Lá ‘le Pádraig 2018

Lá ‘le Pádraig 2018

Na daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, agus Naíonra Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt sa bparáid Lá ‘le Pádraig sa gCeathrú Rua ar an Satharn seo caite.

 

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh taobh amuigh de Shéipéal an Spidéil, Lá ‘le Pádraig, do na daoine a bhí ag fanacht ar an bparáid.

 

Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ag glacadh páirte sa bparáid a bhí sa Spidéal, Lá ‘le Pádraig

 

An slua ag fanacht leis an bparáid ar an Spidéal.

 

An flóta a bhí ag An Coilleach agus Baile an tSléibhe i bParáid na Féile Pádraig sa Spidéal, an Satharn seo caite, a bhuaigh an gradam don fhlóta is fearr.

 

Cosain an Fharraige!

 

An flóta a bhí ag Baile Éamonn i bParáid na Féile Pádraig sa Spidéal, an Satharn seo caite, a bhuaigh an gradam don fhlóta is barrúla.