Cartlann Nuachta: 21 Meán Fómhair 2016

21 Meán Fómhair 2016


Oireachtas Chois Fharraige 2016

muintir-ui-iarnain

Marcus Ó hIarnáin agus a bheirt mhac Proinnsias agus Breandán, a bheas ag cur an cheoil ar fáil ar an Domhnach seo chugainn sa bPoitín Stil, le clabhsúr a chur le Oireachtas Chois Fharraige 2016. Is sa bPoitín Stil is mó a bhí na himeachtaí ar bun le linn Oireachtas na Gaeilge 1976.

An deireadh seachtaine seo caite cuireadh tús maith le Oireachtas Chois Fharraige 2016 le oscailt spleodrach ar an taispeántas ealaíne san eastát tionsclaíoch i gCasla.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach seo caite bhí Seanscoil Sailearna lán go doras don seó ilmheánach ‘Eirí Amach Chois Fharraige,’ scríofa ag Joe Steve Ó Neachtain agus léirithe go slachtmhar ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin.

img_7091

‘Eirí Amach Chois Fharraige’ – Tuilleadh Pictiúirí: Cliceáil

Mar chuid den fhéile beidh ceardlanna éagsúla á gcur ar fáil ar feadh na seachtaine i mbunscoileanna an cheantair, ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl.

Tuilleadh Eolais agus an Clár Iomlán: Oireachtas Chois Fharraige 2016.

Tá bileogaí leis an gclár iomlán ar fáil anois le piocadh suas i siopaí agus áiteanna poiblí i nGaeltacht Chonamara nó tré scéal a chur ag comoradh40@nullgmail.com, nó téacs ag 083 8649519.

Agus is féidir an clár iomlán a íoslódail mar PDF: Bróisiúr Oireachtas Chois Fharraige 2016.

Seo cuid de na himeachtaí móra a bheas ar bun le linn an deireadh seachtaine seo chugainn:

Déardaoin, 22 Meán Fómhair

COPYRIGHT CLIVE WASSON

20.30: Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós i dTigh Chualáin, á chur i láthair ag Máirtín Jaimsí Ó Flaithearta. Páirteach ann beidh ar a laghad deichniúr de na damhsóirí a chroch leo Corn TG4 ag comórtas Steip (Oireachtas na Gaeilge) le 15 bliana anuas. [Urraithe ag TG4.]

Aoine, 23 Meán Fómhair

20.00: Caithréim. Seó ceolmhar á chur i láthair ag Síle Denvir (sa bPictiúr thíos) i Seanscoil Sailearna agus ina dhiaidh Pádraig Mac Piarais i bPictiúr, á chur ar stáitse ag Fibín. Cead Isteach: €10

Síle Denvir Fótó

Satharn, 24 Meán Fómhair

11.00: Seiminéar faoin Amhránaíocht ar an Sean-Nós. Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

15.00: Taispeántas Cócaireachta. Coláiste Cholmcille, Indreabhán, le Máire Ní Chéidigh agus Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta.

20.00: CoirmCheoil Mhór an Oireachtais. Scoth na gCeoltóirí, na nDamhsóirí is na bhFonnadóirí, chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige, á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta.

Domhnach, 25 Meán Fómhair

15.00: Seisiún Amhrán Nuachumtha. Tigh Giblin, An Spidéal, le Gearóid Ó Murchú agus Tadhg Mac Dhonnagáin.

18.00: Éigse Chois Fharraige. Tigh Mholly, Indreabhán.

