Cartlann Nuachta: 20 Samhain 2019

Pictiúr don Fhéilire

Luí na Gréine - Colm Welby

Grianghraf a thóg Colm Welby, a roghnaíodh le dul ar chlúdach an fhéilire 2020, a bheas á fhoilsiú ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo.

Grianghraf a thóg Colm Welby a roghnaíodh le dul ar chlúdach an fhéilire don bhliain 2020, a bheas á fhoilsiú ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. Roghnaíodh an pictiúr mar gurb é an pictiúr is mó a fuair likes ar leathanach Facebook Chomhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. Fuair sé 2100 likes ina iomlán. ‘Luí na Gréine i gCeantar Scríb’ a thug sé ar an bpictiúr.


Seisear ó na Breathnaigh ar an Dream Team

Rónán Ó Beoláin sa chúl CMB 2019

Rónán Ó Beoláin, Cathair, An Choill Rua, Indreabhán, duine den seisear peileadóirí ó Chumann Micheál Breathnach a roghnaíodh ar fhoireann idirmheánach na Gaillimhe don bhliain 2019, an Dream Team, mar a thugtar air.

[Pic: Seán Ryan]

Fógraíodh ar an Luan seo caite go bhfuil seisear peileadóirí ó Chumann Micheál Breathnach roghnaithe ar an ‘dream team’ idirmheánach don bhliain 2019. Ar ndóigh, chuaigh na Breathnaigh chomh fada le Cluiche Ceannais an Chontae sa nGrád Idirmheánach agus buaileadh iad san athimirt le ciceanna pionóis, tar éis críochnú cothrom tar éis tréimhse am breise.

Rónán O Beoláin, Cathair, An Choill Rua.

Fiach Ó Béarra, Bothúna, An Spidéal.

Dinny Ó hÉallaithe, Na hAille, Indreabhán.

Tommy Ó Conghaile, Camus Íochtar, Casla.

Seán Denvir, Na hAille, Indreabhán.

Ronán Mac Donnacha, An Teach Mór, Indreabhán.

Fiach Ó Béarra (CMB 2019)

Fiach Ó Béarra, Bothúna, An Spidéal, ag imirt in aghaidh Uachtar Ard i gCluiche Ceannais Idirmheánach an Chontae. Tá Fiach ar dhuine den seisear peileadóirí ó Chumann Micheál Breathnach a roghnaíodh ar fhoireann idirmheánach na Gaillimhe don bhliain 2019, an Dream Team, mar a thugtar air.

[Pic: Seán Ryan]

Déanfar a ngradam a bhronnadh ar na himreoirí ag ócáid speisialta in Óstán Bhaile an Chláir, seachtain ón Aoine seo, 29 Samhain.


Macbeth ar an Tulach

Tá Fíbín ag cur an dráma Macbeth le William Shakespeare ar stáitse an deireadh seachtaine seo chugainn i Halla na Tulaí, trasna ó cheannáras Fíbín. Mac an Bheatha an t-ainm atá ar an leagan misniúil seo atá á stiúradh ag Philip Doherty. Beidh an dráma ag oscailt ar an Satharn seo chugainn, 23 Samhain, ag 8.00pm agus beidh sé ar an stáitse aríst i Halla na Tulaí ar an Domhnach, 24 Samhain, ag an am céanna.

Seo é ar an tríú dráma atá léirithe ag Fíbín sa gceanncheathrú nua in Indreabhán – Tigh Johnny Sheáin – ó d’oscail siad na doirse i mí Lúnasa i mbliana. An tseachtain seo chugainn beidh an seó ar siúl ar feadh ceithre oíche i Printworks na Gaillimhe, taobh le hoifigí an Connacht Tribune, ag tosú ar an gCéadaoin, 27 Samhain, agus ag dul ar aghaidh go dtí an Satharn dar gcionn.

San insint seo ar scéal Shakespeare, tagann scata fíor-náisiúnaithe foréigneacha le chéile i gclub oíche faoi rún chun an scéal seo faoi dhúnmhárú, ciontacht agus díoltas a léiriú. Seo é Macbeth á shamhlú as an nua ag Fíbín mar ghig ina dtumtar an lucht féachana isteach i ndomhan aisteach gan dlí, áit nach labhraítear ach Gaeilge amháin.

Le tairngreachtaí triúr cailleacha punc-miotail agus griogadh a bhean chéile (Liz Fitzgibbon), fáisctear an drochmhianach atá istigh sa saighdiúr seo, Mac an Bheatha (Lochlann Ó Mearáin), chun ceannaire an rialtais nua a mharú chun an chumhacht a thógáil uaidh.

Tá scoth na n-aisteoirí proifisiúnta sa dráma seo agus tá banna ceoil beo mar chuid den seó, rud a chuireann go mór leis an dráma.


Scannán: Women At War

Scannán - WOMAN_AT_WAR_by_Benedikt_Erlingsson

An Déardaoin seo, 21 Samhain, beidh scannán faoi chosaint na timpeallachta á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. WOMAN AT WAR is teideal don scannán, scéal faoi bhean atá ag tógáil seasamh aonair in aghaidh tionscail an alúmanaim san Íoslainn. Díreach agus an feachtas á ghéarú faigheann sí amach go bhfuil cead aici cailín beag ón Úcráin a uchtú. Tá ruainne den ghreann ag baint leis an scannán, in ainneoin chomh tromchúiseach is atá an t-ábhar. Tosóidh an scannán ag 8.15pm.

