Cartlann Nuachta: 22 Meitheamh 2022

Na Breathnaigh sa gCluiche Ceannais

Fiontán Ó Curraoin (2022) v Corafin

Fiontán Ó Curraoin ó Chumann Micheál Breathnach ag breith ar an liathróid ard, le linn Cluiche Leathcheannais na Sraithe in aghaidh Corafin B, a imríodh ar an Domhnach seo caite. Bhain foireann Chois Fharraige an cluiche agus trí chúilín le spáráil.

Beidh siad ag imirt in aghaidh Muine Mheá sa gCluiche Ceannais seachtain ón Domhnach seo chugainn.

Bhí bua slachtmhar ag peileadóirí idirmheánacha Mhichíl Bhreathnaigh ar Chora Finne i gCluiche Leathcheannais Shraith 3 ar an Domhnach i gCora Finne, leis an scór 0 – 14 in aghaidh 0 – 11.

Chuir foireann na Gaeltachta tús leis an scóráil ach chothromaigh Corofin díreach ina dhiaidh sin. Chríochnaigh fir Chois Fharraige an chéad leath go láidir, ag scóráil cúig chúilín i ndiaidh a chéile chun críochnú sé chúilín chun tosaigh ag leath ama, tar éis imirt leis an ngaoth láidir. Sa dara leath agus cóir na gaoithe leo, d’éirigh le fir an Achréidh an bhearna a laghdú go dhá chúilín gan ach naoi nóiméad le dul. Ach fuair Na Breathnaigh trí chúilín i ndiaidh a chéile taobh istigh de dhá nóiméad. Ach ní raibh Cora Finne críochnaithe. Fuair siad dhá chúilín ag deireadh an chluiche, rud a d’fhág trí chúilín idir na foirne.

Seisear scórálaithe a bhí ag na Breathnaigh, ina measc Cillian Ó Curraoin le cúig chúilín agus Rónán Mac Donnchadha le trí cinn. Beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Mhuine Mheá sa gCluiche Ceannais den sraithchomórtas i gceann coicíse. Má bhíonn an bua acu beidh siad ag imirt i Roinn 2 den Sraith an chéad bhliain eile.


Ruaille Buaille’ sa tSeanscoil

Campa Drámaíochta 2022

Beidh Ruaille Buaille – campa samhraidh drámaíochta – ar bun i Seanscoil Sailearna, ag tosú ar an Luan seo chugainn, 27 Meitheamh, agus ag dul ar aghaidh go dtí an Aoine, 8 Iúil. Beidh an campa feiliúnach do ghasúir bunscoile ó Rang 1 go Rang 6 (ó aois 7 go 12 bliain). Tá an campa eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanála Teanga le tacaíocht ó Mhuintearas.

Meascán de spraoi, ealaín agus drámaíocht a bheas sa gcampa, le féirín deas nó dhó freisin le fáil ag na gasúir.

90 an táille in aghaidh an ghasúir, ach má bhíonn beirt ghasúr ó aon chlann amháin ag clárú, táille €160 a bheas ann don bheirt.

Ní mhór foirm iarratais a líonadh agus is féidir iad a fháil ach teagbháil a dhéanamh leis an Oifig Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, tré ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com nó glaoch a chur ar an uimhir 083 0106294.


Campaí Spóirt

Seo a leanas na dátaí do na campaí spóirt a bheas á eagrú ar Pháirc an Chnoic an samhradh seo do dhaoine óga:

Peil: Luan, 27ú Meitheamh – Aoine, 1ú Iúil. (An campa seo lán.)

 

Iomáint: Luan 4ú Iúil – Aoine 8ú Iúil.

 

Camógaí: Luan 18ú Iúil – Aoine 22ú Iúil.


Féile na nGael

Cumann Mícheál BreathnachBhí deireadh seachtaine íontach ag imreoirí ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ag Féile na nGael i gCo Laoise. Bhí an bua ag foireann na gcailíní ar Mhaigh Chuilinn leis an scór 31 in aghaidh 29. Ar an bhfoireann bhí Caoimhe agus Muireann Ní Ghloinn; Éabha Ní Neachtain: Grace Diviney agus Orlaith Ní Thuairisc.