20.30: Boicíní Bhóthar Kilburn. Dráma á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil, á léiriú ag Peadar Ó Treasaigh. Cead Isteach: €10

21.30: Clabhsúr na Féile sa bPoitín Stil, Indreabhán, le ceol ó Mharcas Ó hIarnáin is a chlann ó Charna.

pic 39 Seán Ó Neachtain, Seán Ó Coisdealbha, Peadar Ó Treasaigh agus Maidhc P Ó Conaola i radharc ó “Boicíní Bhóthar Kilburn" a bheidh ar siúl i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, Co na Gaillimhe ar an 6 agus an 7 Nollaig agus i dTír an Fhia ar an 14 Nollaig (8 i.n. gach áit). Beidh deis ag pobal na Gaillimhe an dráma a fheiceáil sa Taibhdhearc ar an 10 Eanáir. PIc: Seán Ó Mainnín

Seán Ó Neachtain, Seán Ó Coisdealbha, Peadar Ó Treasaigh agus Maidhc P Ó Conaola i radharc ó “Boicíní Bhóthar Kilburn” 
[Pic: Seán Ó Mainnín]

Is féidir suíocháin a chur in áirithe roimhré tré glaoch nó téacs a chur ag an uimhir 083 8649 519, nó ríomhphost a sheoladh ag comoradh40@nullgmail.com.


Taispeántas Ealaíne Oscailte ag Pádraig Breathnach

padraigbrthoir2016

Taispeántas Ealaíne á oscailt ag Pádraig Breathnach in Oifig Oireachtas na Gaeilge, Eastát Tionsclaíoch, Casla.  Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 25 Meán Fómhair ó  11.00 r.n. go dtí 5.00 i.n. Cliceáil thuas chun tuilleadh pictiúirí a fheiceáil. [Pic: Seán Ó Mainín]


Ceol sa Siopa!

oir2016ceol

Bhí Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh ceoil in áiteacha poiblí éagsúla ar fud Cois Fharraige mar chuid den Oíche Chultúir. [Pic: Seán Ó Mainín]


Comórtas Liteartha na Scoileanna

cogglogoAr an Luan seo caite, 19 Meán Fómhair, fógraíodh comórtas liteartha do scoileanna i gCois Fharraige, mar chuid d’Oireachtas Chois Fharraige. Tá an comórtas á eagrú i gcomhar le COGG agus ba é Dónal Ó hAinifín, Cathaoirleach ar bhord Cogg, a rinne an comórtas a sheoladh.

Tá duaischiste de €4,000 curtha ar fáil ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilíochta le usáid chun scoláirí a spreagadh le aiste a scríobh faoin téama ‘Cois Fharraige 2066’. Beidh moltóireacht le déanamh ar an gcomórtas faoin 30 Samhain 2016, agus bronnfar na duaiseanna ar na buaiteoirí ag ócáid ar an 6 Nollaig.

Beidh níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ar an suíomh seo go luath.


An Club Scannán

clubscannan-seasuranfhomhair2016-postaer_ardtaifigh_thumb

Cuirfear tús an Déardaoin seo chugainn, 29 Meán Fómhair, le séasúr an Fhómhair den Chlub Scannán a bhíonn ar bun i Seanscoil Sailearna. Tá liosta spéisiúil scannán roghnaithe ag an gCoiste don séasúr: 10 scannán ar fad ó thíortha éagsúla ag tosaí le ‘Victoria’, ar an Déardaoin 29 Meán Fómhair. Ar an gclár chomh maith tá ‘Atlantic’, an scannán faisnéise a rinne Richie O’ Donnell faoi cheist na bpobal iascaireachta atá á dhíothú de bharr polasaithe iascaireachta oifigiúla.

Tugann ballraíocht sa gClub Scannán ar €30 cead isteach do na scannáin go léir, nó tá cead isteach le fáil ar €8 ag an doras ar gach scannán. Is féidir liosta na scannán, chomh maith le eolas fúthu, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Tuismitheoirí na Gaeltachta

TuismitheoirínaGLe deis a thabhairt do ghasúir in aois bunscoile páirt a ghlacadh i gcomórtais de chuid Oireachtas na Gaeilge, tá ranganna le reáchtáil sa gCeathrú Rua, ag díriú ar Scéalaíocht, Aithriseoireacht, Agallamh Beirte agus Lúibíní.

