Cartlann Nuachta: 21 Márta 2018
Lá ‘le Pádraig i gCois Fharraige
Naomh Pádraig ag ceann an pharáid sa Spidéal, Lá ‘le Pádraig.
‘Cripil Inis Meáin’ sa Taibhdhearc
Ar an Domhnach seo chugainn, 25 Márta, beidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag cur leagan Gaeilge den dráma le Martin McDonagh, ‘Cripil Inis Meáin’, ar stáitse i dTaidhbhearc na Gaillimhe. Léiríodh an dráma i Seanscoil Sailearna le gairid agus bhain daoine an-taithneamh as.
Tá an dráma, a scríobh Martin McDonagh i mBéarla, aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile.
Sé Eoghain Ó Riada atá i mbun léirithe. Seo leanas an cliar a bheas ar an stáitse: Máire Ní Mháille (Kate), Bridie Ní Churraoin (Eilín), Colm Joe Mac Donnacha (Johnny Pheaitín Mhaidhc), Ronán Ó Curraoin (Billí), Séamus Ó Scanláin (Beairtlín), Marie Bheag Breathnach (Helen), John Keane (Bobby Bhobby), Colman Seoighe (Dochtúir) agus Mairín Mhic Lochlainn (Mamaí).
Ag 8.00 i.n a bheas an dráma ag tosaí ar an Domhnach seo chugainn (25 Márta). Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an Taibhdhearc: 091-562024.
Amharclann na nÓg
An deireadh seachtaine seo chugainn, an Satharn agus an Domhnach (24/25 Márta), beidh na drámaí ‘Cinnín Óir & na Béir’, ‘Bilí Bus’, ‘Rumpelstiltskin’ agus ‘Pionta Amháin Uisce’á léiriú ag Amharclann na nÓg (Compántas Drámaíochta Thuismitheoirí na Gaeltachta), Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 24/25 Márta, in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna).
Tá ticéid ar fáil anois. Moltar do dhaoine teagmháil a dhéanamh le eolas@nulltuismitheoiri.ie nó 091 869571 láithreach, mar go bhfuil an-éileamh ar na ticéid agus go raibh léirithe na bliana seo caite díolta amach in achar ama an-ghearr.
LOVELESS sa tSeanscoil
An buachaill a théann ar iarraidh sa scannán Rúiseach LOVELESS, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 22 Márta, ag tosaí ag 8.15pm.
Ar an Déardaoin seo, 22 Márta, taispeánfar LOVELESS, scannán ón Rúis ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.
Ainmníodh an scannán LOVELESS i haghaidh Oscar i mbliana agus bhain sé ceann de na príomhduaiseanna ag Féile Scannán Cannes anuraidh. Scéal atá ann faoi lánúin atá ag briseadh suas, ach tá mac acu sna déaga. Téann sé ar iarraidh agus tagann an lánúin le chéile chun dul ar a thóir.
Seoladh Leabhar faoi Raiftearaí
Ar an Déardaoin seo caite bhí slua breá i láthair sa gCrúiscín Lán, An Spidéal, nuair a sheol easpag nua na Gaillimhe, Breandán Ó Ceallaigh, eagrán nua den leabhar ‘Amhráin agus Dánta Raiftearaí’, atá foilsithe ag an gcomhlacht FUTA FATA.
Coláiste Cholmchille
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ghlac daltaí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, páirt sa seó talainne do scoileanna de chuid An Bord Oideachais agus Oiliúna Gaillimh is Ros Comáin a bhí ar siúl an tseachtain seo caite i gColáiste Bhaile an Chláir.
Chan Iseult Ní Fhoighil agus Teresa Clifford amhrán chomhaimsireach agus bhuaigh Domhnall Ó Braonáin bonn as amhrán ar an sean-nós a rá. Chuaigh a chuid amhránaíochta chomh mór i bhfeidhm ar na moltóirí is gur bronnadh duais speisialta air freisin.
Pobal ar Aire
Ar an Déardaoin seo, 22 Márta, tionólfar cruinniú sa gCrann Taca (ar chúl Séipéal an Chnoic) le bonn nua a chur faoi choiste ‘Pobal ar Aire’ ar an gCnoc, an ceantar idir Abhann Chruimlinne agus Abhann an Chnoic ag Siopa an Phobail.
Tá an cruinniú á ghairm ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le go mbeidh deis ag daoine eolas a fháil faoi na seirbhísí ar féidir a sholáthar do dhaoine tríd an scéim ‘Pobal ar Aire’, a eagraíonn Muintir na Tíre.
Tosóidh an cruinniú ag 8.00pm.
Seaimpíní na hÉireann sa Liathróid Láimhe
Bonn ór á bhronnadh ag Joe Masterson (Uachtarán Chumann Liathróid Láimhe na hÉireann) ar Eimear Ní Bhiadha ón Bóthair Buí, An Cnoc, tar éis di craobh na hÉireann sa liathróid láimhe (Sóisear B) a bhuachaint i nDún a’ Rí, Co Chabháin, an deireadh seachtaine seo caite.
Tá Eimear ina ball de Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach.
I nDún a’ Rí, Co an Chábháin, ar an Satharn seo caite bhí an bua ag Eimear Ní Bhiadha ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gCraobh na hÉireann sa gComórtas Singil. Mná Sóisear B, in aghaidh Margaret Purcell ó Chill Chainnigh leis an scór 21-14, 21- 11.
Ar an Luan bhain cailiní ó Chumann Liathróid Mhicheál Breathnach dhá Chraobh na hÉireann sna comórtais dúbailte.
Fuair Éadaoin Nic Dhonnchadha as Barr Róisín, Ros a’ Mhíl, agus Skylainn Ní Mháille Breathnach as Cor na Rón, Indreabhán, an bua ar chailiní ó Thír leis an scór 15 – 8, 14 – 15, 15 – 13 sa gComórtas Dúbailte do Chailiní faoi 14.
Sa gComórtas Dúbailte do Chailíní faoi 17 d’éirigh le Aoife Nic Dhonnchadha agus Orla White an bua a fháil ar chailiní ó Luimneach leis an scór 21-15, 21-7.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Iomáint f 14C1: Ml Breathnach 7 – 08, Droichead an Chláirín 2 – 3.
Iomáint f 16C: Cois Fharraige 3 – 13, Béal Átha an tSlua 5 – 06.
Iomáint Sóisear 1: Ml Breathnach 5 – 21 Menlo Emmets 1 – 07.
Iomáint Sóisear 1: Bearna-Na Forbacha 0 – 12, Bóthar na Trá 0 – 11.
Iomáint Idirmheánach: An Spidéal 1 – 13, Kilconieron 1 – 09.
Peil na mBan (Sóisear): Ml Breathnach 1 – 09, St Gabriels 7 – 16.
Peil (Comórtas Peile na Gaeltachta): Ml Breathnach 0 – 06, Carna/Caiseal 1 – 9.
21 Márta 2018