Cartlann Nuachta: 22 Bealtaine 2024

Comórtas Peile na Gaeltachta

Foireann Peil na mBan ó Chumann Micheál Breathnach a bheas ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra an deireadh seachtaine seo chugainn i gCill na Martra.

Tá Tráth na gCeist ar bun an Aoine beag seo, 24 Bealtaine, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, le airgead a bhailiú le íoc as na costaisí taistil agus lóistín.


Iarrthóirí Chois Fharraige sna Toghcháin Áitiúla

Tá sé iarrthóir déag le seasamh don Chomhairle Chontae i gConamara Theas agus cúig shuíochán le líonadh.

Seo iad na hiarrthóirí a bhfuil cónaí orthu i gCois Fharraige: An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire as Na Doireadha ag seasamh do Fhine Gael; An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin, Cor na Róin, agus Daragh Ó Tuairisg ó Bhearna ag seasamh do Fhianna Fáil; An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin ag seasamh do Shinn Féin Poblachtach; Kevin O’Hara ón gCoileach, An Spidéal, ag seasamh do Shinn Féin; Michael Leainde ó Ros a’ Mhíl ag seasamh don pháirtí nua Independent Ireland agus Doran Mc Mahon le seoladh aige sa Spidéal ag seasamh don Irish Freedom Party.

Triúr ó Cheantar na nOileán atá san iomaíocht: PJ Ó Flatharta ón Máimín; Maidhc Jimmy Ó Curraoin ó Leitir Caladh agus Máirtín Ó Laoi ó Thír an Fhia.

Níl aon duine ón gCeathrú Rua san iomaíocht an babhta seo.


Cruinniú ag BÁNÚ ar an gCeathrú Rua leis na hIarrthóirí

Bánú Bratach 2024

BÁNÚ – Tithe, Pobal, Gaeltacht

Ar an Luan seo chugainn, 27 Bealtaine, beidh cruinniú poiblí sa gCeathrú Rua faoi sholáthar tithíochta sa nGaeltacht, eagraithe ag BÁNÚ, an brúghrúpa tithíochta a bunaíodh 6 mhí ó shin. Sa gCrompán, An Cheathrú Rua a bheas an cruinniú ar bun, ag tosú ag 8.30pm. Ag an gcruinniú beifear ag díriú go speisialta ar na polasaithe tithíochta agus na polasaithe pleanála atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá sé curtha in iúl ag deichniúr de na iarrthóirí atá ag seasamh don Chomhairle Chontae i gConamara Theas go mbeidh siad ag freastal ar an gcruinniú.

Seo iad na iarrthóirí a bheas ann: An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (RSF); An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (FF); Micheál Leainde (Independent Ireland); P.J. Ó Flatharta (Neamhspleách); Criostóir Breathnach (Neamhspleách); Maidhc Jimmy Ó Curraoin (Neamhspleách); Kevin O’Hara SF); Daragh Ó Tuairisg (FF) agus Máirtín Ó Laoi (FF).

Sí an t-iarchraoltóir Norita Ní Chartúir ó Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge a bheas i mbun áisitheoireachta ar an gcruinniú.

Tá an cruinniú oscailte don phobail.


Oifigigh Pleanála Teanga á gCuartú do Chois Fharraige

Tá go dtí an Luan seo chugainn, 27 Bealtaine, ag daoine cur isteach ar an dá phost atá le líonadh ag an bhFóram Pleanáil Teanga i gCois Fharraige. Tá oifig an Fhóram lonnaithe sa Spidéal agus an Fóram freagrach as an gceantar cois chósta ó Bhearna go Ros a’ Mhíl.

Dúirt urlabhraí ón bhFóram gur “daoine fuinniúla, cruthaitheacha atá tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá á lorg” ag an bhFóram le dul i mbun na gcúram a bhaineann le feidhmiú Plean Teanga Chois Fharraige.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch a chur ar 086 273 2278, nó ríomhphost a chur chuig an seoladh ptchoisfharraige@nullgmail.com.


Trá na gCeist Boird ar an Aoine seo Tigh Chualáin

Beidh foireann sóisear na mBan ó Chumann Micheál Breathnach ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra, Co Chorcaí, an deireadh seachtaine seo chugainn, an t-aon fhoireann ó Chois Fharraige atá cáilithe le páirt a ghlacadh sa gcomórtas náisiúnta.

