Cartlann Nuachta: 22 Meitheamh 2016
22 Meitheamh 2016
An Chraobh ag Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach
An fhoireann liathróid láimhe faoi 13 ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach, ar éirigh leo an chraobh a thabhairt leo ag Féile na nGael, ag an deireadh seachtaine, a reachtáladh i dTiobrad Árann.
Ó chlé: Ailbhe Breathnach, Seanaghurráin; Orlaith Ní Churraoin, An Chnocán Glas; Áine Nic Dhonnacha, Na Minna agus Sadhbh Ní Fhlaithearta, An Chré Dhubh.
Eoghainín na nÉan 2016
An grúpa déagóirí a chuir an dráma ‘Eoghainín na nÉan 2016’ ar an stáitse i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo caite.
Ó chlé: Rónán Ó Curraoin, Na hAille; Kate Scott, Na Doireadha; Siobhán Ní Neachtain, Baile na hAbhann; Aoife Nic Dhonnacha, Na Minna; Aislinn Cox, An Lochán Beag; Siobhán Ní Chuaig–Ghriallais, Cill Chiaráin; Eleanóir Ní Fhéinneadha, Na hAille; Macdara Ó Duibhir, Na hAille; Becky Ní Éallaithe, Na hAille; Sadhbh Howlin, Cor na Rón; Majella Nic Dhonnacha, Teach Mór; Tadhg Óg Mac Dhonnagáin, Baile an Domhnalláin; Cian Ó Iarnáin, Lochán Beag agus an stiúrthóir is an léiritheoir, Pádraic Ó Flatharta.
Tá daoine fós ag caint ar an an léiriú drámatúil de ‘Eoghainín na nÉan 2016’ a cuireadh ar stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Luan, 13 Meitheamh. Grúpa déagóirí a thug Cumann Forbartha Chois Fharraige le chéile a chuir an dráma ar an stáitse, á stiúradh ag Pádraic Ó Flatharta ón gcomhlacht BUA RUA. Le cúpla mí anuas tá ceardlanna drámaíochta ar bun ag Pádraic leis na déagóirí agus é mar aidhm acu scéal Eoghainín na nÉan a athchruthú agus é a lonnú sa mbliain 2016. Fuair an Cumann Forbartha tacaíocht airgid ó Chiste Ceiliúrtha 1916 de chuid Údarás na Gaeltachta.
Seo cuid den chur síos a rinne Tadhg Mac Dhonnagáin ar an dráma ar a leathanach Facebook:
Thug Pádraic na daoine óga le chéile, agus mheall sé iad lena gcuid buanna ar fad a úsáid, idir aisteoireacht (a bhí ar chaighdeán fíor-ard), cheol, amhránaíocht agus ghluaiseacht, le leagan úrnua den seanscéal a chur i láthair. Déagóir a bhí san Eoghainín seo, carachtar a bhí lán de ghreann agus de dhaonnacht, duine a raibh cion mór ag a chairde air. Nuair a fuair sé an droch-scéala go raibh tinneas tromchúiseach air, níor ghéill sé don bhrón ach choinnigh air ag ceiliúradh na beatha. B’iontach an píosa oibre an seó, a bhí ar chaighdeán drámaíochta chomh hard is atá feicthe agam ar stáitse ar bith le roinnt blianta anuas.
Tá súil ag an gCumann Forbartha go mbeidh an dráma á chur ar stáitse aríst le linn an Fhómhair, le go mbeidh deis ag níos mó daoine an seó iontach seo a fheiceáil.
Seo mír as an dráma (buíochas le Darach Ó Tuairisg agus FÍBÍN):
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
-
Peil (Roinn 3): An Spidéal 0 – 09, Cora Finne 1 – 05.
-
Iomáint Sóisear A: Ml. Breathnach 2 – 15, Turlach Mór 4 – 14.
-
Camógaí f10: Cois Fharraige 0 – 03, Creach Mhaoil 7 – 00.
-
Iomáint f13 (B1): Cois Fharraige 3 – 04, Baile an Doirín 3– 04.
-
Iomáint Sóisear A: Bearna/Na Forbacha 0 – 21, Tynagh/Abbey-Duniry 0 – 21.
Traidphicnic
An deireadh seachtaine seo chugainn beidh Traidphicnic, an fhéile ceoil faoin aer, ar bun sa Spidéal ag an gCeardlann. Tá an fhéile seo ag dul ó neart go neart ó thosaigh sé cúig bliana ó shin. I measc na gceoltóirí a bheas le cloisteál ón stáitse sa gCeardlann, beidh Noel Hill agus Steve Cooney, Marcas Hernon is a chlann agus an t-amhránaí Don Stiff. I measc na ngrúpaí eile a bheas ann tá Porterhead, An Tara, Glór na dTonn, Ná Bac agus an banna rac-gaelach KÍLA. Beidh níos mó eolais againn an tseachtain seo chugainn faoin gclár.
Bíonn an ócáid saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine síntiúis a thabhairt agus bíonn daoine ag teastáil le dul thart le buicéid chun na síntiúis a bhailiú. Tá daoine ag teastáil chomh maith le cúnamh a thabhairt leis na ceardlanna ealaíne a bheas ar bun. Duine ar bith atá sásta beagán oibre a dhéanamh go deonach ag an deireadh seachtaine is féidir teagmháil a déanamh ach ríomhphost a chur ag traidphicnic@nullgmail.com nó glaoch ar Nuala ag 0872270006.
