Cartlann Nuachta: 21 Samhain 2018

An Spidéal ina Seaimpíní Connacht

An Spidéal tar éis bronnadh an choirn 2018

Foireann peile An Spidéil ag ceiliúradh tar éis dóibh foireann ó Ros Comáin, Fuerty, a bhualadh le cúilín amháin i gCluiche Ceannais na gClubanna Idirmheánacha i gConnacht, a imríodh Dé Domhnaigh seo caite i dTuaim.

Bhí na tinte cnámha lasta ar bhóthar Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite le fáilte abhaile a chur roimh fhoireann peile An Spidéil, tar éis dóibh Craobh Idirmheánach Chonnacht a bhuachaint. Bhí na sluaite ar an tsráid rompu nuair a tháinig siad ar bhus oscailte de chuid Mháirtín Lally chomh fada le Baile an Droichid.

Fuair peileadóirí ó CLG An Spidéal an ceann is fearr ar fhoireann ó Ros Comáin, Fuerty, i gCluiche Ceannais Chonnacht i dTuaim ar an Domhnach seo caite, ach is ar éigean é.

Tá Corn Chonnacht ag an gclub le dul in éindí le Corn Johnny Cotter, a bronnadh orthu nuair a bhuail siad a gcomharsana, Cumann Micheál Breathnach, in am breise san athimirt de Chluiche Ceannais na Gaillimhe. Níl siad críochnaithe fós, mar beidh siad ag imirt i gCluiche Leathcheannais na hÉireann do Chlubanna Idirmheánacha, sa mbliain nua, thart ar dheireadh mí Eanáir.

Muintir Baile Ard leis na Droighneánaigh 2018

Muintir Uí Dhroighneáin agus Uí Chonchubhair ó Bhaile Ard, An Spidéal, le beirt dimreoirí An Spidéil, Séamas agus Aodhán Ó Droighneán, tar éis an bua mór a bhí ag peileadóirí An Spidéil sa gCluiche Cheannais Chonnacht idir na clubanna idirmheánacha, a imríodh i dTuaim an Domhnach seo caite.

Thosaigh An Spidéal go maith nuair a scóráil Antaine Ó Laoi cúl gleoite sa gcéad imirt agus ag leath ama bhí An Spidéal ceithre chúilín chun tosaigh agus duine breise ar an bpáirc, de bharr cárta dearg a fuair duine de imreoirí Fuerty, ag deireadh an chéad leath. Ach sa darna leath thainig Fuerty ar ais go láidir agus rinne siad an cluiche a chothromú, gan ach cúig noiméad nó mar sin le dul. Ach ní raibh peileadóirí Cois Fharraige chun an cluiche a scaoileadh uathu chomh éasca sin agus d’éirigh leo an cluiche a bhuachaint gan ach cúilín amháin idir na fóirne: An Spidéal 1 – 14, Fuerty 0 – 16.

Eoin Ó Droighneán lena Mháthair

Eoin Ó Droighneáin, foireann peile An Spidéil, lena mháthair Bernie, tar éis do pheileadóirí An Spidéil Cluiche Ceannais na gClubanna Idirmheánacha i gConnacht a bhuachaint Dé Domhnaigh seo caite i dTuaim.


Aisteoirí Chois Fharraige i Meiriceá

Aisteoirí Chois Fharraige ag Éigse Dara Beag 2018

Aisteoirí Chois Fharraige ag Éigse Dara Beag in Inis Meáin 2018

Ag an deireadh seachtaine seo chugainn a bheas Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag cur ‘Cripil Inis Meáin’, ar stáitse i Halla St. Gregory’s Church, Dorchester. Beidh sé le feiceál ar an Aoine agus ar an Satharn, 23/24 Samhain.

Leagan Gaeilge den dráma cáiliúil ‘The Cripple of Inismaan’, a scríobh Martin McDonagh, a bheas á chur ar stáitse i Meiriceá. Sé Micheál Ó Conghaile a rinne an t-aistriúchán ar an mbundráma.


Báireoirí Chois Fharraige i nGaoth Dobhair

Cluiche Camógaí Shinty 2016

Cluiche Camógaí/Shinty 2016

An deireadh seachtaine seo caite bhí dhá fhoireann ó Chois Fharraige páirteach sa gcomórtas Iomáin Cholmcille i nGaoth Dobhair: foireann camógaí Chois Fharraige agus foireann iománaíochta sóisir ó Chumann Micheál Breathnach. Is comórtas bliantúil é Iomáin Cholmcille a eagraítear idir fóirne iomána ó Éirinn agus ó Albain, de lucht labhartha na Gaeilge ó Éirinn agus lucht labhartha na Gaidhlige ó Albain. Páirteach i mbliana bhí seacht bhfoireann ar fad, idir fir is mná.

Tá an comórtas ann le caidreamh a chothú idir lucht iománaíochta na hÉireann agus lucht camánaíochta Alban.