Seo an tríú bliain as a chéile do fhoireann sóisear na mBan de chuid Na Breathnaigh cáiliú do na babhtaí náisiúnta. Shrois siad an Cluiche Ceannais anuraidh i nDún na nGall agus an bhliain roimhe sin chroch siad leo an corn, tar éis dóibh mná na Ceathrú Rua a bhualadh sa gCluiche Ceannais ar Pháirc an Mháimín.

I mbliana, le fáil isteach sa gcluiche leath-cheannais ar an Domhnach beidh cluiche réamhbhabhta le imirt in aghaidh Clann na nGael ar an Satharn, i mBéal Átha an Ghaorthaigh.

Bíonn costas mór i gceist le taisteal go Comórtas Peile na Gaeltachta, idir bus agus lóistín. Ar an Aoine seo, 24 Bealtaine, beidh Tráth na gCeist ar bun i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua, ar mhaithe le foireann ban Na mBreathnaigh. €40 an táille ar bhord.

Beidh neart duaiseanna le buachan i raifil ar an oíche.


Siúlóid Sciatháin Leathair

Beidh ócáid an-spéisiúil ar bun sa Spidéal ar an Déardaoin seo, 23 Bealtaine, mar chuid de Sheachtain na Bithéagsúlachta 2024, eagraithe ag Coiste Bhaile Slachtmhar an Spidéil: Siúlóid Sciatháin Leathair faoi stiúir Chaitríona Carlin i gcomhar le Grúpa Sciatháin Leathair na Gaillimhe.

Beidh daoine ag teacht le chéile ag an tSeanchéibh ag 9.30pm. I dtosach tabharfar eolas faoin gcineál sciatháin leathair atá i gceantar an Spidéil agus beidh deis ag daoine éisteacht lena gcuid glaochanna le cabhair brathadóirí ar leith agus seans go bhfaighfear radharc ar na sciatháin leathair i mbun eitilte sa gclapsholas.

Beidh fáilte roimh ghasúir ach duine fásta a bheith ina dteannta ach moltar go mbeadh éadaí teo, bróga feiliúnacha, seaicéad hi-viz á chaitheamh agus lóchrann nó tóirse a bheith ar iompar.


Aitheantas do Dhamhnait

Ar chlé: Máire Uí Eidhin, bean chéile Mhichíl Uí Eidhin, ag bronnadh bonn i gcuimhne ar a fear chéile, Micheál Ó hEidhin, ar Dhamhnait Ní Fhátharta ó Na hAille, Indreabhán, ag searmanas i Sligeach le deireannas.

Bronntar Bonn Mhichíl Uí Eidhin i gcuimhne ar an gceoltóir agus oideachasóir Micheál Ó hEidhin ag comhdháil bhliantúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Fear ab ea Mícheál, a raibh cónaí air ar an mBaile Ard sa Spidéal, a d’fhág a rian ar chúrsaí ceoil, amhránaíochta agus damhsa i gceantar Chois Fharraige, duine de bhunaitheoirí an Ghaelacadaimh é agus ba é a bhíodh i mbun na n-aeraíochtaí breátha ag Rásaí Ceoil agus Curachaí an Spidéil sna seachtóidí go háirid.

Ba é Micheál a leag amach an scrúdú a reáchtálann Comhaltas le deis a thabhairt do cheoltóirí a gcuid scileanna sa gceol idir phraitic agus theoiric a fhorbairt. Bronntar an bonn, ceann a dhear Meadhbh iníon Mhichíl, ar an dream a bhaineann ardmharc amach sa measúnú deiridh. Bhí Damhnait Ní Fhátharta as Cois Fharraige ar dhuine den dream ar bronnadh an gradam ar leith seo orthu i mbliana ag searmanas i Sligeach.

Casann Damhnait an chláirseach agus ba í a múinteoir iontach, Gráinne Hambly, a réitigh don scrúdú í.


Buaiteoirí ó Chois Fharraige ag an bhFleadh

An deireadh seachtaine seo caite ag Fleadh Ceoil na Gaillimhe d’éirigh leis na iomaitheoirí seo a leanas ó Chois Fharraige an chéad áit a fháil sna comórtais ina raibh siad san iomaíocht agus ainmniúchán a fháil le dul san iomaíocht i bhFleadh Ceoil Chonnacht:

  • Éile Rós Ní Cheallaigh, An Sidheán, An Spidéal: Damhsa ar an Sean-Nós faoi 10.
  • Seán Óg Ó Fátharta, An Cloch Mhór, Baile na hAbhann: Scéalaíocht faoi 18
  • Ruadhán Ó Fátharta, An Cloch Mhór, Baile na hAbhann: Bainseó faoi 15
  • Deithín Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán: Pianó faoi 18.