Bhí an bua ag foireann na mbuachaillí chomh maith ar Culahill, Co Laois, leis an scór 37 i gcoinne 36. Ar fhoireann na mbuachaillí bhí Mac Dara & Learaí Ó Grádaigh; Eoin Ó Neachtain, Eoin Ó Gionáin agus Oisín Ó Neachtain. Bhain MacDara Ó Grádaigh comórtas na scileanna chomh maith.

Anseo sa mbaile bhí an bua ag Catherine Harvey ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach i gcomórtas Aon Bhalla na Gaillimhe faoi 17 agus tháinig Róisín Ní Raifeartaigh sa dara áit sa gcomórtas céanna faoi 15.


Cruinniú na nÓg 2022

Mar chuid de Chruinniú na nÓg i mbliana, chuir Cúla4 físeáin álainn le chéile le cúnamh ó scoláirí Chois Fharraige.

Chuir scoláirí ó Scoil Sailearna réamhaisnéis na haimsire i láthair agus bhí scoláirí ó Scoil na Tulaí ag plé cúrsaí feirme ar an gclár.

Is féidir breathnú i gcónaí ar na físeáin ach cuairt a thabhairt ar chuntas Cúla4 ar YouTube.


Ciorcal Comhrá Chois Fharraige

Ciorcal Comhrá i mbun oibre sa Spidéal

Tagann Ciorcal Comhrá Chois Fharraige le chéile chuile Chéadaoin ag 7.00pm sa seomra cruinnithe atá ag an bhFóram Pleanála Teanga, thuas staighre sa teach Inis Fáil ar An Spidéal. Tá an Ciorcal Comhrá eagraithe ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón bhFóram Pleanála Teanga.

Is bealach iontach taitneamhach an Ciorcal Comhrá do dhaoine a bheadh ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha. Tá fáilte roimh chách le páirt a thógáil sa gcomhrá agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i gcomhluadar cairdiúil le cupán caife/tae.


Babaí ar an mBealach’

Tuismitheoirí na GaeltachtaTá ceardlann eolais réamhbhreithe á reáchtáil ag TUISMITHEOIRÍ NA GAELTACHTA, do mhná ag iompar clainne. Beidh an cheardlann ar bun seachtain ón Satharn seo, ar an 2 Iúil ag meánlae, in Ionad Splanc, ar chúl na leabharlainne sa gCeathrú Rua.

Ar an lá beidh aoichainteoirí éagsúla ann, a bhfuil taithí agus saineolas acu ar a bheith ag iompar clainne agus ag tabhairt páistí ar an saol.

Pléifear téamaí éagsúla ar nós ullmhúcháin don pháiste, an mála don ospidéal, nodanna agus comhairle do thuismitheoirí agus ag teacht abhaile ón ospidéal.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gceardlann ach ríomhphost a chur chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.


Féile Bád An Spidéil ar Athló

Féile Bád 2018

 

Cuireadh siar Féile Bád an Spidéil ar an Domhnach seo caite, mar bhí gaoth láidir fórsa a cúig le gustaí fórsa a sé á bhfógairt. Socraíodh an fhéile a chur ar athló. Beidh an chéad fhéile bád don tséasúr ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn i Ros Muc, áit a mbeidh rásaí do na curachaí agus geallta bád seol.


Turas ar an Zú

Le gairid chuaigh Rang a Ceathar, a Cúig agus a Sé ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, ar turas scoile go Baile Átha Cliath. Chuadar i dtosach chuig an Zú i bPáirc an Fhionnuisce. Théis dóibh na hainmhithe a fheiceáil bhí lón acu sa gCaife Meerkat agus na meerkats le feiceáil acu taobh thiar d’fhuinneog mhór.

Ina dhiaidh sin thug siad cuairt ar Mhúsaem na hÉireann, i mBeairic Uí Choileáin, gar do Stáisiún Heuston. Bhain gach duine an-sásamh as an lá.

Pedro Castillo Keating, Brandon Mac Donnacha agus Otto Mac Con Iomaire

Triúr ó Rang a Sé ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, sa Zú i mBaile Átha Cliath, le linn dóibh a bheith ar turas scoile le gairid.

