic ar an mBealach
Kila ag Traidphicnic Anuraidh
Tá an clár don fhéile ceoil Traidphicnic eisithe anois. I measc na ngrúpaí a bheas ag seinm i mbliana beidh an grúpa De Danann, a bhfuil baint acu le Cois Fharraige, sa méid is gur minic i dTigh Hughes sa Spidéal agus i dTigh Jimmy Beartla ar an gCnoc a bhíodh Alec Finn, Frankie Gavin, Ringo Mc Donagh agus Charlie Piggott ag cleachtadh le chéile, nuair a bunaíodh De Danann i dtosach i lár na 70aí. Bhí cónaí ar Alec Finn sa Spidéal ag an am. Tá Tigh Hughes agus Tigh Jimmy Beartla dúnta anois ach tá De Danann beo i gcónaí.
Cé gur thit Frankie Gavin agus Alec Finn amach le chéile go poiblí faoi cé ag a raibh an ceart an t-ainm De Danann a úsáid, is deas a fheiceáil go mbeidh siad ag casadh ceoil le chéile ag Traidphicnic agus go mbeidh na hiarbhaill den ghrúpa, Dolores Keane agus Colm Murphy, ar stáitse in éindí leo, chomh maith leis an sár-bhoscadóir ó Phort Láirge, Aiden Coffey.
I measc na ngrúpaí eile a bheas ag an Traidphicnic i mbliana, beidh an banna ceoil COGAR, chomh maith leis an gcláirseoir Caitlín Loughnane is a iníon Caitríona, a bheas ag casadh le Alec Finn is a mhac Cian.
Tosóidh Traidphicnic ar an Aoine, 6 Iúil, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach, 8 Iúil, nuair a chuirfidh Ceoltóirí Chois Fharraige críoch leis.
Mar is gnáth ní dhíoltar aon ticéad, ach glactar le síntiús ar an mbonn ‘íoc an méid is féidir leat’. Chosnódh ticéad do fhéile ceoil mar seo aon áit eile gar go maith do €70 nó €80.
Is féidir an clár ar fad a fháil ar an leathanach facebook http://traidphicnic.com/clar.html nó is féidir é a léamh nó a íoslódáil anseo: Traidphicnic Clár 2018
An banna ceoil COGAR, a bheas ag casadh ag an bhféile TRAIDPHICNIC, a reáchtálfar sa Spidéal an chéad dheireadh seachtaine de mhí Iúil, ag tosú ar an Aoine 6ú lá agus ag críochnú ar an Domhnach, 8ú lá.
Plean Nua na Gaeltachta
Ag cruinniú a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an an tseachtain seo caite glacadh le Plean Nua na Gaeltachta, a bheas mar chuid de Phlean Forbartha an Chontae 2015 – 2021. Faoin bplean nua níl aon talamh criosaithe le haghaidh tithíochta i nGaeltacht Chois Fharraige, taobh amuigh den dá shráidbhailte, An Spidéal is An Cheathrú Rua.
Theip ar an iarracht a rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige go n-úsáidfí talamh, a bhí á chriosú le haghaidh tithíochta i mBothúna, le freastal ar riachtanais tithíochta an cheantair.
Theip ar mholadh eile ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga a bhain le caighdeán Gaeilge a leagan síos do na tithe a bheadh srianta ag coinníoll Gaeilge. Faoi mar atá sé, d’fhéadfaí caighdeán ar bith a úsáid, seachas an caighdeán a bhí in úsáid go dtí seo leis an gcoinníoll teanga a shásamh.
Ní aithníonn Plean Nua na Gaeltachta go bhfuil riachtanais tithíochta ag na pobail sa nGaeltacht taobh amuigh de na sráidbhailte, An Cheathrú Rua agus An Spidéal. Chomh maith le sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil deireadh curtha leis an bpolasaí ‘Neartú Gaeltachta’, a bhí in úsáid go dtí seo le cead a thabhairt do dhaoine a bhí in ann a chruthú go raibh líofacht Ghaeilge acu agus gur buntáiste fadtéarmach a bheadh iontu don cheantar dá bhfaighfidís cead tógála.
Beidh Plean Nua na Gaeltachta i bhfeidhm ar feadh trí bliana go 2021, nuair a thiocfaidh Plean Forbartha nua a réiteach do Chontae na Gaillimhe sa mbliain.
Peileathon CLG Bhearna
Beidh an dara Peileathon bliantúil á reachtáil ag CLG Bhearna ar pháirceanna imeartha na bhForbacha, Dé Sathairn 30ú Meitheamh.
