Cartlann Nuachta: 21 Nollaig 2021

Beannachtaí na Nollag

Cór Nollag An Spidéil 1 (2021)

An cór ag casadh ag Cill Éinde, An Spidéal, an oíche ar lasadh Soilsí na Nollag sa sráidbhaile.

[Pictiúr: Johanna Ní Mháille]

Ba mhaith le Cumann Forbartha Chois Fharraige beannachtaí na Nollag a ghuí ar gach duine sa bpobal agus go speisialta ar chuairteoirí atá sa mbaile don Nollaig. Tá súil ag an gCumann Forbartha go mbeidh gach duine slán sábháilte ó Covid agus nach fada go mbeidh maolú ar na srianta a ligfidh go dhaoine castáil le chéile arís i mbealach sábháilte.


Geansaithe na Nollag

Geansaithe Nollag Ros a' Mhíl

Gasúr ó rang 4, Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, agus geansaí na Nollag á chaitheamh acu ar an lá deireadh ar scoil roimh shaoire na Nollag.

Bhíodar ag bailiú airgid do chúis áitiúil.

Sa bpictiúr ó chlé: Sorcha Ní Shúilleabháin, Abigail Ní Cháimhín, Caolán Castillo Keating, Aoife Ní Nia, Aoife Ní Chonchubhair, Lauren Dillon Brock, Donnacha Ó Cualáin, Naoise Ó Fátharta.


Aifrinn na Nollag

Seo a leanas na hamantaí ag a mbeidh Aifrinn na Nollag ar fáil sna séipéil i gCois Fharraige an Nollaig seo:

Na Forbacha: Oíche Nollag ag 20.00; Lá Nollag ag 10.00.

An Spidéal: Oíche Nollag ag 16.30 & 18.00; Lá Nollag ag 11.00 & 12.15.

An Cnoc: Oíche Nollag ag 18.00 & 24.00; Lá Nollag ag 11.30.

An Tulach: Oíche Nollag ag 20.00; Lá Nollag ag 10.00.

Na Minna: Lá Nollag ag 9.30.

Ros a’ Mhíl: Oíche Nollag ag 19.30.


Uaireanta Oscailte an Chomhar Creidmheasa

Comhar Creidmheasa Cholm Cille 2020

Comhar Creidmheasa Cholm Cille ar an gCnoc

Seo a leanas na huaireanta oscailte a bheas ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille do thréimhse na Nollaig, san oifig ar an gCnoc:

  • Céadaoin, 22 Nollaig: 10.00 – 4.00 pm.
  • Déardaoin, 23 Nollaig: 10.00 – 5.00 pm.
  • Céadaoin, 29 Nollaig: 10.00 – 4.00 pm.
  • Déardaoin, 30 Nollaig: 10.00 – 5.00 pm.
  • Máirt, 4 Eanáir: 10.00 – 4.00 pm.

Beidh an oifig dúnta ón Aoine, 24 Nollaig, go Máirt, 29 Nollaig, agus dúnta arís ar an Aoine, 31 Nollaig, go dtí An Luan, 3 Eanáir. Beidh na hoifigí ar ais i mbun oibre mar is gnáth ón Máirt, 4 Eanáir, 2022.

Is ar an Déardaoin, 23 Nollaig, agus ar an Déardaoin, 30 Eanáir, a bheas an oifig sa gCeathrú Rua ar oscailt ón 10.00 ar maidin go dtí 5.00 tráthnóna. Beidh sé dúnta na laethanta eile.


Banc na mBuidéal

Pádraig Joe Joe mac Con Iomaire (Pic: Seán Ó Mainnín)Tá iarrta ag an gComhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (ar chlé) ar an bpobal gan buidéil a fhágáil ar an dtalamh, th’éis na Nollag, ag láthaireacha na mbanc buidéal, nuair nach bhfuil aon spás iontu. Anuraidh cruthaíodh fadhb mhór sláinte agus sábháilteachta ag an láthair sa Spidéal agus ag láthaireacha eile mar gur líonadh na bainc buidéal go sciopthaidh th’éis na Nollaig agus gur fágadh na céadta buidéal ar an talamh, an chuid is mó acu i málaí agus i mboscaí. Tharla an rud céanna ag an mbanc buidéal ag an An Poitín Stil.

Ag caint dhó ar Adhmhaidin (RnaG), Dé Luain seo caite, d’iarr an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire ar an bpobal gan buidéal a fhágáil ar an dtalamh sa gcás go mbíonn na bainc buidéal lán, ach iad a thabhairt abhaile aríst go mbeidh siad folamhaithe ag an gcomhlacht athchúrsála.