Duais do ‘Caveman Grub’
Jac Keady, An Cnoc, Indreabhán, ón gcomhlacht ‘Caveman Grub’ leis an ngradam náisiúnta bia a fuair sí an tseachtain seo caite, as an táirge ‘No-Grain-Ola’, sa rannóg do snaiceanna foláine.
Ar an Déardaoin seo caite bronnadh gradam agus duais airgid ar chomhlacht bia nua-bhunaithe as Chois Fharraige ag ‘Irish Free From Awards’ sa gcatagóir ‘snaiceanna’. Bhí an chomhlacht ‘Caveman Grub’, a bhunaigh Jac Keady sé mhí ó shin san iomaíocht le 30 iontráil eile, ach d’éirigh leis an táirge bia ‘No Grain-Ola’ an bua a fháil.
Is de bhunú Bhothúna í Jac Keady, a d’fhás aníos i gCambridge Shasana. Tá beirt fostaithe aici sa ngnó faoi láthair, ach pleananna aici an gnó a fhorbairt, le béim ar bhia atá sláintiúil agus saor ó nithe a ghoileann ar dhaoine le allergies éagsúla.
Beidh an táirge ‘No-Grain-Ola’ le fáil ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh in ollmhargaí Super-Valu i nGaillimh chomh maith le Siopaí Joyce.
Celtic Challenge
Tá deireadh tagaithe le Celtic Challenge do iománaithe óga ó Chois Fharraige, a bhí ar fhoireann Iarthar na Gaillimhe. Chuadar chomh fada leis an gcluiche leathcheannais ach bhuail foireann ó Bhleá Cliath iad i mBiorra. Bhí cúigear ar an bhfoireann ó chlubanna Chois Fharraige: beirt ó Chumann Micheál Breathnach – Joe Antaine Mhaidhc Ó Conghaile agus Micheál de Búrca; beirt ó CLG An Spidéil – Oisín Ó Neachtain agus Gearóid Ó Conghaile; agus bhí lead amháin ó Bhearna/Na Forbacha – Aodh Ó Buacaigh.
Tuirbíní Gaoithe i gCuan na Gaillimhe
An tseachtain seo caite bhí cruinniú eolais ag Foras na Mara faoin iarratas atá déanta ar léas 35 bliain ar shuíomh amach ón bPáirc, ar a ndéanfaí tástálacha ar mhuilte gaoithe i measc rudaí eile. Thart ar 50 duine a bhí ag an gcruinniú agus ba é airde na muilte gaoithe is mó a bhí ag déanamh imní do dhaoine. Tá suíomh ag Foras na Mara soir ó dheas den Spidéal le 10 mbliana agus níor chuir sé isteach ná amach ar dhaoine. Ar an suíomh déanadh tastálacha Wavebob, teicneolaíocht nua a bhí á forbairt le fuinneamh a ghiniúint ó thonntracha.
Tá iarratas curtha ag Foras na Mara ag an Roinn Comhshaoil le ‘léas urthrá nua’ a fháil le gur féidir uasghrádú a dhéanamh ar an láthair i gCuan na Gaillimh. Deirtear san iarratas go mbeidh ‘tuirbíní gaoithe ar snámh’ á thástáil ar an láthair. Bheadh an structúr 35m. ar airde.
Seo a leanas cuid de na ceisteanna a ardaíodh ag an gcruinniú poiblí:
-
An mbeadh mórán torann ón suíomh a chuirfeadh as do dhaoine a bhfuil cónaí orthu gar don láthair?
-
Cé mhéad de na tuirbíní a bheas á thastáil ar an suíomh agus cé chomh ard is a bheas siad?
-
Cén chaoi a gcuirfidh muilte gaoithe isteach ar an radharc ag breathnú trasna Cuan na Gaillimhe?
-
Cé fáth go dteastaíonn léas 35 bliain ar an suíomh, más tástálacha atá i gceist?
-
An bhféadfadh Foras na Mara an cead a dhíol nó a chur ar fho-léas le comhlacht príobháideach?
-
Céard faoi na hiascairí áitiúla? An mbeidh cead acu potaí a chur amach san áit a bheas an suíomh?
Tá an t-iarratas féin sách téagarach agus teicniúil agus is deacair do dhaoine ciall a bhaint as. Más mian le daoine nó eagraíochtaí aighneacht a dhéanamh faoin iarratas tá seachtain eile acu.
Comórtas an Chomhar Creidmheasa
Sé iarratas ar fad atá tagaithe isteach don chomórtas atá eagraithe ag Comhar Creidmheas Cholmcille, comórtas do ghrúpaí nó eagraíochta pobail le tionscadail a eagrú a dhéanfas maitheas sa gceantar. Seo a leanas na tograí ar a mbeidh an mholtóireacht á déanamh.
-
Gasóga na Mara.
-
Seisiún Ceoil na nÓg.
-
Scoil Sailearna.
-
An Fhéile Traidphicnic.
-
Cumann Peile Naomh Anna.
-
Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Beidh moltóireacht á déanamh an tseachtain seo chugainn ar na tograí éagsúla atá curtha ar aghaidh ag na grúpaí éagsúla thuas. Tús mí Iúil cuirfear an sé iarratas ar leathanach Facebook an Chomhar Creidmheasa agus beidh ar dhaoine ‘likes’ a chur in iúl. Cuirfear iomlán na ‘likes’ le marcanna na moltóirí chun na buaiteoirí a dhearbhú agus fógrófar na buaiteoirí tús Mí Lúnasa.
Beidh níos mó eolais faoi na tionscadail éagsúla sa cholún seo an tseachtain seo chugainn.