Beidh na rangannaar ar bun uair sa tseachtain ón 3 Deireadh Fómhair ar aghaidh, san ionad atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhfoirgneamh ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua. Le páirt a ghlacadh sna ranganna caithfidh gasúr a bheith cláraithe do na comórtais san Oireachtas. I gCill Áirne a bheas an tOireachtas i mbliana, ar an 3,4 & 5 Samhain. Tá níos mó eolais le fáil ach glaoch ar an uimhir: 091 869571.


Fintrax ag Cur an Locht ar an gCóras LeathanBhanda

fintrax-office-390x195Thug urlabhraí ón gcomhlacht Fintrax le fios do RnaG go bhfuil an córas leathanbhanda ar cheann de na cúiseanna a bhfuil siad ag aistriú cuid den obair atá á déanamh acu ar an eastaít tionsclaíoch sa Tulach go dtí an Pholainn.

Tuigtear go bhfuil baint ag bealaí teicneolaíochta níos fearr leis an gcás freisin, agus é a bheith níos éasca iad a fháil san Eoraip ná mar atá ar an Tulach.

Rinne an chomhlacht infheistíocht mhór i gcábla snáthoptaice ar an Tulach, ach bhí tuilleadh luais ag teastáil ón gcóras leathanbhanda. Thug an chomhlacht le fios go mbeadh sé níos saoire agus níos éasca é sin a chur ar fáil don chomhlacht sa bPólainn.

D’iarr Coiste Pobail na Tulaigh ar Údarás na Gaeltachta a chinntiú go mbeidh a gcuid cearta á bhfáil ag na oibrithe a chaill a gcuid postanna i bhFintrax, agus iarradh ar an Údarás sa ráiteas ón gCoiste Pobail go dtabharfaí tús áite don phobal áitiúil in aon fhostaíocht breise a bheadh á chur ar fáil i monarchain de chuid Údarás na Gaeltachta. Is fada é ina ghearán gur daoine ó taobh amuigh den Ghaeltacht is mó a fhostaítear i gcuid de na client-chomhlachtaí atá ag fáil tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i gceantar Chois Fharraige.


Iománaithe na mBreathnaigh Tríd

Cumann Mícheál BreathnachBhí sár-bhua ag iománaithe na mBreathnaigh sa gcraobh Shóisir A i gcoinne Mílic-Dún an Uachta ar an Satharn seo caite. Bhí ar na Breathnaigh an cluiche seo a bhuachaint le dul chun cinn agus cáiliú do na babhtaí ceathrúcheannais.

Bhí buachaillí Chois Fharraige 1 – 2 chun deiridh théis deich noiméad. Ag leath ama bhíodar seacht bpoinnte le fána. Ach an oiread le Maigheo sa gcluiche mór in aghaidh Bhaile Átha Cliath an Domhnach seo caite, bhí tíocht aniar i mbuachaillí Chois Fharraige théis mí-ádh a bheith orthu sa gcéad leath nuair a scaoileadh ceithre chúl isteach. Cúl iontach ón óganach, Dinny Ó hEallaithe, a choinnigh na Breathnaigh sa gcluiche agus ag leath ama bhí an scór 4 – 08 in aghaidh 1 – 10.

Facthas sárchoimhlint sa dara leath agus thóg na Breathnaigh a gcuid scóranna. Ní raibh cúrsaí ag breathnú go maith nuair a bhain gortú do leathchúlaí láir, Seán Chóil Ó Finneadha. Ach thaispeain buachaillí Chois Fharraige croí iontach agus thógadar an lá leo le sárphointe ón ionadaí Pádraic Mac Giolla Bhríde, is gan ach dhá nóiméad fanta ar an gclog.

