Cartlann Nuachta: 23 Lúnasa 2017

Taispeántas Chois Fharraige 2017

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard, lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal anuraidh, don chaoire ab fhearr

Is gearr uainn taispeántas Chois Fharraige. Mar is iondúil beidh sé ar bun ar an gcéad Domhnach den chéad mhí eile, 3 Meán Fómhair.  Ar an Domhnach céanna beidh báireoirí na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh, sa gcluiche mionúir agus sa gcluiche sinsir iománaíochta agus iad ag iarraidh an dá chorn iománaíochta a thabhairt trasna na Sionainne.

Sé an Luan seo chugainn, 28 Lúnasa, an dáta deireannach i gcomhair na bhfoirmeacha iontrála. Tá na foirmeacha ar fáil ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil, i lár an tsráidbhaile. Is féidir iad a íoslódáil ón suíomh seo chomh maith.

Tá liosta mór comórtais ann do idir chapaillíní agus caoirigh, glasraí agus torthaí, bláthanna agus ceardaíocht, cácaí agus milseogaí, ealaíon agus grianghrafadóireacht. Tá neart comórtais ann do ghasúir agus do na déagóirí, gach ach €1 mar tháille iontrála.

Is féidir breis eolais a fháil ach glaoch a chur ar Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag an uimhir 091 553666.

Tá an clár ar fáil mar PDF, le léamh nó le híoslódáil, anseo: Taispeántas-Chois-Fharraige-CLÁR-2017.pdf

Tá foirm iarratais ar fáil mar DOC, le léamh nó le híoslódáil anseo: Foirm-Iontrála-Taispeántas-Chois-Fharraige-2017.doc

Tá foirm iarratais Capaillín Chonamara ar fáil mar XLS anseo: Foirm-iontrála-capaillíní-Chonamara.xls


Biseach 2017

Biseach 2016

Tá Coiste Eagarthóireachta na hirise ag bailiú ábhar faoi láthair d’eagrán na bliana seo den iris BISEACH, a fhoilsítear go bliantúil faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige.  Seosamh Ó Braonáin atá fostaithe mar eagarthóir arís i mbliana agus is cinnte go gcuirfidh sé iris shlachtmhar le chéile, in éindí leis an gCoiste Eagarthóireachta.

 

Tá roinnt ábhair tagaithe isteach cheana, ach tá fáilte roimh ábhar spéisiúil ar bith, a bhaineann le ceantar Chois Fharraige, go speisialta sean ghrianghrafanna.

Is féidir dul i dteagbháil leis an gCoiste Eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 086 4048881.


Cluiche Cinniúnach ag na Breathnaigh

Cumann Mícheál Breathnach

Beidh cluiche cinniúnach ag peileadóirí Chumann Micheál Breathnach ar an Domhnach seo chugainn i Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, nuair a chasfaidh an fhoireann sinsir le foireann na cathrach, St. James, ag 12.45pm.

Cluiche thar a bheith tábhachtach do na Breathnaigh – le fanacht san iomaíocht, ní mór do bhuachaillí Chois Fharraige an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na cathrach.


Aoife Nic Dhonnacha sa gCluiche Ceannais

Ar an Domhnach seo chugainn beidh cailín óg as Cois Fharraige, Aoife Nic Dhonnacha (ar chlé) ó Na Minna, ag imirt i gCluiche Ceannais Camógaí na hÉireann faoi 16 in aghaidh Loch Garman.  Beidh an cluiche ar bun i gCoralstown, in aice le Ceann ‘a Ghaid, Co na hIarmhí.

Scóráil Aoife dhá chúl sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaigh, a imríodh seachtain is an Domhnach seo caite. Bíonn Aoife ag imirt a cuid camógaíochta le Cumann Camógaí Chois Fharraige.


Sciath an Chontae ag Báireoirí Óga Chois Fharraige

Ar an Máirt seo caite i gCreachmhaoil, fuair foireann iomána faoi 13 de chuid Cumann Micheál Breathnach an ceann is fearr ar bhuachaillí Bhaile Locha Riach sa gcluiche ceannais do Sciath an Chontae faoi 13 C, leis an scór Micheál Breathnach 3 – 5 in aghaidh cúl amháin do Bhaile Locha Riach.

An fhoireann iomána a bhain an Sciath faoi 13 le gairid.

Chun tosaigh ó chlé: Tomás Ó Neachtain (Bainisteoir Cúnta), Glaisne Mac Réamoinn, Ciarán Ó Diomsaigh, Fionnán Ó Coisdealbha, Cathal Mac Donnacha, Daniel Mac Dabhac, Ferdia Ó Braonáin, Éamonn Ó Ceallacháin, Oscar Mac Réamoinn, Seaghan Ó Braonáín, Gearóid Mac Donnacha, David Ó Tuathail, Ailill de Cléir, Colm Ó Coisdealbha (Bainisteoir), Mairtín Ó Ceallacháin (Bainisteoir cúnta)

Ar chúl ó chlé: Lughán Mac an Iomaire, Iarla Canny, Lúc Mac Aodha, Rian Ó Fátharta, Eoin Ó Neachtain, Ruadhán Ó Cualáin, Óisín Ó Coisdealbha, Géaróid de Búrca, Cormac Ó Tuairisc, Aodhán Ó Coisdealbha, Marcus Ó Conghaile.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

  • Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 1– 12, St Michaels 1 – 11.
  • Peil (faoi 14): An Spidéal 6 – 12, Bóthar na Trá 0 – 07.
  • Iomáint (Sóisear 1): Bearna/Na Forbacha 0 – 21, Liam Mellows 2 – 10.
  • Iomáint (faoi 13): Micheál Breathnach 3 – 05, Baile Locha Riach 1 – 00.

Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 14 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbheidh míreanna nua á uaslódáil gach seachtain.


23 Lúnasa 2017