Cartlann Nuachta: 21 Deireadh Fómhair 2020

BISEACH 2020 ar Fáil

Biseach 2020Tá BISEACH 2020 ar fáil. Déardaoin na seachtaine seo, 22 Deireadh Fómhair, seoladh eagrán na bliana seo den iris ar an gclár Iris Aniar (RnaG). Tá ábhar léitheoireachta den scoth agus neart pictiúr, idir sean agus nua, i mBISEACH 2020, atá curtha in eagar ag Seosamh Ó Braonáin agus foilsithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Seo a leanas cuid den ábhar atá i mBISEACH 2020:

  • Míreanna spéisiúla a bhaineann le Cois Fharraige ón tréimhseachán míosúil AR AGHAIDH, 1936 – 1944.
  • Alt ag Peadar Ó Máille faoi pháirt a athar, Sean-Pheadar Ó Máille, i gCogadh na Saoirse agus an chonspóid a bhain le marú an iar-shaighdiúra, Patrick Thornton 1920.
  • Márú Pat Ó Tuairisg, ball den RIC, i dTrá Lí, Oíche Shamhna, 100 bliain ó shin.
  • Vótáil sna boscaí Gaeltachta, Olltoghchán 2020.
  • Spaisteoireacht i gCeanar Ros a’ Mhíl le Máirín Mhic Lochlainn.
  • Pobal Chois Fharraige 1920 le Cormac Ó Comhraí agus cur síos ar fhuadach agus marú an mhúinteoir scoile, Patrick Joyce, 100 bliain ó shin.
  • Alt faoin gcomhairleoir contae ó Bhearna, Tomás Ó Curraoin.
  • Leagan den aitheasc a thug Páid Ó Neachtain le linn Aifreann na Socraide don laoch pobail, Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh ag tús na bliana.
  • Alt ag Neansaí Ní Choistealbha faoin aithne phearsanta a bhí aici ar an laoch ceoil, Johnny Phádraig Pheitir Ó Conghaile, a bhásaigh le linn na bliana.
  • Alt ag Donncha Ó hÉallaithe faoi Oireachtas Ros Muc agus Saor Raidió Chonamara, 1970.
  • Ainmneacha agus pictiúir cuid de na daoine a bhíodh ag obair i Connemarble, an chéad mhonarcha i bParóiste an Chnoic, a osclaíodh 1968, curtha le chéile ag Breandán Ó Tuairisg.
  • Ábhar ó Bhailiúchán na Scol, a tógadh ó ghasúir i Scoil Sailearna 1937, curtha le chéile ag Lochlainn Ó Tuairisg.
  • Scéalta ón seanchaí Jimmí Chearra, a bhásaigh le gairid.
  • Alt faoi Údarás na Gaeltachta ag Seosamh Ó Cuaig.
  • Alt faoi Choiste na bPáistí ag Mártan Ó Ciardha.
  • Mír ag Timín Joe Tim Ó Curraidhín faoi Bhanna Ceoil an Iarthair.
  • Ainmneacha daoine as Cois Fharraige a aistríodh go Co Cill Dara agus Co na Mí, deireadh na 1950idí, curtha le chéile ag Ruaidhrí Ó Tuairisg.
  • Alt cuimsitheach le Maidhc P. Ó Conghaile, faoi na ceártaí a bhí i gCois Fharraige tráth.
  • Stair an tsiopa atá ag muintir Mhic Phroinnsias sa Spidéal le 150 bliain, scríofa ag Seán Ó Neachtain.

Tá neart pictiúr san iris freisin, seanphictiúir chomh maith de pictiúir de na ranganna a chríochnaigh sna bunscoileanna agus sa dá scoil iarbhunoideachais sa gceantar.

Níl ach €5 ar an iris, buíochas don deontas flaithiúil atá le cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta. Díoladh amach BISEACH 2019 an sciobtha anuraidh agus moltar go dhaoine gan é a fhágáil ró-fhada le cóip a fháil.


