Cartlann Nuachta: 21 Meitheamh 2017

Cuimhneachán an ‘Mine’

MineAifreann2017

An tAthair Stiofán Ó Donnacha ag ceiliúradh Aifreann Cuimhneachán an ‘Mine’ ag an leacht cuimhneacháin taobh leis an Trá Shalach, an Lochán Beag, le linn Deireadh Seachtaine Cuimhneacháin an Mine. [pic: Seán Ó Mainnín]

D’éirigh thar barr le Cuimhneachán an ‘Mine’ an deireadh seachtaine seo caite. Ghlan an aimsir a dhóthain ar an Déardaoin le go bhféadfaí Aifreann a cheiliúradh ar an gcladach taobh le láthair na pléisce i gcuimhne an naonúir a maraíodh. An tAth Stiofán Ó Donnacha, ón Teach Mór, a bhí i mbun an cheiliúrtha. Bhí os cionn 300 duine i láthair agus chuaigh a phíosa cainte i gcion go mór ar dhaoine. Chuir sé an sléacht a tharla 100 bliain ó shin i gcomhthéacs an lae inniu agus daoine neamhurchóideacha á marú i gcónaí le mianacha cogaíochta i dtíortha eile, chomh maith le bheith maraithe ag sceimhlitheoireacht ar shráideanna Londan agus cathracha eile.

Lasadh naoi lampa, déanta go speisialta don ócáid, is leagadh iad os comhair na haltóra a bhí socraithe amach ar aghaidh an leacht cuimhneacháin, le ainmneacha an naonúir scríofa ar na lampaí.

Lean an chuid is mó den slua an píobaire ó Acaill síos ag an gcladach taobh thiar de bhrat na hÉireann agus brat Chumann Mhicheál Breathnach.

Ar an Aoine bhí na sluaite bailithe ar an Trá Mhór, áit a ndearna Fíbín an dráma PLÉASC a chur i láthair an phobail.

Tráthnóna Sathairn, bhí Seanscoil Sailearna lán go doras le haghaidh Ceolchoirm an Chuimhneacháin a bhí curtha le chéile ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin agus curtha i láthair ag Pádraig Taim Phaidí Mac Diarmada. Bhain daoine an-sásamh as an gceol, an amhránaíocht agus an obair físe, chomh maith le mír drámaíochta faoin ‘Mine’ a chuir Club Óige Lurgan ar stáitse.

Aifreann an Mine (Slua)2017

Cuid den slua a bhí i láthair ag Aifreann Cuimhneachán an ‘Mine’ ar an Aoine seo caite, a ceiliúradh amach os comhair an leacht cuimhneacháin ar dhuirling an Locháin Bhig an Déardaoin seo caite. [pic: Seán Ó Mainnín]


Leabhar Nua faoin ‘Mine’

CuireadhSeoladhAnMineAr an Satharn seoladh ‘An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige,’ foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht sa bPoitín Stil, ag 2.30pm, ina bhfuil cur síos ar ar tharla ar an lá tubaisteach, chomh maith le eolas faoin saol a bhí ann ag an am agus faoin tionchar a bhí ag an gCogadh Mór ar Chois Fharraige. Tá eolas tugtha sa leabhar faoi shliocht agus gaolta na ndaoine a maraíodh, chomh maith le neart grianghrafanna. Tá mapa sa leabhar a thaispeánann na tithe a bhí ar an Lochán Beag ag an am, déanta le lámh ag Breandán Mháirtín Mór Ó Tuairisg.

Díoladh cúpla céad cóip den leabhar ag an seoladh Dé Sathairn agus is cinnte go ndíolfar amach go sciopthaí an 1,000 cóip atá curtha i gcló.

Beidh cóipeanna den leabhar ar fáil le ceannacht ón Spailpín Fánach sa Spidéal, ó Chló Iar-Chonnacht trasna ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, chomh maith le roinnt siopaí eile sa gceantar.


An Leacht Nua i nGaillimh

Reilig an Bhóthair Mhóir II

Breandán Ó Tuairisg i Reilig an Bhóthair Mhóir, Gaillimh, gar don áit ina gceaptar gur cuireadh an chónra.

Cuireadh clabhsúr le Cuimhneachán an ‘Mine’ istigh i nGaillimh, áit a nochtaíodh leacht nua cloiche taobh istigh de gheata na reilige ar an mBóthar Mór. Is ann a cuireadh taisí na gcorp, a bailíodh tar éis na pléisce céad bliain ó shin, in aon chónra amháin. Ceaptar gur i Reilig an Chnoic a cuireadh Tadhg Mharcais Ó Céidigh agus Pat Ó Laoi, an t-aon bheirt a aithníodh théis an áir, agus gur bailíodh na taisí eile ar fad le chéile is gur cuireadh in aon chónra amháin iad in uaigh nach bhfuil marcaílte i Reilig an Bhóthair Mhóir.