CUIDEACHTA i gCois Fharraige

Tá sé fógraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeidh an clár ‘Cuideachta’ á chur ar fáil i gCois Fharraige, i gcomhar leis an bhForam Pleanála Teanga.

Is scéim é an clár ‘Cuideachta’ do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Faoin gclár tá i gceist grúpaí teaghlaigh a thabhairt le chéile go háitiúil agus ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil ar bhonn rialta i gCois Fharraige.

Tá líon na spásanna ar an gclár teoranta, agus ní mhór do thuismitheoirí clárú le Tuismitheoirí na Gaeltachta trí ríomhphost a sheoladh chuig meadhbh@nulltuismitheoiri.ie, nó glaoch ar 091 869 571.


Deiseanna Ióga

Bíonn ranganna ióga Vinyasa as Gaeilge á reáchtáil ag Caoilfhionn de Bhaldraithe chuile Dhéardaoin i Súil Eile Space i mBearna ó 6:30 – 7:45i.n. Tá lascaine ar fáil do na ranganna seo a bhuíochas do Ghaeilge ABC. Cuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa Gaeilge! Is féidir bualadh isteach nó bloc ranganna a chur in áirithe.

Beidh rang 50 nóiméad Vinyasa Flow a reáchtáil ag Caoilfhionn ar Thrá na Céibhe nua sa Spidéal ar an Domhnach, 26 Bealtaine, ag 9.00 r.n. agus beidh seisiún sóisialta sa sabhna atá ag Driftwood Sauna ar bun ina dhiaidh! Tús maith leis an lá, https://www.sruthyoga.com/book-a-class.


Cois Fharraige go COP28

Cuireadh tús le comhthionscadal idir Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige, Ollscoil na Gaillimhe agus daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire agus Coláiste Cholmcille le linne Fhéile Chois Fharraige sa bhFómhar seo caite ag díriú ar chúrsaí éiceolaíochta agus athrú aeráide. Dá thoradh, scríobh na daltaí litir oscailte chuig an Domhan agus réitíodh físeán le cur leis.

Cuireadh an t-ábhar i láthair ag COP 28 i nDubai faoi Shamhain. Cuireadh an tionscadal isteach ar chomórtas oscailte do ghradaim náisiúnta do Chomhshaolaithe Óga a eagraíonn ECO-UNESCO le daoine óga a chumasú i leith na timpeallachta agus na hinmharthanachta.

Tugadh gradam ARDMHOLADH don tionscadal ar an Mháirt ag an gcur i láthair náisiúnta i mBaile Átha Cliath.


An Camino

Tá camino cheoil Mholscéil faoi lán-tseoil agus Santiago de Compostela bainte amach ag an mbuíon ógánach faoi stiúir Dhonncha Mhic an Iomaire. Casadh ceoltóirí agus damhsóirí leo faoi bhealach, chuir siad eolas ar stair na nGael agus scéal thruamhéileach Aodha Rua Uí Dhónaill a bhásaigh in aice le Valladolid agus é ar thóir cabhrach ó rí Filipe III na Spáinne, agus is iomaí port agus amhrán a cluineadh! Tá taifid sna físeáin bhreátha ar leathanach Facebook Mholscéal ar chuid de na scéalta.

Ach ní hé Frankie Mac Aodha an t-aon duine amháin as Cois Fharraige a thug aghaidh ar an taobh tíre sin le tamall anuas. Thug Maitiú Ó Coimín, atá ag cur faoi in Indreabhán, faoin gconair 1,038km a chuir sé de in imeacht cúig lá dhéag. “Ba é an turas seo an dúshlán fisiciúil is deacra a rinne mé riamh gan aon agó,” a dúirt sé in alt breá i dTuairisc. Rinne sé “conair” cheana, ceann de shiúl na gcos, ar rothar a bhí sé an babhta seo. “Tá mo shúil anois ar an marcaíocht agus an tseoltóireacht. Nár bhreá húicéir a sheoladh as Conamara go dtí an Ghailís?