Tá níos mó eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh dhó, le fáil ar an suíomh idirlín www.clubscannan.ie.


Gearóid Denvir ina Uachtarán

Gearoid_Denvir_Uachtarán_Oireachtas 2020

Gearóid Denvir, as Na hAille, Indreabhán, atá roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain seo romhainn 2020, nuair a bheas an tOireachtas ar bun i nGaillimh. Insealbhaíodh mar uachtarán é ar an Luan seo caite.

Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir a bhfuil cónaí air le fada i gCois Fharraige. Is minic é ina mholtóir ar chomórtais éagsúla an Oireachtais: an tAgallamh Beirte, Na Lúibíní, An Scéalaíocht, An Dreas Cainte, An Sceitse agus an tAmhrán Nuachumtha.

Tá Gearóid pósta le Máire Ní Chlochartaigh ó Chamus agus le chéile rith siad Coláiste Chamuis le blianta, coláistí a bhfuil cáil orthu de bharr ardchaighdeán na Gaeilge a bhíonn ag na gasúir a fhreastalaíonn orthu. Tá sé ina leaschathoirleach ar Chumann Micheál Breathnach chomh maith, agus bhí a mhac Seán ag imirt ar fhoireann iománaíochta na mBreathnaigh ar éirigh leo Corn Sóisear na gClub, Cúige Chonnacht, a bhuachaint níos túisce an mhí seo. Sular éirigh sé as roinnt beag blianta ó shin, bhí Gearóid ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, go mbeidh Gearóid ina ambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn. Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl sa gcathair ón 23 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2020.


Cailíní Chois Fharraige Buailte

Máire Ní Fhrighil Camógaí 2019

Máire Ní Fhrighil ó na Forbacha agus í ar an ionsaí ag imirt le Cumann Camógaíochta Chois Fharraige in aghaidh Bhóthar na Trá, níos túisce i mbliana.

Ar an Domhnach seo caite buaileadh cailíní Chois Fharraige sa gCluiche Ceannais den Chomórtas Sraithe ag Grád Sóisear A, leis an scór 2 – 10 in aghaidh 0 – 8, agus iad ag imirt in aghaidh Bhóthar na Trá. Ní mórán a bhí idir an dá fhoireann go dtí go bhfuair Bóthar na Trá cúl a cuireadh ón láimh thar an gcúl báire. Agus nuair a fuair Bóthar na Trá an dara cúl, gar do dheireadh an chéad leath, fágadh Cois Fharraige seacht gcúilín ar gcúl.

Sa dara leath throid cailíní Chois Fharraige le haghaidh gach liathróid agus cé go raibh siad ag imirt i bhfad níos fearr, níor éirigh leo an cúl sin a fháil a theastaigh, chun an bhearna a laghdú.


Club Leabhar

Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 11 Nollaig, ag 8.00pm i dTigh Mholly, Indreabhán, leis an leabhar An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir a phlé. Tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua ag an gClub Leabhar, a thagann le chéile ar an dara Céadaoin gach mí.

Tuilleadh eolais faoin leabhar: An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir.


Léacht Spéisiúil sa gCeathrú Rua

Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

Beidh an chéad léacht eile sa tsraith cainteanna, atá eagraithe ag Cumann Béaloidis Chonamara, ar bun ar an Máirt seo chugainn, 26 Samhain, in Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, ag tosú ag 8.00pm.

Is é Seán Ó Ráighne a bheas i mbun cainte agus é ag déanamh cur síos ar DNA agus Craobha Ginealaigh. ‘Má tá faitíos ort roimh thaibhsí, ná oscail an doras!’ is teideal don léacht.

Is as Baile na Cille, Leitir Mealláin, é Seán Ó Ráighne agus bhí sé ina Bhainisteoir Ríomhaireachta in Údarás na Gaeltachta go dtí gur éirigh sé as slám blianta ó shin. Tá suim aige sa drámaíocht agus bíonn sé le feiceáil ar stáitse agus i scannáin ó am go ham. Ach tá an-suim aige sa nginealas ó bhí sé óg, agus ba mhaith leis a cheird a roinnt le baill Chumann Béaloidis Chonamara agus iad a chur ar an eolas faoi na hacmhainní atá ann le daoine muinteartha a aimsiú. Ní bheadh a fhios agaibh cén taibhse a chasfaí oraibh amach anseo! Beidh míle fáilte romhat chuig an gcaint.


Torthaí Spóirt

Iomáint (Coláistí, Sóisear): Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal 4 – 14, Coláiste na Coiribe 3 – 17.

Camógaí (Sóisear A, Cluiche Ceannais): Cois Fharraige 0 – 08, Salthill 2 – 10.

Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha B 7, Craughwell Utd. 1.

Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 0, Moyne Villa 2.

Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 3.

Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha 5, Moyne Villa 0.


20 Samhain 2019