Comhrialacha a usáidtear don chomórtas, idir rialacha na hiománaíochta agus rialacha shinty. Mar shampla, ní bhíonn cead an liathróid a thógáil sa lámh aon uair. Tá cead ag na hÉireannaigh an gnáthchamán a úsáid, ach is ón talamh is mó a bhuaileann lucht shinty an sliotar.

I gcomórtas na mban bhuail Mná Uladh foireann camógaí ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige. D’éirigh le foireann iomána Chumann Micheál Breathnach dul chomh fada leis an gcluiche ceannais ach buaileadh iad le cúilín amháin in am breise.

An chéad bhliain eile beidh an comórtas ar ais in Albain agus ceaptar gur i nGlaschú a bheas na cluichí á imirt.


Scannán ón Spáinn sa tSeanscoil

Club Scannán - Summer

Radharc as an scannán ón Spáinn, SUMMER 1993, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Déardaoin seo, 22 Samhain, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 22 Samhain, taispeánfar scannán ón Spáinn, SUMMER 1993, ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.

Scannán gleoite é seo a thaithneoidh le mórán chuile dhuine. Baineann an scéal le cailín óg as Barcelona, nach bhfuil ach sé bliana d’aois nuair a fhaigheann a máthair bás. Cuirtear í go uncail leí i gceantar tuaithe i bhfad ón gcathair. Insíonn an scannán scéal an chailín agus an bealach a dhéileálann sí le cailliúnt a máthar, dul i dtaithí ar shaol na tuaithe, chomh maith le teaghlach nua.

Tá na scannáin pioctha ag Club Scannán Sailearna don chéad shéasúr eile agus tá an liosta le fáil anois ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Cois Fharraige ag Imirt ar an Satharn

Cumann Sacair Chois Fharraige

Tá foireann sacair Chois Fharraige leis an dara babhta a imirt faoi shoilsí i gComórtas na gClubanna do Chorn Chonnacht ar an Satharn seo chugainn, 24 Samhain, ag 7.45pm in Áth Cinn. Is in aghaidh Moyne Villa a bheas siad.

Tá Cois Fharraige ag déanamh thar barr i mbliana arís. Tháinig siad aníos anuraidh ó Roinn III go Roinn II, agus anois tá siad ar bharr an tábla, pointe amháin chun tosaigh ar Knocknacarra agus ar Claregalway. Má coinníonn siad orthu ag imirt mar atá, beidh seans maith acu cáiliú le imirt i Roinn I an chéad bhliain eile.


Céilí i Ros a’ Mhíl

Banna Ceoil COGAR (Céilí House 2018)

An Banna Ceoil COGAR

Ar an Domhnach seo chugainn beidh Céilí Mór i dTeach na Céibhe, Ros a’ Mhíl, ar mhaithe le ciste athchóirithe Chill Treasa. Sé an banna ceoil COGAR a bheas ag cur an cheoil ar fáil don damhsa.

Tosóidh an Céilí ag 3.00 i.n. agus beidh sé ag dul ar aghaidh go dtí a 6.00 i.n. €10 a ghearrfar ar dhaoine fásta agus €5 ar gasúir scoile.

Beidh raifil ar bun ar an oíche agus cuirfear soláistí ar fáil.


Oibrithe Cúram Baile ag Teastáil

Tá Cúram Baile Casla ag earcú oibrithe le seirbhís cúram baile a chur ar fáil i gceantar An Spidéil agus ceantar Ros a’ Mhíl. Tá eolas ar fáil ach glaoch ar 091 541910.


Gaeilgeorí á Lorg

Tá daoine ón nGaeltacht ag teastáil, go speisialta san aoisghrúpa 55 bliain d’aois, a bheadh sásta ceistneoir a líonadh ó am go ham faoi na cláracha Gaeilge ar TG4 a fhéachann siad orthu agus faoi na cláracha ar RnaG lena éisteann siad.

Tá sé dhearbhán le buachaint, ar fiú idir €500 agus €100 iad, gach mí do na daoine a ghlacann páirt sa tsuirbhé. Le clárú ní gá ach dul go dtí an nasc http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp.


Club Leabhar Chois Fharraige

Club Leabhar Chois Fharraige - Padraig Breathnach 2018

Beidh an t-údar aitheanta Pádraic Breathnach, arbh as Maigh Cuilinn ó dhúchas dó, ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 12 Nollaig, i dTigh Mholly le sleachta a léamh as an leabhar nua uaidh ‘Dialann mo Mháthar’, agus plé a dhéanamh air. Ainmníodh ‘Dialann mo Mháthar’ do Leabhar na Bliana ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne le gairid.

Tá an leabhar ar fáil ar dhá euro ach ríomhphost a chur chuig clubleabharcf@nullgmail.com. Tá fáilte roimh chách ar an oíche. Tá Foras na Gaeilge ag cur tacaíochta ar fáil don ócáid seo.


