Cartlann Nuachta: 22 Meán Fómhair 2021

Athraithe Eaglasta i bParóiste an Chnoic

Séipéal an Chnoic

Séipéal an Chnoic

Ar an Domhnach seo caite cheiliúir an tAthair Liam Ó Raghailligh an tAifreann deireanach i Séipéal an Chnoic mar shagart paróiste. Tá an tAthair Billy, mar a tugadh air go háitiúil, ag dul ar scor mar shagart deoise, tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i gCois Fharraige. Ghlac sé buíochas leis an bpobal faoin tacaíocht a fuair sé. Cé go bhfuil sé ag éirí as a chuid dualgaisí mar shagart paróiste beidh sé lonnaithe i gcónaí sa gceantar.

Ag an gcruinniú míosúil de Chumann Forbartha Chois Fharraige le gairid glacadh le rún buíochais don Athair Ó Raghailligh faoin seirbhís iontach a thug sé don phobal thar na blianta agus faoin tacaíocht agus cúnamh a fuair daoine uaidh in am an ghátair. Ba é ceann de na céad rudaí a rinne sé nuair a tháinig sé ar an gCnoc ná caoi a chur ar an séipéal agus seomra a thógáil ar a chúl, a chuirtear ar fáil do ghrúpaí pobail go flaithiúil.

Beidh an tAthair Hughie Loftus ón gCeathrú Rua ag tógáil an chúraim ar féin mar shagart paróiste ar an gCnoc, rud a fhágann go mbeidh cúig shéipéal faoina chúram: An Cheathrú Rua, Tír an Fhia, Leitir Mealláin, An Tulach agus An Cnoc.

Sé an tAthair Clement Mc Manus CSsR, ó Ord an tSlánaitheora, a bheas ag feidhmiú mar shagart cúnta agus lonnaithe i dTeach an tSagairt ar an gCnoc. Is as Dún Dealgan ó thús an Athair Clement agus togha na Gaeilge aige, rud a chabhróidh go mór leis i bparóiste láidir Gaeltachta ar nós An Cnoc.


Céad Chomaoineach

Le gairid i Séipéal Cill Treasa, Ros a’ Mhíl, ghlac Seán Mac Donnacha, Ríona Ní Fhatharta agus Ruadhán Ó Maoileoin ó Rang a Trí, Scoil Cholmcille, leis an gCéad Chomaoineach ón Athair Seán Mac Aoidh.

In éindí leo sa bpictiúr tá an múinteoir ranga Áine Ní Churraidhín ar chlé agus an Príomhoide Síle Nic Con Iomaire ar dheis.


Post sa gComharchumann

Comharchumann ShailearnaTá Comharchumann Sailearna ag lorg duine mar bhainisteoir cúnta faoi oiliúint. Duine cruthaitheach tionscantach atá ag teastáil le dul ag obair in oifig an chomharchumainn i Seanscoil Sailearna.

Tá tuilleadh eolais faoin post le fáil ón suíomh WWW.CST.IE nó trí ríomhphost a sheoladh chuig sailearna@nullgmail.com.

Tá go dtí seachtain ón gCéadaoin seo chugainn le litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh chuig Peigí Uí Chéidigh, Bainisteoir Chomharchumann Sailearna, Na hAille, Indreabhán.


Lá Mór Iomána

CMB (faoi 12) le Corn 2021

Foireann iomána (faoi 12) Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar bhuachaillí Rahoon/Newcastle, leis an gCorn a bhuachan i gCraobh an Chontae (Grúpa 6) leis an scór 5 – 03 in aghaidh 2 – 06.

Ar chúl, ó chlé: Learaí Ó Grádaigh, Cormac Ó Braonáin, Conor Ó Tuathail, Fionnán Ó Neachtain, Eoin Ó Gionnáin, Oisín Ó Neachtain, Dara Ó Frighil, Cian de Búrca, Mártan Ó Cúláin, Oscar Ó Tuairisc, Ruadhán Ó Fátharta.

Chun tosaigh, ó chlé: Aonghus Ó Direáin, Tadhg Ó Neachtain, Cuán Canny, Rónán Ó Neachtain, Stiofán Ó Neachtain, Cillian Ó Ceallaigh, Diarmaid Mac Réamoinn, Niamh Ní Ghionnáin, Oisín Mahon agus Eric Norman.

Ina seasamh ar chúl tá na roghnóirí Tomás Ó Neachtain is Seán Mac Réamoinn agus an bainisteoir Áine Uí Neachtain.