Siúlóid Dúlra agus Dúchais

Ar an Domhnach seo chugainn, 26 Bealtaine, tá siúlóid spéisiúil cois cladaigh eagraithe ag Grúpa Oibre na Coille de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tógfaidh an tsiúlóid thart ar dhá uair a chloig, ag tosú ón bPoitín Stil ag 11.00 am.

Beidh treoraithe áitiúla ag roinnt a gcuid eolais ar an tsiúlóid faoin bhflóra, faoin bhfeamainn, faoi éanacha agus faoi stair na háite. I measc na dtreoraithe a bheas ann beidh Seathrún Ó Tuairisg, Eoin Ó Tuairisg, Kate Fennell agus Ríona Ní Aodha.

Bhí mír fhíorspéisiúil ar an gclár Iris Aniar (RNAG) le gairid nuair a chuaigh Marcas Mac Conghail ar cuairt ar Ríona Ní Aodha, scoláire meánscoile a bhfuil an-eolas aici ar na héanacha a bhíonn le cloisteáil go fairsing i gCois Fharraige.

Tar éis na siúlóide beidh sólaistí ar fáil sa bPoitín Stil.


Cuisle an Chomhshaoil

San iarnóin an Domhnach seo, 26 Bealtaine, beidh ócáid speisialta ar bun sa gCeathrú Rua in Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge, nuair a bheas painéal cainteoirí ag caint ar chúrsaí comhshaoil, ar an timpeallacht agus ar nósanna traidisiúnta. Ar an bpainéal tá an muireolaí Macdara Ó Cuaig, an t-ealaíontóir is an damhsóir Ríonach Ní Néill agus Seathrún Ó Tuairisg, a réitigh an suíomh florachoisfharraige.ie.

Is tionscadal é Cuisle an Chomhshaoil atá eagraithe ag an Mairéad Hurley, Síle Denvir agus Ciara O’Leary Fitzpatrick. Bí ag súil le amhráin agus ceol a bheith fite fuaite leis an gcomhrá. Tar éis na cainte beidh seisiún ceoil oscailte.


Torthaí Gailf

Pádraig Ó Chonghaile, ar chlé, ag bronnadh duais an bhuaiteora ar Shéamus Ó Loideáin, ar dheis, tar éis an comórtas gailf a bhí eagraithe ag Cumann Gailf Chois Fharraige i gClár Clainne Mhuiris le gairid.

Ar an Satharn seo caite thug Cumann Gailf Chois Fharraige cuairt ar an ngalfchúrsa i gClár Clainne Mhuiris, Maigh Eo. Seo a leanas na torthaí ar na comórtais: Sa gcéad áit bhí Séamus Ó Loideáin ar 44 pointe, le Aodán Breathnach sa dara áit ar 38 pointe. I gCatagóir I bhí an bua ag Tomás Ó Domhnaill le 33 pointe; i gCatagóir II bhí an bua ag Maidhc P. Ó Conaola ar 37 pointe agus i gCatagóir III ag Brian Curran a bhí an bua ar 36 pointe.

Beidh an chéad chomórtas eile ag gailfeoirí Chois Fharraige i mBaile Locha Riach ar an Satharn, 22 Meitheamh.


€7,000 i bPota Óir na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €6,900 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 21, 26, 30.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Tracy Curran, An Choill Rua;
  • Cathal Ridge, Na Doireadha;
  • Ronan Beag Mac Donnacha, An Teach Mór;
  • Paul Madden, An Choill Rua.

 

Gearóidín Nic an Iomaire, Cor na Rón, a fuair duais an díoltóra.

 

6,900 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 3 – 01, Maigh Cuilinn 1 – 02.

Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 1 – 02, Liam Mellows 4 – 02.

Iomáint (faoi 15 A1): Micheál Breathnach 4 – 06, Kilconieron 3 – 13.

Iománaíocht (faoi 13 C): Ml Breathnach 4 – 09, Tommy Larkins 5 – 03.

Iománaíocht (faoi 13 C): Cois Fharraige 3 – 07, Sylane 3 – 06.

Peil (faoi 17c, RI): An Spidéal 1 – 07, Carna-Caiseal/Na Piarsaigh 0 – 13.

Peil (faoi 16, RI): Micheál Breathnach 3 – 16, An Cheathrú Rua 1 – 09.

Peil (faoi 13 RII): An Spidéal 3 – 10, Salthill/Knocknacarra 2 – 14.

Peil (faoi 13 RIV): An Spidéal 0 – 08, Salthill/Knocknacarra 3 – 12.


22 Bealtaine 2024