Cartlann Nuachta: 23 Deireadh Fómhair 2019
Bua ag na Cailíní
Foireann Peile na gCailíní ó Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo Cluiche Ceannais an Chontae Faoi 12 (Roinn 2) a bhuachan an deireadh seachtaine seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Peadar Ó Conghaile (Traeneálaí), Shauna Bindon Ní Scanláin, Caoimhe Ní Ghloinn, Louise Seoighe, Siobhán Ní Mhárta (Comhordaitheoir), Amy Ní Thuathail (Captaen), Ailbhe Ní Ghionnáin (Captaen), Muireann Ní Ghloinn, Nikola Ní Chonghaile, Faye Ní Chionnaith, Niamh Ní Mhainnín, Máirtín Ó Gionnáin (Bainisteoir), Sabhbh Laila Riggott, Anna Marie Ní Mhainnín (Banisteoir Cúnta).
Chun tosaigh, ó chlé: Sarah Ní Choinceannain, Róise Ní Scanláin, Niamh Ní Ghionnáin, Katie Ní Thuathail, Aoife Ní Chonghaile, Orla Ní Thuairisc, Sabhbh Ní Ghibhne, Isobel Ní Fhátharta.
BISEACH 2019
Beidh Biseach 2019 á sheoladh ar an gclár Iris Aniar, an Déardaoin seo chugainn, 24 Deireadh Fómhair, agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil sna siopaí i gCois Fharraige faoin Aoine.
I mbliana tá 92 leathanach san iris, le neart ábhar léitheoireachta agus pictiúir. Tá altanna staire ann ó Lochlainn Ó Tuairisg, Cormac Ó Comhraí agus Donncha Ó hÉallaithe. Tá altanna ann chomh maith faoin dá chomhairleoir nuathofa, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire agus Dáithí Ó Chualáin. Tá píosa breá scríofa ag Seán Ó Neachtain agus ag Mártan Ó Ciardha. Ar leathanach eile tugtar briseadh síos ar na vótaí i dtoghchán an Chomhairle Chontae sna boscaí i gConamara Theas.
Tá pictiúir ann a tógadh ag Aonach an Spidéil sa mbliain 1983, chomh maith le neart seanphictiúirí eile.
Seosamh Ó Braonáin an t-eagarthóir ar an iris agus tá slacht breá curtha air ag CL PRINT, Casla.
Cruinniú Poiblí leis na Comhairleoirí
Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige sásta leis an gcruinniú poiblí a eagraíodh leis na comhairleoirí chontae do cheantar Chonamara Theas, an tseachtain seo caite. Bhi an cúigear comhairleoir i láthair: Noel Thomas agus Dáithí Ó Cualáin ó Fhianna Fáil; Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire ó Fhine Gael (sa bpictiúr ar chlé); Tomás Ó Curraoin ó Shinn Féin Poblachtach agus Alastair McKinstry ón gComhaontas Glas.
I measc na gceisteanna is mó a tháinig aníos ag an gcruinniú bhí seirbhís bus an 424 ar Bhóthar Chois Fharraige; glanadh taobh an R336; an gá atá le tithe sóisialta i gceantar Chois Fharraige; an ghéarchéim maidir le Reilig an Chnoic; cúrsaí pleanála i gcomhthéacs an phlean forbartha nua atá le réiteach an céad bhliain eile.
Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha oibriú in éindí leis na comhairleoirí tofa don cheantar le réiteach a fháil ar chuid de na fadhbanna a tarraingíodh aníos ag an gcruinniú, ar nós cúrsaí pleanála, drochstaid na mbóithre, an géarchéim reilige sa gceantar agus an córas taistil poiblí a fheabhsú.
Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin (RnaG), a rinne cathaoirleacht ar an gcrúinniú. Bhí thart ar 20 ball den phobal ag an gcruinniú.
Úrscéal Nua do Ghasúir
Seoladh úrscéal nua do pháistí atá aistrithe go Gaeilge ag Máirín Ní Ghadhra agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ar an gCéadaoin, 23 Deireadh Fómhair, i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua. An Buachaill Is Measa Ar Domhan is ainm don úrscéal, scríofa ag Eoin Colfer.
