Cartlann Nuachta: 21 Meitheamh 2023

Cumann Camógaíochta Chois Fharraige

Foireann Camógaí F15 2023

An fhoireann faoi 15, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, a bhuail Ceapach a’ tSeagail sa gcluiche leathcheannais ar an Aoine seo caite, le áit a fháil i gcluiche ceannais an chontae.

Ar chúl, ó chlé: Emma Ní Churraoin, Gráinne Ní Fhéinne, Orlaith Ní Thuairisc, Caoimhe Ní Ghloinn, Mar Ní Neill, Dearbhail Nic Dhonncha, Mailí de Cléir.

Chun tosaigh, ó chlé: Saoirse Ní Chulain, Éabha-Mae Riggott, Adhna Ní Choisdealbha, Áinnir Ní Choisdealbha, Ríona Brady, Alanna Seoighe.


Clochar an Spidéil

Clochar Éinde

Clochar Éinde, An Spidéal, atá le díol 100 bliain tar éis a thógáil

Tá Clochar Éinde, ceann de na foirgintí is deise i gCois Fharraige ar an margadh le díol. Tógadh an foirgneamh 100 bliain ó shin i 1923 mar chlochar do Shiúracha na Trócaire. Tháinig na siúracha chuig An Spidéal sa mbliain 1909 chun oideachas a sholáthar do chailíní Cois Fharraige. Tá an foirgneamh liostáilte ar an National Inventory of Architectural Heritage (Uimhir Cláraithe 30327011) agus ón mbliain 2014 tá an foirgneamh liostáilte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar ‘Protected Structure’ (Uimhir 3953).

Na Muirísigh ón Spidéal a thug an talamh do Ord na Trócaire faoi cheangal léasa gur le haghaidh oideachais a bheadh sé in úsáid. Anois go bhfuil Siúracha na Trócaire imithe ón Spidéal, théis seirbhís fhada a thabhairt do cheantar Chois Fharraige, tá an foirgneamh ar ais i seilbh na Muiríseach.

Dúirt Pádraig Mac Diarmada, Bainisteoir Ghinearálta Chomhlacht Forbartha An Spidéil, go bhfuil an Comhlacht Forbartha ag an bpoinnte seo ‘ag breathnú ar na féidireachtaí go léir bhainfeadh leis an bhfoirgneamh ar mhaithe leis an bpobal’.


Cruinniú Dearfach sa Spidéal

Pádraig Mac DiarmadaBhí os cionn trí scór duine i láthair ag an gcruinniú poiblí a d’eagraigh Comhlacht Forbartha An Spidéil (CFS) i Scoil Éinne an tseachtain seo caite. Chuir Coiste Stiúrtha CFS eolas ar fáil don phobal faoin athstruchtúrú atá déanta ar an gComhlacht Forbartha. An Bainisteoir Ginearálta nua atá ceaptha ag an gcomhlacht, Pádraic Mac Diarmada (sa bpictiúr), a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú.

Ceathrar atá mar stiúrthóirí ar an gComhlacht Forbartha: Steve Sweeny an Cathaoirleach, Crístín Cox an Rúnaí, Cathal Grunnell an Cisteoir, Maidhc Ó Feinneadha mar bhall coiste. Ag an gcruinniú labhair Macdara Hosty faoin athstruchtúrú agus faoin gcóras nua coistí. Chuir Pádraig Mac Diarmada faoi na coistí atá bunaithe agus le bunú fós. Tá ceithre choiste i mbun oibre cheana féin: Bailte Slachtmhara le Breda Hughes ina cathaoirleach air, Frank  Reilly ina chathaoirleach ar Choiste an Pháirc Spraoi, Kevin Mac Gabhann ar an gCoiste Turasóireachta agus Marc de Faoite ar an gCoiste Fiontraíochta. Tá roinnt fochoistí eile le bunú fós sna réimsí seo a leanas: Margaíocht, An Cultúr is Na hEalaíona, Bonneagar agus Infrastruchtúr.