Foireann Mhichéal Breathnach: Rónán Ó Beoláin, Macdara Ó Béarra, Antoine Chóil Ó Finneadha, Darach Mac Con Iomaire, Ruadhán Ó Béarra, Seán Chóil Ó Finneadha, Jack Mac Giolla Bríde, Adrian Ó Tuathail (Capt), Dinny Ó hEallaithe, Oisín Ó Ceallaigh, Maidhc Antoine Ó Conghaile, Cian Ó Griallais, Fiach Ó Béarra, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Kevin Mhaidhc Ó Conghaile. Fir Ionaid a úsáideadh; Cian Mac Giolla Bhríde i gcomhair Darach Mac Con Iomaire agus Pádraic Mac Giolla Bhríde i gcomhair Seán Chóil Ó Finneadha.


Camógaí Chois Fharraige

Bhí bua eile ag foireann camógaí Chois Fharraige sa gcomórtas mionúir ar an Satharn seo caite ar Pháirc an Chnoic, nuair a buaileadh An Carn Mór leis an scór 3 – 13 in aghaidh 2 – 3. Bhí Carn Mór cúig chúilín chun tosaigh ag leath ama, ach le cóir na gaoithe thosaigh cailíní Chois Fharraige ag fáil na scóranna. Nuair a chuir Becky Ní Éallaithe an sliotar san eangach ó thríocha slat amach, chuaigh Cois Fharraige chun tosaigh den chéad uair. Ina dhiaidh sin tháinig na scóranna ina rabharta, ó Mháire agus Sorcha Ní Fhrighil, Tiffany Ní Choistealbha, Rosie Nic Dhubhghaill, agus Aoife Nic Chormaic.

Ba í Tiffany Ní Choistealbha laoch na himeartha agus í ag glanadh is ag blocáil, agus bhí Áine Ní Laoi is a colcheathar Éabha Ní Chonluain fíormhaith ag cosaint agus ag briseadh na n-ionsaithe ón gCarn Mór.

Tá Cois Fharraige cáilithe anois do Chluiche Leathcheannais an Chontae, ach níl a fhios fós cé ina aghaidh a bheas siad ag imirt.

foireann-mionuir-camogai-2016

Foireann Mionúr Chois Fharraige a bhuail Liam Mellows ar an Satharn 11 Meán Fómhair.

Ar chúl, ó chlé: Tomás Ó Neachtain (Bainisteoir), Becky Ní Éallaithe, Rosa Nic Dhubhghaill, Laoise Bhreathnach, Anna Ní Ódhráin Ní Mhurchú, Sorcha Ní Fhrighil, Bláithín Ní Chonghaile, Ailbhe Ní Neachtain, Máirtín Ó Dubhghaill (Bainisteoir).

Chun tosaigh, ó chlé: Áine Ní Laoi, Éabha Ní Chonláin, Tiffany Ní Choistealbha, Máire Ní Fhrighil, Sinéad Ní Chonbhubhair agus Grainne Ní Ghaoithín. Tá Fionnuala Ní Gruinéil in easnamh ón bpictiúr ach bhí sí ag imirt chomh maith.


Torthaí Spóirt na Seachtaine Seo

  • Iomáint (Sóisear A): Ml. Breathnach 1 – 21, Mílic/Eyrecourt 4 – 11.

  • Iomáint (f15): Ml. Breathnach 0 – 05, Sceathánach 2 – 06.

  • Camógaí (Mionúr): Cois Fharraige 3 – 13, Carn Mór 2 – 03.

  • Camógaí f 13: Cois Fharraige 1 – 03, Bóthair na Trá 0 – 03.

  • Camógaí f 9: Cois Fharraige 1 – 04, Naomh Colmáin 2 – 02.


Teacht le Chéile Iarscoláirí

Tá teacht le chéile d’iarscolairí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a bhí sa scoil ó 1980-1986, le bheith ar bun thuas straighre Tigh Ghiblin ar an Aoine, 30 Meán Fómhair, ag a 8.00 i.n.