Cartlann Nuachta: 22 Márta 2023

Lá ‘le Pádraig ar An Spidéal

Naomh Pádraig & Bríd, La 'le Pádraig 2023

Naomh Pádraig (John Lesh) agus Naomh Bríd (Sheila Mc Crann), a bhí ag ceann an pharáid sa Spidéal, Lá ‘le Pádraig.

[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]

Thart ar 26 grúpa a ghlac páirt sa bparáid ar Lá ‘le Pádraig sa Spidéal agus bhí os cionn 1,000 duine bailithe sa sráidbhaile ag breathnú ar an bparáid ag dul siar chomh fada le Bothúna agus ag tíocht aniar aríst. An Coiste Turasóireachta, atá ag feidhmiú faoi choimirce Chomhlacht Forbartha an Spidéil, a bhí i mbun an eagrúcháin. Ba mhór an mhaith go raibh an aimsir go breá agus gur fhan sé tirim an fhad is a bhí an paráid ar bun.

Bhí flótanna curtha le chéile ar théamaí éagsúla ag na bailte: Scannáin na hÉireann ag na Oscars an téama ba choitianta. Ag siúl ag ceann an pharáid bhí Naomh Pádraig (John Lesh) agus Naomh Bríd (Sheila McCrann). Mar is iondúil, bhí suas le 50 cailíní ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige ag máirseáil lena gcamán.

Tugadh bualadh bos speisialta don flót a bhí ag muintir na hÚcráine a theith ón gcogadh ina dtír dúchais agus atá ag cur fúthu in Óstán na Páirce le bliain anois.

Baile Éamoinn, Lá 'le Pádraig 2023

An flót a bhí ag Baile Éamoinn i bparáid sa Spidéal, Lá ‘le Pádraig.

[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]

Tugadh dhá dhuais amach ag deireadh an pharáid: Baile an tSléibhe agus An Coileach don flót is barúla; Liopa agus An Pháirc don flót ba ghaelaí. Bronnadh duais chomh maith ar an gCógaslann don siopa is fearr a bhí deisithe don lá.

Tar éis an pharáid d’fhan daoine thart ar an sráidbhaile agus bhí neart ceoil le cloisteáil sna tithe tábhairne.


‘Féasta Ceoil’ an Deireadh Seachtaine

Skipper's Alley

Skipper’s Alley

Beidh Féasta Ceoil An Spidéil ag leanacht ar aghaidh an deireadh seachtaine seo, ar an Déardaoin, ar an Aoine agus ar an Satharn, 23, 24 & 25 Márta.

Ar an Déardaoin beidh an grúpa SLIDE ag casadh i Stiúideo Cuain; beidh THE BONNY MEN ann oíche Aoine agus ar an Satharn ar an stáitse beidh SKIPPER’S ALLEY, grúpa traidisiúnta a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine nuair a chas siad roinnt blianta ó shin ag Tradphicnic sa Spidéal.

Gan ach 65 suíochán sa seomra álainn ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe trí dul chuig www.stiuideocuan.ie, nó glaoch ar 091 553838.


‘CORSAGE’ sa tSeanscoil

Scannán stairiúil a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 23 Márta, ag 8.15pm. Baineann scéal an scannáin leis an mbanimpire Elisabeth na hOstaire, a dhiúltaigh glacadh leis an ról a leagadh amach di, agus a rinne iarracht a saol a chaitheamh ar a toil.

An tseachtain seo chugainn beidh an scannán ALCARRA á thaispeáint sa tSeanscoil ag an gClub Scannán.

Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.


Bláthanna na Cásca

Ceardlann Ciseán Bláthanna na Cásca

Tá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ag eagrú ceardlann ar an Máirt seo chugainn, 28 Márta, i dTigh Chualáin, Indreabhán, ag 7.00pm, den teideal Ciseán Bláthanna na Cásca, i gcomhar le Bláthanna agus Bronntanais Charoline. Beidh ciseán ag dul abhaile ag gach duine. Tá líon na spásanna teoranta agus ní mhór clárú roimh ré ag ocptchoisfharraige@nullgmail.com. €20 an costas atá ar an gceardlann.