Mar gheall ar shláinte agus sábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag úsáid an chosán siúil, tá Aodán Mac Donncha ón gComhlacht Forbartha ag impí ar dhaoine as seo amach gan na buidéil a fhágáil ar an talamh nuair a bhíonn na bainc buidéal ag cur thar maoil, ach iad a thabhairt abhaile leo. Beidh Comhlacht Forbartha an Spidéil ag coinneáil súil i mbliana ar an mBanc Buidéal ag an Seanchéibh i mbliana agus ag cur brú ar an gcomhlacht athchúrsála na bainc buidéal a fholmhú chomh luath is atá siad lán.


Siopa an Phobail’

Siopa an Phobail

Tá litir seolta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige chuig Príomhfheidhmeannach Tesco in Éirinn, Kari Daniels, ag iarraidh orthu an t-ainm ‘Siopa an Phobail’ a choinneáil os cionn an dorais, má éiríonn leo an t-ollmhargadh in Indreabhán a cheannach ó Joyce’s, mar atá beartaithe.

Dúirt urlabhraí ón gCumann Forbartha go raibh sé seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i Siopa an Phobail le foireann agus bainistíocht fostaithe arbh í an Ghaeilge a rogha teanga le custaiméirí agus an Ghaeilge mar theanga oibre ina measc féin comh maith. “Níor mhaith leis an gCumann Forbartha,” a dúirt sé, “go mbeadh aon athrú sa nósmhaireacht teanga sa siopa, de bharr Tesco ag tógáil ceannais air”.

Iarrann Cumann Forbartha Chois Fharraige, chomh maith, nach mbeadh aon athrú sa nósmhaireacht teanga san ollmhargadh, nuair a thógann Tesco ceannas air. Moltar do Phríomhfheidhmeannach Tesco úsáid a bhaint as seirbhísí teanga atá ag an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, chun “polasaí teanga a fhorbairt don siopa ó thaobh freastal ar chustaiméirí, ó thaobh comharthaíochta agus ó thaobh earcaíocht is traenáil foirne”.

súil ag an gCumann Forbartha castáil le bainistíocht TESCO sa mbliain nua le ceisteanna a bheadh ag déanamh imní don phobal a phlé.


Comharthaí na mBóithre Bailte

Comhartha á Shocrú

Tá scéal fáighte ag Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil maoiniú ceadaithe ag an scéim FLAG a reáchtálann BIM, le níos mó comharthaí a chrochadh ar Bhóthar Chois Fharraige, le ainmneacha traidisiúnta na mbóithre bailte greanta orthu.

Tá comhartha crochta ag an gCumann Forbartha, le cúnamh ó Scéim Sóisialta Pobail, ag ceann mórán gach ceann de na bóithríní bailte ó Abhainn Cruimlinne chomh fada soir leis an mBóthar Buí. Le seachtain anuas crochadh ceithre chomhartha eile: Bóthar Mhuintir Laoi, Bóthar Mhuintir Fhátharta, Bóthar an Ghabha agus Bóthar na Scoile.

Leis an airgead atá ceadaithe faoi scéim FLAG tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha leanacht leis an obair oidhreachta seo sa bhliain nua agus na bóithríní eile a dhéanamh soir chomh fada leis An Spidéal, ach ainmneacha a bheith aontaithe leis na daoine a bhfuil cónaí orthu ar na bóithríní bailte. Chuige sin beidh daoine ón gCumann Forbartha ag déanamh fiosraithe sna bailte éagsúla faoi na sean-ainmneacha a bhíodh in usáid. An comhlacht Grand Design, atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, a dhéanann na comharthaí a réiteach.

Tá an Cumann Forbartha an bhuíoch don Scéim Sóisialta Tuaithe, atá eagraithe ag Comharchumann Sailearna faoi scáth Údarás na Gaeltachta, faoin gcúnamh a thugtar don Chumann Forbartha leis na comharthaí a chrocadh.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 0, West Coast Utd. 2.
  • Sacar (faoi 16): Macdara 0, Corrib Celtic 0.
  • Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 1, Loughrea 3.
  • Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha 3, Craughwell Utd. 0.
  • Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 5, Kiltullagh 1.
  • Sacar (faoi 14): Mac Dara 5, Kilshanvey Utd. 2.
  • Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 0, Knocknacarra 5.
  • Sacar (faoi 12): Bearna/Na Forbacha 3, Oughterard 2.
  • Sacar (faoi 12): Mac Dara 1, Corrib Celtic 6.

21 Nollaig 2021