Tá cliú agus cáil ar leabhra Eoin Colfer ar fud an domhain. Scéal barrúil spraíúil atá sa leabhar agus anois tá deis ag gasúir na Gaeltachta an leabhar a léamh ina dteanga féin. Tá an Ghaeilge sa leabhar spraíúil agus taitneamhach le léamh agus tá an leabhar feiliúnach do léitheoirí idir seacht agus naoi mbliana d’aois.
gteic @An Spidéil
Aoine na seachtaine seo, ag 1.30pm, osclófar gteic @An Spidéal, an mol digiteach nua atá tógtha ag Údarás na Gaeltachta, ar chúl na ceardlainne ar An Spidéal, sa bhfoirgneamh ina mbíodh Marsh uair amháin. Sé an tAire Míchael Ring TD a dhéanfas an oscailt oifigiúil.
Gliginí
Bíonn grúpa spraoi do thuismitheoirí agus do leanaí óga ar bun gach Déardaoin sa gCeathrú Rua, eagraithe i SPLANC, ar cúl na leabharlainne, ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Míle fáilte roimh theaghlaigh nua i gcónaí. Eolas: 091 869571 nó eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Na Breathnaigh Buailte
Foireann Peile Chumann Micheál Breathnach
Briseadh croí don dara bliain as a chéile do Chumann Micheál Breathnach an Satharn seo caite nuair a buaileadh an fhoireann idirmheánach in athimirt den Chluiche Ceannais i gComórtas Idirmheánach Peile an Chontae i Staid an Phiarsaigh. Anuraidh bhuail peileadóirí an Spidéil foireann idirmheánach na Breathnaigh san athimirt tar éis am breise, a imríodh ag deireadh an chluiche, mar go raibh na foirne cothrom ag deireadh an seasca nóiméad. I mbliana bhí na fóirne cothrom san athimirt agus cothrom tar éis deich nóiméad am breise an taobh a imirt. Bhíodar fós cothrom tar éis cúig chic pionóis an taobh a thógáil, ach nuair a chuaigh sé go ‘sudden-death’ sábháladh an dara cic ó na Breathnaigh agus d’éirigh le Uachtar Ard an chéad chic pionóis eile a chur thar chúlbáire Chumann Micheál Breathnach agus dá bharr bhí an corn ag dul siar Conamara ar an N59 in áit an R336.
An chéad bhliain eile beidh na Breathnaigh ar ais sa ngrád sinsir agus ag imirt in aghaidh na foirne is fearr sa gcontae.
Tá creidiúnt mhór ag dul do Frank Doherty agus do na roghnóirí Donnacha Ó Conghaile agus Tadhg Beag Ó Curraoin as an obair iontach atá déanta acu le roinnt blianta anuas le peileadóirí na Breathnaigh a thabhairt chomh fada le dhá chluiche ceannais, dhá bhliain i ndiaidh a chéile, agus an fhoireann a chur ar ais i measc na Sinsear don chéad bhliain eile. Tá an tréimhse bainistíochta a thug Frank Doherty leis na Breathnaigh tagtha chun críche anois agus beidh ar Chumann Micheál Breathnach bainisteoir eile a fháil leis na peileadóirí a réiteach don ghrád sinsir an chéad bhliain eile.
Seán Denvir i mBun Ruathair
Foireann Scoile Sinsear Camógaí
Foireann scoile sinsear camógaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Coláiste Cholmcille, Indreabhán, ar éirigh leo Scoil an Chroí Naofa, Cathair na Mart a bhualadh ar an Luan seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Siobhán Ní Neachtain, Áine Ní Laoi, Róisín Ní Dhiomsaigh, Éilis Ní Shé, Fodhla Ní Bhraonáin, Liadán Canny, Aobh Ní Dhubhghaill, Neasa Ní Chonghaile, Bróna Ní Cheallacháin.
Chun tosaigh, ó chlé: Aoife Nic Dhonnacha, Róisín Ní Chaoimh, Aishling Ní Chonghaile, Cliodhna Ní Mhárta, Tara Ní Bhriain, Síofra Ní Mhárta, Deirbhile Ní Mhárta, Eadaoin Nic Dhonnacha, Amanda Ní Bhrádaigh, Ailbhe Ní Neachtain.