Maidin Caifé i gColáiste Cholmcille

Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Tá maidin chaife á reáchtáil ag Coláiste Cholmcille ar an Aoine seo, 24 Márta 2023, ar Lá Lus an Chromchinn. Cuirfear an t-airgead a bhaileofar ar an lá ar aghaidh ag Cumann Ailse na hÉireann le tacú leis an obair thábhachtach a bhíonn ar siúl acu.

Fáilte roimh an bpobal ag an ócáid idir 10 agus meán lae. Beidh raifil agus díolacháin cácaí ar an lá chomh maith.


Scéalta Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Triúr imreoir ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ar éirigh leo bonn óir náisiúnta an Domhnach seo caite.

Sa lár: Mac Dara Ó Grádaigh seaimpín singil na hÉireann faoi 15; ar chlé: Jack Ó Conghaile; agus ar dheis: Oisín Ó Neachtain, beirt a chroch leo na boinn óir sa gcomórtas dúbailte faoi 14.

Is daltaí i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an triúr acu.

Bhí deireadh seachtaine tairbheach ag lucht spóirt ó Chois Fharraige sa bpeil, san iománaíocht, sa sacar agus sa liathróid láimhe:

Sacar: Ar an Domhnach seo caite d’éirigh le Cois Fharraige agus le Mac Dara (An Cheathrú Rua) áit a aimsiú i gcluichí leathcheannais sa gcomórtas Corn Joe Ryan ag an deireadh. Fuair Cois Fharraige an ceann is fearr ar Cregmore/Claregalway leis an scór 5 – 0. Bhuail foireann na Ceathrú Rua East United leis an scór 8 – 1. Casfaidh an dá fhoireann Ghaeltachta ar a chéile i gcluiche leath-cheannais amach mí Bhealtaine.

Dála an scéil tá an tarraingt déanta do na babhtaí ceathrúcheannais de Chorn Chonnacht agus is in aghaidh Bleá ‘n Rí a bheas foireann sacair Chois Fharraige ag imirt ar an 9 Aibreán, i Ros a’ Mhíl.

Iománaíocht: Ar an Domhnach chomh maith, ar Pháirc an Chnoic, d’éirigh le iománaithe ó Chumann Micheál Breathnach an chéad chluiche sa tSraith Sóisear A a bhuachaint nuair a bhuail siad Rahoon/Newcastle leis an scór 3 – 17 in aghaidh 5 – 17.

Peil: Ar Lá ‘le Pádraig d’éirigh le foireann peile Micheál Breathnach áit a fháil sna babhtaí leathcheannais sinsear (Gaeltacht na Gaillimhe) i gComórtas Peile na Gaeltachta nuair a bhuail siad Bearna le cúilín amháin th’éis am breise. Maidhc Mac Gearailt, ón mBóthair Buí a scóráil an cúilín buacach.

Liathróid Láimhe: D’éirigh le triúr ógánach ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach bonn óir an duine a bhuachaint ag na cluichí ceannais, Craobh na hÉireann, a imríodh i gCo Chabhán ar an Domhnach. Mac Dara Ó Grádaigh an craobh singil faoi 15 a bhuachan agus d’éirigh le Jack Ó Conghaile agus le Oisín Ó Neachtain na boinn óir a thabhairt seo sa gcomórtas dúbailte faoi 14.


BIG MAGGIE

Maggie Polpin (Bridie Ní Churraoin) ag cur smacht ar a iníon Katie (Marie Beag Breathnach) sa dráma BIG MAGGIE, a chuir Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ar an ardán an deireadh seachtaine seo caite, i Seanscoil Sailearna.

[Pic: Johanna Ní Mháille]

Bhí gach suíochán tógtha in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar an Domhnach seo caite nuair a léiríodh don tríú oíche as a chéile an dráma láidir ‘Big Maggie’, le John B. Keane. Bhí an dráma láidir aistrithe go Gaeilge chraicneach Chonamara ag Bridie Ní Churraoin, a bhí sa bpríomhpháirt sa dráma. Bhí an dráma á chur ar stáitse ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige agus á léiriú ag Eoghan Ó Riada.