Buíochas le Lucht Tacaíochta

Coiste Cuimhneacháin an Mine

Coiste Chuimhneachán an Mine

Is ar bhonn deonach a rinneadh an chuid is mó den obair a bhain leis an gCuimhneachán. Coiste a tháinig le chéile faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh imeachtaí an deireadh seachtaine agus a réitigh an leacht cuimhneacháin agus an láthair timpeall air, le tacaíocht airgid ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille, ó Údarás na Gaeltachta, ó Roinn na Gaeltachta, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ealaín na Gaeltachta, chomh maith le pobal na háite a thug síntiúis ag an tús le go bhféadfaí cuimhneachán ceart a dhéanamh ar an naonúr ó Chois Fharraige a maraíodh 100 bliain ó shin.

De bharr a gcuid oibre níl dearmad déanta ar an tubaiste a mharaigh naonúr agus a d’fhág baintreacha, dilleachtaí agus pobal briste agus faoi bhrón ar feadh píosa fada ina dhiaidh.


Traidphicnic 2017

Traidphicnic_2017a

Tá clár iomlán na féile ar fáil mar PDF, le léamh agus le íoslódáil, anseo:  TRAIDPHICNIC_2017.PDF

Tá clár Traidphicnic ar fáil anois. Beidh an fhéile ar bun i gCeardlann an Spidéil an deireadh seachtaine seo chugainn ag tosaí ar an Aoine, 30 Meitheamh. I measc na gceoltóirí a bheas le cloisteál ón stáitse sa gCeardlann beidh Zoe Conway, Johnny Óg Connolly, Sarah Ghriallais agus Caitlín Ní Chualáin. I measc na ngrúpaí eile a bheas ann tá Nuadán, Laochra, Glór na dTonn, Skippers’ Alley agus an banna rac-gaelach KÍLA, atá ag filleadh ar an Spidéal don darna bliain as a chéile. Beidh níos mó eolais againn an tseachtain seo chugainn faoin gclár.

Tá daoine ag teastáil le cúnamh a thabhairt leis an deireadh seachtaine a reachtáil. Má tá tú ar fáil is féidir teagbháil a déanamh le Traidphicnic ach ríomhphost a chur ag traidphicnic@nullgmail.com.


Scoláireachtaí Printíseachta

udaras-logoTá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta i réimse leathan ceirdeanna do chailíní agus do bhuachaillí faoi láthair.

Is fiú €2,000 an ceann na scoláireachtaí, atá ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht. Ní mhór na hiarratais a bheith istigh an Aoine seo, 23 Meitheamh.

Tuilleadh eolais ón uimhir 091 503121.


Lá Fhéile tSin Seáin ar an Tulach

Tráthnóna Dé Aoine seo, 23 Meitheamh, beidh ócáid cheiliúrtha ar bun i dTearmann Éanna ar an Tulach, i gcaitheamh an lae. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag meánlae. Beidh fáilte ann roimh an bpobal, idir óg is aosta.


Cailíní na mBreathnaigh ina Seaimpíní

Cailíní MB faoi 12 (2017)

Foireann Cailíní ó Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar St. Michael’s i gcluiche ceannais an chontae faoi 12B, an tseachtain seo caite.

Ar chúl ó chlé: Muireann Ní Ghloinn, Ailbhe Ní Ghionnáin, Alibhe Ní Neachtain, Leah Ní Mhainnín, Shíofra Ní Scannláin, Katie Nic Thábhais, Ciara Ní Chuláin, Clíona Ní Mhárta, Cliona Ní Chonghaile, Cliona Ní Chonfhaola.

Chun tosaigh: Roisín Ní Raifeartaigh, Amy Ní Thuathail, Caoimhe Ní Ghlionn, Aisling Níc Dhonnacha, Niamh Ní Mhainnín, Cliodhna Ní Neachtain, Eimear Ní Dhiomsaigh, Ciara Ní Fhlatharta. In easnamh ón bpictiúr: Corá Ní Shlattara agus Adhna Ní Chonghaile.

Dé Céadaoin na seachtaine seo caite d’éirigh leis na cailíní ó Chumann Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na cathrach, St. Michael’s, i gcluiche ceannais an chontae faoi 12, Roinn B, leis an scór 5 – 06 in aghaidh 4 – 02.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil na mBan (faoi 12B): Ml. Breathnach 5 – 06, St. Michael’s 4 – 02.

Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 1– 10, Bearna 0 – 08.

Peil(Idirmheánach): An Spidéal 0 – 09, Áth Chinn 1 – 10.

Peil (Sóisear): Ml. Breathnach 0 – 06, An Fhairche 3 – 13.

Peil (faoi 14): Ml. Breathnach 6 – 12, Cill Ainnín 4 – 06.


21 Meitheamh 2017