Cois Fharraige ar Bharr an Tábla Aríst
Tá foireann sacair Chois Fharraige ar ais ar bharr an tábla i Roinn a hAon de Shraithchomórtas na Gaillimhe arist tar éis dóibh Merlin Woods FC/Medtronic a bhualadh 3 – 1, ar an Satharn seo caite. Tá siad pointe amháin chun cinn ar Mervue United B.
Go dtí seo níor chaill Cois Fharraige aon chluiche sa gcomórtas: sa sé chluiche a imríodh go dtí seo bhí trí bhua acu agus chríochnaigh an trí chluiche eile ar comhscór.
Club Scannán Sailearna
An tAmhránaí Róisín Seoighe
An Déardaoin seo, 24 Deireadh Fómhair, beidh dhá chlár faisnéise á dtaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm. BOG GRAFFITI an chéad cheann a thaispeánfar, déanta ag an scannánadóir cáiliúil BOB QUINN.
Ina dhiaidh taispeánfar an clár faisnéise CUMAR, a rinne Aodh Ó Coileáin agus a taispeánadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe don chéad uair. Breathnaíonn CUMAR ar Ghaillimh agus ar Chonamara trí shúile ealaíontóirí, ceoltóirí agus scríbhneoirí. I measc na ndaoine atá páirteach sa scannán tá an file Rita Ann Higgins, an fear grinn Tommy Tiernan, an scríbhneoir Mike McCormack, an t-ealaíontóir Pádraic Reaney agus an t-amhránaí Róisín Seoighe ó Ros a’ Mhíl.
An scríbheoir Mike McCormack, ar chlé, agus an fear grinn Tommy Tiernan, ar dheis, beirt atá páirteach sa scannán faisnéise CUMAR, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 24 Deireadh Fómhair. Roime beidh gearrscannán le BOB QUINN á thaispeáint, an chuid is mó dhe déanta i gConamara.
Beidh an léiritheoir Aodh Ó Coileáin i láthair le haghaidh seisiún Ceisteanna is Freagraí.
Mar is gnáth, tosaíonn an scannán ag 8.15pm.
Tá liosta iomlán na scannán don tséasúr le fáil ar an suíomh idirlín www.clubscannan.ie.
Bus Chois Fharraige (424)
Tá freagra faighte ag Comhlacht Forbartha An Spidéil ar litir a seoladh chuig an NTA, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an mhí seo caite maidir leis an tseirbhís bus i gCois Fharraige. Mhol an Comhlacht Forbartha don NTA an praghas ar an ticéad bus a laghdú ar an seirbhís 424. Faoi láthair cosnaíonn ticéad fillte go Gaillimh ón Spidéal €11, níos mó ná ticéad fillte ó áiteacha eile atá níos faide ó Ghaillimh. Ach mhínigh an NTA go bhfuil fóirdheontas á fháil ag BUS ÉIREANN as an 424, ach go bhfuil na seirbhísí eile atá níos saoire á rith ‘ar bhonn tráchtála agus nach bhfaigheann siad aon fhóirdheontas ón stát’.
Beidh an cheist seo á phlé ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Stiúrtha, tús mí na Samhna.
Oíche Rásáiochta
Beidh Oíche Mhór Rásaíochta ar bun ar an Satharn, 9 Samhain, sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal le airgead a bhailiú don Pháirc Spraoi atá beartaithe le tógáil taobh leis an bpáirc imeartha ag Coláiste Chonnacht. Tá deontas ceadaithe ag Leader don Pháirc Spraoi ach caithfear €25,000 a bhailiú go háitiúil.
Tá ‘capall’ le ceannacht ar €10 faoi láthair ó bhaill an choiste eagraithe nó ó Aodhán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéal.
Liathróid Láimhe
Tá clárú na mball le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach don bhliain 2020 oscailte anois. Is féidir an clárú a dhéanamh ar líne ach dul ag an nasc seo: Clárú Liathróid Láimhe.
Torthaí Spóirt
Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 1 – 16, Uachtar Ard 0 – 19.
Peil na gCailíní (f12): Ml. Breathnach 4 – 08, St Mary’s 2 – 07.
Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 3 – 07, Bóthar na Trá 0 – 19.
Camógaí (Coláistí): Col Chois Fharraige 6 – 05, Cathair na Mart 1 – 04.
Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 3, Merlin Woods/Medtronic 1.