Cartlann Nuachta – 22 Aibreán 2015

22 Aibreán 2015


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, a thagann le chéile gach Domhnach ag 12.30 sa gCrann Taca, ar chúl Shéipeál an Chnoic, le haghaidh seisiún ceoil. Is ar an Domhnach seo chugainn a bheas an seisiún deireannach den séasúr seo ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Ach beidh na seisiúin ag tosaí ar ais aríst sa bhFómhar, théis sos don samhradh. Tuilleadh Pictiúirí Anseo.


Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha

Bhí Cruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige an tseachtain seo caite. Toghadh an coiste céanna don bhliain seo chugainn: Máirín Mhic Lochlainn, Morgan Ó Conchubhair, Donncha Ó hÉallaithe, Máire Áine Ní Fhlaithearta, Marian Davy Uí Choisdealbha, Máire Áine Mhic Dhonnacha agus Gearóid Willy Ó Fátharta.

Socraíodh ag an gcruinniú go mbeadh ballraíocht ag gach duine atá cláraithe leis an gCumann Forbartha agus nach mbeadh aon táille ar bhallraíocht. Socraíodh chomh maith go mba cheart fochoiste a bhunú le cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine sa bpobal a bhfuil deacrachtaí acu agus atá in ísle brí.

Beidh an coiste ag tíocht le chéile ar an Luan seo chugainn, 27 Aibreán, le oifigigh a thoghadh agus le tús a chur le obair na bliana.


Oíche Mhór Ceiliúrtha ag Coláiste Cholmcille

Coláiste Cholmcille 60 BliainTá an-spéis á cur san ‘Oíche ag na Madraí’ atá le bheith i nGaillimh ag Coláiste Cholmcille ar an Aoine, 1 Bealtaine. Ar ndóigh, is oíche ceiliúrtha a bheas ann mar go bhfuil 60 bliain ann ó bunaíodh Gairmscoil in Indreabhán. Tá margadh an-mhaith ar na ticéid: ar €20 is féidir leis an gclann uilig freastal ar an ócáid agus clúdaíonn an praghas an bus isteach is amach, na sóláistí a bheas ar fáil ann, comh maith le ceol agus spraoi i ndiaidh na rástaí.

Tá na ticéid ar fáil i gcónaí ó oifig na scoile nó ó aon cheann de na siopaí seo a leanas: Tigh Durcáin, An Tulach; Siopa Gala, na hAille; Siopa an Phobail, An Cnoc; Oifig an Chomhar Creidmheasa, An Cnoc; Texaco (Tigh Mháirtín O Donnell), An Spidéal. Is féidir ticéad a fháil chomh maith ó éinne atá ar Choiste na dTuismitheoirí.

Aon airgead a dhéanfar ar an oíche gabhfaidh sé chun tairbhe na scoile.


Glanadh Suas i gCois Fharraige

Fógra don Ghlanadh SuasD’éirigh thar cionn leis an nglantachán a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn seo caite, i bparóiste an Chnoic. Bhí thart ar 30 duine páirteach agus líonadh thart ar 80 mála le brúscar a piocadh ar na bóithríní agus ar an gcladach.

Glacann an Cumann Forbartha buíochas le gach duine a ghlac páirt sa nGlanadh Suas agus le Comharchumann Sailearna, chomh maith leis an gComhairle Chontae, a thug tacaíocht agus cúnamh. Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha Glanadh Suas a eagrú go bliantúil as seo amach.


Comórtas Náisiúnta Drámaíochta

Aisteoirí Bulfin - Cúirt an Mheánoíche

Aisteoirí Bulfin – Cúirt an Mheánoíche

Beidh féasta drámaíochta á chur ar fáil i Seanscoil Sailearna ag tús na Bealtaine, mar is ann a bheas an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar bun i mbliana. Tosóidh an fhéile ar an Aoine, Lá Bealtaine, leis an dráma nua ‘Cuairt an Uachtaráin,’ a bheas á chur ar stáitse ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh.

Le linn an deireadh seachtaine beidh seacht gcinn de dhrámaí ar fad á chur ar stáitse. Beidh Aisteoirí Bhréanainn ann le Moll, dráma le John B. Keane. Ó Bhaile Átha Cliath léireoidh Aisteoirí Bulfin leagan nua drámatúil den dán cáiliúil le Brian Merriman, ‘Cúirt an Mheán Oíche’, agus beidh ‘Uaigneas an Ghleanna’ le Synge á léiriú ag Aisteoirí Chorr na Móna agus Scoil Éigse Chamuis.

Seo a leanas an clár:
Aoine, 1 Bealtaine

7.30 i.n. Fáiltiú agus Oscailt Oifigiúil le Joe McHugh, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta.

8.30 i.n. CUAIRT AN UACHTARÁIN, dráma nua le Proinsias Ó Cuilinn á léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh.

Satharn, 2 Bealtaine

2.00 i.n. MAL le John B. Keane á léiriú ag Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.

5.00 i.n. ÉIGSE NA FÉILE – Agallaimh, Amhrán Saothair, Scéalaíocht, Scéaldráma.

9.00 i.n. AN GADAÍ BÉASACH le Dario Fo á léiriú ag Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach.

