Cartlann Nuachta: 22 Feabhra 2023
Earrach i gCois Fharraige
Tá an tEarrach buailte linn.
Radharc earraigh a tógadh le gairid ag Barr a’ Bhaile, Cor na Rón Lár, Cois Fharraige.
[Pic: Johanna Ní Mháille]
Aighneas Uisce
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 1 Márta, tá cruinniú poiblí eagraithe ag grúpa darb ainm dhó Coiste Cosanta Soláthraithe Uisce Loch Bhoth Loiscthe “faoi thodhchaí soláthar uisce Chois Fharraige”. Éiríonn an cruinniú as an bplean atá ag Uisce Éireann an soláthar uisce don Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Ros Muc a chur ar fáil ó Scéim Uisce an Spidéil, in áit dul ar aghaidh le scéim Ghleannach Muirinn.
Ar Raidio na Gaeltachta níos túisce an tseachtain seo thug an tIarfheisire Eorpach, Seán Ó Neachtain, le fios go bhfuil imní ar úinéirí talún sa gceantar go gcaithfí leibhéal uisce an locha a ardú, le bheith in ann freastal ar an méadú a theastódh ar an soláthar uisce breise, dá gcuirfí plean Uisce Éireann i bhfeidhm, agus go bhféadfadh go mbeadh talamh atá tirim anois faoi uisce.
Beidh an cruinniú ar bun i gColáiste Chonnacht ar an gCéadaoin seo chugainn ag tosú ag 8.00pm.
Ceoltóirí Óga i gCorca Dhuibhne
Grúpa ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige a ghlac páirt i Scoil Ceoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne.
Ó chlé: Caomhán Mac Con Iomaire, Caoilte Canny, Ella Nic Dhomhnaill, Louise Seoighe, Déithín Ní Fhátharta, Aoibhínn Ní Neachtain, Ferdia Ó Braonáin, Fionn Ó Murchú agus Sara Ní Choncheanainn ina suí chun tosaigh.
An tseachtain seo caite, mar chuid de thogra a d’eagraigh Ealaín na Gaeltachta, ghlac grúpa ceoltóirí óga ó Chois Fharraige páirt i Scoil Cheoil an Earraigh, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Deichniúr ar fad a thaisteal ó dheas, in éindí le Ruairí Mac Con Iomaire. Bhí grúpaí ann chomh maith ón gCrannóg i nGaoth Dobhair, ó Chiarraí Theas agus ó Gaeltacht Mhúscraí. Ranganna a bhí ag na ceoltóirí óga ar maidin agus seisiúin is imeachtaí eile sa tráthnóna.
Is ag fanacht leis na mná tí áitiúla a bhí siad, an grúpa ó Chois Fharraige ag fanacht ar an bhFeothanaigh. Seo thíos na ceoltóirí óga ó Chois Fharraige a ghlac páirt sa Scoil Ceoil i gCorca Dhuibhne: Caomhán Mac Con Iomaire, Ferdia Ó Braonáin, Fionn Ó Murchú, Caoilte Canny, Déithín Ní Fhátharta, Louise Seoighe, Ella Nic Dhomhnaill, Sara Ní Choncheanainn, Aoibhínn Ní Neachtain agus Tomás Ó Neachtain.
‘Murdar’ ar an Lochán Beag le Plé
Tá roinnt imeachtaí le bheith ar bun i gCois Fharraige le linn Seachtain na Gaeilge atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge le urraíocht ó Energia. Ar cheann de na himeachtaí beidh plé ar an leabhar nua a scríobh Peadar Ó Máille dar teideal ‘MURDAR’AR AN LOCHÁN BEAG, ina dhéantar cíoradh ar gach ar bhain le eachtra a tharla in aige le Tigh Mholly ar an Lochán Beag, Feabhra na bliana 1919, nuair a ionsaíodh beirt dheartháir ag siúl abhaile ón teach tábhairne. Fuair duine acu, Pádraig Ó Droighneán, bás san ospidéal i nGaillimh tamall gearr i ndiaidh an eachtra. Cuireadh i leith Peadar Ó Máille, athair an údair, gurbh é a scaoil an t-urchar a ba chúis le bás an Droighneánaigh agus chuaigh sé i bhfolach.