Ceiliúradh a bheidh ann, ar ár gcluichí, ár gcaidreamh agus ár gcumann. Tá súil againn airgead a thiomsú do 3 charthanachtaí áitiúla, Hand in hand, Rosabel’s Rooms agus an IHCPT. Beidh gach ball den chlub, idir óg agus aosta ag glacadh páirte i gcluiche peile ar an lá.
Beidh an lá speisialta á cheiliúradh i ndíl chuimhne ar Ronan Gaynor a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh. Ball óg de CLG Bhearna ab ea Ronan a throid go crua in aghaidh tinnis ach a cailleadh i Mí Iúil na bliana seo caite. Bronnfaidh an cumann roinnt airgid a bhaileofar ar an lá ar an gcarthanacht “Hand in hand”
Chomh maith leis sin, déanfar ceiliúradh speisialta ar bheirt bhall eile de CLG Bhearna a d’imigh ar shlí na fírinne le gairid. Bronnfaidh an cumann roinnt airgid ar “Rosabel’s Rooms” I gcuimhne ar Claire Curran a d’imigh ar shlí na fírinne I Mí Aibreáin 2018. Tá fear chéile Claire, Bert, ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir CLG Bhearna agus a mac Conor ina imreoir leo.
Bronnfaidh an cumann an tríú chuid den airgead a bhaileofar ar an IHCPT I gcuimnhe ar Pat Fallon ón mBuaile Beag a cailleadh I mbliana. Bronnfar corn speisialta ar rannpháirtithe óga an Peileathon ar an lá, in ómós de Phat I gcuimhne ar an obair iontach a rinne sé le CLG Bhearna ar feadh na mblianta.
Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha dílse
Gradam do Thuismitheoirí na Gaeltachta
An Déardaoin seo caite bhronn Cathaoirleach an Chomhairle Chontae, Eileen Mannion, duais €500 ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, mar aitheantas ar an méid oibre a dhéanann an eagraíocht ar mhaithe leis an nGaeilge sa nGaeltacht.
Bhí Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ainmnithe don duais chéanna, ‘Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge’.
Sé bunaitheoir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, a roghnaíodh don ghradam mar Oibrí Deonach na Bliana, agus fuair Pádraig Ó Biadha ó Leitir Mealláin Gradam Foilseachán Oidhreachta as a leabhar faoi Cheantar na nOileán, a foilsíodh anuraidh.
Dumhach na Leanbh
Breandán Ó Tuairisg, an cathaoirleach ar Fhochoiste Athchóirithe Dumhach na Leanbh, ag breathnú ar an gcrois a shocraigh sé féin ann beagnach dhá scór bliain ó shin, i gcuimhne ar na daoine atá curtha ann.
Ag cruinniú a bhí ag an bhfochoiste den Chumann Forbartha atá ag plé le athchóiriú Dumhach na Leanbh ar an Teach Mór, tuairiscíodh gur bailíodh €1,220 taobh amuigh de Shiopa an Phobail (Tigh Joyce), ar mhaithe leis an gciste athchóirithe.
Tá Fochoiste Athchóirithe Dumhach na Leanbh an-sásta leis an méid a bailíodh agus an-bhuíoch do gach duine a thug airgead ar an lá.
Tá roinnt sintiúis tagtha isteach chomh maith ó dhaoine thar lear, a bhfuil gaolta leo curtha i nDumhach na Leanbh.
Tá cuntas oscailte anois leis an gComhar Creidmheasa faoin ainm ‘Fochoiste Dumhach na Leanbh’ agus is féidir le duine ar bith, ar mian leo síntiús a thabhairt, é sin a dhéanamh in oifig an Chomhar Creidmheasa, nó is féidir airgead a chur isteach sa gcuntas go leictreonach ach úsáid a bhaint as an IBAN seo a leanas: IE03CCHC99218194742425. Cuirfear admháil amach ar aon síntiús a fhaightear.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil (Roinn 2) F14: Carna-Caiseal/Na Piarsaigh 5-9, Clg Mícheál Breathnach 6-4.
Peil (Roinn 7) F12: Uachtar Ard 2-4, An Spidéal 6-13.
Iomáint (Roinn 3) F12: Rahoon-Newcastle GAA 6-2, Bearna-Na Forbacha 1-5.
Iomáint (Roinn 1B) F13: Cois Fharraige 0-6, Maigh Cuilinn 1-3.
Camógaí – Corn an Chondae B1 faoi 10: Cumann Camógaí Chois Fharraige 2-3, Ceapach an tSeagail 2-3 (théis am breise).
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.
20 Meitheamh 2018