Cuireadh an-bhéim ar oscailteacht, ar fhreagracht agus obair i bpáirt le Údarás na Gaeltachta. Iarradh ar dhaoine smaointe gonta a chur ar nótaí faoi chinnteidil éagsúla agus cuirfidh Macdara na smaointí i dtoll a chéile.

Ag labhairt dhó ar RnaG dúirt Steve Sweeney, Cathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil, gur léirigh an méid daoine a bhí ag an gcruinniú go bhfuil suim ag daoine in obair an chomhlachta agus go bhfuil fuinneamh nua i measc muintir an Spidéil, le cáil an tsráidbhaile a ardú arís. Luaigh sé go sonrach an cháil a bhí ar An Spidéal faoin gceol.

Dúirt Pádraig Mac Diarmada, an Bainisteoir Ginearálta ar an gcomhlacht, go raibh sé i gceist aige “branda An Spidéil a chur ar ais aríst i mbarr réime”. Dúirt sé go raibh i gceist an banc buidéal, atá lonnaithe faoi láthair ar an mBealach Siúil ag an tSeanchéibh, a bhogadh go áit níos feiliúnaí agus scáileán bus a fháil feistithe ar an sráidbhaile le freastal ar dhaoine a úsáideann an bus. Dúirt sé freisin go bhfuil go leor foirgintí folmha sa gceantar agus go mbeidís ag breathnú isteach sa scéal, féachaint an bhféadfaí aon cheo a dhéanamh leo.


Campaí Samhraidh

Tá an samhradh buailte linn agus is gearr eile go mbeidh laethanta saoire ag páistí scoile. Tá sé fógraithe ag Cumann Micheál Breathnach go mbeidh dhá champa á eagrú agus beidh Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ag eagrú campa camógaíochta. Seo a leanas na dátaí do na campaí spóirt:

  • Campa Peile: 3 Iúil go 7 Iúil;
  • Campa Iománaíochta: 10 Iúil go 14 Iúil;
  • Campa Camógaíochta: 17 Iúil go 21 Iúil.

Tá na campaí oscailte do pháistí ó 6 bliain d’aois go 16 bliain. Tá teora leis an méid páistí ar féidir glacadh.


Oíche Cheoil,Tigh Chualáin

 

Ciarán Ó Ráighne ar Rothar

Ciarán Ó Ráighne ón gCoill Rua, atá le rothaíocht ó Chois Fharraige go Corca Dhuibhne ar mhaithe le airgead a bhailiú do Chumann Alzeimers na hÉireann, mí Lúnasa seo chugainn.

Mar chuid den fheachtas bailiú airgid beidh Oíche Cheoil ar bun Tigh Chualáin, An Choill Rua, an Satharn seo, áit a mbeidh Cillín ag casadh.

Ar an Satharn seo chugainn, 24 Meitheamh, beidh an grúpa iomráiteach CILLÍN ag casadh ag oíche mhór cheoil i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua, ar mhaithe le Cumann Alzheimer na hÉireann. Tá an oíche á eagrú ag Ciarán Ó Ráighne ón gCoill Rua. Is sáirsint sna Gardaí é Ciarán atá lonnaithe i Ros Cré, Co Thiobrad Árann.

Ar an 26 Lúnasa beidh Ciarán ag rothaíocht ina aonair in aon lá amháin ón gCoill Rua síos chomh fada le Ceann Trá i gCorca Dhuibhne – turas 265km atá ann – mar chuid den fheachtas le airgead a bhailiú ar son an Chumann Alzheimer. Beidh €10 ar na ticéid don oíche cheoil agus beidh raifil ar bun chomh maith le linn na hoíche. Tosóidh an oíche ag 9.30pm.

Grúpa ó Choláiste Chroí Mhuire ar Rothair

Grúpa daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a chuaigh ar thuras rothaíochta siar chomh fada leis An Aird Mhóir, Cill Chiaráin, an mhí seo caite.