Beidh an leabhar á phlé ag seisiún atá eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 15 Márta, i dTigh Mholly, ag tosú ag 8.00pm. Beidh údar an leabhair, Peadar Ó Máille, i láthair chomh maith leis an staraí Cormac Ó Comhraí, fear a bhfuil leabhar scríofa aige faoi Chogadh na Saoirse i gConamara, SA BHEARNA BHAOIL (CIC). Tá an leabhar ‘MURDAR’AR AN LOCHÁN BEAG (CIC) le fáil ó Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
‘Féasta Ceoil’ sa Spidéal
Stiúideo Cuan, an Spidéal.
Cuirfear tús an Aoine beag seo, 24 Feabhra, le sraith ceolchoirmeacha i Stiúideo Cuan, sa Spidéal, nuair a bheas an grúpa TÉADA ar an ardán ag cur tús le sraith nua de choirmeacha ceoil den scoth, darbh ainm Féasta Ceoil an Spidéil 2023. As sin amach go lár Bhealtaine beidh ceolchoirm ann gach dara Aoine.
Is iomaí aoi iontach a bheas ann: Líadan, Na Casadaigh, Altan, Cherish the Ladies, Skipper’s Ally, The Bonny Men, chomh maith leis an bpíobaire Paddy Keenan thar dhá oíche Oíche Lá ‘le Pádraig agus an oíche ina dhiaidh.
Le suíochán a chinntiú, ní mhór ticéid a chur in áirithe le Stiúideo Cuan ag oifig@nullstudiocuan.ie nó ar 091 553 838.
Maidin Caifé sna Forbacha
Beidh maidin caifé do thuismitheoirí ar bun i Halla Scoil na bhForbacha ar an Aoine beag seo, 24 Feabhra, ag tosú ag 9.30am. Tá sé á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
I láthair beidh na hOifigigh Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige – Katie agus Aoife – chomh maith le oibrí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, le eolas a chur ar fáil faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil do thuismitheoirí.
Maitilde Warsop – Buaiteoir na hÉireann
Maitilde Warsop, Na Minna, buaiteoir na hÉireann i gcomórtas Juvenes Translatores 2022. Measadh siad gurbh é aistriúchán Maitilde, ó Bhéarla go Gaeilge, ab fhearr ó thaobh cruinnis, líofachta agus cruthaitheachta de.
Is dalta í Maitilde i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Cumann Micheál Breathnach v. An Spidéal
Cuirfear tús ar an Satharn seo chugainn le séasúr nua peile i gCois Fharraige nuair a chasfaidh an fhoireann sóisear de chuid Na Breathnaigh agus foireann sóisear An Spidéil ar a chéile ar Pháirc an Chnoic ag 4.00pm i gcomórtas speisialta peile do na foirne sóisearacha, ar a dtugtar Corn Uí Chathail.
Grúpa Aclaíochta do Mhná
Tá grúpa aclaíochta do mhná tosaithe ag Cumann Micheál Breathnach, ag tíocht le chéile gach Máirt ag 7.00pm ar an bPáirc Astro, i nGleann an Chnoic.
Tá an grúpa feiliúnach do mhná ó sheacht mbliana déag d’aois suas. Beidh na seisiúin seo neamhfhoirmiúil agus cead ag gach duine rith/siúl ag a luas féin. Níl aon ghá clárú roimh ré, ach beidh táille €3 an duine á bhailiú le íoc as na soilsí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Frances (086 8892180) nó le Fionnuala (086 8899566).
THE GRAVEDIGGERS WIFE sa tSeanscoil

Radharc as an scannán THE GRAVEDIGGER’S WIFE, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 23 Feabhra ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Scannán ón tSomáil, den teideal THE GRAVEDIGGER’S WIFE, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 23 Feabhra, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Scéal faoi theaghlach i gcathair Djibouti atá ann: tagann tinneas ar an máthair agus tá obráid uaithi. Téann an t-athair go snaidhm an rópa ag iarraidh airgead a aimsiú le go mbeidh sí in ann dul faoi scian.
An tseachtain seo chugainn i Seanscoil Sailearna beidh scannán ón nGearmáin, THE ORDINARIES, á thaispeáint sa tSeanscoil mar chuid de chamchuairt náisiúnta atá eagraithe mar chuid den Dublin International Film Festival.
Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.
Cumann Micheál Breathnach
Is in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bheas Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach ar an Aoine, 10 Márta. Beidh dinnéar, beidh bronnadh, beidh ceol, craic agus spraoi ann.