Dé Domhnaigh seo caite bhí lá mór iomána ag ógánaigh Chumann Mícheál Breathnach nuair a d’éirigh leis an dá fhoireann faoi 12 Craobh an Chontae sa dá ghrád éagsúil inar imríodar a bhuachan.

Ar maidin, i dTóin na Brocaí, thug an chéad fhoireann faoi Rathún/An Caisleán Nua i nGrúpa 3. Bhí dianchoimhlint agus sár-thaispeántas scile ann ón dá fhoireann le scóranna maithe ó Learaí Ó Grádaigh, Fionnán Ó Neachtain, Oisín Mahon, Conor Ó Tuathail agus Cormac Ó Braonáin. Buachaillí Chois Fharraige a bhí caithréimeach ar deireadh le scór de 2 6 in aghaidh 5 3 leis an gCorn a chrochadh leo.

CMB (faoi 12) le Sciath 2021

Foireann iomána (faoi 12) Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo an Sciath a bhuachan i gCraobh an Chontae (Grúpa 6), ag imirt in aghaidh Cill a’ Díoma/Liatroim leis an scór 2 – 05 in aghaidh 2 – 04.

Ar chúl, ó chlé: Aonghus Ó Direáin, Tadhg Ó Neachtain, Niamh Ní Ghionnáin, Diarmaid Mac Réamoinn, Oisín Mahon, Peadar Ó Máille, Peadar Óg Ó Conghaile, Cormac Ó Braonáin, Ruán Ó Néill, Stiofán Ó Neachtain, Mártan Ó Cúláin, Learaí Ó Grádaigh.

Chun tosaigh, ó chlé: Cian Ó Maoileoin, Róise Ní Scanláin, Sarah Ní Scanláin, Cuán Canny, Oscar Ó Tuairisc, Cillian Ó Ceallaigh, Aoibhinn Mahon, Maia Ní Thuairisc, Oisín Ó Conghaile.

Áine Uí Neachtain (Bainisteoir) agus Seán Mac Réamonn (Traenálaí) atá ina seasamh ar chúl.

Ansin sa tráthnóna ar Pháirc an Chnoic cuireadh fáilte roimh Chillín a’ Díoma/Liatroim sa gCluiche Ceannais den Sciath i nGrúpa 6. Na cuairteoirí is fearr a thosaigh agus bhíodar cúl chun tosaigh ag an gcéad sos uisce. Ach le slua breá i láthair leis an dá fhoireann óg sciliúil a ghríosadh, throid an fhoireann baile ar ais le dhá chúl bhreátha roimh leath ama. Ag tarraingt ar dheireadh na himeartha, rinne na cuairteoirí léigear. Bhí a gcroíthe ina mbéal ag an lucht féachana ach is iad na Breathnaigh óga a rug crua ar an neantóg agus bhí cúilín amháin sa mbreis acu nuair a séideadh an fheadóg ag deireadh na himeartha, 2 5 in aghaidh 2 4.


Na Breathnaigh ag Treabhadh Leo

Rónan-Mac-Donnacha-CMB-2019

Rónán Mac Donnacha, ón Teach Mór, a scóráil an chéad chúl do Chumann Micheál Breathnach sa gcluiche in aghaidh St Gabriels i mBéal Átha Slua, Dé hAoine seo caite.

Bhí an bua ag Na Breathnaigh leis an scór 3 – 16 in aghaidh 1 – 12.

Bhí bua eile ag peileadóirí na mBreathnaigh i gcomórtas Idirmheánach an Chontae ar an Aoine seo caite, nuair a bhuail siad St Gabriels i mBéal Átha na Slua leis an scór 3 – 16 in aghaidh 1 – 12. Ba iad Rónán Mac Donnacha, Tommy Ó Conghaile agus Maidhc Mac Gearailt a d’aimsigh na cúil do fhoireann Chois Fharraige. Na Breathnaigh atá ar bharr an ghrúpa faoi láthair théis dhá chluiche a imirt. Lena áit a chinntiú sna babhtaí ceathrú ceannais idirmheánach beidh ar Chumann Micheál Breathnach chomhscór a fháil sa gcluiche deireanach den ghrúpa in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir.