Ar Phainéal Peile na Gaillimhe

Cumann Mícheál BreathnachCúis áthais do Chumann Micheál Breathnach go bhfuil imreoir óg de chuid an chumainn, Cillín Ó Curraoin, ar fhoireann sinsear peile na Gaillimhe. As an gCnocán Glas do Chillín, mac le Tadhg Mór is a bhean, Bríd. Is garmhac é le Timín Joe Tim, fear a rinne a chion féin le Cumann Micheál Breathnach a chur ar a chosa tar éis a athbhunaithe.

Bhí Cillín ar fhoireann na Gaillimhe faoi 20 níos túisce i mbliana. Is onóir mór anois é dá chlann agus dá chlub go bhfuil sé ar fhoireann na sinsear agus gur cuireadh isteach é ar pháirc na himeartha sna cúpla nóiméad deireanach den chluiche Dé Domhnaigh seo caite, cluiche a chaill Gaillimh le cúilín amháin. Is in aghaidh Mhaigheo a bheas Gaillimh ag imirt ar an Domhnach seo chugainn i Staid an Phiarsaigh agus súil ag muintir Chois Fharraige go dtabharfar seans eile do Chillín a chuid scileanna a thaispeáint.


Gaelbhratach An Spidéil

Bhí an-bhliain ag an gCoiste Gaelbhrataigh i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal le linn na scoilbhliana. D’eagraigh siad neart imeachtaí leis an nGaeilge a chur chun cinn sa scoil. Rinne siad óstáil ar Thráth na gCeist do Chonamara Theas tar éis na scoile. Chuir siad podchraoladh le chéile dar teideal ‘Caidrimh Casta’ ag plé caidrimh idir déagóirí. D’eagraigh siad turas Gaeltachta lae don Idirbhliain chuig an Aird Mhóir i gConamara Láir agus turas pictiúrlainne lae don Idirbhliain le dhá scannán den scoth i nGaeilge a fheiceáil: ‘Róise agus Frank’ agus ‘An Cailín Ciúin’.

Ghlac siad páirt i gcomórtas scríbhneoireachta, aistriúcháin agus comórtas dúshláin, eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Reáchtáil siad Tráth na gCeist do dhaltaí na scoile chomh maith le díolacháin cácaí agus feachtas cur crann dúchasach.

Is iad Róise Ní Churraoin, as an bPáirc sa Spidéal, agus Diarmuid Ó Gabhláin, ón Teach Mór in Indreabhán, a ghlac leis an mbrat ag an searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath ar son na scoile.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 6, 14, 30.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Lisa Curran, Coill Rua;
  • Cian Ó Conghaile, Teach Mór Thiar;
  • Maidhc Mac Gearailt, An Bóthar Buí;
  • Sarah Ní Chualáin (Chóilí Óg), Lochán Beag.

Tigh Durcáin, Baile na hAbhann, a fuair duais an díoltóra.

€6,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Peil (Roinn 2): An Spidéal 0 – 08, Monivea Abbey 1 – 12.

• Peil (Roinn 3): Ml. Breathnach 0 – 13, Cortoon Shamrocks 0 – 12.

• Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 1 – 13, An Cheathrú Rua 0 – 09.

• Peil (Sóisear A): An Spidéal 2– 10, Naomh Anna, Leitir Móir 2 – 07.

• Peil (faoi 13): Ml. Breathnach 6 – 08, Oughterard 2 – 06.

• Peil (faoi 12): Ml. Breathnach 3 – 09, Corofin 2 – 03.

• Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 4 – 08, Cappataggle 3 – 05.

• Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 1 – 11, Bearna 5 – 06.

• Iomáint (faoi 12, Roinn 3A): Cois Fharraige 2 – 01, Annaghdown 5 – 10.

• Iomáint (faoi 12, Roinn 5): Cois Fharraige B 0 – 05, Annaghdown B 2 – 04.


21 Meitheamh 2023