BISEACH ar Líne

Biseach

Tá an t-ábhar san iris Biseach anuas thar na blianta le fáil anois ar chartlann atá curtha le chéile ag Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge. Tá digitiú déanta ar an ábhar go léir sna heagráin den iris ón bhliain 1968 i leith. Gach alt a foilsíodh i mBiseach idir 1968 agus 2019 – tá beagnach 500 alt a foilsíodh i ngach leagan de Bhiseach ó 1968 le fáil anseo, le léamh, le roinnt nó le hioslódáil. Chomh maith le sin tá leaganacha digiteacha de na hIrisí go léir curtha ar amlíne, ó 1968 go dtí 2019. Níl le déanamh ach cliceáil ar theideal na hirise chun leagan digiteach a léamh nó a íoslódáil.

Na hailt ina bhfuil iontu tagairtí tíreolaíochta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige – ar nós logainmneacha, bailte agus paróistí, stair áitiúil – tá siad le leagtha amach ar léarscáil de Chois Fharraige.

Tá seans go bhfuil roinnt blianta ar iarraidh. Tá neart altanna spéisiúla sa mbailiúchán atá le fáil ar líne ach an nasc  www.cartlann.ie a úsáid agus dul ag Taispeántas Biseach ar an suíomh.


Bás Uí Chadhain 1970

Máirtín Ó Cadhain toghchán 1969

Mairtín Ó Cadhain ag óráidíocht bliain sula bhfuair sé bás

Nuair a bhásaigh Máirtín Ó Cadhain i 1970, bhí Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta in aird a réime. Bhí Máirtín ar cheann de na daoine a spreag lucht na gCearta Síbhialta sa nGaeltacht agus thacaigh sé le Peadar Mac an Iomaire, iarrthóir na gCearta Síbhialta san Olltoghchán i 1969. Is beag a shíl an dream óg i gCois Fharraige, a tháinig faoina thionchar, go mbeadh sé básaithe taobh istigh de bhliain.

Th’éis a bháis bhí an méid seo le rá ar an gcéad leathanach den iris TUAIRISC, a bhí á fhoilsiú ag Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta sna blianta sin: “ Bhí baint mhór ag Máirtín Ó Cadhain le mórán chuile rud fiúntach sa nGaeltacht le dhá scór bliain anuas – Gluaiseacht Chearta Sibhialta san áireamh. Braithfimid uainn é. Ach tá a chomhairle fós ar fáil againn, ina chuid scríbhinní. Leanaimís é.”


Oireachtas Fíorúil

Buaiteoirí Oireachtais 2019 Scoil Sailearna

Páistí ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo duaiseanna a bhuachan ag Oireachtas na Gaeilge 2019 i mBaile Átha Cliath, an t-am seo anuraidh.

Ar chúl, ó chlé: Caoilte Canny (dara áit, Agallamh Beirte faoi 14), Ferdia Ó Braonáin (dara áit, Agallamh Beirte faoi 14), Fé Ní Chionnaigh (dara áit, Lúibíní faoi 13), Déithín Ní Fhátharta (céad áit, Agallamh Beirte f14 & dara áit, Lúibíní faoi 13) agus Lorcán Ó Curraoin (céad áit, Aithriseoireacht faoi 11).

Chun tosaigh, ó chlé: Pádraig Ó Coisdealbha (céad áit, Amhránaíocht faoi 8) Saoirse Nic an Iomaire (dara áit, Amhránaíocht faoi 8) agus Laoise Ní Neachtain (Aithriseoireacht faoi 7).

Is cúis mhór díomá do go leor daoine i gConamara, go háirid na daoine óga ó Chois Fharraige a bhí ag súil le Oireachtas na Gaeilge a bheith i mBóthar na Trá ag deireadh na míosa seo. Bhí Féile Mhór na nGael ceaptha tosaí ar an Máirt seo chugainn, 27 Deireadh Fómhair ,ach mar is eol do gach duine faoin am seo, ní bheidh an tOireachtas ag dul ar aghaidh i nGaillimh i mbliana.