Cruinniú faoin gCóras Taistil

Logo - BealachBhí cruinniú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Máirt seo caite le tuairimí a fháil ón bpobal faoi na bealaí a d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcóras taistil poiblí. Ba é an moladh ba láidre a tháinig chun cinn ná an gá atá le seirbhís tráthnóna ó Ghaillimh, le freastal go speisialta ar mhic léinn sa GMIT agus in NUIG, nach acmhainn dóibh fanacht i nGaillimh.

Pléadh ag an gcruinniú chomh maith an difríocht suntasach idir an táille a ghearrann BUS ÉIREANN ar an mbus 424 a fhreastalaíonn ar dhaoine i nDeisceart Chonamara, i gcomparáid leis an táille a ghearrtar ar dhaoine ag taisteal ar an mbus 419, a théann siar ag an gClochán. Faoi láthair cosnaíonn sé €9 ar dhuine fásta turas fillte a dhéanamh idir Uachtar Ard agus Gaillimh ar bus 419, ach chosnaíonn sé €14.50 turas fillte a dhéanamh idir Siopa an Phobail agus Gaillimh ar an mbun 424, cé go bhfuil Uachtar Ard níos faide ó Ghaillimh ná Siopa an Phobail.

Ag éirí as an gcruinniú ar an Máirt, tá Cumann Forbartha Chois Fharraige le moltaí a sheoladh ar aghaidh ag BEALACH, le go mbeidh siad curtha san áireamh sa bplean nua atá á réiteach. Chomh maith leis sin, tá litir gearáin le cur ag BUS ÉIREANN faoi na táillí níos airde ar an mbus a fhreastalaíonn ar Chois Fharraige agus Conamara Theas le hais an bus a fhreastalaíonn ar Uachtar Ard agus An Clochán.


Socraid Míleata i gCois Fharraige 100 Bliain ó Shin

Tí Lal, An Spidéal.

‘Tí Lal,’ an teach sa Spidéal inar tógadh an t-óglach Jimmy Ó Flatharta, mar atá inniu.

Céad bliain ó shin cuireadh an t-óglach Jimmy Ó Flatharta ón Spidéal, gan é ach scór bliain d’aois, i Reilig an Chnoic.

Cérbh é Jimmy Ó Flatharta? Ba é an dara mac ba shine a bhí ag James Flaherty agus a bhean Delia. Tógadh Jimmy sa teach ceann tuí gleoite i sráidbhaile An Spidéil, ‘Tí Lal’, trasna an bhóthair ón Leabharlann. Ba deirfiúr í Lal le Jimmy. Bhásaigh Jimmy ar an 17 Samhain, 1918, de bharr an fliú marfach a bhí ag leathnú ar fud na tíre.

‘The ‘flu was raging towards the end of 1918, and we lost one of the most determined of the Spiddal Volunteers, Jimmy O’ Flaherty’ a dúirt Micheál Ó Droighneáin, ina chuid fianaise don Bhiúró na Staire Míleata faoin óglach óg ón Spidéal.

Cuireadh Jimmy i Reilig an Chnoic ar an 19 Samhain, 100 bliain ó shin, le socraid mhíleata. Mháirseáil na hóglaigh – 40 acu – siar go Reilig an Chnoic ón Spidéal ar Bhóthar Chois Fharraige. Ag an reilig scaoileadh trí urchair os cionn na huaigh.

Leac Jimmy Ó Flatharta

An leac ar uaigh Jimmy Uí Fhlatharta i Reilig an Chnoic, Cois Fharraige

Tá cur síos ag an R.I.C. áitiúil faoin tsocraid chomh maith i dtuairisc chomhaimsireach a cuireadh ag an gCigire i nGaillimh.

On 19th Nov. ’18, he [Micheál Ó Droighneáin] marched in fours with a party of 39 other Sinn Féiners from Spiddal to Knock graveyard after a hearse conveying the remains of Jas Flaherty for interment there. Flaherty held the rank of Captain of the Sinn Féin volunteers. Before burial one revolver shot was fired & after burial three more were fired….

100 bliain ó shin ar an Luan seo caite, 19 Samhain 1918, tugadh socraid mhíleata don Chaptaen Jimmy Ó Flatharta ón Spidéal, gan é ach 20 bliain d’aois, nuair a cuireadh é i Reilig an Chnoic anseo i gCois Fharraige.

Jimmy Ó Flatharta 1914

Jimmy Ó Flatharta, chun tosaigh ar chlé ar fad, le grúpa eile óglaigh ón Spidéal agus iad ag drilleál le camán acu in áit gunna.

[Buíochas le Seán Ó Neachtain as an bpictiúr a chur ar fáil.]


Torthaí Spóirt

Peil (Idirmheánach): Spidéal 1 – 14, Fuerty 0 – 16.

Sacar (f14): Cois Fharraige 2, Renmore 2.


21 Samhain 2018