Tá na ticéid le ceannach anois ar líne ar €45 an ceann.
Dála an scéil, tá an clárú do Chumann Micheál Breathnach don bhliain 2023 oscailte anois. Caithfidh gach imreoir a bheith cláraithe don bhliain 2023 sula dtabharfar cead traenála agus imeartha dóibh. Ní foláir go mbeadh ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir amháin cláraithe mar bhall den chumann i gcás imreoir ar bith faoi bhun 18 bliain d’aois.
Tá míle fáilte roimh ghasúir a rugadh i 2017 (sé bliana d’aois i mbliana), nó roimhe, clárú leis an gclub.
Post le Comharchumann Sailearna
Tá go dtí an Aoine seo, 24 Feabhra, ag daoine iarratas a dhéanamh ar an bpost Comhordaitheoir Tionscadal atá fógraithe ag Comharchumann Sailearna in Indreabhán, ag obair faoi stiúir an bhainisteora, le clár oibre an chomharchumainn a chur i bhfeidhm agus freagrach as comhordanú a dhéanamh ar thograí éagsúla sa gceantar, chomh maith le deiseanna forbartha nua a aithint.
Is féidir litir iarratais mar aon le CV a sheoladh ar ríomhphost chuig SAILEARNA@nullGMAIL.COM.
Comórtas Saighead, Tigh Chualáin
Na buaiteoirí sa gcomórtas saighead a reáchtáladh le gairid i gcuimhne ar Pheadar O’Connor i dTigh Chualáin, An Choill Rua, in éindí le mac agus bean Pheadar.
Ó chlé: Noel Donogue, Mary Power, Peadar Óg Ó Connor, Gladys Ó Connor, Danny Kolanski, Máirtín Óg Máirtín Tom Sheanín Mac Donnacha.
Bailíodh €1,240 san iomlán don dá charthanacht Cancer Care West agus Alzheimers ag an gcomórtas saighead a eagraíodh níos túisce an mhí seo i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua. Caomhán Mac an Adhastair agus Seán Ó Ráinne a d’eagraigh an comórtas i gcuimhne ar Pheadar Ó Conchúir ón gCoill Rua agus ón Sídheán roimhe sin, a bhásaigh dhá bhliain ó shin.
Bhí an comórtas le bheith ann i dtosach idir an dá Nollaig, ach de bharr bás sa gceantar cuireadh siar é. Bronnadh Corn Cuimhneacháin Pheadar O’Connor ar na buaiteoirí, Danny Kolanski agus Mary Power. Sa dara áit bhí Máirtín Óg Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha agus Noel Donoghue.
Tráth na gCeist sa gCrúiscín
Tá an Crúiscín Lán oscailte arís tar éis dhó a bheith dúnta ón Nollaig. Is ann a bheas Tráth na gCeist á reáchtáil ar an Aoine seo, 24 Feabhra, ar mhaithe le Cumann Lúthchleas Gael, An Spidéal, mar chuid de fheachtas bailiúcháin airgid atá ar bun ag an gcumann. Táille €40 a bheas ar gach bord de cheathrar.
Beidh spotduaiseanna le buachan ar an oíche. Chomh maith le sin, fógrófar buaiteoirí na nduaiseanna áitiúla sa gCrannchur Mór a bhí á reáchtáil ag an gcumann le seachtainí beaga anuas.
Tosnóidh na himeachtaí ag 7.45pm.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €4,500 sa bPota Óir ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7, 12, 24, 30.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Vincent Fox, Coill Rua, Indreabhán;
- Máirín Flaherty (Dara), Cor na Rón Thoir;
- Seosamh Ó Fátharta, Na hAille, Indreabhán;
- Éanna Ó Conghaile, An Cnoc.
Tadhg Mór Ó Curraoin, An Cnocán Glas, a fuair duais an díoltóra.
€4,600 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 0, Salthill Devon B 1.
• Sacar (faoi 21): Bearna/Na Forbacha 3, St Patricks 3.
• Sacar (faoi 18): Cois Fharraige 0, Kinvara Utd. 5.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 0, Mervue Utd 2.
• Sacar (faoi 14): Mac Dara 5, Colemanstown Utd 1.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha B 1, Merlin Woods 4.
• Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 0, Knocknacarra B 2.
• Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 3, MEK Galaxy 0.