Domhnach, 3 Bealtaine

11.00 r.n. AIFREANN NA FÉILE

2.00 i.n. CÚIRT AN MHEÁIN OÍCHE le Brian Merriman.  Cóirithe don stáitse ag Celia de Fréine, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin, Baile Átha Cliath.

4.30 i.n. CAITLÍN NÍ UALLACHÁIN le W. B. Yeats á léiriú ag Aisteoirí Chúil Aodha. ÉIRÍ NA GEALAÍ le Lady Gregory á léiriú ag Aisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise.

7.30 i.n. UAIGNEAS AN GHLEANNA le J. M. Synge á léiriú ag Aisteoirí Chorr na Móna & Scoil Éigse Chamais.

9.00 i.n. Moltóireacht na Féile agus Bronnadh na nGradam leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 

Síle Ní ScanláinSíle Ní Scanláin, An Teach Mór, Indreabhán. Beidh sí páirteach sa scéaldráma ‘Sprionlóirí’ a bheas á léiriú ag Aisteoirí Luain, Baile Átha Luain, le linn Éigse na Féile Náisiúnta Drámaíochta.


Iománaithe sa gCluiche Ceannais ar an Satharn

Cumann Mícheál BreathnachBhain Cumann Mícheál Breathnach áit amach i mbabtha ceannais iomána sóisear Chonnacht nuair a d’éirigh leo Cathair na Mart a chuir de dhroim seoil i mBéal Átha hAmhnais, an Satharn seo caite, leis an scór 4 -12 i gcoinne 0 – 8.

Leagadh bunchloch an bhuaigh seo sa gcéad leath agus cóir na gaoithe ag na Breathnaigh. Bhíodar 2 – 10 i gcoinne 0 – 3 chun cinn ag leath ama.

Casfaidh iománaithe Chlub Mícheál Breathnach ar Shaighléan sa gcluiche ceannais an Satharn seo chugainn, 25 Aibreán, i mBéal Átha hAmhnais ag 2.00.

Foireann Micheál Breathnach; Diarmaid Ó Ceallaigh, Macdara Ó Béarra, Jack Mac Giolla Bhríde, Séamus Ó Fátharta, Antoine Ó Finneadha, Seán Ó Finneadha, Ruadhán Ó Béarra, Adrian Ó Tuathail, Cian Ó Griallais, Breandán Ó Conghaile, Darach Mac Con Iomaire, Oisín Ó Ceallaigh, Kevin Beag Ó Conghaile, Maidhc Ó Conghaile, Éinde Phaidí Beag Ó Conghaile.

Fir aonaid a úsáideadh; Cian Mac Giolla Bhríde, Carthach Breathnach, Ruaidhrí Óg Ó Béarra, Colm Ó Cuív, Gearóid Ó Conghaile, Ciarán Bheirtie Ó Conghaile, Fiontán Ó Tuathail, Máirtín Ó Neachtain agus Timmy Ó Domhnallán.


Crannchur Mór na Minna

Is gearr uainn anois an Crannchur Mór atá ar bun ag Coiste Pobail na Minna. Tá liosta mór fada duaiseanna le buachaint. An brabach a dhéanfar ar an gCrannchur úsáidfear é le obair riachtanach a dhéanamh ar Scoil na Minna. Is ann a bhíonn Coláiste Uí Chadhain á reachtáil chuile shamhradh.


Torthaí CLG ón Spidéal

Foireann Iomána f12 An SpidéilBhí lá mór ag iománaithe óga an Spidéil Dé Sathairn seo caite, nuair a thaisteal siad go Béal Átha an hAmhnais, i gcomhair cluiche faoi 12 sa tsraith iomána ar a dtugtar An Táin. Ceithre fhoireann a bhí fágtha sa gcomórtas, dhá fhoireann as Gaillimh, ceann as Maigh Eo agus ceann as Sligeach. D’imir báireoirí óga an Spidéil in aghaidh Bhéal Átha na Slua sa gcéad chluiche leathcheannais, ach ní raibh an lá le imeoiri an Spidéil. D’imir an Spidéal cluiche eile in aghaidh foireann ó Shligeach agus fuair siad an lámh in uachtar ar a gcéile comhraic sa gcluiche sin.

Torthaí eile ó CLG An Spidéil an tseachtain seo:

  • Peil f16: An Spidéal 4 -12; Órán Mór 1 – 6.

  • Mionúr Peil: An Spidéal 1 -12; Carna-Caiseal 1 – 7.

  • Peil f12: An Spidéal 2 – 10; Leitir Móir 4 – 0.

  • Peil f21: An Spidéal 2 – 10; Leitir Móir 2 -15.

  • Peil Idirmheánach: An Spidéal 1 – 12; Muine Mheá 0 – 13.


Louis de Paor sa Taibhdhearc

Louis De Paor

Louis de Paor, a bheas ag léamh agus ag caint faoina chuid filíochta in éindí leis an mbanfhile Nuala Ní Dhomhnaill, sa Taibhdhearc ar an Satharn seo chugainn, 25 Aibreán, ag tosaí ag 1.00 i.n. Tá an ócáid filíochta eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht mar chuid den fhéile idirnáisiúnta litríochta, Cúirt, a thosaigh ar an Máirt seo caite agus a bheas ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach seo chugainn.