Níor éirigh go ró-mhaith leis An Spidéal in aghaidh St Michaels sa gcluiche peile i gCraobhchomórtas Sinsearach a imríodh ar an Satharn i bPáirc an Phiarsaigh. Bhí an bua ag foireann na cathrach leis an scór 2 – 09 in aghaidh 0 – 12. Ach tá seans i gcónaí ag An Spidéal fáil tríd go dtí na babhtaí ceathrú cheannais ach Mountbellew/Moylough a bhualadh sa gcluiche deireanach den ghrúpa.


Cluichí Tábhachtacha ag Iománaithe Chois Fharraige

Cumann Mícheál BreathnachTá dhá cluiche tábhachtach iománaíochta le imirt ar an Domhnach seo chugainn don dá chlub iománaíochta i gCois Fharraige. Beidh Bearna/Na Forbacha ag imirt in aghaidh Bóthair na Trá/Cnoc na Carrach as baile agus ar Pháirc an Chnoic beidh iománaithe Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Ballygar.

Má chailleann Micheál Breathnach beidh a stádas mar fhoireann Sóisear A i mbaol. Má bhíonn an bua ag Na Breathnaigh agus má chailleann Bearna/Na Forbacha in aghaidh Bóthair na Trá, beidh Na Breathnaigh slán agus beidh Bearna/Na Forbacha i mbaol dícháilithe.

Is le haghaidh 4.00pm ar an Domhnach seo atá an dá chluiche socraithe.


Club Leabhar sa gCrúiscín

MADAME LAZARE

Tar éis bliain go leith ar zúm beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 20 Deireadh Fómhair ag a 8.00pm sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal le plé a dhéanamh ar an úrscéal MADAME LAZARE, le Tadhg Mac Dhonnagáin ó Bhaile an Domhnalláin, An Spidéal. Tá duais Oireachtais buaite ag an saothar seo agus léirmheasanna moltacha go leor faighte aige. Tá an leabhar le fáil ó na foilsitheoirí FUTA FATA, ón Spailpín Fánach agus ó Shiopa Leabhar Charlie Byrnes i nGaillimh. Beidh spéis faoi leith ag léitheoirí san úrscéal seo do dhaoine fásta.

Seo mar a chuir moltóirí Chomórtas Liteartha an Oireachtais síos air: Úrscéal cumasach, soléite uaillmhianach a choinnigh mé ag iompú na leathanach ó thús deireadh. Soléite, snoite, lán de bheocht agus de shamhlaíocht – sárleabhar é seo gan aon agó.

Is féidir é a fháil ar an nasc seo thíos chomh maith.

https://www.barzaz.ie/Tadhg-Mac-Dhonnagain-Madame-Lazare-daoine-fasta-ursceal


Oíche Chultúir

Oíche an Chultúir

Dé hAoine seo caite ní mórán imeachtaí a bhí ar bun i gCois Fharraige le Oíche Chultúir na bliana a cheiliúradh, mar gheall ar shrianta Covid. Mar sin féin, bhí slua breá i láthair ag ‘Stuaim Láimhe Chois Fharraige’, taispeántas ceardaíochta a cuireadh ar bun ag Pastime Chonamara sa teach tábhairne Tír na nÓg.

Siar an bóthar cúpla céad slat bhí ceol den scoth á chur ar fáil amuigh faoin aer, taobh amuigh de ionad Fíbín, i mBaile na hAbhann, trasna ó Halla na Tulaí. Bhí tae nó caifé le fáil sa bPota Café agus daoine ag damhsa an an tsráid, taobh amuigh. Bhí an áit lasta suas go hálainn ag FÍBÍN don ócáid.


An Droighneán Donn ag Dúnadh

An Droighneán Donn

An Droighneán Donn, Sráidbhaile an Spidéil

Dé hAoine seo chugainn beidh na doirse ag dúnadh ar An Droighneán Donn, teach tábhairne cáiliúil i lár An Spidéil. Ó dúnadh Tigh Giblin is sa Droighneán Donn is mó a bhíodh ceol traidisiúnta le cloisteáil. I sráidbhaile ina raibh cúig theach tábhairne uair amháin, níl ach dhá theach tábhairne fágtha, An Nead agus An Crúiscín Lán. Ar ndóigh, ba é Tigh Hughes an teach tábhairne is mó a tharraing cáil ar An Spidéal mar shráidbhaile ceolmhar, ach tá sé dúnta anois le deich mbliana.