Bíonn grúpa mór páistí ó Scoil Sailearna páirteach san Oireachtas gach bliain agus tagann siad abhaile le neart boinn agus duaiseanna, san amhránaíocht, sna lúibíní, sna hagallaimh beirte etc.

Ach tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag eagrú Oireachtas fíorúil do na páistí i gcomhar le TG4. Tá sraith fiseán á gcur le chéile faoi láthair ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus craolfar iad ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta ag deireadh na míosa, le linn aimsir an Oireachtais.


Uasghrádú ar Chórais Séarachais

Tá sé fógraithe ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil uasghrádú le déanamh ar 11 córas cóireála séarachais ar Pháirceanna Gnó i gConamara agus i nDún na nGall, cúig cinn acu i gCois Fharraige.

Tá córas nua le déanamh ar Pháirc Ghnó Sailearna, trasna ó Choláiste Cholmcille, agus i mBaile an tSléibhe, Ros a’ Mhíl. Ar an gCoill Bua, áit a bhfuil Mylan, beidh córas nua á fheistiú le feabhas a chur ar na háiseanna monatóireachta ar an gcóras reatha. I Ros a’ Mhíl beidh cuid mhaith trealamh nua á fheistiú ar an gcóras séarachais len é a uasghrádú.

Dúirt Mark de Faoite ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an tÚdarás buíoch don mhaoiniú breise atá faighte ón Rialtas i mbliana, chun chur ar chumas an Údaráis “tabhairt faoi roinnt oibreacha suntasacha ar chórais cóireála fuíolluisce lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na caighdeáin chuí”.

Dúirt sé go mbeidh tairiscintí á lorg sna seachtainí seo romhainn le tabhairt faoi na hoibreacha seo. “Tá caiteachas de suas le €1.5m i gceist leis an obair ina iomláine ar an 11 córas cóireála fuíolluisce nuair a bheidh an obair seo curtha i gcrích.”


Dea-Scéal do Ealaíontóirí Chois Fharraige

Tá Covid-19 tar éis deireadh a chur le saothrú cuid mhaith ealaíontóirí: níl aon gigeannaí ann, tá na hamharclanna dúnta, ní raibh aon fhéilte ann i gcaitheamh an tsamhraidh a thabharfadh saothrú dóibh. Is mór an cúnamh na sparántachtaí atá bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar aisteoirí, damhsóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí agus amhránaithe ó na ceantair Ghaeltachta a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge.

I measc na n-ealaíontóirí ó Chois Fharraige a fuair sparántachtaí bhí an t-aisteoir iomráiteach Dónall Ó Héalaí ó Na hAille (ar dheis); an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin ón Spidéal; an t-amhránaí Pádraic Jeaic Ó Flatharta ó Ros a’ Mhíl; an damhsóir comhaimseartha Ríonach Ní Néill ó Na hAille; an scríbhneoir Meábh Ní Eadhra ón Spidéal; an drámadóir Maidhc P Ó Conaola ón Spidéal agus an t-amhránaí Áine Ní Dhroighneáin ón Spidéal.

Tá airgead €2,200 ceadaithe chomh maith do Chlub Leabhar Chois Fharraige agus €3,600 don chomhlacht drámaíochta Fíbín, atá lonnaithe ar an Tulach.


Comórtas Grianghrafadóireachta

Luí na Gréine - Colm Welby

Luí na Gréine – Colm Welby

Aoine na seachtaine seo, 23 Deireadh Fómhair, an dáta deireadh a nglacfar le iontrálaithe sa gcomórtas grianghrafadóireachta ata á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholmcille. Roghnófar 12 grianghraif ó na hiontrálaithe le cur i bhFéilíre 2021 an Chomhar Creidmheasa, féilire a mbíonn an-éileamh air gach bliain de bharr na bpictiúir áille. Is é téama an chomórtais i mbliana ná Do Cheantar.

Le cur isteach ar an gcomórtas níl le déanamh ach do ghrianghraf a chur ag an seoladh ríomhphoist feilireccccteo@nullgmail.com faoin Aoine seo.


21 Deireadh Fómhair 2020