Cé gur grúpa amaitéarach é Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ní raibh aon amaitéaracht ag baint leis an léiriú ach é ar chaighdeán chomh maith is a d’fheicfeá déanta ag compántas proifisiúnta. Bhí togha na n-aisteoirí páirteach sa dráma: bhí Bridie Ní Churraoin cumasach mar BIG MAGGIE, a bhí ag fáil seans smacht a chur ar a saol agus ar shaol a clainne fásta nuair a fágadh í ina baintreach agus i gceannas ar shiopa a fhir chéile. I measc na n-aisteoirí eile a sheas amach bhí Marie Bheag Breathnach mar iníon Katie, ar theip uirthi an ceann is fearr a fháil ar a máthair agus a raibh uirthi an fear a bhí pioctha ag a máthair di a phósadh sa deireadh.

Bhí Colm Joe Coleman Mac Donncha thar barr mar Mr Byrne, adhlacóir a raibh nóisean aige go bhféadfadh sé an bhaintreach is a gnó a bheith aige féin. Bhí Rónán Ó Curraoin an-nádúrach ina pháirt mar fhear gnó nó ‘traveller’, mar a thugtaí orthu ag an am, ag dul thart ar na siopaí faoin tuath ag glacadh ordaithe uathu.

I measc na n-aisteoirí eile ar an stáitse, agus gach duine acu thar barr, bhí Meadhbh Ní Scanláin is a deartháir Séamus, Colm Darby Ó Fátharta, Seosaimhín Ní Shuilleabháin, Máire Ní Mháille, Coleman Seoighe agus Máirín Mhic Lochlainn.

Bhí an seit an-chliste, é ina reilig ag tús an dráma agus ina shiopa don chuid eile. Dara McGee a rinne an dearadh agus Tomás Ó Domhnaill a thóg an seit. Ba é Pádraic Ó Flatharta a bhí i mbun fuaime is soilsiú.


Leabhráin SICAP

Chuir Forbairt Tuaithe na Gaillimhe raon leabhráin ar fáil le roinnt blianta anuas agus tá siad seo ar fad ar fáil ar líne nó tríd an bpost nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nullgrd.ie. Tá leabhráin ar fáil ar Thuismitheoireacht Aonair, Meabhairshláinte Dhearfach, Acmhainní Tuaithe, Tacaíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus Leideanna agus Comhairle maidir le Fostaíocht a Lorg.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €4,900 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 12, 16, 17.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

Áine Lee, Leitir Mealláin;

Gearóid Denvir, Na hAille;

Máire Ní Mháille, f/ch Tigh Mholly;

Beachla Ó Cinghaile, Cinn an Bhaile, Inis Meáin.

Gerry Curran, An Chathair, a fuair duais an díoltóra.

€5,000 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Peil (Com Peil na Gaeltachta): Ml. Breathnach 1 – 15, Bearna 0 – 17.

• Iomáint (Sóisear A): Ml. Breathnach 3 – 17, Rahoon Newcastle 5 – 08.

• Iomáint (faoi 20): Ml. Breathnach 1 – 11, Cois Cuain 4 – 18.

• Iomáint (faoi 16): Ml. Breathnach 1 – 04, Cappataggle 2 – 06.

• Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 2 – 10, Ballindereen 3 – 04.

• Sacar (Sóisear): Cois Fharraige 5, Cregmore/Claregalway 0.

• Sacar (Sóisear): MacDara 8, East United 1.

• Sacar (faoi 18): Cois Fharraige 1, Tuam Celtic 7.

• Sacar (faoi 18): Cois Fharraige 0, Bearna/Na Forbacha 4.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 2, Mervue Utd. 3.

• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 1, Salthill Devon B 3.

• Sacar (Cailíní f16): Bearna/Na Forbacha 1, Corrib Celtic 3.

• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 1, Cregmore/Claregalway 0.

• Sacar (faoi 14): Mac Dara 1, St. Patrick’s 2.

• Sacar (faoi 14): Mac Dara B 2, Cregmore/Claregalway B 1.

• Sacar (Cailíní f13): Bearna/Na Forbacha 5, East Galway Utd. 1.

• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha B 5, Maree/Oranmore B 1.


22 Márta 2023