Seans ar ‘Oscar’

FOSCADH

Tá an scannán FOSCADH ainmnithe ón tír seo le cur san áireamh le haghaidh ‘Oscar’. Seán Breathnach ó Cheantar na nOileán a rinne an scannán le Dónal Ó Héalaí ó Chois Fharraige sa bpríomhpháirt. Mar gur i nGaeilge atá FOSCADH, bunaithe ar scéal le Dónal Ryan, tá sé ainmnithe sa gcatagóir ‘Best Foreign Film’ agus beidh sé san iomaíocht le scoth na scannán ó thíortha eile ar fud an domhain. Is i nDúiche Sheoighe a rinneadh an scannánaíocht ar FOSCADH, le tacaíocht ó Cine 4, scéim de chuid TG4 chun scannáin den scoth a chur ar fáil.

Seo é an dara uair do Dhónal Ó Héalaí a bheith i scannán a ainmníodh le haghaidh ‘Oscar’. Ainmníodh an scannán ARRACHT chomh maith. Beidh deis ag daoine i gCois Fharraige an scannán ARRACHT a fheiceáil le linn FÉILE CHOIS FHARRAIGE, ar an Déardaoin, 18 Samhain.


Cinneadh faoin Óstán Curtha Siar

Tá an Bord Pleanála tar éis an cinneadh a chur siar aríst i dtaobh an achomharc faoin óstán agus sé theach cónaí atá Baile Éamonn Teoranta ag iarraidh a thógáil ar An Spidéal. Bhí an cinneadh le fógairt mí Iúil seo caite ach cuireadh siar é go dtí an Luan seo caite. Ach anois tá sé curtha siar go dtí an Luan, 4 Deireadh Fómhair.

Cé gur cuireadh an t-iarratas pleanála chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ceithre bliana ó shin ar an 29 Samhain 2017, is iomaí cor a tháinig sa scéal ó shin. Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead ar trí chúis. Ar cheann de na cúiseanna dúradh nach raibh an fhorbairt feiliúnach don cheantar ‘by reason of its design, height, bulk, scale, siting and location’.

Rinne Baile Éamonn Teoranta achomharc chuig an Bord Pleanála. Idir an dá linn rinne Uisce Éireann iarratas pleanála chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe le Ionad Cóireála Fuíoll Uisce nua a thógáil sa Spidéal. Dhiúltaigh an Bord Pleanála an cead pleanála ar chúis amháin, nach mbeadh an córas séarachais sa Spidéal in ann an séarachas ón óstán a thógáil, gan a thabhairt san áireamh go raibh cead pleanála tugtha ag an gComhairle Chontae leis an Ionad Cóireála Fuíoll Uisce nua a thógáil sa Spidéal.

Chuaigh Baile Éamonn Teoranta ag an Ardchúirt a shocraigh go gcaithfí rialú an Bhord Pleanála a chur ar cheal, mar gheall ar an mbotún a rinneadh gan a chur san áireamh go raibh cead pleanála ón gComhairle Chontae ag Ionad Cóiriúla Séarachais nua a thógáil ar An Spidéal.

Táthar anois ag fanacht ar bhreithiúnas an Bhord Pleanála an mbeidh cead pleanála le fáil ag Baile Éamonn Teoranta le Óstán 81 seomra agus 6 theach cónaí a thógáil trasna ón Dumhach Mhór taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil. Ceaptar go n-eiseofar an cinneadh seachtain ón Luan seo chugainn, 4 Deireadh Fómhair.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Peil (Sinsear): An Spidéal 0 12, St. Michaels 2 09.
  • Peil (Idirmheánach): Micheál Breathnach 3 16, St. Gabriels 1 12.
  • Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 10, Salthill/Knocknacarra 1 – 11.
  • Peil (faoi 16 3A): Micheál Breathnach 4 08, St. Michaels 3 11.
  • Peil (faoi 16 2A): An Spidéal 4 06, Clifden 6 – 16.
  • Peil (faoi 14 2B): Ml Breathnach 3 06, An Cheathrú Rua 6 22.
  • Peil (faoi 14 2B): Ml Breathnach 5 10, Killannin 4 05.
  • Iomáint (faoi 12 R3 ): Micheál Breathnach 5 03, Rahoon/Newcastle 2 06.
  • Iomáint (faoi 12 R6 ): Micheál Breathnach 2 05, Kilnadeema/Leitrim 2 04.
  • Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 0, Renmore 3.
  • Sacar (Roinn I): Macdara 1, Merlin Woods/Medtronic 2.

22 Meán Fómhair 2021