Ó chlé: Pedro Castillo Keating, Brandon Mac Donnacha agus Otto Mac Con Iomaire.


Traidphicnic le Ceiliúradh

Coiste Fhéile Traidphicnic ar stáitse, ó chlé: Bridge Barker, cathaoirleach; Sara Howlin, Steve Mac Suibhne agus Liam Collins

Coiste Traidphicnic: Bridge, Sara, Steve agus Liam

I mbliana aireoidh muid uainn Traidphicnic, an fhéile ceoil amuigh faoin aer a thionóltaí sa Spidéal tús mí Iúil gach bliain le deich mbliain anuas, ach nach mbeidh ann i mbliana. Ócáid álainn, thaitneamhach a bhíodh ann, a tharraingíodh an pobal le chéile agus a chuireadh tús ceolmhar leis an samhradh i gceantar Chois Fharraige.

Ócáid thábhachtach a bhí ann i bhféilire Cheoltóirí Óga Chois Fharraige: thug Traidphicnic aitheantas agus ardán i gcónaí don chéad ghlúin eile ceoltóirí. B’álainn an radharc é na t-léinte gorma ar cheoltóirí óga an cheantair a fheiceáil fud fad an Spidéil le linn an deireadh seachtaine.

Ar aon chaoi, tá sé i gceist ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige an deireadh seachtaine a mharcáil agus teacht le chéile a bheith acu i dTigh Chualáin, Coill Rua, ar an Aoine, 1 Iúil, le Traidphicnic a cheiliúradh ar bhealach neamhfhoirmeálta.

Cuirfear tús leis an oíche ag 7.30pm mar a bhfágfar slán le ceoltóirí Rang a Sé, a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí grúpa na ndéagóirí. Tá súil againn ansin tús a chur le seisiún mór ag a naoi a chlog. Beidh fáilte roimh chách, idir óg agus aosta. ach níor mhór duine fásta a bheith in éineacht le daoine óga faoi 18.

Beidh coiste Traidphicnic i láthair ar an oíche: Bridge, Sara, Steve agus Liam agus is cinnte go mbeidh ard-oíche ann.


Torthaí Gailf

I mBearna a bhí Cumann Galf Chois Fharraige an Satharn seo caite, 18 Meitheamh. Bhí an bua ag Michael Tim Ó Conghaile (14) le 36pt. Agus Peadar Ó Treasaigh (29) a bhí sa dara áit le 35pt.

Seo a leanas na torthaí eile:

Cat 1: 1ú áit, Micheál Ó Neachtain (23) 34pt. 2ú áit, Maidhc P. Ó Conaola (24) 33pt.

Cat 2: 1ú áit, Mike Dunne (29) 34pt. 2ú áit, Tomás Mhiko Ó Flatharta (28) 32pt.

Cat 3: 1ú áit, Mánus Ó Conghaile (39) 35pt. 2ú áit, Patrick Thornton (39) 33pt.

Cat 4 (65+): 1ú áit, Séamus Ó Máirtín (24) 31pt

Cuairteoir: David Small (40) 36pt.

Beidh an chéad imeacht eile ar chúrsa Chumann Galf Oileáin Chonamara ar an 16 Iúil, an imeacht deire don tséasúr seo. Lá Duais an Chaptaen, Tomás Ó Domhnaill, a bheas ann. Tuilleadh eolais ó Phádraig ag an uimhir 087 2525465.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil (Roinn II): An Spidéal 0 – 13, St. Jame’s 1 – 08.

Peil (Roinn III): Micheál Breathnach 0 – 14, Corofin B 0 – 11.

Peil (Sóis A): Micheál Breathnach 1 – 13, St Michael’s B 2 – 10.

Peil (Sóis B): An Spidéal 4 – 19, Clifden 0 – 07.

Peil (Sóis C): An Spidéal 1 – 05, Naomh Anna, Leitir Móir 10 – 15.

Peil na gCailíní (faoi 16): Micheál Breathnach 2 – 15, Bearna 2 – 11.

Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 3 – 17, St Michael’s 4 – 07.

Peil (faoi 14): An Spidéal 1 – 02, Salthill Knocknacarra B 2 – 10.

Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 1, Salthill Devon 1.


22 Meitheamh 2022